Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tréadlitir ó 1798

Title
Tréadlitir ó 1798
Author(s)
Éadhmon i Phríonnsadh,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1798
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Cum Eaglaise Fairche no Diósuis Eilphínn.
Balathadh Lúain. An chéad lá dh'Oibréan, 1798.



A cháirde,



1 Ta sé re tabhairt faoí-dear annsa n-aímsir mhíoshúaimhnidhe ata
láthair go bhfuil uimhir do dháoine mioscuiseachadh, mailíseachadh,


L. 58


droichínntinneachadh, do reir mar hairistear sgéal, le mían tairbhe
dheanadh don 168 chás ag imtheacht tre sháobhnós mire ó bhaile
go baile is ó áit go háit, dhá gcairidréadh féin, a cuir éolais ar mhórán
do Chaitlice na Ríogachta so, le claon máilíseach, míshéan, agus mío-
ordúghadh fhadódha is a chur ar ágháidh sa tír na measg, agus mar
ain gcéadna mímheas, tarcuisne agas gráin a tharaing ar na Caitlige
céadna i gcéadta is a róidhearc an chriochsmacht. Acht chum toirmeasg
is cur ar gcúal a chur ar ghníomhartha máilíseach is ar ghaisdidhe
cealgachadh na ndáoine féillmhíanacha gánguideacadh so i bhíos ar
sheilg na cudach so do d'fómosuide is d'féimíonáighe ionruice dísle
an Ríogh a thruáilliúghadh is a gcur as ránphairt caraduis a mhórdacht,
anois chomh fada is féidir linne baradh is toirmeasg a chur ar olc chomh
dainnséareach díobhálach ris an ccás, measamuid é bheith do dh'úalach
agus do d'oibliogáid ar in iomláin again ata re éifeacht áirdréimis Dé,
bhúir dtréadoighthe, a muinghín cúraim anmana caich eile do bheith
oráinn, fhóillsiúgadh, i mhíniúghadh is a chur i gcéill da bhuir dtréada
go poiblídhe méud an riachtanuis ata ag an íomlan acadh air íad féin
fhaire go rochuiméadach a n-ágháidh gaisdíde mealltach aicmídhe no
búidhneanadh do dháoine urchóideachadh tláighbhréagachadh don
tsort so ata do ghnáth aig imteacht 169 ó áit go háit mara d'áirídhe
aroime a cuir síl oilc, ímris, agus méirliochuis i measg chach re mían
dáoine íonruice neimhchionntucha do thrúaillíughadh, i mhealladh
agus a dtárráing ó fhómas chóir no dhlistíonach a thabairt don Ríogh
agus da chríochsmacht re fáistiona mealltacha agus pisréogaidh
bréagachadh, a cur i gcéill do na dáoine seimplíde néimhchiontuchadh
méud na héagcóradh ata dhá dhéanadh ortha agus gach éigceart is
éigin dáibh fhúlang ann a staid. Bioth gach drochthúairisg acu so le
chéile céim ar chéim ag méadugha is a dul ar agháidh chomh fada is
féidir le amus míochlíuitioch na gcaithíodoiridh se a cur i bhfréimh
a modh fái dhéogh go bplándalán combúaireadh is easárd ní ché
amháin chach eile acht fós i n-inntínn cuid do lucht áitíghe na mbathán
tarcuisneach a modh go mbradúighéann agus go ngoideann a gcláonta


L. 59


is i gcéadta a gcruth go corrúighéann agus go mbrostúighéann íad
chum gníomharthadh d'amus no ghabháil a láimh do chuirtheadh
drúm tar ais gach n-uile dhlíghe díadha agus dáonadh i n-éinéacht.



2 An fómas no an géilleadh atá do dh'úalach orainn a thabhairt da
bhuir Ríogh agas da dhlíghe, is nídh é 170 nach féidir í léigéan tharth
no sheachnadh a modh air bioth, óir is nidhthe íad ata socruidh mar
dhúalgas agas mar oibleagáid oráinn a chóimhlíonadh agas a thabhairt
faoi deara da réir aithne agus órdaíghe Chríost féin a d'orduighe do
chách sraith, áirdchíos, no cioin tíre dhíol no íoc le Cesar. Mar soin
buidh dhe toil Dé féin tabairt fáoi dear mar aithne dhúin úmhlúghadh
do na chomhachta is ró-óirde is toil leis a shocrúghadh mar ríagh-
luidhtheoiridhe os bhuir gcíonn, agus mar an gcéadna deimhníghe an
t-Easbal Pól go soiléir i bheith a dréim le seasadh no teagradh an
ágháidh na gcomhachta céadna gurab ionnann é is i bheith ag seasadh
mach an ágháidh órdáighe mórcomhachta Dé féin. Uádh soin is
dúalgus agas ceart díadha géilleadh, dísleacht agus fómas a thabhairt
da bhuir Ríogh is da bhur n-úachtúrain ó nach féidir le dlíghe sáoghalta
no breithéamhnas tálamháigh air bioth a chur ar neimhnídh no
bhriseadh. Foillsighe startha úghdartha le uimhir do chéadta blíaghain
thart rói-dhísle, áirdchéim agus súbháilce no neart neámhdha Cait-
liceach Éirionn ann i n-íonrucas, ann i ndísle, ann a bfómas agus ann
i bhfirinne dha ríghthe. Do bhioth éifeacht na subháilce se choimh
dealrach agus chomh soillseach ann bhuir sinnsear a modh nair bhféidir
le bagar, le bladar, le grádh máoine no saidhbhris a ndísle do
dh'aistriúghadh no thrúaighliudha ar áon 171 mhodh. Bíodh an
t-aistriúghadh sa n-áimsir sin mar atá, acht is ceart dúinn gan nídh
ar bioth a ghlacadh ann bhur n-intínn a d'fúarógha no chuireadh
eidir sinn is i bheith dílis da bhuir Ríogh a modh fomais is a gcúimhne
dísle agus onóradh bhúir sínsir agus soin suitidh i meisnídh coimh-
líontaidh dlíghe fírcheirt Dé a chuirios a dúalgas so do dh'úalach
oráinn, agus na chuideachta soin mar chumáoin, mar chúitíughadh,
is mar bhúidheachus don Ríogh is feárr air bioth agus da dhlígh-


L. 60


thionnóiridhe do thug dhúinn moran sáorsadh agus múinteardhuis
agus soin go léir mar chúitiúghadh i n-éiric íonracuis agus dísleadh
bhuir sinnsir da ríghthe. Ata se cinntidh gur sáorsa agus cumáoineacha
íad so nach raibh suil agáinn fhághail achair ghéarr do bhlíaghántach
ó choin, cía chúaramar a t-iomlán díreach ó thoil mhaith nídh nárr
chóir dhúin i dhearmad cháoidhche.



3 Is fíor gur dúalgus déimhneach socruidh leagthaidh oráinn do réir
aithne is ordaighe Dé féin úghdar bhuir mbígh fríd éifeacht a mhór-
chómhachta do bhéir ríaghlúdha agus úachturánacht do righthe i bheith
do ghnáth go díongmhállta dílis, díorúiseach da bhur Riogh is dár
n-uachtarain. Agus da chéainn sin ó bhuir gCré agus ó phríomh-
chéadchásaibh bhuir gcreididh náomhtha, budh ceart dúinn sínn féin
a chruthúghadh bhúir leanabha agus bhuir bhféimionnaigh úmhladh i
ndíleagair i dhlíghe a chóimhlíonadh, agus mar ain gcéadna tuga caich
faoí deara gur nídh gan bhríogh dhúinn bhuir dtittiol chum ainim no
gairm Caitliceach no Criostuighthe 172 a choireaid leis sin, agus na
chuideacht soin nach mbia tairbhe no sochur air bioth againn a
lúaidheacht bhur bfúasgulta le fuil úasal bhur Slánuightheora ó dháor-
sglábhúidheacht ithfrínn da gcruthúigheadh soin féin choimío
fhurtúnach sothiómpaidhe is i bheith bhuir méirliocha miosguiseach
neimhdhílis da bhuir Ríogh rói-cheart fíorghrásámhuil.



4 A cháirde acht mar dtugaidh ordughadh diongmhállta soiléir Dé
féin, ainimníos agus leogus do dh'úalach ar cháth úmhlúigheacht agus
fómas dilís a thabhairt do dh'uachturáin, no grádh agas búidhéachus
da bhuir Ríogh ata air fheobhus na bprionnsáigh, ar dháoine íad féin
a sheachnadh ar a dhul a gcúing no gcúmpántacht leis an aicme
mhiosguisidhe mhiséanmhuir a chuirios a dtuairm cheanadh i bhíos
ag íarúidh i meálltaidh is a gcur i mbealach a gcáilltidh le na gcuid
caithiodóiriocht is pisréog. Tugadh ádhbhar is ionnmhuighthe agas is a
sóithigse, cía nach bfuil chomh fóirneartmhar i n-éifeacht, ar na
Caitlice gan i n-íonrucas, i ndébhéasadh, a mucántacht no moráltacht


L. 61


a thruaillíughadh no chumasg le nimh mharbhthach cómháirleachadh
comhráidh, cómhlúadair no ímeartuis na ngníomúidhthe codrumantadh
a d'áirighe aroime, agas an mháirg is an míséan do taírngéodh síad
ortadh féin anois da cheann 173 da gcláonadh do chás choimhíríaghal-
tadh leis a ghábhail a láimh as a gcoimhíomlan féin no tré éifeacht
ímpíachadh pláighéamhladh lucht easáird no miosguise air bioth eile.
Is déimneach guraib é tásg, teasdus agus túairisg dáoine trúaillighe
neamhónórachadh an tsáoghail bocht agas saidhbhir i bheith neamhbúan
neimhdhílis neimhfhírinneach, gearrachúmanach so-choraidh, so-
íompuidh ann a staid is ann i n-íntinn agus ann i ngníomhartha do
ghnáth. Agus anois tugadh cáith fáoi dear go haireach dhá ndh-éirigh-
éamh re áon chuid do na cealgáiridhe máilíseachadh miosguiseachadh
so atá ghabháil anónn is análl i measg na ndháoine neimhchionntachadh
áon róinn don mhuintir chéadna do thrúaillíogha no tabhairt orthadh
droichghníomh air bioth i dhéanadh an ágháidh an Ríogh no an
chríochsmacht bíodh na dáoine neimhchionntacha céadna cínntidh
dearbhtha dha measa na méalltóiridhe mailíseacha do thug ortha an
dóighníomhso do thíonsgnadh ar dtús, sochur saoghalta air bioth
fhágháil da chéann gurab íad féin an chéad bhuídhean a d'fhoillséogha
an cás orthadh agas do dhearbhtha go dásachtach díongmhállta na
n-ágháidh gan chrionthugha no sgrúdadh coínsíais air bioth a lathair
breitheadh agus béinnse.



5 A cháirde, ni mían léam anois an t-ádhbhar so do lorg no leath-
nughadh níos faide, acht leagaim do d'úalach chinnte air in íomlain
díreach agaibh mar chómhlucht oibre i bhfinéamhain no a ngairdín
i Tíaghurna chum oiread léirmheasda do chur do bhiseach méadaigh
ar na smúaínidhthe se is mheasa 174 sibh a dhul a dtairbhe do
dh'easbhuidh cuiméid is do ríachtunas bhuir dtréadaibh no poibliocha
chum a gcungbhál do ghnáth go búaintseasbhach dílis díongmhállta
dha Ríogh agus da chriochsmacht caradúil agus iad féin a chúiméad
air dhíainghliocus is ar ghaistidhe na madrúighe állta so ata tathaíreacht
na measg ar theilig a dtrúailligh chúm i sgriostaidh; agus mar an gcéadna


L. 62


an cháill is ain míshéan saoghalta do tharaíngéodh síad orthadh féin
is ar a muintir go hobánn dhá n-úmhlúigheadh go neamhnaireach
barbartha neamhchoinsíasach ar a dhul a n-ágháidh racht agus dhlíghe
Dé is na Ríoghacht air ímpíadh no tré mhealltóiriocht lucht easáird is
méirlíochuis. A cháirde, cuirídh i gcéill da bhuir dtréada, ma ta meas
no uráim dha laíghead acu ar sháorthoil, ar mháoin, no air inmhe
shaoghalta, air theagh, ar áit chómhnáighe, ar mhnáoi, ar chláinn, air
clíuth, air choínnsías, no air chreidiodh, ar ghradh Dé do thuilliodh,
no suil le sabháil fhághail úadh íad féin d'íomchur go ceart cneasda
céannsaidh ceatúil, is íad féin a chuiméad go róighríonalach ar gan
i bheog no mhór do dh'áisíamplairidhe miosguiseacha no do cheal-
gaireacht thrúaillidh lucht easáird no máilíseadh i léigean da ngar
no ghlacadh ann i n-intinn. A cháirde, goirídhe ar bhuir dtréada
sa n-ám chéadna le háon ghuth amháin chum guidhe agus úrnuidhe
dhúirtheachtach íodhbuirt is ofráil a gcóimhnéineacht ribh fein go
hárdchatháoir na bhflaithios chum sonuis agus séan búanghnáthach
do bheith ar bhuir Ríogh láirtheach agus ar n íomlán do d'fhine a
bhunúidhis mhórdha agus mían ríaghluidhe fhada do bheith uige a
róshonus is a róshéan, le gach uile bheanúghadh sáoghalta no spioradúil.
dá bhfeicioinn Día uilechomhachta 175 do dh'éagmuis ar a mhór-
dhacht an a staid; ag síreadh agus athchuinghidh ar Dhía ann sa moidh
gcéadna siochain mharthanach is órdúgha síbhíalta do bheith siorúighe
órnáideach ar bun i n-íomlan a chuid ríoghachtaidh, agus gach n-uile
nídh do bhuaintheadh do dh'easárd, do trioblóid, do mhearúghadh
do neamhcháirdios, do dh'eírighe amach, méirliochuis, cóimheasgaidh
no treatúireacht annsa Ríoghacht so a chur ar gcúl is as alt go siorruidhe.
Éadhmon i Phríonnsadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services