Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothrach Bocht an Domhan-so

Title
Saothrach Bocht an Domhan-so
Compiler/Editor
Mac Niocaill, Gearóid
Composition Date
1619
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1958-1961)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Saothrach bocht in domhan-so,
baoghlach fa dheoigh a dheireadh;
tú féin fear mo chobharrtha,
fóir orom, a rí neimhe.



'Íosa ionmhain thairisi
do chum, do cheannaigh misi,
cidh adhbhol mét m'ainnisi
m'fhurtacht is féidir libhsi.



Feadh mo ré sa tsaoghal-so
sirim ort, a mhic Mhuire,
cuit cháis, déirce is daonnachta:
múin, a Dhé, mé mur dhuine.



Ola, ongadh is aithrighe
a tigh fhairsing bhias biadhmhur,
m'ég is mur sin aithnimsi
air an airdrígh ngeal ngrianmhur;



aimsear shéimhidh shoinennta
lán do shíocháin, do shonus,
lá ciúin glégeal loinnearrdha
gan díth soillsi ná solais.



Tabhair, a Mhic ro-uasail,
a rígh do chum in chruinne -
d'fhear do ghrás ní hanualach -
gach ní dh'iarras ort uile.



In breithemh nach leathtromach,
lán d'aithne agus d'eolas,
in Trínóit tré-phersannach,
mé dá silleadh go seola.



Aingil uaisle flaitheamhnais
is Muire cona hógha,
sirit damhsa maitheamhnas
air aon nDia athair mór-so.


L. 254



Mise Aodhagán do chum agus do sgríobh na hocht rainn
bheaca sin, agus is olc in dubh. Caoicís ó aniu lá fhéil
Brighde. A Coill Mhuighe Rúsgach damh, agus atá Róis
inghen Í Mhadaoin dá cur a talamh aniu agus tabhair
beannacht air a hanam agus air m'anamsa féin, a
léghthóir. 1619

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services