Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Seventeenth-Century Criticism of Keating

Title
A Seventeenth-Century Criticism of Keating
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1695
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1 Errata .i. earráide fuair na príomheólaidhe amach san stair so
Doctúir céitin amhail chuirfoim síos ann so.



2 A léightheóir gibé thú, bíodh a fhios agad nach d'fhonn
iomurbháidhi nó ráidhseachais re haonneach dá eólaighe nó dá aineol-
aighe d'ollomhna nó uaisle Éreann do chuiris romham an saothar sa
an duine maith beannaighthe, an Doctúra .i. Séthrún Céitin do ghlanadh
ón méid fuaras do shalchur ann a n-aghaidh phríomhleabhar barán-
tamhla na hÉireann, agus fós ná meas gurab do thár nó do thaircisne ar
eolas an duine maith dhiadha fhoghlamtha do bhí 'na sheanchaidh
agus 'na stairtheóir ro-mhór do chuiris lámh ina thimchioll, acht nár
mhaith liom a chomhphrionnsapálta do leabhar gan bheith roghlan
fírinneach dhó. Do réir mo mheasa fós ní raibhi fonn claoin nó
cleathraimh ar an Doctúir le haoinneach d'fhearaibh Éireann asa
ndéanfadh leatrom ar aon seach a chéile díobh. Measoim, dá bhrígh
sin, gurab é nídh tarla dhó: aois ealadhna Leithe Cuinn do chruinn-
iughadh an méid fuaradar do sheinleabhraibh aosda ughdardha ar
lorg eaglaise agus ealadhan i nÉirinn fán am sin gur ghlanadar Leabhar
Gabhála, agus Réim Ríoghraidhe, agus leabhair iris agus naoimhsheanchos,
agus
beathadha na naomh as na leabhraibh sin; uime sin go measoim gur
diasa fiaigh leabhar nár glanadh agus nár féchadh le haois ealadhna nó


L. 122


le comhthinól daoine foghlamtha le a cúig nó a sé do chédaibh bliadhan
fá mar ba gnáth a nglanadh (an uair do bhí cumos agus ceannas na
críche ag Gaoidhiolaibh) tarla leis. Bíodh go ccuirionn an Doctúir
maith síos ughdair mhaithe eaglaise agus ealadhanta le mórán díobh,
tuig, a léightheóir, gurab iomdha lámh a millte tarla friu, ón aimsir fár
scríobhadh ó thús iad go haimsir an Doctúire do ghabh le a n-ais a
scríobhadh, nár thuig agus nár légh go romhaith iad, agus uime sin fós go
ttugadar an chuma tháinic lena ttoil agus lena ttuigsin féin ar gach nídh
nár thuigsat do shaothar na ndaoine maithe. Agus dá dhearbhadh gurab
í sin an fhírinne, má tá gurab ealadha an dána dhírigh cuid as buige agus
as sothuigsiona do thrí healadhnach prionnsapálta na Gaoidheilgi, as
feasach mé féin gurab ro-annomh duainaire nó dán chonnairc scríobhtha
a cceart riamh mur bhfacas begán ar lorg aos ealadhna díobh 2 agus mur
sin dona sgéltaibh bega boga oile go hiomlán. Dá réir sin ní hiongnadh
na seinleabhair mheamroim agá raibhe cruas scríobhneóracht agus Gaoilige
do scríobh iomad do dhaoine diaidh a ndiaidh nár chuiriodur a n-ord
nó a n-oireagar féin orra do bhrígh nár thuigsat agus nár léighsat go
hiomlán iad, bíodh nach amhlaidh do shaoileadur féin é.



3 Do réir a ndubhromar as é nídh do ba mian liom, gach seachrán
agus gach dearmad dá bhfaicthar dham do bheith a saothar an duine maith
sin .i. Séthrún Céitin, an Doctúir maith diadhachta, do ghlanadh leis
na leabhraibh sin a-dubhart do ghlanadh leis an aois ealadhna agus agá
raibhi breathnughadh urmhór daoine foghlamtha na ríoghachta d'eglais
agus d'ealadhain agus do dhaoine uaisle orra. Ná tuigeadh aon nduine do
chill nó do thuaith gurab ag cur a n-aghaidh an duine maith fhoghlamtha
onóraigh a-táim, acht ag congnamh agus ag teacht leis ar mhaith lena
shaothar agus leis an ríoghacht dá bhfoghnann sé. Tuig fós, a léightheóir,
nach bhfuil pinnsi ná tarbha ná luaigheacht shaoghalta ó dhuine nó ó
dhaoine d'uaisle ná d'ísle na hÉireann agam do láthair asa ndiongnainn
claon nó cleathramh le druing díobh seach a chéile. Tuigim fós ar
bhriathra an Doctúira gurab ar an ccor chéadna sin do bhí.



4 Ag so cuid dona seinleabhraibh as ar glanadh na leabhair sin
thuas adubhart, mur atá Leabhar Baile Uí Mhaoilchonaire do scríobh
Muirghios mac Páidín Uí Mhaoilchonaire as Leabhar na hUidhre do
scríobhadh i ccluain Mhic Nóis a n-aimsir Mhaoilsheachloinn
Mhóir mhíc Dhomhnoill rígh Éreann, Leabhar Muintire Duibh-
geannán ó Sheanchuaith Ua n-Oiliolla dá ngoirthar Leabhar Glinde
Dá Locha, mailli re hiomad do leabhraibh gabhála agus seanchosa oile
geinmothád.



5 Ag so an t-aois ealadhna lér glanadh na leabhair sin mailli re
beathadhaibh agus re naomhsheanchos na naomh Éirionnach, mur atá
Cochoigríche Ó Cléirigh, agus Míchél Ó Cléirigh, an bráthair mionúr as


L. 123


Conbhint Manistreach Dhúin na nGall, Fearfeasa Ó Maoilchonaire,
agus Cúchoigcríche Ó Duibhgeannán as Cóigeadh Chonnacht; agus iar na
scríobhadh dóibh ro thaisbáin 3 an Bráthair Míchél Ó Cléirigh
iad don méid nach raibhe do láthair a scríobhtha do aois ealadhna
Leithi Cuinn agus Leithi Mogha d'urmhór, agus go háiridhthe do Fhlann
mhac Cairbre mic Aodhagáin do bhí 'na bhreitheamh féineachais as
Urmhumhain, agus do Mhac Bruaidheadha .i. Conchobhar mac Con-
chobhair ionnas gur chuireadur a lámha air, agus iar sin don phríomháith
agus do mhórán d'easpogaibh agus do phréláidibh eaglaise na hÉireann, agus
go háiridhthe d'Easpog Oil Finn, Baothghalach Mac Aodhagáin do bhí
eólach a nGaoidheilg mur fa dual dó. Tugsat uimhir áiridhthe do
dhaoinibh uaisle na ríoghachta agá raibhi dúil aca gan bheith ain-
bhiosach a sgélaibh a sean agus a sinnsior fa deara ar an aois ealadhna
céadna corp an Leabhair Ghabhbála sin do ghlanadar as na sean-
leabhraibh do scríobhadh dóibh féin. Ba díobh sin a nGaoidheilg
bhuig Tighearnan Insi Ceithlionn, Conchobhar mac Conchobhair, agus
Fearghal Ruadh mac Taidhg mic Oiliolla Uí Ghadhra, agus Toirr-
dhealbhach mac Sémais mic Cochláin. Uime sin do chuirios romham
an saothar sa an duine maith Séthrúin Céitin do ghlanadh leis na
leabhraibh sin an aois ealadhna ionnas go mbeithdís na leabhair ar
aonsgél agus nach beith brég lena cur 'na leith.



6 Ag so nóta ar urmhór gach neithe dá bhfuaras a n-aghaidh na
leabhar sin an tseanchosa do glanadh leis an aois ealadhna a leabhar
an Doctúra, bíodh gur scríobhas mórán díobh ann mo leabhar féin go
neamhaireach agus ar a leisge liom a bheith ag síréiliughadh saothair
an duine maith.



7 Ar tús san díonbhrollach, mur a n-abair gur dhearbhráthair
do Mhuircheartach mac Muireadhaigh mic Eóghain mic Néill Naoi-
ghiallaigh (dá ngoirthar Muircheartach mac Earca ó Earc inghean
Loairnn rí Alban do bheith 'na máthair aige) Fearghas mac Eirc mic
Eachach Muinreamhair do shliocht Chonaire mic Mhogha Lámha gona
chúig dearbhráthar oile do ghabh neart a n-Alboin agus agar ríoghadh
an Fearghas sin ann ar Albain. Ag so clann athar Muircheartaigh do
réir an chraoibhsgaoilidh atá san Leabhar Eóghanach féin orra, mur
atá Muircheartach, Fearadhach, Moen agus Tighearnach, amhail adeir
an rann:



Ceithri meic ag Muireadhach
fria hEarc ba saor so sen
Fearadhach agus Tighearnach
Muircheartach is Moen.


L. 124



8 A-deir mur a labhronn ar an Lia Fáil i nGabháil Tuaithe Dé
Danann gurab do shliocht Mhaine mic Cuirc mic Luighdheach an
rígh Sémas gona shliocht, agus atá craobhsgaoileadh Dál Riada ag sean-
chaidhibh Éireann agus Alban agá dhearbhadh gur do shliocht Chonaire
mic Mhogha Lámha atá do Shíol Éiriomhóin é.



9 Ag so mur chuirsiot an t-aois ealadhna go déidhionach áiriomh
na haimsire ó Ádhomh go gein Críost síos do réir mur do scríobhsat
a seanughdair féin ina seanleabhraibh ar lorg an dá fhear seachtmhoghad
agus ughdair aireaghdha eólach' na heaglaise leanas a lorg-sidhe a n-áiriomh
na n-aos. Óir gé atá sainiughadh agus éxsamhlacht fhaisnéise ind áiriomh
na n-aos ccéadna eidir ughdaraibh iomdha, as iad an dá fhear seacht-
mhoghad gus an druing leanas iad ina rímh agus ina n-áireamh as mó
do leansat seanughdair na Gaoidhlige diaidh a ndiaigh.



10 Áiriomh an dá fhear seachtmhoghat ar na ceithri cédaosaibh
don domhan: ó Ádhomh go dílinn 2242; ó dhílinn go hAbraham 942;
ó Abraham go Dábhídh 940; ó Dhábhídh go broid Babilóine 485;
an cúigeadh haois ó bhroid Baibilóin go gen Críost 590. As uime do
chuirsiot na hughdair do lean an dá fhear seachtmhoghat nuimhir
bliadhan an cúigeadh haimsir leis na ceithre cédaoisaibh do chomh-
líonadh na nuimhire bliadhna so 5199 .i. an líon bliadhan ó Ádhomh
go gein Críost. As dona hughdaraibh leanas an dá fhear seachtmhoghat
is na ceithri céadaoisbh; Eusebius áirmhios ina chroinic ó chruthughadh
an domhain go gein Críost 5199; Orosius isin chédchaib. dá chéd-
leabhar a-deir go bhfuil ó Adhamh go hAbraham 3184 agus ó Abraham
go gein Críost 2015 - a suim sin araon 5199. Dá phríomhstaraidhe
egailse Críost iad sin. A-dubhairt fós S. Hieronimus ina epistil do
chom Titus nár comhlíonadh sé míle bliadhan d'aois an domhain go sin.
Adeir trá S. Augustinus isin 10 cab. don 12 leabhar De civitate Dei
nach áirmhionn ó chruthughadh an domhain sé míle bliadhan 5 go
sin. Cuirtear ina leith sin araon go tteagaid risin an lucht reampa i
n-énnuimhir conntais ó chruthughadh go gein Criost 5199. Dearbhadh
oile ar an áiriomh chéadna an Martarloig Rómánach dheimhnighios
iomláine bliadhan na n-aos so ó chruthughadh an domhain go gein
Críost 5199.



11 Mur so chuirios ríoghraidh Tuaithe Dé Danann síos i. Nuadha
Airgiodlámh ar tús roimh Bhreas mac Ealathain agus do-bheir tríocha
bliadhain dó a n-áit fhithchit bliadhan. As amhlaidh chuiras an Leabhar
Gabhála agus an nuile dhuain seanchois agus Réim Ríoghraidhe dá labhrann
orra síos iad .i. Breas seacht mbliadhna gur híocadh lámh Nuadhat,
agus Nuadhat fithche iar sin.



12 Ní thugionn acht deich mbliadhna ar thrí fithchit d'Eochaidh
Allathair, .i. an Daghdha, a n-áit ceithre fithchiot bliadhan.


L. 125


13 A-deir gurab trí bliadhna ochtmhoghat ar dhá chéd iar
mbáthadh Pharao a Muir Ruaidh tángadar Mic Míleadh i n-Éirinn.
A-deir an Leabhar Gabhála atá glan ón aois ealadhna gurab a ccionn
trí mbliadhan ar ochtmhoghat ar thrí chéd tángadar iar mbáthadh
Pharao go hÉirinn, agus cuirid síos gach rígh dár ghabh an Éigipt ón
Pharao Cincris sin do báthadh a Muir Ruaidh go Pharao Nectimbus
dárbh inghean Scota, máthair seisir mac do Chloinn Mhíleadh
Easpáinne, an líon bliadhan bhí gach rígh díobh a bhflaithios na
hÉigipte, ionnas nárbh éidir dóibh gan áiriomh na haimsire go cinnte
do bheith aca.



14 Cobhlach Mac Míleadh do réir Leabhair an Doctúra 30 longa
agus tríocha laoch ann gach luing. Cúig longa ar thrí fithchit do réir
an Leabhair Ghabhála.



15 A-deir gurab é Cairbre Músg mac Conaire fuair a bhfuil ó
bhealach mhór Osraighe go Cnoc áine Cliach a nduais dána ó Fhiacha
Mulleathan mac Eóghain Mhóir. As cian d'aimsir ria Fiacha Mull-
eathain do-chuadar sliocht Fiachach Fir Mara mic Aonghosa Tuirmhigh
Teamhrach don Mhuimhain, .i. sinnsior Cairbre Músg dá ngoirthear
Érna Mumhan, gur bheanadar comhroinn críche amach ann, soim
áiridhthe do chédoibh bliadhan ria bhFiacha Mulleathain do bheith
a cceannos Mumhan.



16 Ní áirmhionn acht 14 bliadhna d'Éiriomhón a n-áit chúig
bliadhna dég.



17 Ní áirmhionn acht 67 bliadhan do Thighearnnmos a náit 77
bliadhan, agus a-deir na hioldatha tugadh ar édoighibh le linn Eochach
Edgadaigh gur re linn 6 tighearnnmois do hordaigheadh iad.



18 Seachtmhoghat bliadhan chuirios a n-áit 40 ar Chearnmna agus ar
Shobhairce.



19 Ní chuirionn acht trí bliadhna ar Fhiacha Labhroinne a n-áit 24.



20 Seacht mbliadhna chuiras ar Fhaildeargoid mac Muineamhoin
a n-áit 10 mbliadhan.



21 Ní thugann d'Ollomh Fódhla acht tríocha bliadhain a n-áit
40 bliadhain.



22 Do-bheir tríocha bliadhan a n-áit 20 bliadhain d'Fhionnachta
mac Oiliolla.



23 Cúig bliadhna dég do-bheir do Shlánoll mac Ollamhan a n-áit
seacht mbliadhan.


L. 126


24 Do-bheir 17 mbliadhna do Ghéidhi Ollghothach a n-áit 12
bhliadhan.



25 Do-bheir tríocha bliadhain d'Fhiacha mac Fionnachta a n-áit
20 bliadhan.



26 Do-bheir do Shíorna Síorshaoghlach mac Déin 21 a n-áit
150.



27 Do-bheir 22 bhliadhain d'Art Imleach mac Éilim a n-áit
12 bhliadhan.



28 Do-bheir seasga bliadhain do Nuadha Fionn Fáil a n-áit 12
bliadhain.



29 Do-bheir 30 bliadhain d'Fhionn mac Bratha a n-áit 22
bhliadhan.



30 Ní thugann acht cúig bliadhna do Dhuach Fionn mac Sédna
a n-áit 10.



31 Do-bheir ceithre bliadhna do Mhuireadhach Bolgraidh a n-áit
bliadhna agus míosa.



32 Deich mbliadhna do-bheir do Chonoing Begeglach a n-áit
20 bliadhan.



33 Seacht mbliadhna do-bheir d'Fhiacha Tolgach a n-áit 10
mbliadhan.



34 Naoi mbliadhna do-bheir do d'Oilioll Fionn a n-áit 10
mbliadhan.



35 Ní thugann d'Úghoine Mhór acht tríocha bliadhain a n-áit
40 bliadhain.



36 Ocht mbliadhna dég do-bheir do Labhraidh Loingseach a
n-áit 10 mbliadhna.



37 Seacht mbliadhna do-bheir do Mheilge Molbthach a n-áit a
17.



38 Naoi mbliadhna do-bheir do d'Fhearchorb mac Mogha Cuirb
a n-áit a 11.



39 Cúig bliadhna dég do-bheir do Chonnla Cruaidhchealgach a
n-áit 20 bliadhan.



40 Aoin bhliadhain dég do-bheir d'Eochaidh Ailtleathain a
n-áit 17 bliadhan.


L. 127


41 Do-bheir a dó dég d'Fhearghas Fortamhail a n-áit aoin
bhliadhain dég.



42 Do-bheir ocht mbliadhna fithchit d'Énna Aighneach a n-áit
20 bliadhain.



43 Ní thugann acht tríocha bliadhain a n-áit 70 do Rudhraidhe
mac Sithrighe.



44 Trí bliadhna do-bheir do Ionnadmair a n-áit naoi mbliadhan.



45 Cúig bliadhna do-bheir do Lughaidh Luaighne a n-áit a cúig dég.



46 Sé bliadhna dég do-bheir do Eidirsgél a n-áit cúig mbliadhna.



47 Sé bliadhna dég do-bheir do Lughaidh Sriabhndearg a n-áit
26 mbliadhan.



48 7 Fithche bliadhain do-bheir d'Fhearadhach Fionnfheachtnach
a n-áit dá bhliadhain agus fithche.



49 Seacht mbliadhna fithchiot do-bheir d'Fhiacha
Fionnfholaidh a n-áit a 17.



50 Ní thugann acht fithche bliadhain do Chonn Cédchathach a
n-áit 35 bliadhan.



51 Seacht mbliadhna do-bheir do Chonaire a n-áit ocht
mbliaghna.



52 Seacht mbliadhna fithchet do-bheir do Chairbre Lifeachair a
n-áit a 17.



53 Trí bliadhna dég ar fhithchit do-bheir d'Fhiacha Sraibhthine
a n-áit 37.



54 Do-bheir trí bliadhna ar fhithchet do Mhuireadhach Tíreach
a n-áit 30 bliadhan.



55 Seacht mbliadhna do-bheir d'Eochaidh Moighmheadhón a
n-áit ocht mbliadhan.



56 Do-bheir seacht mbliadhna dég do Chriomhthonn mac
Fioghaigh a n-áit a 13.



57 Ní thugann acht trí bliadhna do Thuathal Mhaolgharbh a
n-áit 11 bliadhan.



58 Do-bheir dhá bhliadhain agus fithche do Dhiarmaid mac Fear-
ghosa Ciorrbheóil a n-áit fithchit bliaghain.


L. 128


59 Do-bheir trí bliadhna d'Eochaidh agus do Dhomhnall a
n-áit dá bhliaghain.



60 Do-bheir seacht mbliadhna fithchet d'Aodh Uairiodhnach a
n-áit seacht mbliadhan.



61 Do-bheir ceithri bliadhna do Mhaolchobha a n-áit trí
mbliaghan.



62 Ní thugann acht trí bliadhna dég do Dhomhnall mac Aodha
a n-áit 16 mbliadhan.



63 Trí bliadhna dég do-bheir Chonall agus do Cheallach a n-áit
seacht mbliadhna dég.



64 Sé bliadhna do-bheir do Bhláthmac agus do Dhiarmaid a
n-áit ocht mbliladhan.



65 sé bliadhna do-bheir do Sheachnosach a n-áit cúig
mbliaghan.



66 Seacht mbliadhna do-bheir d'Fhionnochta Fleadhach a n-áit
fithche bliadhan.



67 Do-bheir naoi mbliadhna do Chonghal Cinnmhaghar a n-áit
seacht mbliadhan.



68 Seacht mbliadhna dég do-bheir d'Fhearghal mac Maoile Dúin
a n-áit 10 mblliadhan.



69 Ceithri bliadhna do-bheir do Chaonaodh a n-áit trí
bliaghan.



70 Dá bhliadhain ar fhithchit do-bheir do Dhomhnall mac
Murchaidh a n-áit 20 bliadhan.



71 Ceithri bliadhna do-bheir do Niall Frosach mac Fearghail mic
Maoile Dúi a n-áit seacht mbliadhan.



72 Ceithre bliadhna fithchit do-bheir d'Aodh Oirdnighe a
n-áit cúig bliadhna fichit.



73 Ní thugann acht fiche bliadhain do Dhonnchadh mac Floinn
a n-áit a 25.



74 Deich mbliadhna do-bheir do Chonghalach mac Maoilmhithigh
a n-áit 12.



75 Deich mbliadhna do-bheir do Dhomhnall mac Muircheartaigh
a n-áit 24 mbliadhan.


L. 129


76 As iongnadh liom dá olcas Leabhar Gabhála nó Réim Ríogh-
raidhe dá ttarla leis an Doctúir a mbeith comhdhearmadach seachránach
leis an leabhar sa, agus as mór an bharamhail atá agom ar son gur beg
le 8 trí fithchit bliadhain ó do thrácht Séthrún Céitin a leabhar gurab
iomdha lámh do scríobh é ó shoin do-rinne dearmad agus díochuimhne
ar chóip láimhe an Doctúra gan a scríobhadh commaith agus do fhágaibh
é.



77 Cuiridh leabhar an Doctúra síos ina a bhfoisgél uaigneach go
raibhe dhá chluais capoill ar Labhraidh Loingseach mac Oilionna
Áine mic Laoghaire Luirc mic Úghoine Mhóir .i. sinnsior na Laigh-
neach. Agus gibé mur atá an sgél sin 'na fhírine nó 'na bhréig, ós
'na bhréig as cosmhoile a bheith, as é duine ar a ccuirionn Leabhar
Arda Macha an sgél sa ar thighearna do bhí ar Uíbh Fáilghe dárbh
ainm Eochaidh, agus as air do bhí an ainimh sin .i. dá chluais chapoill,
agus as cian d'aimsir d'éis Labhraidh Loingsigh do bhí ann; agus ní hé
Craiftine Cruitire do bhain adhbhar na cruite as an ccrann inar
sgéith mac na baintreabhaighe a rún, acht cruitire oile; agus ní tuigthí
uaithe aonphort acht "Eochaidh Fearseich, dá n-ó eich fair", .i.
dá chluais.



78 Cairbre Cinn Cait do Aithigh Tuathaigh ro ghabh flaithios
Éirionn tar éis Criomhthoin Niadh Náir, as é áit a ccuirionn
Leabhar an Doctúra síos é a ndiaidh Fiachach Fionnfholaidh; agus
trí rígh ó Chairbre Cinn Cait anuas an Fiacha sin.



79 Cuiridh síos mur an ccédhna gur bhris Mogha Nuadhat deich
ccatha ar Conn Cédchathach, agus ainm na n-áiteadh inar bhris
iad. Ní fhuil amhoras agom gur scríobh an Doctúir sin ná aoin oile
dá bhrégaighe dá bhfuil ina leabhar ann, acht ní fhuair scríobhtha
roimhe a ndrochleabhraibh dá nár cóir géilliomh mur a-dubhart thuas.
Ní fhuil an nídh sin a n-aoinleabhar barántamhail ná ó ughdar maith
ar bioth re a thaisbáineadh; agus dá mbeith aon fhocal don fhírinne
ann do luaidhfidhe i stair Chatha Moighe Tualoing agus Moighe Léna
é, mur a bhfuil stair an tsluaigh ó thús a n-imheasna go
críochnughadh a ccogadh agus go marbhadh Eóghoin Mhóir ar Moigh
Léna. Agus fós dá mbriseadh Eóghan an uiread sin do chathaibh ar
Conn, as iongantach nach mbainfeadh ceannas agus urláimh na
hÉireann go hiomlán de. Agus fós dearbhadh oile gur brég é, dá
mbeith a n-aoinleabhar dár cóir géilleamh ar bioth do thabhairt dó
do leabhraibh Éireann as 9 cosmhail go bhfuigheadh an tsaoidh
fhoircthe fhíreólach agus an inneóin forais gacha dána agus gacha
deaghealadhan, .i. Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha, le a mhaoidheamh
é san imreasain do bhí eidir é féin agus mo sheanathair, .i. Lughaidh
Ó Cléirigh. Óir ní raibhe i nÉirinn ina aimsir féin ná ó shoin,
agus ní bhiaidh go bráth do réir cosmhalacht,


L. 130


sás dá fhagháil amach agus dá chosnamh dob fhearr iná é, agus mur nár
mheas go rachfadh aige ara shuidhiughadh ná ar a sheasamh do léig
thairis é. Agus an ní oile a-deir leabhar an Doctúra go raibhi gorta
ar fud Éireann nó gur fhóir Eóghan iad le probhision agus le lón
do-rinne
d'oirchill ar an aimsir do bhí chuige, agus gur dhaorsat cách iad féin
agus gur umhluighsat d'Eoghan mur gheall ar an bhfurtacht sin; má a-tá
go raibhi an riachtanas sin san Mumhain nó go ttugsat umhla dhó,
ní raibhi ar an ccuid oile d'Éirinn; agus dá dhearbhadh é ní thugadar
umhla d'Eóghan. Agus fós ní faghthar a laoidh nó a litir do shein-
leabhraibh Éireann go raibh Éire níosa thorthaige agus níosa fhearr iná
mur do bhí le linn Cuinn Chédchathaigh acht amháin Conaire nó
Cormac. An nídh oile a-deir gur a bhfeill do marbhadh Eóghan
Mór le Conn, as follas as stair Moighe Léna féin nach bhfuil acht
brég ann sin, óir as amhlaidh innsios an uile áit ina bhfuil go glan,
dhá chomhdhalta Cuinn do-chuaidh a tteachtoireacht uaidh do
crochadh d'Eóghan, reacht agus neimh do ghlacadh Conn as sin go
nár fhan le mórchruinniughadh do dhéanamh acht amháin an líon tarla
ina fharradh d'fhearaibh Connacht go ro ionnsoigh ar maidin
mórshluagh Mogha Nuadhad go ro marbhadh Mogh Nuadhat ann iar
ndíoláith-riughadh mórán don tsluagh dhó. Agus ní ar a leabaidh do
marbhadh é mur a-deir leabhar an Doctúra. Agus a-tá Lughaidh ag
teacht ris so mur a n-abair re Tadhg ag tabhairt freagra air son
bponc so:




Cosmhoil sin is mur deiri
nár chuir Conn fógra reimhe,
gan leithsgél agad acht sin,
san chath ré marbhadh Eóghoin.



Nach maith an fógra catha
re a chur i cceann do fhlatha
longphort do ghabháil 'na ghar
is teachta Cuinn do chrochadh.



As amhlaidh fuairais sgéla
Eóghan Mór ar Moigh Léna
nach raibhi i ccathais mur Chonn
do dhóigh a harmáil eachtronn.



Geibhis ar maidin go moch,
a chodladh nír chodladh troch,
mur nach raibhi comhlíon céd
do bhí Conn ar a choiméd. etc.


L. 131




80 Do-gheibhim san leabhar chéadna é ag labhairt ar Fhorbhais
Droma Dámhghoire. Ag so mar a-deir:



"Tarla fan am sin teirce feóla ar Chormac mac Airt rígh
Éreann, agus é ar ccaithiomh cíosa na ccóigeadh tré líomhnuire lochta
a theaghlaigh; agus do-rinne comhairle rena fheadhmontach cionnas
do-ghébhadh nídh re riar a mhuirir go ham a chíosa do thógbháil. As í
comhuirle tug a fheadhmantach dhó, sluagh líonmhar do thionól agus
triall don Mhumhain do thabhach rudhrachais cíosa rígh Éireann;
"óir ní díoltar leó", ar sé, "acht cíos aon chóigidh libh-si, agus a-táid

chóigeadh san Mhuimhain, agus téid cíos cóigidh do rígh Éireann as gach
cóigeadh díobh". Cinnis Cormac ar an ccomharle sin, agus cuiris teachta
go Fiacha Mulleathain fá rígh ar an Muimhain an tan sin do thabhach
cíosa an dá chóigeadh air. Freagrais Fiacha dona teachtoibh agus as eadh
a-dubhairt nach díolfadh barr cíosa re Cormac nachar díoladh ris na
ríoghaibh táinic roimhe. Mur ráinic an sgél sin Cormac cuiris
cruinniughadh ar shluagh líonmhar agus triallas leo, agus ní dhearna coimh-
naidhe go ráinic Druim Dámhghoire san Mhuimhain, áit dá ngoirthar
Cnoc Luinge a-niodh. Agus suidhis a bhforbhais nó a bhfoslongphort
ann, agus tig Fiacha Mulleathan rígh Mumhan don leith oile ucht re
hucht do. As amhlaidh do bhí Cormac an tráth sin agus draoithe ó Albain
ina fhochair ann sin agus iad ag imirt draoidheachta ar rígh Mumhan
ionnas go rabhadar daoine agus airnéis a nguais d'easbhaidh uisge, ionnas
gor bh'éigion do rígh Mumhan fios do chur a ndáil Mogha Ruith .i.
draoi do bhí i cCiarraidhe Luachra; agus mur tháinig Mogha Ruith dob
éigion do rígh Mumhan dhá thríocha céd Fear Moighe, dá ngoirthar
Críoch Fhear Moidhe agus Críoch Chundúnach, do thabhairt dó. Agus
leis sin sgaoilis Mogh Ruith an glas do bhí ar an uisge agá chongbháil
ó shluagh Rígh Mumhan maille re ga geinntlidhe do bhí aige do
theilgion san aéer suas, agus an áit inar thoirling an ga do ling tobar
fíoruisge as gur fóireadh fir Mhumhan ón éigion tarta ina rabhadar.
Agus leis sin lingis Rígh Mumhan gona shluagh ar Chormac gona
mhuintir gur ruagadar 11 as an Mumhain iad gan cath do thabhairt
nó creach do dhéanamh dóibh. Agus do bhádar ag tóireadhacht orra
go hOsraighe gur bho héigion do Chormac cuir agus teannta do thabhairt
uaidh re bráighde do chur ó Theamhraigh go Ráith Noei, ré ráidhtear
Cnoc Rathfonn, go Fiacha Mulleathan a ngioll ré cúitiughadh do
thabhairt ann gach dochar dá ndearna don Mhumhain san turas sin.
Gonadh dá aisnéis sin atá an rann:




"Fiacha Mulleathan, maith an ríg,
a hiath aidhbhle leath ro bhaoi,
tugadh géill a Teamhraigh tréin
go Rathfoinn réil go Ráith Naoi".


L. 132



81 A-táid trí hadhbhair as nach cóir meas fírinne do bheith ar an
fhoisgél beg fábhoill sin. An cédadhbhar, nach raibhi rígh ar Éirinn
riamh ria ccreidiomh dob egnaighe eólaighe iná Cormac agus dob fhearr
ceart agus smacht iná é; agus do bhí ro-fhírénta ionnas gur thaisbéin Dia
soillsi an chreidimh dhó as a fhírinne agus as a eólas do réir mur a-deir
an Doctúir féin agus mórán do sheinleabhraibh Éireann. Uime sin as
dochreidthe go ccuirfeadh roimhe ainchion nó cíos do chur ar a
bhráthair féin, Fiacha Mulleathan rígh Mumhan, nár chuir aoin rígh
roimhe ar chomhairle feadhmantaigh nó duine eile ainbhfiosaigh.
An dara hadhbhar, as iongantach liom go ccuirfeadh draoithe nó
diabhaldánacht ar bioth dúile Dé ar a ccomhairle féin le hoibriughadh
do dhénamh acht do thoil Dé féin. An treas adhbhar, dá mbeith
Fiacha comhneartmhar agus a-deir an sgél-sa as iongnadh nach beanfadh
an ríghe do Chormac nó roinn innte, amhail a-dubhairt Lughaigh
Ó Cléirigh ag tagra re Tadhg mac Dáire ar an ccúis chéadhna:




Créd tug d'Fhiacha gan ríghe
do bhuain de nó roinn tíre
dá mbeith Cormac a láimhleis
iar maidhm fair mur do mhaoidhis?



Brég do Mhogh Ruith do-fheadar
do chur san sgél sa ar Pheadar
go ndubhairt leis, ní rádh ceart,
"méaraidh choidhche do dhraoidheacht".



Sgél fuar ar a bhfionntar brég,
ní cóir a chreidiomh go hég,
's gan congnamh aoinleabhair lais,
as mur sin a-tá t'fhoirbhais. etc.




82 Cuiridh síos gurab é sinnsior Síol Súiliobháin tug a aonshúil
don draoi. Mur so aithrisios sin:



"As a n-aimsir Dhiarmada mic Cearbhoill do bheith a bhflaithios
Éireann táinic file Albanach dárbh ainm Labhán draoi a hÉirinn,
agus do-chualaidh iomrádh ar eineach Eochaidh aonshúla sinnsior Síol
Súiliobhán, agus triallas dá fhios don Mhumhain; agus mur ráinic
Eochaidh 12 iarras a shúil air, agus do fhaomh Eochaidh sin dó.
Agus tarla Ruadhán Lothra an tan sin a bhfarradh Eochaidh, agus
an tan do-chualaidh an ithche ainndlightheach iarras ar Dhia súil
Labháin do dhol i cceann Eochaidh agus an feidhm do-níodh do
Labhán do dhénomh dhó. Agus ann sin tug Eochaidh a shúil do
Labhán téid súil Labháin i cceann


L. 133


Eochaidh gur lean de sin Súil Liabhán, .i. súil Labháin, de féin
agus dá shíol ó shoin a leith".



83 As follas san leabhar dinnsheanchois agus i cCuairt Athairne,
gibé do léighfeadh iad, gurab é Eochaidh mac Luchta do chlannaibh
Deadhaidh do bhí 'na rígh Mhumhan tug a aonshúil do Athairne
áilghiosach, draoi nó file do bhí ag Conchobhar mac Fachtna Fáthaigh
rígh Uladh. Agus as uime do iarr í a ndíoghoil Ceirce Boirche
rugsat éigis cóigidh Mumhan ó Chonchobhar, .i. Feircheirtne, file
Con Raoi mic Dáire. Agus do bhí cúig céd go leith agus corra
bliadhain eidir aimsir Chonchobhair agus Con Raoi mic Dáire agus
aimsir Dhiarmada mic Fhearghosa Ceirbheóil agá n-abair seision
an sinnsior sa Shíol Súilliobhán do bheith a ccomhaimsir fris.



84 A-deir gur le Diarmada mac Fearghosa Ceirbheóil dá ngoirthear
Diarmoid mac Cearbhoill, do cuireadh Cath Cairnn Chonaill ar
Ghuaire mac Colmáin. Agus as amhlaidh do bhí sin: do bhí énrígh
dég ar Éirinn ó bhás Diarmada mic Cearbhoill gur ghabh Diarmaid
Ruanaidh mac Aodha Sláine, lé ttugadh Cath Carinn Chonaill,
ríoghacht Éireann, amhail as follas san Leabhar Gabhála agus san
Leabhar Iris agus a stair an chatha féin inn gach áit ina bhfuilid
go glan, agus amhail a-deir file áiridhe san rann sa:




Diarmaid Ruanaidh ro-chlothach
ba hairdrígh ar Éirinn ollbháin,
'na aimsir ós Connachtaibh
ba rígh Guaire mac Colmáin.




85 A-deir gur le linn Tuathail Mhaolghairbh do bhí a
bhflaithios Éreann roimh Dhiarmaid mac Cearbhoill do ghabh
Guaire Aidhne mac Colmáin ríoghacht Chonnacht a ndiaidh bháis
Eóghain Bél. Ag so mur a-deir ag labhairt ar Cheallach mac
Eóghain Bél agus ar Ghuaire (agus a-tá a fhios agom gurab é as
ughdar dó leis sin sgél beg brégach dá ngoirthar "Oidhidh Ceallaigh
mhic Eóghain Bél"):



"Do ghabh Guaire mac Colmáin ceannas Connacht a ndiaidh
Eóghain Bél, agus tarla an tráth sin an mac fá sine ag Eóghan Bél
'na dhalta ag Ciarán ar tí a bheith 'na 13 mhanach. Ceallach
fá hainm dó. Agus brégthar le cairdlibh Eóghain a coimhthionól
Chiaráin é re ceannas feadhna do dhéanomh orra féin a n-aghaidh
Guaire. Gidheadh ar ttoidheacht amach tug Ciarán a mhallacht dó
agus iarras ar Dhia bás foiréigneach dá bhreith. Ar mbeith iomorro
sealad mur sin do Cheallach do thuig gurab olc do-rinne míréir
Chiaráin do dhéanomh, agus téid d'fhios an naoimh Ciaráin, agus
ciontoighis é féin dó agus gealais go n-anfadh ar a thoil feadh a
rée. Tug Ciarán beannocht dhó. Gidheadh


L. 134


a-dubhairt gurab bás foiréigneach do-bhéradh é. Fanois Ceallach san
ccoimhthinól ó shin amach go ndearnadh a ccion aimsire 'na dhiaidh
sin easbog dhe. Agus ar mbeith 'na easpog san tír dhó, do bhí ag
dénomh rannta agus carad do dhearbhráthair dob óige iná é féin a ndóigh
go roichfeadh leis ríoghacht Connacht do bhuain amach. Agus ar na
chlos sin do Ghuaire ollmhoighthar leis triúr do mhuintir
Cheallaigh féin gur marbhadh leó é; gonadh mur sin do fíoradh an tuar
do-rinne Ciarán dó, mur do thairngir gurab bás foiréigneach
do-ghébhadh Ceallach".



86 Ní fhuilim ag cur 'na aghaidh nach mur sin do fuair Ceallach
bás le daoinibh éigin oile, acht amháin nach raibhi cuid ag Guaire dhe,
óir nír geineadh san saoghal é re linn Tuathail Mhaoilghairbh do
bheith a bhflaithios Éireann, agá n-abrann seision gur re linn
an Tuathail sin do básaigheadh é; ar an adhbhar, do réir an Leabhair
Ghabhála, go raibhi dhá rígh dhég a bhflaithios Éireann diaidh a
ndiaidh ó Thuathal Maolgharbh go Diarmaid Ruanaidh mac Aodha
Sláine do ba rígh Éireann re linn Guaire; agus fós go raibhe ocht
rígh ar Connacht ó Eóghan Bél fá hathair do Cheallach go
Guaire Aidhne. Ag so bliadhna báis an tríar sin, .i. Tuathal,
Diarmaid, agus Guaire, agus bliadhain bháis Eoghain Bél,
athair Cheallaigh:



Eóghan Bél do marbhadh i cCath Slighigh le Fearghas agus le
Domhnall - Tuathal Maolgharbh do marbhadh an bhliaghain-si - 538
Diarmoid mac Cearbhoill do marbhadh an bhliadhain-si - 558
Guaire Aidhne d'ég an bhliadhain si - 663.



87 Ag so mur a-deir Leabhar an Doctúra ag labhairt ar Fheidh-
limidh mac Criomhthionn:



"Tug an Feidhlimidh sin," ar sé, "meadharchuairt Leithe Cuinn agus
Laighion, agus do íoc riu an cíos do dhlighiodar d'fhagháil ó
ríoghraidh Chaisil 14 agus an biatachas do bhí d'fhiachaibh
orra-san do thabhairt dó-san dá chionn agus an éirghe amach
do bhí aige orra amhail chuirios Beinén naomhtha mac Seisgnéin
príomhfháidh Éireann síos a Leabhar na cCeart san duain darab
tosach "Dlighiodh gach rígh ó rígh Caisil, etc.." Ag so imorro
cíos agus tuarasdal na ríogh sin ó rígh Caisil agus a chuairt agus
a aimsir biata orra-san dá chionn, .i. céd cloidheamh céd cornn,
céd each, agus céd brat uadha do rígh Cruachain, agus biathadh dhá
ráithe ó rígh Cruachain do rígh Caisil agus a dhol leis goa
Tír Conaill; agus biathadh míosa ó rígh Ceinél cConaill dhó agus
a dhol leis a tTír


L. 135


Eóghain; caoga corn agus caoga cloidheamh do rígh Oiligh, agus
biathadh míosa ó rígh Oiligh agus a dhol leis go Tulaigh Óg;
tríocha cornn agus tríocha cloidheamh do fhlaith Tulach Óg, agus
biathadh dhá thráth dég uaidh do rígh Mhumhan agus a dhol leis a
nOirghialla; ocht lúireacha, dá fhithchit ionar, agus trí fithchit
each do rígh Oirghiall, agus a bhiathadh mí i nEamhain agus a
dhol re rígh Mumhain a nUlltoibh ar Clanna Rudh-raighe; céd
cornn, céd matal, céd cloidhimh, céd each, agus deich longa do
rígh Uladh, agus biathadh dá mhíos ó Chlanna Rudhraighe dhó-
san agus dol dá choimhidheacht go Teamhraigh; tríocha lúireach,
tríocha fail, céd each, agus tríocha fithchioll do rígh Teamhrach,
agus biathadh míosa i tTeamhraigh do rígh Mhumhan, agus ceithre
fine na Teamhrach do dhol leis go hÁth Cliath; deich mná agus
deich longa agus deich n-eich do rígh Átha Cliath, agus biathadh
míosa ó rígh Átha Cliath dhó, agus a dhol leis a Laighnibh;
tríocha bó, tríocha long, tríocha each, agus tríocha cumhal nó cailín
do rígh Laighean, agus biathadh dá mhíosa a Laighnibh, .i. mí a
n-uachtar Laighion agus mí a n-íochtar Laighion; tríocha each
agus tríocha lúireach agus tríocha cloidhimh do fhlaith íochtar
Laighion ó rígh Caisil. Meas, a léighthóir, nach meisi as ughdar
ris an nídh si acht an naomh Binén a Leabhar na cCeart".



88 Measoim féin nach é, agus nach é Páttraig, ná Beinén, ná
sean-chaidh ar bioth dár chóir meas seanchaidh do thabhairt dhó,
do chum é, agus gibé sruthaire ar lorg ealadhan nó dothuata do chum
é ar tús agus do chuir i seilbh Beinéin é, ionnas gomadh móide do
creidfidhe gach nídh dár chuir ina dhuain bhréige uaidh, agus do ba
mór an mímheas do dhuine naomhtha nó riaghalta a leithéid do nídh
écceart éccosmhail do chur 15 'na leith iná gan a chur; agus más
Leabhar na cCeart ghoiris an Doctúir don leabhar ina bhfuair é,
as dísle Leabhar na nÉcceart do ghairm de iná Leabhar na cCeart.
Agus dá dhearbhadh é, faicim cia hé an rígh do bhí i cCaisil riamh
ria bPáttraig nó iar bPáttraig tug an mheadharchuairt a-deir le
neart nó lér díoladh an connmheadh nó an chóisridheacht a-deir, nó
tug uaidh gach tuarasdal dá luaidhionn d'uaislibh Éireann, nó do
umhlaigh d'aoinrígh dá raibhi i cCaisil riamh, acht amháin Brian
Bóromha an dá bhliadhain dég áirmhighthar dó. Agus dá ndéantaoi
gérchonntas leis nár umhlaighadar Uí Néill an Tuaisgirt, .i. Ceinél
cConaill agus Eóghain, leath na haimsire sin féin dó, agus ní
scríobhthar ar Bhrian féin go ttug a shamhail súd do chuairt
timchill Éireann, dá dhearbhadh nach raibhe an ceart úd ag rígh
Mhumhan nó Caisil ar Éirinn. Agus fós go háiridhe má do
thionnsgoin Feidhlimidh mac Criomhthoinn meadharchuairt na
hÉireann do thabhairt, as goirid táinig tar tóroinn na Mumhan fá
leithimiol na Midhe agus go Cluain Mhic Nóis gur creachadh cuid
don Mhidhe agus Cluain Mhic Nóis leis, agus go ro eascaoin
Cédadhach Comhorba Ciaráin é am chrodh


L. 136


a chille go ro iarr ar Dhia gan neart Feidhlimidh do dhol ó
Chluain soir go bráth. Agus do fhill Feidhlimidh tar a ais don
Mhumhain, agus nír bho duine deaghshlán nó cianshaoghlach ó shin
amach é go bhfuair bás amhail léighthar san Leabhar Oiris mur
a-dubhairt ughdar áiridhe:




Do gheall Cledadhach nach biadh
neart Fhéilim ó Chluain a-niar,
nach maith an fhiadhnoisi so
le duain Giolla Mo-Dhudo.




89 Ag so mur a-deir a cCath Cluana Tarbh ag labhairt ar Mhaoil-
sheachlainn:



"Féach, a léightheóir, bíodh gurab ar shluagh Bhriain do bhí
Maolsheachloinn agus Fir Mhidhe ag teacht go láthair an chatha,
máseadh do bhí do cheilg eidir é féin agus Lochlonnaigh nach ttáinig
san ordughadh i measg sluaigh Bhriain acht as eadh do-rinne é féin
agus a shluagh d'fhanmhoin do leataoibh an chatha amhail ro 16
ordaighsat Lochlannaigh dó."



90 As mó as inchreidthe na leabhair oiris agus annála do scríobhadh
leis an aois ealadhna diaidh a ndiaidh agus do bhí a n-orlamhos agus
a ccoimhéd ag an eaglais ionnas nach ccuirfidhe brég ionnta iná stair
Chatha Cluana Tarbh ó aonughdar amháin dá fheabhas gan breath-
nughadh nó breathamhnas an aois ealadhna nó na seanchaidh go
coitchionn do bheith air; óir as amhlaidh a-deir an Leabhar Gabhála
agus na leabhair airis gurab é Maolsheachloinn gona mhuintir do
cothaigh an cath tar éis marbhtha Briain agus Murchaidh agus
uaisleadh Dál cCais d'urmhór gur bhrissiot ar Lochlannaibh agus
ar Laighnibh go raibhe marbhadh agus mudhughadh aca orra ó Chluain
Tarbh go hÁth Cliath. Measoim fós nach raibhi cairdeas nó
caradradh nó síothcháin eidir Mhaoilsheachloinn agus Lochlonnaibh
acht uiread le Brian, amhail as follas is na cathaibh do chuir orra.
As cosmhail fós muna bheith fonn air cuidiughadh le Brian agus leis
an ríoghacht, nach rachadh ann acht uiread le Ceinél cConaill nó
Eóghain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services