Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donal O'Sullivan Beare to King Philip III20th February, 1602

Title
Donal O'Sullivan Beare to King Philip III20th February, 1602
Author(s)
Ó Súilleabháin Béara, Domhnall,
Compiler/Editor
Breatnach, R. B.
Composition Date
1602
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1948-1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A rí agus a thighearna
Maille re toil dá bhur mórdhacht ríoghdha roghrásamhuil
atá bhur n-óglách umhal díleas tairise, Domhnald Ó Súilebháin
Bérra, ar-na chomhéigniughadh do dhruim ghuaise agus
fhoiréigne, dá dhénamh do dhánacht ar bhur mórdhacht a
fhoillsiughadh daoibh, ar nghabháil chalaidh a gCuan an
Chaisléin dá ngoirthear Castelhauen a n-iarthar Éireann
do general Pedro de Subhiaur agus do Pedro Lopus de Soto,
maille re fuirinn agus luingeis ó bhar mórdhacht, do réir
an rúin agus na toile do bhí do ghnáth am inntinn, do nochtas
do ghníomh am aoís óig agus dá leanfuinn do ghnáth muna
chuireadh díoth comuis tairis mé, ar bhfagháil na caoi agus
na h-uana maithe (mar do mheas mé), go táinic mé dá láthair
sin do thabhairt m'umhlachta dhóibh a n-ainm bhur mórdhachta.
Agus ar mbheith damh féin maille cheithre chéad fear ar mo
chosdas féin ag gléas chum bhur seirbhíse, do thiomain mé
do dhruim thoile agus dúthrachta, gan coimhéigniughadh,
i n-a lámhaibh sin a n-ainm bhar mórdhachta, ní hé amháin
mo chaislén agus mo chuan dá ngoirtar Bíorháuen, acht
mar an gcéadna mo bhean agus mo chlann, mo dhúthaigh
agus mo thighearnas, agus mh'uile shealbha go síoruidhe ar
bhar mbreith. Do ghabhadar ar an seóladh sin, agus do
ghealladar a hucht bhur mórdhachta an cuan agus an caislén
sin do dhíon agus do chumhdach agus do chosnamh ar feadh
chúise seirbhíse bhur ngrása. Tar a cheann so, a thighearna


L. 320


ghrásamhuil, a gcunnarthaibh réitigh do ceangladh go
déigheanach eidir Don Jon dé laguila agus na Saxanaidh
(gníomh as lór truaghmhéile agus, do réir mo bhreithnighthe-se,
a n-aghuidh chirt agus choguais agus aondachta) ameasc
ionad eile do cuireadh a seilbh bhur mórdhachta ar an gcáil
chéadna (agus nach le rún a dtabhartha do Shaxanachaibh
tugadh amach ná do glacadh iad), do cheangail Don Seón
air féin mo chaislén agus mo chuan, aoineochair mh'oidhreachta,
ara ccoithigheann beatha iomad mílte dom dhaoinibh atá
ar feadh xx léige sínte ré muir, do thabhairt a lámhuibh
ar n-eascarad gcruadhálach mallaighthe mí-chreidmheach:
ní as baoghal liom, ara mhéid do ghráineamhlacht, do
neamhaondacht, agus do mhí-nádúrdhacht, dá ttí sé chum
críche mar do cumadh hé, do-bhéra cúis do dhaoinibh
eile gan ionntaoíbh a gcoda iná a bpearsann do thabhairt re
Sbáineach dá éis. Ar na fáthaibh sin, a thighearna, do bhríogh
go mbreithnigheim an gníomh míchlúmhach-so do bheith
a n-aghuidh bhur n-onóra agus bhur dtoile (do réir mar thuigim
ó na leitribh déigheanacha tháinic uaimh go hÉirinn), an
ndochar do sheirbhís bhur mórdhachta, agus go tticfadh
de ionnarbadh síoruidhe do chur oram féin agus ar mo
phobal bhocht, dá sgaradh aonchuid beó aguinn ó chloidheamh
ar n-eascarad, atáim dá chur romham maille re cúghnamh
Día tairgsin dom chuan agus dom chaislén do chongbháil
ó lámhuibh mh'eascarad go téacht ordair agus sgél ó bhur
ngrásaibh, dá n-umhlócha mé, gidh de do thiocfadh díoth
mo dhaoíne agus mh'oidhreachta go síoruidhe; agus mar
chomhartha gurab dá bhar mórdhacht do-ním an t-ionnla-sa,
do chuir mé mo mhac oidhreachta a n-aoís a chóig mbhliaghan
mar gheall re bhur dtoil do choimhlíonadh annsa chéim-so,


L. 322


agus re bheith mar an gcéadna comhuiltheach ar an ngealladh
tugus dá bhur mórdhacht. Agus ní léicfinn féin díom gan dul
am pearsuin do láthair bhur mórdhachta, acht d'eagla ar
gcoguidh a-bhus do dhul a n-anbhfhainne dom easbaidh.
Ar an adhbhar-sin do chuir mé féin agus ar n-uaisle eile,
do sgríobh maille ris chum bar mórdhachta, ar ccara tairise
Díarmuid Ó Driscol, do dhruim ar ndóchuis, do réir ar
n-aithne air, agus ar a' ndíothcheall do do-chímuid
do ghnáth aige sa chogadh chatholica-sa, as ar n-ucht uile
a cceann bhur mórdhachta; agus do bhríodh nach raibh
caoí aguinn gach ní badh meabhair linn do sgríobhadh
chuguibh, atámuid go h-umhal dá iaruidh a éisdeacht as ar
n-ucht mar gur sinn féin do bheith do láthair, agus sgéla
comhfhurtachta (chuirfeas meanma ar ar ndaoinibh) do
luathughadh chugainn maille ris, agus 'na dhíaidh, bhur
gcobhair thrócuireach do bhrosdughadh chugainn, óir
ní fhuil dá luaithe nach fearrde, re linn neamhulmhachta
ar n-eascarad. Agus go teacht do sgélaibh bhur ngrás, beit
a n-ulmhacht agam míle fear mar a mbia riachtanas na
seirbhíse, agus guidhfeam Día trócuireach ar mo ghlúinibh
fá ré fhada fá shláinte chuirp agus anma, fá mhéidachadh
grás agas ratha do thabhairt dá bhur mórdhacht. Cuirim
sibh ar díon an Uilechomhachtaigh. Ó Dhún Baoith
.i. Bíorhauen, xx lá do februair, 1602.
Bhur n-óglách tairise dúthrachtach
Don: O Sulyuan Bearr.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services