Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Two Skilful Musicians

Title
Two Skilful Musicians
Compiler/Editor
McGrath, Cuthbert
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1953-1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Muiris mac Torna Ó Maolchonaire cct.



Orphe-us óg ainm Eoghain:
lámh nách tais i ttéidcheolaibh,
mér sgathbhraistiugh bláth binn -
tráth dá athbhaisteadh d'Éirinn.



Orphe-us d'athbhaisdeadh air
ní hiongnadh dó 'na dheaghaidh:
bas tioghbhogbhán nách meirbh meoir
ag seinm mbionnorgán mbláithcheoil.



Do b'ionann dóibh ceol coirche
gearradh ponnc 's port caondoilfe;
foghar a meor mar-aon ann;
a cceol ar-aon do b'ionann.



Eighir Orphe-us i cceol
mar sin Eoghan gan aithcheodh;
fear mar é, ceoluighe ceart,
ní deoraidhe é san oighreacht.


L. 86


Dóibh ar-son gérbh ionann guth
ceol sídhe na n-éan n-iulach,
searbh ceol na sídhealtan soin
tré cheol fhírreachtmhar Eoghain.



Deacair ceol mar é d'fhagháil,
ceol Eoghain Uí Allmhuráin,
's gur chinn ar gach ceol coirche
gidh binn ceol na cceolaighthe.



Ceol na n-orgán maoithe mbinn
lé ceol Eoghain ní hinghill;
bíodh gur ceol a cceol gan cheas
a cceol re a cheol ní coimeas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services