Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh Liam Í Raghallaigh

Title
Caoineadh Liam Í Raghallaigh
Compiler/Editor
Mac Mathúna, Ciarán
Composition Date
1840
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1956-1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TÉAXANNA LEASAITHE



X



A New Song called
Reilly an Chúil Bháin



Ar maidin Dé Luain dom is mé 'siúl cois na trá,
Cé casfaí insa tslí oram ach Reilly an chúil bháin.
Do bhí luisne 'na ghruanna is a ghruaig ag curláil
Sé mo mhilleadh agus mo bhuaireadh mar fuair sé siúd bás.


L. 40


An cuimhin leat-sa an lá úd go raibh an tsráid tráigh? seo
lán d'fhearaibh,
Dho shagairt agus dho bhráithre 's iad a' trácht thar ár n-ainm,
Ceól fiddle as cionn cláir ann 's a' chláirseach dá freagairt,
Agus dáreag mná mánla a' cur mo ghrá geal chun leapa?



dá mbeinn-se ar a dtriúr úd do chuaidh go Cill Coinne,
A' túnlacan Father Peter is é in aois a cheithre fichid!
Do bhí mo shúil go ceann mí leat agus, faríor, níor fhillis;
Is nach trua san bean 'na h-aonar 's a céile ar bárr tuinne!



An té dhin an bád so an dá láimh de go dtréigidh;
Ní hé an saor bocht do bhí ciontach ach an siúnta a bhí sa
déil seo.
Dá raghainn go Cionn tSáile a d'iarraidh an árthaigh do
gheóinn daor ann,
Mo ghrá ní bhfaighinn báite ar an dtráigh seo Chluain Éala.



Is maighdean agus is baintreach do dhin Dia dhíom i dtúis
m'óige; -
Is gan fhios agum bhuintir gur bádh mo dhian-stórach.
Dá mbeinn-se amuigh insan oíche agus mo líonta bheith
i gcóir;
Do bhéarfainn m'fhocal duit, a mhic Reilly, go leigheasfainn
do bhrón.



Mo thrua mhór do mháthair agus ní áirím fós t'athair,
Ná do bhanarthla bhreá mhánla do thál ort is tú id leanbh,
Ní áirím do bhean phósta nár luigh fós leat ar leabaidh
Go ndeaghais uaithi thar sáile is ná ráinig leat casadh.



Ní bheinn-se… uait bheith ad chliamhain ag an rí,
Nó cruitíní néata bheith ar leabaidh leat síos,
Bean uasal chiúin stuama a' réiteach mo chinn;
Is 'sé mo léan, a mhic Í Reilly, mar éagais lem linn!



B 1826ls 19T



Y



1
Maighdean a's baintreach rinne Dia go hóg díom;
Agus is dubhach lem chroí an clog so á bhualadh ar mo nóchar;
Bean phóst mé ar maidin ón Eaglais chomhachtach,
Agus baintreach é m'ainm a' teacht a' tráthnóna.


L. 41


2
Mo mhallacht a bhéarfainn do aon bhean a mbeadh dís fear
dhá h-iarraidh
Ná déanfadh a dícheall gan aoinne acu 'riaradh;
Áilleán ban cailce ar chaill mé mo chiall tríot,
Agus fear gránna ná breá deas ní ghráfaidh mé 'na dhia' so.



3
Ba dheas liom thiocfadh claidheamh duit agus tú 'ridireacht
ar chaol-each,
'Simint na hadhairce, do chuid gadhar ar gach taobh dhíot;
Thiocfá chomh meidhreach do bhinn mhullaigh slé' amuigh;
Agus go measa liom uaim thú ná sluaite Rí Séamas.



4
Céad léan ar na mná óga ná chóirig ort éadach,
Ná luí ar a nglúna agus a ndúthracht a dhéana,
A n-impí 'chuir chun an Úirmhic do chúis a bheith réidh
rómhat
Agus mo chaiptín breá 'chúmhdach ós na ....



5
Is mór é m'eagla go bhfuil mo charaid lán ... dom,
Nuair a liúigh mé agus scread mé nuair a chonaic mé an fhuil
uasal;
d'fhéach tusa tharrat, a chumainn, le trua dhom;
... rinneadh a' feall ar m'annsacht an uair úd.



6
Ba bheag a' t-iongnadh liom tú, 'mhic Reilly, a bheith mar
cliamhain ag a' rí,
Do chuid cuirtíní fada bána a bheith le taobh do leapan síos,
Bean uasal chiúin tséimh a réiteach do chinn;
Agus anois ó luadh sinn lena chéile mo mhíle cumha mar a
dh'éag tú lem linn!



7
Is beag a' t-iongnadh liom croí cráite a bheith agead mháthair
agus ageat athair,
Agus ag banarthla na cnise báine, ó's í thál ort id leanabh,


L. 42


Ní dh'áirím do bhean phósta ná chóirig do leaba,
Agus nuair a shíl mé a bheith ad phógadh is ar do thórramh
bhí mo bhainis!



8
An cuimhin leat-sa an lá úd bhí an tsráid so lán d'fhearaibh,
Do shagairt agus do bráithre, is ní dh'áirím a' bhainis,
Ceól fiddle as cionn cláir ann agus a' chláirseach dhá spreagadh,
Dáréag mná mánla a' cuir mo ghrá bán chun leapan?



B 1825c 19T



Z
Baintreach agus Maighdean mé



Baintreach agus is maighdean mé fágadh go hóg;
'Gcuala sibh, a dhaoine, mar báthadh mo mhíle stór?
Dá mbeinn-se ins a' láthair agus mo dhá láimh bheith ins a'
muir mhóir,
Bhéarfainn-se mo bhás ort nó shábhálfainn thú, a mhíle stór.



Nach é siúd an sgéal cráite ag do mháthair agus ag d'athair,
Is ag banaltra na gcíoch mánla tháladh ort an bainne,
Do bhean phósta, a ghrá geal, nach dtáinig chun do leapa -
An lá chuaidh tú chun na trá ní rabh sé i ndán duit a theacht
abhaile?



'Gcluin sibh mé, a mhná óga? - glacaidh comhairle bhur leasa:
Ná creididh fear go deó deó - 'ní go leór acu bréag -
Is a liachtaí óg-mharcach mómhar bhéarfadh buaidh leis is
gach spórt,
Is tá mo chroí istigh 'na ghual dubh; fear mo thruaighe níl
sé beó.



Dá mbeinnse ar mhalaidh sléibhe is mo chéad grá bheith liom,
d'éalóinn-se féin leat mar an éinín ar an tom.
Codladh ciúin 'do dhia-sa ní fháim-se, 'mhíle thaisce;
Gur measa liom ná an méid sin mo chlú saolta 'bhaint díom!



CIARÁN MAC MATHÚNA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services