Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Penitential Psalms in irish Verse

Title
The Penitential Psalms in irish Verse
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1956-1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Céad Shalm



A Rífhlaith ná hagair mé
's ná himir orm fraoch t'fherge,
dén go mín ré biobhaidh laig,
's ná bagair oram romhairg.



Dén trócaire orm a n-am
ó tám am othar anbhfann,
slánaigh mé ó táim go tinn
gan neart a ccnáimh ná a ccuislinn.


L. 47


Do chriothnaigh mh'anam go lér,
a Dhia, ó righnios h'aimhréir,
acht, a Thighearna, ca choin
fhóirfir orom óm imghoin.



Fill orm, a Dheaghrún, do sheirc,
tárthaigh mh'anam ó dhrochbheirt,
tréd thrócaire slánaigh mé
ó mhórmhilleadh chneadh gcroidhe.



Óir a mbás tá dearmad ort
ag lucht dionganta mórolc,
's a n-ifearn chíordhubh na bpian
cia aidmheós do cheart airdrígh?



Tá m'osna do dhruim deacra
ag síoriarraidh furtachta,
tá mo dheór gach oidhche ar fad
go mbrón ag tuar mo leapach.



Cuthach do mhearaidh mo rosg
as claochlódh chélle mh'amharc,
uch mo-nuar gar arsaidh mé
go muar eidir mo náimhde.



Fillidhe uaim go teann te
gan neach d'anmhain am aice,
a lucht réabtha an reachta ríogh
le ngléastar neart na míghníomh.


L. 48


Óir do-chuala an Rígh mo ghul
's as binn le a chluais a fhoghur,
do fhill uaim fraoch a ghnúisi
's d'fhéach oram tré mhíchúisi.



Do-chuaidh mh'ortha a láthair Dhé
's dofuair éideacht go ro-ré, ro-réidh, nóta lch.68
's gach ar shirios dom rochtain
fuaras ós tuar beannachtain.



Uathbhás orrtha as náire bíodh,
mo bhiobhaidh do char míghníomh,
filltear uaim lán do náire
go luath an drong mhínáire.



An Dara Salm .i. Beati quorum



Beannaighthe an lucht ó a lochta
fuar fuasgladh is fothraga,
's as beannaighthe arís an dream
fuair folach a ndrochchéimeann.



Beannaighthe an tí nár agair
Rígh nimhe 'na pheacadhaibh,
's nach bhfuil meabhuil 'na chroidhe
acht foghar na haithrighe.



Ar an adhbhar gur éisd mé
do chríon mo chnámha re sine,
as mé gach lá go brónach
ag gártha 's a comharca.


L. 49


Gach énló 's gach oidhche ar fad
is mé a lár mo námhad,
as trom leam neart do láimhe
trem uabhar muar mínáire.



Ann mo bhrón do filleadh mé
óm bhaois s ó shaobh céille,
an tan do gonadh mo chlí
re dealg docrach an Airdrígh.



Dhuit-si féin nochtas mo locht
ort gé nach raibh a bhfoloch,
mh'aindligheadh ort nír cheil mé
le foladhibh bhrat mbrége.



Adubhras “aidmheód m'éigceart
am aghaidh go haithmhéileach
dhuit-si, a Airdrígh na cruinne,”
's do mhaithis a ndearnuim-ne.



Chugad-sa tar a cheann so
re horáid bheóil is ochta
naoimh an bheatha triallfaid sin
'na aimsir fén as maighdin.



Gidh eadh a n-aimsir na díle
's na n-uisgeadh mór muiridhe
ní lamhthaid air déanadh ann
nó dul 'na ghar sa ccomhlann.


L. 50


Ó threabhlaid as tú mo dhíon
do thimchil mé sa ghairbshíon,
lúthgháir mo chroidhe tú sin,
scrios a bhfuil ar mo thí-si.



Tuigsi dhuit do-bhéara mé
as iúl fíor ann do shlighe,
dhíot ní thóicfead mo shúile
do sheachnadh na neamhchuimhne.



Mar each buile ná bíodh sibh,
ná bíodh fós mar stal ghraidhi,
ó táid siad gan iúl gcélle
ag rioth ré toil n-ainmhéin.



Aghastar re a ngiallaibh cuir
as gallshrian trén dá gcreapuilt
don lucht sa chlaonas ód reacht
's nach druideann leat a ccuideacht.



Líonmhar sciúrsa na bpeacadh
staonas ó iúl deaghratha,
trócaire Dé mur ré lán
um fhior an dóchuis iomláin.



Lúthgháire 'gus meanma bíodh
oruibh a hucht an Airdríogh,
an méid leanas an t-iúl ceart
as glóir a n-am na guaisbhreath.


L. 51


An Treas Salm .i. Domine ne in etc.



Ad chuthach ná smachtaidh mé
ná ad t'fherg, a Rífhlaith nimhe,
biodhbhuidh thréth ní cusbóir dhuit,
a Scriosdóir na n-olc n-ordhairc.



Óir do shoighde am chlí dá ghuin
atáid sáite go docuir,
doluidh orm neart do láimhe
dom threasgairt go ro-láidir.



Níl sláinte am chorp ód ghnúis dte,
níl síth ag cnámha an chuirp-se
ó ghnúis mo pheacadh go ngráin
do chuir ar mh'aigneadh orghráin.



Dochuaisiod os ceann mo chinn
líon mo pheacadh go hinnill,
mar ualach mhic leisce trom
do throm a n-ualach orom.



Do lodh mo chneathach go lér
's do thruailleadh siad go ro-bhrén,
óm dhíth célle atáid sin
go lér tar éis mo mhillti.



'Mo thruaidh go deireadh tá mé
's go crum fós go herr mh'aoise,
ó thús laoi go fuineadh nóin
tá mo chroidhe fa aonbhróin.


L. 52


Mo chaoldruim 's mo chalann chuil
lán do bhriongaracht macnuis,
fada óm choluin-si bheith slán
ó bhfuil oram do sheachrán.



Do buaidhreadh misi ré cian
's do humhlaidhadh rem ainmhian,
dorighnios gnuasacht go nuaill
re sprocht croidhe is re hanmhuain.



Ad láthair, a Rígh na rann,
mo mhianta uile gá bhfuigheall,
m'osnadh mór nír folchadh ort
ná mo sprocht go fóill ar h'amhorc.



D buaidhreadh mh'anam go lér,
d'imidh mo bhrígh óm dhrochmhén,
do chlaochlaidh deallra mo rusg,
's ní bhfuil agam re hathuidh.



Chuaidh am aghaidh mo lucht gráidh,
mo lucht cumainn is comhráidh,
do-níd oram go teann te
an dream agam ba dísle.



'S an chuid dham bu goire dhíbh
's a bhfad uaim-si do sheasdís,
's an lucht bhaoi ar tí mh'anma
foirneart oram d'imreadar.


L. 53


An mhéid dhamh bhí tuar na n-olc
dímhaoineas do ghnáth labhroid,
meabhuil fós 'na ccroidhibh cuil
ó mhaidin go nóin smúainid.



Misi mar bhobhrán ní chual
ní dá ndubhairt an drochshluagh,
's mar bhalbhán gan teangaidh bhras
focal riu-san nír chanas.



Táim fós mar fhear gan éisteacht
nach ccluin fuaim nó mórbhéiceach,
's mar neach gan teangaidh 'na bhél
le tagradh na n-olc n-abhél.



Do bhrígh gurab tú mo dhóigh,
a Rígh as Aon 's as Trínnóid,
béarair dhamh éisdeacht, a Dhia,
a-nos ó táim a n-imchian.



Óir adubhras “tar eagla
go mbedhdís dom dhísbeaga
mo bhiobhaidh nár chlaon ó ghó
is iad fam chlaoi fá lántsógh;



dá tteagmhadh dhamh mo chossa
do sgiorra ó a mbrosdadh-sa,
labhradar oram go mór
's do chuir oram cair anmhór.”


L. 54


Óir atáim deónach rém thoil
chum na sciúrsadh taoi fam chomhoir,
ar mh'aghaidh do ghnáth bí an brón
gach slighe a mbím ag iompódh.



Óir aithreósad mo lochta
do shúil re ham fuascolta,
biaidh mo smuaineadh go gér glan
go ndér os ceann mo pheacadh.



Gidheadh toi beó mo náimhde
's do neartuigh orm mh'eascáirde,
's do líonadar orm go dían
mo lucht fuatha tré ainmhian.



An lucht íocas maith re holc
do-rinn mo chlú-sa d'fhuadoch,
mar do leanas reacht an ríogh
's mo thoil a dul re deghníomh.



Ná tréig mé, a Rígh na rann,
's ná fágbhuidh mé a n-achrann,
a Dhia, mo shláinte 's mo thriath,
fóir oram ón ainmhian.



An Ceathramhadh Salm .i. Miserere



Dén trócaire orm, a Dhia,
a Shlat Órdha, a Mhic Maria,
do réir tuile do ghrása
tárthaidh mé óm mhíghrása.


L. 55


Amhail as líonmhar do mhaith
's do mhórthrócaire, a Rífhlaith,
tóig dhíom, a Dhia, mo lochta
's gach gníomh as tuar mallachta.



Nigh a-rísd 's a-rísd eile
urchóid chneadh ar ccroidhe-ne,
's ó gach peacadh glan go lér
mh'anam bocht-sa na mórchréacht.



Aithnidh damh féin mo lochta,
móide mh'iarraidh furtachta,
ionnam do ghnáth guin a ccolg,
uch, nach iad fead ar fuarlorg.



Dhuit a-mháin do pheacaidh mé,
ar mh'olcaibh ataoi 't fhinné,
go bhfaicthear ceart do ghlór bhfíor
's go mbuaidhtear leat breith airdríogh.



Féachtar leat mar gineadh inn
a líon peacadh go hinnill
's gur ghabh mo mháthair mé ón fhior,
a lúib pheacadh na sinsior.



Féach fós mar as tocha libh
fírinne bheacht gan bhréagaibh,
d'fhosglais dhamh diamhra do rúin
as ruinn h'eagna d'fhior mhírúin.


L. 56


Craithfir oram ísóip ghlas
is glanfair mé óm dhomblas,
nithfir-se mé go geal glan
's bu gile mé ná an sneachta.



Lúthgháir dom éisteacht béarair
is sódh, a Uain d'eisérigh,
is lingfid lé sógh iar sin
cnámha uirísle ó phiastaibh.



Fill óm pheacadh do ghnúis te,
fill om chionta fraoch t'fherge,
folmhaidh go lér mo lochta
sul tígh am na guasachta.



Cruthaidh croidhe glan am chlí,
a Íosa, a Mhic an Airdrígh,
athnuadhaigh am chliabh, a Dhia,
spioraid díreach ar énrian.



Ná díbeir ód láthair mé,
a Bhreitheamh fhírcheart fhírré,
's do sbiorad naomhtha ón glan cliabh
ná beir uaim-si trém ainmhían.



Aisig dhamh, a Dhé nimhe,
do shláinte go suilbhire,
's réd spriorad príomhláidir docht
foirneartaigh mé go neamhlocht.


L. 57


Múinfiod do lucht an éigceirt
fíor do róid go n-eiséirigh,
is fillfid ort go rún bhfíor
an dream nár stad ó mhíghníomh.



Óna folaibh tárrthaidh sinn,
a Luibh Leighis mo mhíghrinn,
a Dhia, 's a Dhia mo shláinte,
's mórfad do cheirt neamhthráighthe.



Oscuil, a Mhórfhlaith, mo chab,
's canfaidh mo bhéal do mhórdhacht,
tá h'ainm ionmholta gan ghó
ó éirghios grian go h-iompódh.



Dá madh toil leat iodhbuirt uaim
do-bhéaruinn duit gan míghruaim,
holocausta ní háil leat
acht croidhe brónach cráibhtheach.



Spiorad umhal fá neart ghleóidh
iodhbuirt iodhan don Trínnóid,
dimeas ar chroidhe gan bháois
is lán d'orchra ní tugaois.



Dén go maordha réd thoil mhaith
ré lucht Sióin, a Mhórfhlaith,
go dtóicthear na múir neamhdha
Ierusalem, a Thighearna.


L. 58


Fan amsoin gébha tusa
iodhbuirt cheart go hurusa,
holocausta 'gus offráil,
's na ba dhuit dá síoroffráil.



An Cúigeadh Salm .i. Domine exaudi etc.



Éist mh'oráit, a Thriath na Ríogh,
is tiagh dhot láthair mh'imshníomh,
féach ar ghearán mo thuirsi,
fóir seachrán m'olc n-anchuimsi.



Ná fill uaim h'aghaidh gheal,
a Mhic dár mháthair maighdean,
gach ló a mbruid a mbia mé
éist-si go prab mo thuirse.



Gach ló ort-sa ghoirfios mé,
ná dén faillidhe am ghuidhe,
dot láthair mo ghuth dá ndeach,
gabh chugad é gan fhuireach.



Chlaochlóidh mar dheataigh gan bhrígh
mh'aimsir uile go neimhní,
mo chnámha críon atáid soin
mar ghual gríse le lasoir.



Do buaileadh mé mar fhéar mboth
chríonas le láimh sul mbeantor,
's do thiormaigh mo chroidhe am chliabh
ó bheith dhamh-sa gan neartbhia.


L. 59


Ó dhearmad dhamh-sa do chur
am arán blasda bríoghmhur,
gan a thomhailt leam le seal,
do fhágbhaidh mé go meirtneach.



Ó ghuth mh'osna is mh'orchra cléibh
mo chnáimh dom chroicionn taséin,
ceangailte 'gan fheóil ghlan
bheith eatarra ag eadrasgan.



Le pellicán an uaignis
cosmhuil mé ó chommbuaidhri,
is le préachán na hoidhche
a seanteach ag éagcaoine.



Ag airnéan san oidhche dhuibh
bo gnáth misi go maidin,
mar ghealbhunn uaigneach sa teach
uaidh ór imghidh a chaoimhtheach.



Ma cian lá oram ag cur
mo bhiodhbhuidh bíd tré dhúthrucht,
's gach neach dobhíodh dom mholadh
am aghaidh 'seadh thángadar.



Bhínn ag ithe na luatha
mar arán 's mé commbuartha,
's mé ag cumasg mo dhighe
le déaraibh na haithrighe.



Ó ghnúis t'fherge mhearaidh mé
's ód dhíogán cheirt rém bhaois-se
óir dom thógbháil threasgrais mé
ó mhórdháil mhóir go hísle.


L. 60


Mo laethe gan bhrígh do chlaon
mar scáile le hucht gciothbraon,
do thiormaidh mé uile mar fhéar
a n-am earraidh ón aidhér.



Gidheadh thusa, a Rígh na ndúl,
go síor mairfir gan chlaochlúdh,
's do chuimhni ann gach aois dá ttig
fa mhuirn go síor mairfidh.



Gidheadh thrá ag éirghe dhuit
dhéanair trócaire oirdhuirc
ar lucht Sióin ós é a am
's gur mithidh iad d'anaclann.



Ann a clocha dofuair dúil
an lucht dhuit-si is aois deaghrúin,
ar an talamh as sealbh dhí
trócaire air-sion do-dhéanaidh.



Biaidh faitighas fíor roimh h'ainm
ar chiniochaibh an domhnain,
's ar ríghthibh rachtmhara rann
réd ghlóir, a Thriath 'gan anbhfann.



Óir do thóg Sióin an Rígh
's dochífear 'na ghlóir áirdrígh
'na shuidhe ríogh mar bhias sé
ós ainglibh airdrígh nimhe.


L. 61


Ar ghuth na n-umhal d'fhéach Dia
's ar a nguidhe Mac Maria,
mímheas ar a nglór ní thug
Airdrígh na n-ógh 's na n-easbul.



Scríobhthar iad so go ceart beacht
san líne atá gan toigheacht,
's a puball nach rugadh fós
molfadh an Triath go n-ardghlór.



Óir do fhéach ó aird nimhe
Airdrígh na n-ord n-ainglidhe,
d'fhéach ó neamh ar talmhuin truim
Fear Fóirighin gach leattruim.



d'éisdeacht re geará na mbocht
tá fa chuibhreach go docroch,
's do scaoileadh gébhann na cclann
do chaill a sinnsior anbhfann.



Dochum h'anma-sa d'aithris
a Sión a ríghfhlaithis
's a nIerusalem do bhladh
re díograis gráidh do mhóradh.



Ag tiacht do phuibleacha a n-aon
mur thoil énfhir d'éntaobh
's na ríghthe do Thriath na ríogh
ag umhlughadh go mórghníomh.


L. 62


Do fhreagair é do ghlór chaomh
a slighe an cheirt an macaomh:
uibhir aithghearr mo lá-sa
foillsigh dhamh tréd mhórghrása.



Ná goir oram-sa ar mh'ais
a lár mo ló, Airdrígh Párthais,
ó gheiniolach do bhliadhna
go geiniolach n-imchiana.



Fúiniméd an talmhan truim
do chur tú go róchomhthrum
ó thús, agus gníomh do dhód
na spéiridhe thuas impós.



Imeochaidh uile go lér
iad-sin 'gus beir-si iar-séin,
áirseóchaidh uile mar ní
an t-éadach théid a n-imbrígh.



Mar bhrat uachtair aisdreóir iad,
aisdreóir iad-san ar énrian,
gidheadh gan chlaochlódh biadh tú
mar thú féin gan athrugha.



Bliadhain leat ní racha ar gcúl,
a Rígh nimhe na mórchlú,
ós gan tús gan deireadh dhuit,
a Fhir as Aon 's as Trínuid.



Clann do sheirbhíseacha féin
déanaidh comhnaidhe iad-séin,
's gach síol uatha do geinfar
stiúrfar tre iúl mbeannachtan.


L. 63


An Seiseadh Salm .i. De profundis



Ó áitibh doimhni bhéic mé
chugad, a Ríghfhlaith nimhe,
éist mo ghuth, a Rígh na rann,
anos ó tám a n-achrann.



Bíodh do chluasa go haireach
ag éisdeacht rem agallmha
tuirse ná dén lem ghuidhe,
a Thriath na sé sochuidhe.



Má chuirir gach peacadh a suim,
a Dhia, nó a miodh comhthruim,
cia lér féidir seasadh leat,
a Rígh nimhe na móirfheart.



Óir ad t'fhochair tá go buan
trócaire agus síth anmhuar
d'iomchras go bhfoighide leat
tríd dhlighe, a Rígh ro-cheart.



d'iomchuir le fíorghlor a bhél
mh'anam-sa na n-olc n-abhél,
do chuir m'anam uile a dhóigh
ad mhaith, a Thriath as Trínóid.



Ó choimhéd maidne go moch
go dul don ghrén do chodladh
do chuir Israel a dhóigh
a Ríghfhlaith nimhe gan anmhóin.


L. 64


Ór maille ris an Rígh mhór
tá an trócaire ro-mhór,
's as líonmhar 'na fhochair atá
fuasgladh daoine tré ro-ghrádh.



Saorfadh sé Israel go lér
ó uile chair is ainmhén,
mar sin go saoradh inn uile
Príomhthobar na trócuire.



An Seachtmhadh Salm, .i. Domine exaudi etc.



A Thighearna, éist rém ghuidhe,
gabh ad chluasa mh'urnuighthe
ad t'fhírinne ar nach ttéid claoi,
beir breith ad cheart lem égcaoin.



Ad bhreitheamh ná suidh go gann
léd mhodh féin ataoi anbhfann,
óir ad láthair ní ba ceart
gach neach dar ghin ór sinnsear.



Óir ag foleanmhain orom
tá mo bhiobhaidh mhíchothrom,
d'umhlaidh síos go talmhuin thruim
an t-anam taoi am chaluinn.



A n-áitibh dorcha do chuir mé
mar na linte fuair oighe;
a n-achrann mo spiorad taoi
's mo chroidhe am chliabh ag éagaoin.


L. 65


Ar na seanlaithibh anunn
ní bhínn gan chuimhne agam,
smaoininn h'oibreacha go lér,
a Ríghfhlaith ataoi rothrén.



'S a n-oibreacha do lámh go neart
dobhínn ag caidriobh fá seach,
ba bhinn lém chroidhe a nglór sin
's gach ní ón tí ó dtigid.



Do shínios chúd mo lámha
re brón 's re rófíorghrádha,
m'anam dhuit-si críon do chlaon
mar úir ar nár luidh ciothbhraon.



Déana dithnios dom éisdeacht,
a Thriath nimhe as sobhéasach,
do thréig mo bhrígh mé gan neart
's mo spiorad uaim-si ar n-imtheacht.



Ná fill uaim do ghnúis mhaordha,
a Rígh dhamh-sa as iontaobhtha,
d'eagla mo dhul síos a bpéin
mur an lucht do-ní h'aimhréir.



Cluintear leam-sa ar ló go moch
do thrócaire go naobhdhocht,
óir ionnad atá mo dhóigh,
a Mhic do shíol ó bhanóigh.



Foillsigh dhamh-sa do ghlór mhín
an tslighe a ndéanad tathígh,
óir as chúd do thógbhaidh sinn
m'anam meirtneach is m'intinn.


L. 66


Tárthuigh mé óm bhíobhaidh
ós ort shirios imdhídin,
múin damh mar dhéanas do riar
ós tú mo Dhia 's mo Nerttriath.



Do spiorad mhaith stiúrfaidh mé
a ród díreach na slighe
don talmhuin as fíorghlan smacht
a mbiad go síor gan ghuasacht.



Ar son h'anma sirim ort,
a Rígh nimhe go neamhlocht,
beodhaidh mé a cceart do ghrás,
a Fhir fhóirios gach cruaidhchás.



Ó threabhlaid mh'anam béarair,
a Uain ó bhás d'eiséirigh,
ad thrócaire sriosfair uaim
mo bhiodhbhaidh 's mo lucht míruain.



Is lucht buaidheartha m'anma
atá san olc rochalma
scriosfuir ós mé do sclábhha
's gur tú fós mo Thighearna.



Antiphon



Ná cuimhnigh, a Rígh, mo lochta
ná mórolc mo shinsear-sa,
's ná dighil fós a bpeacaidh
ód-chír méad ar nguaisbhearta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services