Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The River Shannon Poetically Described by Micheal Brennan

Title
The River Shannon Poetically Described by Micheal Brennan
Author(s)
Ó Braonáin, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1794
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1948-1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Príomh-shruth Éireann is iomlán innsidhe
áille Breatan na sár-phrionnsaidhe,
Seanainn oileánach na ngeal-tonn,
na loch, na liús, na mbreac 's na n-asgann,



Na mbradán tar-gheal glunrach,
na mbriandaidhe dubha dronnach druimneach,
na bpéarsaidhe colgacha craosach,
's na mbodach ruadh, iasg uaigneach díomsach.



Na róistidhe lannach ruadh 'gus donna
na gcíor fionn-bhána i mbráigh' a tonna;
bídh sgadáin fuar-uisge modh-thanaidhe
faoi seach le fagháil i mír dá gaistidhe,



'S an portán Spáinneach crúbach ingneach,
altach rinneach gruama neimhneach,
'tá i measg na gcloch 's gach glais dá shimplidhe
dhá mbíonn gan torsa a' triall dá hionnsaighe.



The source of the Shannon
'S i bhfearann Chonnacht, úir na gcaisleán,
i gCuntae Liatrom' fhliuch na lochán


L. 194


tá ceann-tobar na Sionna tréine,
i dtír ársa Uí Ruairc, rí uasal Bréifne.



I ngruadh shléibhte Dubhbaile na sruthán
tá Lag a' Choire i bhfoirm locháin;
cia 's cumhang a bhéal, tá sé chomh domhain
fá dhó go tóin le meóin Loch Feabhail,



An loch is doimhne i nÉirinn uile,
mar dheimhnigheas snámhaidhe sáimh budh file,
do thásdáil locha 's aibhne an oileáin,
ó loch go loch 's ó shruth go sruthán.



Tá dhá ainm choitcheann' eile
ar lochán bhéal-chumhang Laig a' Choire:
Fuarán Uí Ruairc is Lag Bhuin Sionna,
mar is é an Lag céadna tús a tuile.



Deimhnighidh seanóiridhe na tíre
gurab uime goireadh Lag a' Choire
ar dtús do lochán phríomh-bhuin Sionna,
nach farsaing plás 's is láidir tuile:



Cheann go bhfacaidh fear budh snámhaidhe,
a chuaidh san bpoll i n-aimsir samhraidh,
soitheach mór i bhfíoghar 's i bhfoirm
coire ar fhíor-íochtar a ghrinnill,



Is beitheach dubh budh mhó ná capall
'na lúba, feacthaí filltí timcheall
astuigh san gcoire ghlunrach thoirtiúil
i ngné do chriothnógh' duine meisniúil.



Más fíor nó bréag an sgéal a chanaim,
a bhríogh mar chuala ar chách ní cheilim,
's gach aon nach nglacfadh an cás i bhfírinn,
ní locht a mhío-shásdacht sa sgríbhinn.



As Loch a' Lagáin fhíor-fhuair dhomhain
na dtéarmaidhe d'áirigh, sruthuighidh abhainn


L. 195


i n-aga sheacht míle fríd gach achrann
go sroichidh an ceann ó dtuaidh do Loch Aillionn.



Ó Lag a' Choire go Loch Aillionn
tá dhá ainm ar an abhainn:
Toiseach Sionna a? rian 's a' Dáimhré,
i n-aimsir tuile ag méadú dainnséir,



Ó líon na ngaistidhe is tuaimneach tuitim
as gleannta dubh-chuirp Shléibhe an Iarainn,
an Dá Ailt Déag is cuilgnighe, is ain-teann,
a' triall le foir-neart faoi n-a tuairim.



An Abhainn Bhuidhe ó Bhaile na gCléireach,
is Duibheachair na ngeal-tonn taosgach,
go bun Loch Aillionn is dian a ndeifir
mar chomhluadar don tSeanainn íochtair.



Súd mar thionnsgnas mór-shruth aoibhinn
na Sionna finne is maise ar Éirinn,
fríd chuim thrí gcúige is líon deich gcuntae,
níl teacht 'na haghaidh i slighe dhá aimhréidhe.



Tá a sruth chomh ciúin 's é ar siubhal i gcomhnaidhe
i modh nach n-aithneóghadh triath ná deóraidh
cia hacu ó dheas nó ó thuaidh 'tá a himtheacht,
go sroichidh áth mar mhír dhá mórdhacht.



Ó cheann go bárr ní lugha ná tuairim
dhá chéad glais is gaisde domhain
ag triall mar thionóntaidhe dhá hionnsaighe,
ní is biseach sgéimhe ar líon a hinnsidhe.



Amhail na pótairidhe i n-am misge,
nach gcuireann suim an dadaí thaisge,
go mbíonn a n-árus cráití craití,
gan earradh tighe, gan dídean falaigh.


L. 196


Mar an gcéadna dá lán gaisdidhe,
i n-aimsir geimhridh bhíos gan fhaillídh,
ag tabhairt a dtacrann suas don tSeanainn,
's iad féin sa tsamhradh súightí teirim.



'S mar uimhir mhór do dh'fhíor-lucht saidhbhris
a ghlacas tabhartais ó dhaoine ainnis',
ní chuirfidh an geal-tsruth suas don tsilteán,
tráth bhíos a' tuile a' múchadh a hoileán.



The antiquity of the Shannon
Trí chéad bliadhain tair éis na Díleann,
mar dheimhnigheas stair i gclódh 's i sgríbhinn,
ghabh Partholán tréan mac Seartha fearann
le míle pearsa i nInnis Éireann.



Ní raibh níos mó ná líon naoi n-abhann
i n-iomlán triúcha áille an fhearainn
ar dteacht don chumplaidh ársa adeirim,
asteach gan teagmháil laoch le harm.



Deimhnighidh ughdair eile i ngairm
nach raibh níos mó ná líon shé n-abhann
i gcorp an oileáin fhéarmhair chraobhaigh
ar dtíacht asteach don chumplaidh bhaolaigh.



Tugadh cách faoi-dear go léir-ghrinn
gurbh í príomh-shruth na sé n-abhann
ársa an tSeanainn, 's gurbh í a gairm
's a hainm "Limní", an tan adeirim,



Ó luime a huisge thair an iomlán,
's níor éirigh sruth ó shoin san oileán
dhá ghlunraighe tásg i ngné níos tanaidhe,
's níos gile i ngné ná a gaise i gcomhnaidhe.


L. 197


'S ó ghairm arsa a gaise cinntí
do thionnsgain cathair láidir Luimnigh,
a hainm gnáis, cia is fada Seanainn
mar théarma nuadh ar an abhainn álainn.



Etymology of "Seanainn"
Is mian liom gluasacht ghrinn is dearbhadh
a thabhairt i réim nach réidh le mearughadh
ar bhríogh an dá fhocal théid i gcumann
i dteannta a chéile chanas "Seanainn":



Is ionann "sean" is "aois" nó "ársaidheacht"
i dtéarmaidhe glan-Ghaoidheilge agus filidheacht;
is aon bhríogh i n-éifeacht "áinn" is "ciorcaill" -
tugadh cách faoi-dear na focail.



"Sean" is "áinn" a chur le chéile
i dteangaidh fhíor-eólach na Gaoidhelge,
ghní an dá fhocal, gan ás achrainn,
soiléir do gach léightheóir "Seanainn".



Deimhnighidh an tásdáil gurab í an tSeanainn
a' sruth is sine i n-oileán Éireann,
's nár ghlic a tuisme chuir i gcrunthuidhe,
an cás le bheith soiléir i gcomhnaidhe?



Anois ó thugas gluasacht léir-ghrinn
ar bhríogh an dá ghotha chanas "Seanainn",
leanfaidh a réim is mír dhá tuairisg,
gníomh nár chóir a dhéanamh dioraisg.



Dhá gháibhthighe a sgéimh is aedhear a srotha,
ó bhun go barr 's i lár a brotha,
ní bhfuil dá spéis i n-anam duine
acht oiread lé fear éithigh nó feille.


L. 198


Drowning accident at Ballyleague in 1703
Is iomdha pearsa dathamhail daonnach
do thuisme Connachtach is Muimhneach -
ní hé amháin Laighnigh - fuair bás obann
an iomad áitibh ? i lár a geal-tonn,



'S go sonnradhach Bail' Áth Liag na leacán
thair gach tír is slighe dhá siubhlann;
annamh bliadhain nach mbáitear duine
san áit roimh-ráití gidh bí a' fine.



A seacht gcéad déag is trí bliadhna an uimhir
do dh'aois ar dTighearna, réim gan diamhair,
báitheadh seachtmhoghad do dh'aon tsuim
sean-lá Fhéil' Brighde annsúd sa tSeanainn.



Roimh dhéanamh an droichid suas bhí pantúnn
chum gach líon do lucht aistir ionndúil
d'iomchur trasna an ghaisde thréanmhair
thuaimnigh chorraigh bhograigh théagmhair.



Go moch lá an aonaigh báitheadh iomlán
a raibh sa bpantúnn acht fíor-bheagán,
gan géilleadh do lucht dúithche is ceannais
thair na bochdáin éiglidhe ainnis.



Mar bhiseach ar gach aoibhneas eile,
gan trácht ar lochán Laig a' Choire,
tá cúig lochadh is breágh le feiceál
'na haistear 's roinn díobh líontaí dh'oileáin.



Mar dhéanfadh an Coimhdhia a céim a dh'árdughadh
thair gach sruth 's a maise mhéadughadh,
tá líon a loch i bhfad a réime,
mórán mílte ó aga a chéile.


L. 199


Is biseach mór ar iasg 's ar uisge
a gaise is gnáth ar siubhal gan leisge,
an taisge tuile líonas coitcheann
gach aimsir geimhridh suim a lochán.



Ón loch na chéile i samhradh theirim
congbhaidh i dtaisge a gaise i bhfoirm,
's i gcruth lán braoich 's gach slighe nach gcastar
forlann cuiléir ina híochtar.



Le breathnughadh ar gach slighe do lean sí,
gach sliabh, gach móin 's gach cnoc a sgoilt sí,
ní bhfuil rádh 'n'aghaidh nach iad na hárda
d'ionnsuigh i n-áit a dul ré fána.



Ó d'áirigh cheana a slighe 's a foirm
ón tobar cinn go hiar Loch Aillionn,
leanfaidh as soin a réim go sroichidh
cnoc Chinn Léime ar aghaidh Phuint Chiarraighe,



Mar a n-íobrann iomlán gach a dtacrann,
gan tocht, gan chumhaidh, gan gleó, gan achrann,
mar mhéadughadh lóin 's mar bhiseach fairsne,
do thonnaibh aibhéiseach na bachna.



Lough Allen
Is iomdha gaisde, glais is abhainn
ó chnuic Thír Thuathail is tuaimneach tuitim
asteach sa loch roimh-ráití adeirim,
i n-aimsir tuile théid ? go hobann.



Ní lugh' 'na fhad ? ná líon deich míle
do shean-tomhas dhiongbhálta na tíre
ar fad sa loch ón gceann na chéile,
's i ngar dhá leath i dtrasna a réime.


L. 200


Ní bhfuil a thásg ró-árd do thaobh oileán,
gia tá mír dhá n-uimhir folláin
fada farsaing craobhach álainn,
amhail gach loch i gcéim ar Sheanainn.



Tráth bheir sí cuairt a' locha léithe
i rian gan tocht ón gceann na chéile,
as a' mír ó dheas de i ngar Dhruim Sean-bhó,
ag Béal a' tSnámha sruthuighidh i nglan-rógh.



I n-achair míle ó cheann a' locha
treóruighidh an Airgneach gan torsa
as dubh-ailt Bhraidshléibhe go sruth-luath
re líon a lóin gan brón dá treisiughadh.



'Sí an Airgneach is ómhnach tuitim,
's is éadtrom uisge i n-aimsir theirim,
an chéad shruth tásgmhar théid sa tSeanainn
i ndiaidh sgaití suas thair bhárr Loch Aillionn.



Treóruighidh an tSeanainn thuileach thaosgach
fríd iomad calaidh, riasg is corach
gan mórán timchill ina líne
ó Bhéal a' tSnámha go hUachtar Thíre.



The Boyle River
Caithfead stad do dh'aistear Sionna
go dtugad tuairim ghearr do shiolladh
ar abhainn ghlasánach na Búille,
do théid san áit se a' treisiughadh tuile.



As uachtar Ghoisdealach na silteán,
is íochtar Airtigh, úir na gcnocán,
cruinnighidh an Bhúill ó iomad sruthán,
go bhfaghann do ghairm "Abhainn a' Chrunnáin".


L. 201


An taobh ó dtuaidh do thriúch Loch Glinne,
i ngruaidh na sléibhte méaduighidh a tuile,
is gheibh 'na dhiaidh soin d'ainm eile
ó dhruing gan eólas, "Abhainn na Luinge".



Treóruighidh as soin gan tocht le fána,
go dtéann asteach i Loch Uí Ghára;
as a' mír ó dtuaidh dhá uisge
sruthuighidh a gaise arís gan leisge.



Uadh soin go mainistir arbh aba
Donnchach Mór na nduanta Ó Dálaigh,
treóruighidh a' gaise i ngairm Búille,
gan tocht, gan chlaon, gan aontughadh moille.



Ní théann i bhfad as soin go gcastar
Loch Cé na n-innsidhe i réim a haisdir,
mar a mbíodh Mac Diarmada gan cheilg,
triath na Carraige is Mhuigh Luirg.



Tráth chuartuigheas fad is doimhne an locha
gluaisidh léithe i bhfoirm srotha,
go Cnoc a' Bhiocáir gan achrann,
mar a ngabhthar bric 's an iomad asgann.



Treóruighidh an Bhúill uadh soin gan tseachrán
fríd thalta boga is toirte rosán,
go dtéann sa tSeanainn aga thrí míle
síos ón gCaraidh ag Uachtar Thíre.



Ní bhfuil sruth dhá gháibhthighe gairm
ó bhun go bárr a' dul sa tSeanainn
is deallraighe aedhear is céim 's gach cois-slighe
ná an Bhúill fríd sgéimh na réime ghabhas sí.



Carrick-on-Shannon
Tráth bheir a' tSeanainn iasgmhar fharsaing
sruth na Búille léith 'na hasgaill,


L. 202


leathnuighidh a braoich 's gach slighe go gáibhtheach
'na triall don Charaidh fríd gach fásach.



As soin don bhaile ar chuir an chéad rí
Séamus Shacson daingean is ballaidhe,
congbhaidh a sgéimh 's a méad i gcomhthrom,
gan léim, gan preab, gan imtheacht obann.



Le forradh fuinndeméad is ballaidhe
an daingin a d'áirigh, i dtábhacht iompuighidh
soir ó dheas go Baile Shéarluis,
gan dul amudha ná easbhaidh teagaisg.



I mBaile Shéarluis is gearr a faillídh
go dtéann go Druim-ar-Snámh na mbeilidhe,
áit a dtionnsgnann a triall go díreach,
don áird ó dheas gan tnúth le fuireach.



Lough Derg and Lough Bofin
Is gearr ó Dhruim-ar-Snámh go sgarann
líon a gaise ar chéibh na bhfearann;
i bhfad chúig míle gheibh do ghairm
i n'íochtar Loch Bó finne dh'ainm.



Tá eang do thalamh ritheas tamall
asteach sa loch ó bhraoch go grinneall;
a bhfuil síos don loch ó asgaill chéadna,
is de gorthar coitcheann Loch Bó Finne.



A bhfuil don loch ón eing go sroichidh
a chuid uisge fearann féagach Rúsgaighe,
is don mhír so don loch thréan gan cealg
do ghoireas ughdair Loch Bó Dearg.



Níorbh fhiú a áireamh a bhfuil do theóra
eidir a' dá loch le cóire,
cia tá ainm gnáthais is gairm
ar leith ag gach mír don roinn so Sheanainn.


L. 203


Eidir Drumad, iar Fíotharnach
is Tír Uí Bhriúin, dúithche ársa Beirneach,
ghní na locha gné gan dórainn
gach am sa mbliadhain is soiléardha teórainn.



Tá i n-áitibh i ngar do dh'ag' thrí míle
ar leithead iomlán ina líne,
is uimhir áiridhe d'innsidhe deasa
fá fhalach tom i dtrom a gaise.



I Loch Bó Dearg is gáibhtheach foirm
tá oileán tásgmhar Innis Muilinn,
ar a raibh muileann gaoithe géagach álainn
tráth bhí Brian Bóraimhe 'n' áird-rí Éireann.



Tá dhá ghaise ag triall le tutáil
go Loch Bó Dearg is breágha le feiceál,
ceann gach taobh do thriúcha glasa
a bhroth is féarmhar talta taise.



The Eslin River
As lochán diongbhálta i ngar do Liatruim,
a' taobh ó dheas do Shliabh an Iarainn,
sruthuighidh an Éislinn fríd gach móinín,
gan tocht 'na triall go dtig go Leachaoin.



Uadh soin go Cabhán Chlann Mhig Raghnaill,
's ón áit roimh-ráití go Loch Éirill,
go Gart na Leamh 's go bórd Chluain Fionnáin,
fríd gach currach, bogach is rosán.


L. 204


Tráth thig le teann go Corra Sgabhthaidh,
taobh thoir do Dhrumad tá a sgéimh basgthaí,
fríd fhorlann carraigeacha glasa,
'tá i n-achair míle i líne a leabtha.



Chum Áth an Dá Ghuth 's go muilte Dhrumad,
tír ársa sean-laoch, sgaraidh iomad
a huisge 'na dhá mhír gan fearg,
go dtéann fá seach i Loch Bó Dearg.



The Sramoge River
I dtaobh Chuntae chaithréimeach Ros Comáin
do Loch Bó Dearg, iomdha sruthán
is gaise toirtiúil iasgmhar domhain,
a bhíos a' triall le mian go habhainn



Chaisil an Fhóid is Bhéal Áth' Maille,
gaisdidhe is gáibhtheach i n-am tuile,
théid faoi leith i Loch a' Logáin,
gan tocht, gan toirmeasg, gan tseachrán.



Treóruighidh a n-uisge as soin go himeall
thriúch na Leamhaighe 's ghruadh Chluain Grinnill ?,
mar a nglacann mórán gaisdidhe eile
ón taobh ó dtuaidh do mhéadughadh tuile.



Eidir uachtar Uí Bhriúin Sionna
is iar Shléibh' Báin na ngaistidhe teanna,
ag Áth na dTuath téidh líon gan mairg
i n-aon tsruth thréan i Loch Bó Dearg.



Sin tuairim ghrinn ar fhíoghar 's ar fhoirm
na Sionna ó Dhruim-ar-Snámh go fearann
luachamhail Rúsgaighe, áit ar líonmhar
cairtheacha easgann is gnáth bheith díonmhar.


L. 205


Ó Rúsgaigh i rian go Lag a' Choire,
dhá ngorthar coitcheann Toiseach Sionna,
is mó ná dhá fhichead míle d'aistear,
an aga chéadna i ngné mar tuistear.



I bhfearann Chonnachta gan athrughadh -
ná buain re haon chúige eile i n-áireamh -
tá sruth na Sionna ó bhun go sroichidh
ársaidhe fairsne Dhroichid Rúsgaighe.



Budh mír do dh'fhearann fhéarmhar Chonnacht
Cuntae an Chláir ar dtús gan bréig-riocht,
go dtug Lughaidh Meann do dh'fhine Brianach
a réim lé neart fá smacht na Muimhneach.



Ag Rúsgaigh clúduighidh mír do dh'fhearann
Chuntae an Longphuirt taobh don tSeanainn,
is roinn do Chúige Laighean nárbh éiglidhe -
fir chum feadhma i n-aimsir gnoithidhe.



As uachtar Loch Bó Dearg tuairim
leith-mhíle síos ó Rúsgaidh i bhfoirm
abhna gan torsa treóruighidh
an tSeanainn chiúin gan tocht gan chomhnaidhe.



Eidir Rúsgaigh is Tearmann Bearaigh,
réim nár mheinic búir ná bathlaigh,
téidh ceithre haibhne siar sa tSeanainn,
a bhias faoi leith anois i dtuairim.



The Rinn River
An tSioróg, abhainn iasgmhar uisgeamhail
as Cuntae Liatrom', tig go meisniúil
asteach fríd riasga íochtair Chuntae
an Longphuirt, cuntae i n-áitibh sáimh-réidh.


L. 206


Ag Áth Chluain Airt, taobh thíos do bhaile
an Leasa Bric, gan iarraidh sádhaile,
íobraidh iomlán gach a dtacrann
do shruth na Sionna i gcéim gan achrann.



The Camlin River
An Chaimlinn, abhainn leathan álainn,
budh fada a teasd le cur i dtuairim,
i n-alt 's i ngné ó bhun go sroichidh
baile an Longphuirt is roinn dá cois-slighe.



Ón Longphort treóruighidh a' sruth le forraidh
Áird Uí Chinnéididh gan mearaighe,
an taobh ó dheas don Lios Bhreac congbhaidh
a slighe fríd thalta cruaidhe is eanaigh.



Ní ghabhann tocht ó mhóin ná ó bhogach,
ó eanach réidh, ó choill ná ó churrach,
go dtéann fá chuim sa mír don tSeanainn
a chumlas dlúith le lúib don Drumainn.



The Fallan River
Tá abhainn a bhfuil mír dhí domhain,
dhá ngoireann cách go coitcheann Fallaing,
i gCuntae an Longphuirt théid sa tSeanainn,
ag Cluain Dá Ráth na mbád 's na muileann.



I n-íochtar Sionna i dTearmann Bearaigh,
i n-aga ceathramha mhíle bealaigh,
tá riasta coiléir nár ghabh gortughadh
ó thuinn, nach féidir le cách a aistriughadh.



Budh mío-ródh deimhneach ar lucht taisdil,
's air sheóltóiridhe i n-aimsir theirim,


L. 207


an neamh-dhoimhne chinntí is gnáth san uisge
ó líne an ghaise os cionn na sgeilpe.



Chum an cháis se a leigheas 's a leasughadh,
do rinneadh canáill nuadh le forradh
na Sionna soir ón riasta, is cois-slighe,
réidh anois gach tráth do bháid 's do choitidhe.



The Rivers Trusnan and Feorish
As Loch a' Chnuic i dtriúch Chill Glaise,
i n-úir Shléibh' Báin na dtalta taise,
treóruighidh an Trusnán, sruthán luaimneach,
's i n-aimsir tuile bídh sé uaibhreach.



Eidir Ceiréalach ? na mbogach
is fearann glais-fhéagach na Slatach,
cruinnighidh a dtig 'na shlighe do shochar
as gach taobh go sroichidh an Mothar.



Ón Mothar thart le céibh na Cáileadh
is Choilleachamóir, 'sé rogha gach fánadh,
go sgaithidh an Chorradhrumainn uisgeamhail,
áit a n-éirigheann mír dhe toirtiúil.



Eidir móir Chluain Mhór na gcartún
is baile gárda Sheáin Mhic Mhathuan,
ghní sruth an Trusnáin teóra ag droichead
'tá i meóin róid mhóir 's ní mór a leithead.



Ón droichead soir go críochnughadh a sgríbe,
gheibh gaise an Trusnáin do théarma eile:
tideal Feóraise gan áthrach
d'ainm a bhfuil roimhe 'o bhealach.



Gaisdidhe ghortuigheas réim na Coillighe
is Bhaile Hibiord cuimhneach, cruinnighidh


L. 208


i n-aon tsruth amháin 's ní ciúin a dturas,
go dtéann i gcumann insa bhFeórais.



As uachtar a' tsléibhe gaisdidhe Dhubhchoill'
is Tholabhúrráin ?, is dian a n-eiteall
go hiar Chluain Creamh' mar a dtéann a n-uisge
i dteannta a chéile i ngné gan leisge.



Uaidh soin síos gan tocht ná teagmháil,
ní ghabhann barra i móin ná i mbogán,
go n-íobrann suas i dtiúin gan foras
a dtacar diongbhálta don Fheórais.



Tráth gheibh an Fheórais í féin iomlán
iasgmhar uisgeamhail is crádh léith admháil
gurab é an Trusnán cam a bunús,
's a tobar cinn dhá mhéad a hionnús.



Mar an gcéadna dá lán bunaidh
do dhríodar is do dhíogha na bhfinidhe,
an tráth gheibh cumhachta shéanfadh a muintir
dhá bhféadadh, is iomlán líon a sinnsir.



Treóruighidh an Fheórais feasda foidhideach
le céibh Chluain Mhór is mhóinte Dhroighneach,
go bórdúir ghlasa an Bhaile Tuaighe,
is iar Chluain Eó na mongaighe ruaidhe.



San áit roimh-ráití tiomnaidh a cruinniughadh
's a tacar saoghalta i ngné gan chriothnughadh,
'na fagháil thar ais, don tSeanainn thaosgaigh,
mar fheadhmanach ghní gníomh gan iarraidh.



Treóruighidh an tSeanainn iomlán láidir
ó thriúcha an Tearmainn gan deifir,
fríd mhonga corrach, móintidhe is bogáin
go Baile Áth' Liag mar ar báitheadh mórán.


L. 209


Ballyleague
Ní bhfuil baile tíre i nÉirinn
is feárr aedhear, uisge, cnoc is fearann,
ná Baile Áth' Liag, cia 's éiglidhe maise
an bhaile chéadna acht sgéimh a ghaise.



I ngar dhá mhíle ó thuaidh don bhaile
tá leithead mór; tá radharc ar áille
an tsrotha is rói-chiúin triall go sroichidh
ucht a' droichid is réimiúil ársaidhe.



Tráth sgaitheas suas thair chéibh a' droichid
i n-aga dheich bpéarsa méaduighidh a leithead
i bhfoirm locha, tuairim míle
ar fad, 's a leath soin treasna i líne.



Bídh brotha an locha so go hiomlán
fá fhalach dhlúith do mhuing ghlais fholláin:
boig-shifínidhe i n-am a séasúir
is maisighe bláth ná gáirdín pléisiúir.



As lochán álainn chéibh a' bhaile,
mar a bheith a huisge ag iarra' faille,
sruthuighidh i líon thrí ngaisde teanna
fríd imlibh oileán 's innsidhe miona.



Lough Ree
Tráth sgaitheas suas thair bhárr na n-innsidhe,
ní i n-aon tsruth chuimsidh i dteannta théid sí,
acht sgartha amach mar mhír don aibhéis
ar gach cala, braoch is boirdéis.



I bhfad chúig míle dhéag do dh'fhearann
don achair is don mhír se Sheanainn,


L. 210


dá ngorthar do ghnáth Loch Rí fríd dheise
a bhroth 's líon innsidhe is glunraighe uisge.



Tá roinn dá leithead ina shíneadh
nach bhfuil níos mó ná aga thrí míle,
achair eile suim chúig míle,
's i ngar dhá mheóin tá réim naoi míle.



Tá uimhir iomlán sheacht n-innse fichead
ó bhun go bárr i bhfad 's i leithead
an locha chinntí chéadna adeirim,
mar a bhias faoi seach gan tocht i dtuairim.



Aontuighim tús, dhá mhéad mo dheithbhir,
a thabhairt don chuid a ndeimhnigheann ughdair
cuinbhinteacha riaghalta is abbaidh
a thogh' dhóibh féin mar ionad chomhnuigh'e.



Mar gheall ar chásaibh cian-aosda eile,
rinn' díobháil mhór 'na n-am do dh'Éire,
gluaisfidh roinn do thásg Inns' Cloithrinn,
do sháruigh i sgéimh an réim se Sheanainn.



Is ar Inns' Cloithrinn fhéarmhar aoibhinn
do thuit Meidhbh Chruachan, ríogan chumainn
Chonnacht úir, le mac ríogh Uladh,
i n-aimsir cogaidh is dórta fola



Chlanna Rudhraighe is scrios Chloinn Uisneach,
clanna i gcáil budh láidir meisneach,
phríomh-thóg cora 's chuaidh i n-aghaidh a chéile,
mar gheall ar mhnaoi dhárbh ainm Déirdre.



San gcúigeadh céad d'éis Críost a dh'fhulann
Páise chuir an naomh gan dórainn,
Diarmaid, seacht dteampla is clogás,
's dhá chuinbhint riaghalta ar bun gan follás,


L. 211


I nInnis Cloithrinn, oileán álainn
is maiseach réim 's is aedhreach fearann,
a bhfuil a ndíothughadh fós lé feiceál,
ag gach aon ar mhian a dtásdáil.



Do chuir Naomh Rioch san aimsir chéadna
mainistir mhórdha is cuinbhint eile,
ar Innse dharthógach Bó Finne,
a bhfuil roinn dá ndíothughadh fós gan mhille.



'Sé an naomh céadna - mír dhá dheabhóid -
do thionnsgain 's bheannuigh Tobar Ríoghóg,
i bparáist' fhéarmhar Chille Míotháin,
mar ar líonmhar coillte is eallach fiadháin.



San gcúigeadh céad, mar d'áirigh roimhe,
do chuir Naomh Líobhún cuinbhint eile,
ar úir Innse Mhóir 's ní bhfuil dá díothughadh
acht aoin teagh amháin 'na háit gan mhille.



I n-aga cheithre mbliadhan is dáichead
don seiseadh céad, mar dheimhnigheas iomad,
do thoisigh Ciarán, sár-naomh Cluana,
ina chuinbhint diadhacht a mhúnadh,



I nOileán na Naomh i lúib don tSeanainn,
nach bhfuil i bhfad ó chiosa fearainn,
eang don Chaladh i n-iar bharr Chuntae
an Longphuirt, triúch budh dlúith is b'aimhréidh.



Tá clogás árd is díothughadh mórán
do theampla fós i gclódh ar an oileán,
budh tásgmhar tuairisg, céim is gairm
i n-aimsir Chiaráin a bheith ar marthain.



Ar Innis Tuirc nach réimeamhail timcheall,
'na aga i dtreasna bhíodh dhá theampall


L. 212


a mbíodh mná riaghalta, is a lán cinn eile
i meóin Inns' Éan na Caillighe Duibhe.



Tá ceann is fiche do líon na n-innsidhe,
a d'áirigh i dtús nach raibh mar chomhnaidhe
chinntí cléire i gcéim ná i ngairm,
a bhias fá seach anois i dtuairim.



An t-Innse craobhach deas a dhearmaid
a shéimh-naomh eólach diadha, Diarmaid,
Fír-innse aimhréidh, Innse an Ghabhair,
's Innse Éanach a bhfuil áiteabh i láthair.



Clágh-innse na n-áirnidhe dubha,
Innse Uí Ruairc i ngar Phort Runa,
Muic-innis is Innse Rinn Eanaigh,
nach bhfuil i bhfad ó mhír don Bhreacnaigh.



Dair-innis na dtruid is na gcorra,
Inns' Rióige, na Trí hInnse Dubha,
Inns' Shúil Daimh is Innse an Ádhmaid,
nach bhfuil mór i bhfad ná i leithead.



Na Trí Choirib is garbh forraidh,
i ngar don Chorraidh, céibh na Carnaighe,
Oileán a' Ghearr-fhiadh' nó Inns' Innín,
innse ar feólmhar caora is coinín.



An tOileán Buidhe le taobh na mBearraidh,
is Innse Chairbre i ngar ballaidhe
Bhail' Áth Luain na dtor is na gcaisleán -
i n-áireamh chuimhneach deireadh an iomláin.



Tá uimhir do na hinnsidhe i bhfearann
fada farsaing féarmhar álainn;


L. 213


a n-áiteabha téagarach gan easbhaidh
cógair teaghlaigh, bídh ná eallaigh.



Dhá ndéantaí an loch a leigheas 's a leasughadh,
's gan líon a choillte móra dhíothughadh,
níorbh fhéidir do Loch Léin ná Éirne,
ná Loch Cé a shárughadh i gclódh na sgéimhe.



Líon na gcnoc 's na dtaltaibh árda,
atá ar gach taobh le n'ais mar ghárda,
bheir fearbárr aedhir ar éifeacht uisge,
is iomlán a innsidhe i gcléith na deise.



Cibé sheasfadh i ndeireadh Aibreáin,
nó i n-aimsir samhraidh ar bharr Chnuic Sgitheán,
i dtriuch Theagh Eóin i ngar meóin bealaigh,
eidir Áth Luain 's Áth Liag a' Chalaidh -



Dob ughdar sláinte do dhuine easlán
féachain uaidhe ar uimhir a oileán,
ar sgéimh 's ar mhéad an uisge i n-achair
fichead míle do thomhas láidir.



Mar an gcéadna díothughadh an chaisleáin
's na mainistreach 'tá fós faoi eidhneán,
do chuir Rí Seón, mac easumhal Hanrí,
ar chloich Theagh Eóin, 's ní mór nach innse í.



'Sé ciall na cloiche d'áirigh, fearann
fada caol 'tá i lúib don tSeanainn,
nach bhfuil acht slighe ró-chumhang chum aistir
asteach san eing ag maor nó máistir.



Ní haedhrighe an loch i n-aimsir ciúnais
ná i gceart-mheóin gaoithe is easbhaidh suaimhnis,
ag méad na dtonn a' triall 'na dtoirteadh,
mar chnuic nach gann i n-aghaidh na bporta.


L. 214


Pacaidhe olla nó líon pailliún
i gcampaidhe cogaidh i dtír nó i náisiún
gach tonn faoi seach i ngleó 's i dtrioblóid,
gan fios cia hacu is áirde collóid,



Ag líonadh gleann 's a' lasgadh briosgaidh
a chéile is iad ar siubhal 'na siollaidhe;
gach riasta geal a' dréim le héirghe
i dtréan 's i dteann os cionn a phártaidhe.



I réim Loch Rí nó an aga do Sheanainn,
'tá eidir Áth Luain na gcaisleán álainn
is Bail' Áth Liag téidh líon sheacht n-abhann -
'sí a bpríomh-shruth an Ithne chinn-tréan dhomhain.



The Inny River
Sruthuighidh an Ithne as tuadh-mhás Iair-Mhidhe
fríd Loch Drilthioch ina castaidhe,
go Baile Áth' na Leac 's go Béal na Caradh,
's go Teine Leic ní ghabhann barra.



Uadh soin ar fiar go Mainistir Shruthla,
's go Caisleán Nuadh na gcoillte donna,
mar a dtiompuigheann siar le céibh na rosán
go bordúir ghlasa Bhaile Uí Mhatháin.



Treóruighidh as soin le sleasa ballaidhe
reilic Shruthail fríd na curraigh,
go dtéan i lúib Loch Rí gan fhaillídh,
eidir Cuircneach 's bárr a' Chalaidh.



The Glassan River
Sruthuighidh Abhainn Bhail' Uí Ghlasáin
i gCuntae Iair-Mhidhe as Loch Mhic Aogáin,
i ngar dhá mhíle síos ó Chuasán
fosglaidh slighe fríd riasga rosán.


L. 215


Le forraidh fada Phuirt an Fhíona
ní bhfuil seachrán ina líne,
go dtéann sa tSeanainn gháibhthigh dhomhain
i n-áit dá ngoireann cách Bun Abhann.



The Breensford River
Thig abhainn eile as iar Loch Anaigh,
i dtriúch Mhuigh Droma i n-achair bealaigh,
nach fada soir ó chiosa Chuasáin
is shrotha dheallraigh Bhail' Uí Ghlasáin.



Treóruighidh an gaise lúbach álainn,
gan géille dh'aimhréidhteacht ná dh'achrann
dhá dtig 'na haghaidh go dtéann sa tSeanainn
ag porta taise Bhaile an Chaorthainn.



Tá cheithre haibhne solasta eile
nach bhfuil ró-thoirtiúil go dtig tuile,
i dtuaith Ros Comáin is folláin fearann,
a théid faoi seach san mír se Sheanainn.



The Clooneigh River
An Eilbhe bheag is fír-gheal uisge,
tionnsgnaidh a sruth le claon gan leisge,
as tobar tonnach buinne-ghlas aoibhinn
i mbraoch Chúl Thaidhg na bhfiarach álainn.



Treóruighidh a' sruth go triúch Chluain Airtheach,
is lé gruadh Dhruim Dhaimh na liosán gruagach;
eidir curraigh Chluain Eirc is Cartún
ghní a' gaise teóra - mír dhom fhortún.



Eidir Corrubhó na bhfliuchán,
an Cheathramha Chruinn is más Lios Gobáin,
congbhaidh i dtiúin a siubhal gan seachrán,
go húir Chluain Chaoin is Chluainte Maoláin.


L. 216


Le bun Chill Tíobháin, eang na ndoiridhe,
muing Chluain Aoidh 'gus réim na Cealtraighe,
ghní a' sruth iasgmhar slighe gan dórainn
fríd riasga corrach tais mar theórainn.



Eidir rinn Chluain Aoidh na seasga
is cuainte ? guintheach Phuirt na hInnse,
i lúib don tSeanainn téidh gan leisge,
mar ar líonmhar duibh-éin is madraidhe uisge.



The Hind River
Aighneach dhilleógach na n-asgann,
na mbreac 's na liús, 'sé áit a dtionnsgnann
a toiseach éirghe as poll nach farsaing
i n-iar bharr sraithe i nGort a' Chaisil.



Iompuighidh thart go fúnnsgrach seibhtiúil
go rannsuigheann eanach 's móin go meisniúil,
'tá ina slighe go Bail' Áth' Gallda,
áit nach bhfuil a cruinniughadh crannda.



As soin le hais Dhoire an Aoil go ruige
ciúis do dh'úir na Páirce Cloiche,
fuar-iar tais-fhliuch Dhoire Mhaollóid
is Lios a' Doirn - ní gann a trioblóid -



A' foghlughadh fuarán 's toibreach' eile,
dream ó meallann mórán tuile,
bheir biseach sgéimh' dhá gné tráth sgaitheas
Buaile an Ríogh 'tá i líne a turais.



Uadh soin soir ó Dhoire Dhomhnaill
dealuighidh an Munta do ghnáth mar theórainn,
is Baile Núdh na bhforraidh glasa
ó Bhogán Fionn na dtom 's na seasga,



Úir Chluain Conra ó Bhaile Uí Mhuiridh,
Cluain Soilionn turtógach ón gCorraidh,


L. 217


Cluain Creimh na gcríoch 's na n-eanaighe fliucha
ó iomlán riasga Mhuilte Sruthla.



Tráth sgaitheas thair Chluain Cath gan aire,
dealuighidh a huisge i roinn dá ghaise,
a théid faoi seach sa tSeanainn fholláin,
eidir Cluain Eisgiort is céibh a' Chlocháin.



The Calagagh River
An Chalagach fhliuch, 's ó loch don ainm
chéadna thionnsgnas gaise is gairm
a srotha eidir Sgreig Uí Cheallaigh
's a' Baile Glas i dtriúcha Mainigh.



Eidir Lios Dá Lon is fearann
na Sgreige d'áirigh, ghní sí teórainn;
an Chorra-bhuaile is fionnfhuar forraidh
ó Chorr a' Phobuail deimhneach dealuighidh.



Lios na hUamhan ? is mír do thalamh
Chnuic a' Chrochaire, úir gan caladh,
an tSraith is Carraic Thobair Ríoghóg
ó fhearann na saor, na naosg 's na bhfeadóg.



An rinn ar leath-mhás Cnuic Druim Domhnaill
is Cúl Tónach Phort Druna i gcomhroinn,
cuiridh a gaise glas gan táire
ó chéile iad féin is íochtar Gháile.



Taobh thíos do chaisleán ársa Uí Cheallaigh
na gcaológ, tógbhadh i gcolbha cladaigh
Gháile, i ndiaidh rith fríd Loch Omhra is
i mbruach na Sionna téidh chum suaimhnis.



The Knockanyconor River
Abhainn Chnocáin chruaidh Uí Chonchubhair,
tionnsgnaidh a gaise lúbach lán-fhuar
ó thobar ársa i dtriúch na nAcraidhe,
budh mír do dhúithche Sheórsa Uí Cheallaigh.


L. 218


Treóruighidh as soin fríd mórán bogach,
móinte fliucha is riasgaidhe corrach
go sroichidh a huisge an cnocán céadna,
mar ar líonmhar muilte is clocha géara.



Ó bhun a' chnuic roimh-ráití éirghidh
sruth teann eile théid gan fhaillídh
asteach 'na fochair is gluaisidh an gaise
go Tobar tásgmhar Naoimh Eóin Baiste.



Ón tobar beannuigh'e a mhéadughadh a tuile,
sruthuighidh glais chaol dhiongbhálta eile,
mar bhiseach ar a toirt i gcalaidh
Gháile Bhig 's Cill Eóidh na mbranraidhe.



'Na dhiaidh sin dealuighidh forraidh taise
Shraithidhe an Ríogh ó léanta glasa
an Leasa Ghairbh, fearann álainn
nach gnáth a bhrotha bheith gan teórainn.



Eidir eang na gCaológ 's caladh
Cheathramha chlochánach na Madadh,
cuiridh a tacar saoghalta ar chuimrighe
na Sionna is líonmhar éisg is innsidhe.



Bhíodh an abhainn roimh-ráití an-chastaí,
rói-thrioblóideach do bháid 's do choitidhe,
go ndearnadh canáill núdh go déanach,
a bheir a huisge i líne dhíreach.



Sin tuairim ghearr i ngné le tallainn,
ar sgéimh Loch Rí nó an mhír don tSeanainn,
'tá eidir uachtar chéibh na mBearaidhe
is Bail' Átha Liag na n-iasg 's na n-alaidhe.



Eidir Bearaidh Bheag is Cuasán
ársa Uí Bhraoin ar líonmhar rosáin,
críochnuighidh an loch is sruthuighidh an tSeanainn
ón mír ó dheas de i bhfíoghar mar abhainn.


L. 219


Athlone
Uadh soin go Bail' Áth' Luain na gcairthidhe,
aga dhá mhíle d'uisge, treóruighidh
go tuaimneach gáibhtheach lán an gaise;
gabhaidh gan chás fríd lár a' bhaile.



The Crannagh or Cross River
Ní shruthuigheann fad dhá mhíle fearainn
suas thair Bhail' Áth' Luain na mbarcán,
an tan a ghlacas sruth na Cranaighe
le mian gan tocht ó chéibh na gcalaidh.



An Chranach chéadna, Tobar Bhrighde
i gceart-mheóin Mhainidh tús a sgríbe,
sruth Phuill Sheóin is Fhuarán Mháire
treisighidh a triall le hiar na n-árda.



Fríd eanaighe boga Cheathramha an Tobair,
's na hEisgreach Báine leanaidh a hobair
ón gCorra Dhuibh go Baile an Bhóthair;
ní iarrann leasughadh ar líne an Tóchair.



As soin go triúch Aiteach Uí Cheallaigh,
's go muileann Uí Neachtain achair bealaigh,
mar ar líonmhar bric i n-am a séasúir,
nach saill gan tsaothrughadh do lucht pléisiúir.



Uadh soin soir ghní Baile an Chreagáin
a theóra ar iomlán Chor a' Tóiteáin,
is Doire na Suigh ó imtheacht fearainn
Bhaile Áth' chnocánaigh Muláláin.



Ó réim Chluain Gamhna 's Cluain na Cille,
is ón gCluain chéadna go Bail' Áth' Moille,
áit a dtiompuigheann suas le forraidh
na móinínidhe go Droichead Cranaighe.


L. 220


Uadh soin le himeall léanta is móintidhe
Charraic Uí Neachtain fríd na bogaigh,
ní ghabhann tocht go dtéann i bhfalach
i gciúis na Sionna i gCala na Manach.



Ó Chala na Manach ar aghaidh mailídh
Charraic Uí Bhraoin gan mórán castaidhe,
sruthuighidh an tSeanainn fharsaing iomlán
go hársaidhe Dhroichid is triúcha Rachradha.



Ní bhfuil a triall ná a haistear fada
suas thair bhrotha réime bhaile
bhiadhmhair Rachra an tan a ghlacas
ó bhéal na Suca an méid a thacras.



The Suck
An tSuc theann thásgmhar, tionnsgnaidh éirghe
i ngar Bhaile an Locha 's is geárr a faillídh,
dhá fhad a' tslighe, go sroicheann árus
Uí Chonchubhair Dhuinn ag Port Chluain Málas.



Sruthuighidh as soin le bhfaghann do bhrabach
go dtig asteach don Chaisleán Riabhach,
áit a nglacann abhainn eile
ón áird ó thuaidh do thriúcha an bhaile.



Ón gCaisleán Riabhach treoruighidh a gaise
fríd iomad eanaighe is talta taise,
go Baile Áth' Mogha, iar forraidh Ghlinnsge,
is Dhúnamáin le líon a huisge.



Go Caisleán Chút 's go Caisleán Strainnse,
go Tobar a' Mhadaidh an chaisleáin sheanda,
go Baile Áth' Gad mar ar cam a líne,
's go triúch Áth' Liag 'tá i meóin a sgríbe.


L. 221


Uadh soin go Baile an Áth' Uí Cheallaigh,
i dteóra Chrumhthainn 's thriúcha Mainidh,
áit anois dár gnáth do thideal
Mun Talbóid na mbádhún gléigeal.



As soin suas go Baile Áth' Feórainn,
ní bhfuil achrann, riasta ná teórainn
ag tíacht 'na haghaidh sa tslighe le forraidh
Mhuc-cluain aedhreach is féarmhar fásaigh.



Go Baile Áth' na Sluagh is ró-thásgmhar aontaighe,
is úir Mhuigh Charnáin is fionn-fhuar calaidh,
taobh thuas do Rachra gan claon achrainn,
téidh sruth nach gann fá chuim sa tSeanainn.



Ní bhfuil sruth dhá mhórdha i ngairm
faoi áird-chíos bhliadhantamhail ag a' tSeanainn
is tostamhla 's is caime i gcastaidhe
ná an tSuc is líonmhar éisg is easaidhe.



The Shiven River
Tá abhainn eile i gcéim darb ainm
coitcheann le céin d'aimsir Sifinn,
d'faghadh gairm "Suc", do thig ó shliabháin
thaise Chorca Mogha na bhfeadán.



Do thig sruth eile ó riasga an Chreagáin,
i ngar Mhaolach fríd iar na mBogán,
a théid i bpáirt 's i gcáirdeas cumainn
le abhainn Chorca Mogha na n-ailleann.



Treóruighidh líon a ngaistighe i gcuideacht,
i n-aon tsruth amháin i dtoirt 's i dtábhacht,
i rogha na ngleann gan easbhaidh uisge,
go sroicheann fearann Chluain na Brice.


L. 222


An tríomhadh gaise ó lúib Chluain Seibhne,
an taobh ó dheas do Chnoc Shléibh' Muire,
fosglaidh slighe nach caol go fearann
na Leith-cheathramhan ar bheagán torainn.



Ní théann chum comhnuigh'e annsúd gan imtheacht
fríd iar na dtriúch a' cruinniughadh cuideacht,'
go mbuaileann páirt i ngné ró-fholláin
ar ghaistidhe Chorca Mogha 's a' Chreagáin.



Ag so na haibhne i gcuideacht sruthán
ghní suas a' tSifinn fharsaing iomlán,
a shuaitheas soiléir líon a n-uisge
i ngar do thriúcha Chluain na Brice.



Uadh soin go Baile Áth' Mhóir Uí Cheallaigh
tá an tSifinn iasgmhar aga an bhealaigh,
's gach slighe go bordúir fhuara thaise
eanaigh Dhroigheanáin is mór a gaise.



I bhforraidh Mhuiceanach na rosán,
íobraidh a taisge farsaing folláin
don tSuc gan taod, gan léim, gan torann,
a bheir a hinnmhe suas don tSeanainn.



Is ó theacht na Scot nó Chlanna Míleadh
asteach go hÉirinn mar cheann tíre,
a d'éirigh na trí Shuc ar gairm
anois do ghéig dhá n-uimhir Sifinn.



Tar éis an tSeanainn thaosgach fholláin
a thabhairt na Suca faoi n-a sgitheán,
bheir aghaidh ar Bheannachuir go gáibhtheach,
's dá mhéad a hionnús bídh sí práinneach,


L. 223


Óir ní théann iomlán aga an bhealaigh,
an tráth bheir slighe agus ionadh falaigh
don Bhrosnaigh Íochtaraigh go huile,
le socrughadh 'steach faoi'n sgitheán eile.



The Brosna
An Bhrosnach Íochtarach, tá a héirghe
as céibh Loch Uail na n-asgann daití,
taobh thíos don Mhuileann Gearr i n-aga
thomhais dá mhíle nach bhfuil fada.



Sruthuighidh as soin le oiread ionnúis
is riaras muilte is iomlán tonnús,
éadaighe tuair 's gach úsáid eile,
bhíos riachtanach do ghnoithidhe an bhaile.



Treóruighidh as soin gan mórán timchill
go dtéann asteach i gceann Loch Innill,
'tá i ngar shé míle ar fad, 's a mhaise
i dtásg ró-mhór i gcéim na deise.



As a' gceann thiar don loch roimh-ráití
sruthuighidh an Bhrosnach nach mbíonn sáruigh'e
'na haistear chiúin fríd chiúis Chill Bheagáin,
go Baile an Chloirthidh is socraí cosán.



As soin siar go Bail' Ath' Chumair;
ní aidmhigheann choích' gur mór a hobair,
a' sgoilteadh riasg go dtéann sa tSeanainn
i dtriúcha Mhaoistion na magh álainn.



Treóruighidh an tSeanainn le n-a cuideacht
fríd Bheannachuir i rian gan dulrucht,
go sroicheann fearann féarmhar aedhreach
iar Phuirt Omna na gcrann darach.


L. 224


The Little Brosna
An dara Brosnach láidir shruth-luath,
tionnsgnaidh a gaise ó shléibhte mong-ruadh
na Binne Duibhe, soir ó bhaile
suanta Uí Luchnáin i ngar Bhiorra.



Treóruighidh as soin le mórán cuideacht'
do thig 'na cois-slighe ina himtheacht,
go sroicheann porta Chluain na hÍonóg,
is Coillte cruaidhe Ruadh' na ndarthóg.



Os coinne Mhílic, eidir fearann
Chuntae an Ríogh 'gus Thiobrad Árann,
téidh a sruth sa tSeanainn thréin chun comhnuigh'e,
an taobh ó dheas do bhrotha Lusmuighe.



As gruadh Chlann Riocaird don taobh eile
thig Abhainn theann na Coille Brice,
gan dul ar seachrán i gcás eólais,
go dtéann sa tSeanainn i ngar Dhubhruis.



Lough Derg
Ó Phort Omna na dtor go sroichidh
achair gheárr do dh'áth 's do ghaisde
Chill Dá Lua i dtír dhúthchais Brianach,
tá fíoghar na Sionna i méid ró-iontach.



I bhfad ocht míle dhéag do dh'fhearann
tá a gné 's a toirt 'na loch fhíor-álainn,
is iomlán leath na haige céadna
i mír dhá threasna i gceap na réime.



Cia is Loch Deirg a ainm coitcheann,
is gairm cháich don mhír se Sheanainn,
le hachair d'aimsir is díobháil eólais
an téarma deimhneach céadna chanas.


L. 225


Loch Darghart ainm ársa is gairm
an locha gháibhthigh chinntí deirim,
mar a bhíodh togha innsidhe an locha faluigh'e
ar dtús le coillte dlútha daraighe.



I bhfoirm gart nó magh gur gearradh
a dtogha le mian is claon gan fala ?
chum úsáid shaoghalta is réidhteach bealaigh
do dh'áiteabha aonda daoine is eallaigh.



Amhail Loch Rí tá iomad oileán
clútaí féarmhar farsaing folláin
astuigh ar Loch Darghart, loch fíor-álainn,
's a' loch is faide sine ar Sheanainn.



Eidir Cuntae Thiobrad Árann,
mír do Chuntae an Chláir is fearann
Chuntae na Gaillbhe gan dórainn,
tá an loch so i n-aga ghnáth mar theórainn.



I meóin a' bhealaigh eidir Luimneach
is Beannachuir i n-achair dhíreach,
tá a shuighéan ? is innsidhe deasa
i measg na dtonn i réim a ghaise.



Ainmneacha gnáis ná uimhir
oileán chinnte an locha i láthair
ní thuigim, le n-a gcur i dtuairim,
acht Innis Cealtrach is ársa gairm.



Sa seachtmhadh céad don achair Chríostamhail
do chuir Naomh Cáimín, triath budh mheisniúil,
seacht dteampla is clogás árd le cruaidh-neart
i nInnis Cealtrach i meóin Loch Darghart,



Mar ionad suidhe dhá chuinbhint chéillidhe,?
budh dúthrachtach a' teagasg creidimh,


L. 226


do thuisme Mumhan 's gach aon aicme eile,
lér bhinn guth deabhóideach na cléire.



I n-am Bhriain Bhóramha bheith 'na stiúraidhe
ar iomlán Éireann 's líon a cúigidhe,
do rinne an obair chéadna nua-chruthughadh,
mar mhír dhá chaithréim ina riaghlughadh.



Eidir Carraic allta an Chomhraic,
i dTiobraid Árann na laoch ionnraic,
is iar Phort Omna deimhneach toisighidh
Loch Darghart gáibhtheach is álainn innsidhe.



Congbhaidh gairm is foirm locha
ó iar Phort Omna go Béal Bóramh',
port fíor-aoibhinn i ngar baile
Chill Dá Lua mar ar luaimneach tuile.



Tá an Chuileantrach i dTiobraid Árann
ar aghaidh Bhéal Bóramh', lios fíor-álainn
i gCuntae an Chláir i dtriúch Cheann Choradh,
áit a stadann aga an locha.



An t-ionad cinntí a rabh mór-theaghlach
an áird-ríogh Brian, ceann fine Brianach,
is líon Dál gCais budh gáibhtheach gairm
i síth, 's chomh sásta ar luadháil airm.



Tá cúig aibhne nach bhfuil éiglidhe
as líon a dtriúch is sruth-luath ionnsaighe,
a théid faoi seach sa mír se Sheanainn,
ó gach taobh do riasga 'n fhearainn:



Abhainn éasgaidh thriúch Chluain Maoláin,
bheir líon a huisge is cíos gach fuaráin


L. 227


a buailtear ina slighe don tSeanainn,
i ngar iar forraidh an Chnocáin Aoibhinn.



Abhainn luaimneach thriuch na Gráige,
sruth nach n-aidmhigheann choidhche a laige,
i n-aimsir tuile a' tabhairt a dtacrann,
le mian gan claon mar chíos don tSeanainn.



Abhainn na mBuadh 'tá i n-aga bealaigh
suas ón nGráig ag Múta Uí Dhálaigh,
is dian a triall a' dórtadh a huisge,
i mbraoch na Sionna i rian gan leisge.



Abhainn álainn iar Loch Gréine,
i gCuntae an Chláir i bhfad a réime,
tá sí aedhreach iasgmhar uisgiúil,
's ní'l a gaise luath ná leisgiúil.



Taobh thoir don Sgairbh i n-aga bealaigh,
téidh a taisge i n-áiteabh ? falaigh,
do mhéadughadh innmhe ar bheagán torainn,
i rian mar chách i gciúis don tSeanainn.



The Nenagh River
Treóruighidh abhainn theann as guramhan ?
sléibhe soir ó Aonach Urmhumhan,
's ghní a gaise lán luath mórán feadhma
'na haistear ghnáth don bhaile chéadna.



Ó thriúchaibh aedhreach Aonaigh sruthuighidh,
eidir cnuic is riasga calaidh,
gan sgíoth ná stad go dtéann sa tSeanainn,
i mBaile Sheáin na mbád 's na mbarcán.



Sin tuairim gheárr ar thogha na n-abhann,
a dhíolas áird-chíos leis a' tSeanainn,
ó iar Loch Darghart go hucht cairthidhe
easgann Chill Dá Lua na ngaisdidhe.


L. 228


Ag ionnsaighe cairtheach díonmhar easgann
Chill Dá Lua na gcliar gan dórainn,
tarnaidh an tSeanainn thréan a brotha
i gcoinne a chéile i bhfoirm srotha.



Doonass
Cia 'sé céadfadh an iomad daoine
i dtriúchaibh imchiana na críche,
gur i gCill Dá Lua na mbarcán
tá an t-as nó an charraic is locht ar Sheanainn.



Acht tugadh cách faoi-dear go deimhneach,
go bhfuil a' t-as nó an charraic dhruimneach,
achair cheithre míle do bhealach,
suas thair Chill Dá Lua na manach.



Dún Asa is ainm cinntí coitcheann
mar ghairm ghnáth don mhír do Sheanainn,
a bhfuil a' charraic is láidir a' seasamh
i n-aghaidh na dtonn is teann dá lasgadh.



Acht treoruighidh an sruth gan léim le foir-neart,
ó fhíor-bhárr uachtair chinn Loch Darghart,
fríd Chill Dá Lua 's uadh soin go sroichidh
triúcha liag Dhún As' na n-aillidhe.



Tá carraic thréan Dún As' gan mhearaighe,
aga mhór thair dhá dtrian bealaigh
'na riasda treasna i mbéal a' ghaise,
bhíos síoraidhe a' lasgadh a cnise glaise.



Tá a háirde, a réim, i ngné 's i miosúr
chomh mór 's gur dearnadh gáirdín pléisiúir
fríd chúirialtacht ar dhruim na sgeilpe
is omhnach aedhear os cionn an uisge.



Taobh thall don tsruth ar aghaidh na sgeilpe
céadna tá dubh-aillidhe eile,


L. 229


clocha nach bhfuil ró-árd, is sháruigh
tréan na dtonn a gcur ó chéile.



Ní bhfuil do shlighe ag iomllán uisge
na Sionna, is gnáth bheith ar siubhal gan leisge,
le imtheacht acht an mhaint nó an bhearnaidh
'tá eidir a' dá sgeilp a d'áirigh.



Ní bhfuil riasda cloch ná cuiléir,
mar shíleas cách le faicsin soiléir,
i n-achair béal na bearnadh acht domhain
síos go fíor-íochtar a' ghrinnill.



Ag cumhainge an bhealaigh, méad an uisge,
áirde is cruadhas na bhforraidh sgeilpe,
bídh an gaise tréan mar a bhiadh sé ar báinidhe,
a' bualadh i n-aghaidh na riasd' 's na n-aillidhe.



Na tonna a' tíacht tar ais le forlann,
's ag dul ar aghaidh arís go hain-teann,
a' dréim le slighe fhagháil chum na beárnadh,
áit a dtéann a suim le fána,



I modh chomh callóideach 's dá gcluinfidhe
gleó na mara a' lasgadh aillidhe
i n-am stoirme nó toirneach thriomaighe,
is bodhar-árd fuaim i n-aimsir samhraidh.



I dtráth don aimsir a chuaidh tharainn,
do thionnsgain seóltóiridhe budh léir-ghrinn,
fríd mheisnigh bád a threórughadh treasna
i n-aghaidh chomhairle a lán le fána an asa.



Dhá fheabhas a ngliocas is a dtallann,
níor fágadh clár don bhád go hobann
gan réabadh i n-aghaidh na gcloch, is uimhir
na bhfear a bhrúdh 's a bháthadh i láthair.


L. 230


Dhá gháibhthighe sgéimh is aedhear na Sionna,
ó bhun go bárr tá a lán dá moladh,
múchtaí do ghnáth mar gheall ar charraic
Dhún As' ar a dtráchtann stair go meinic.



Ní bhfuil rang ná sionta cuiléir
le tabhairt faoi-dear i ngné go soiléir
i mír ar bioth don charraic lannaigh
budh congnamh socúil chum a bristí.



I bhflaitheas buartha an chéad rí Séarlus,
sul már thionnsgain olc nó imreas
eidir an fhlaith is tionól mhórdha
críche Shacson na ngníomh cródha,



Cuireadh fios ar thogha lucht meastaí
go ríoghacht na Fraince i dtionnsgnamh breathnuigh'e
ar fhíoghar na carraige chum feasa
thabhairt uatha i ngné i gcúis réidhtigh'e an asa.



'Sé dubhairt na dearcadóiridhe, an uimhir
do réir a gcéadfadh i mbrígh, go mb' éidir
an gníomh gan roinn a chríochnughadh i bhfoirm
ar shuim ocht míle punt i bhfírinn.



Imreas os árd a' ríogh chéadna,
is cailleadh a chinn le lanna géara,
chuir tionnsgnamh glórmhar 's maitheas poiblidhe
na hoibre cinntí i n-alt ar neimh-ní.



Ní fhéadfadh mairnéalach ná seóltóir,
dhá grinne a thuigsin 's a fheabhas do léightheóir,
bárc ná bád a threórughadh treasna
síos ná suas thair riasda 'n asa.



Anuas ón gcarraic i n-úir Chuntae
an Chláir fríd mhóin Dhún As' i slighe aimhréidh,


L. 231


tionnsgnadh canáill nuadh go déanach
nár féadadh a thabhairt i líne dhíreach.



Tráth bhias a' chanáill nuadh nó 'n abhainn
a d'áirigh, 'tá dhá déanamh i bhfoirm,
críochnuigh'e beidh a' tSeanainn álainn
dhá chéad míle réidh chum taisdil.



Tá aibhneacha ealadhanta nó canáill
dhá ndéanamh i n-iomad triúch do dh'fhearann
Laighean nár tugadh fós chum cumainn,
i rian le mír ar bioth don tSeanainn.



Ciabé sheasfadh ar fhíor-bhárr sléibhe
chnuic Thunn Tuinne lá breágh gréine,
i ngar Chill Dá Lua na gcliar dob aoibhinn
aedhear thríochad míle do Sheanainn.



A bhfuil ó chathair arsa Luimnigh
go hiar Phuirt Omna, triúch na n-iarlaidhe,
bheith an t-iomlán eidir uisge is oileáin
don áit roimh-ráití réidh le feiceál.



Ó thugas tuairim ghearr ar charraic,
ar léim 's ar fhíoghar Dhún As' chomh hionnraic
is b' fhéidir liom, 'sé m'inntinn aistriughadh
níos faide suas 's na triúcha bhreathnughadh.



Limerick
Ó thriúch Dhún As' go cathair Luimnigh,
i ngar shé míle suaimhneach sruthuighidh
an tSeanainn, 's triallaidh an sáile glas-bhuidhe
ón muir don áit se do ghnáth dhá hionnsuighe.



An mhír don chathair chian-aosda allta
dhá ngoireann cách "a' Baile Gallda",
's ar oileán aonda i meóin a gaise
'tá a fhoirgneamha mar roinn dá mhaise.


L. 232


Tá droichead ar gach taobh don oileán
chum an tsrotha is omhnach iomlán
a thabhairt ar siubhal gan barra ar choisidhe,
ná ar mharcach eich le cuim na ngaisdidhe.



An Droichead Maol do thaobh Chuntae Luimnigh,
ní bhfuil a achair ná a líon ársaidhe
chomh héifeachtach i bhfad le Droichead
Thuadhmhumhan, droichead is réimiúil leithead.



I n-achair suas thair chéibh na ndroichead
téidh na gaisdidhe nach gann leithead
i gceann a chéile i n-aon tsruth álainn,
gan cuid ar leith, gan caoin gan teórainn.



Estuary of the Shannon



Ní fada suas thair chathair Luimnigh
do shruthuigheas Seanainn fhial na n-innsidhe
tráth sgaras i loch i bhfoirm sgiotháin -
is omhnach méid is céibh a cliatháin.



A' claonadh siar dtuaidh le hais forraidh
Mhainistir ársa an Chláir go sroichidh
achair iomlán líon naoi míle
i gCuntae an Chláir gan tocht 'na líne.



Ní bhfuil aon loch eile ar Sheanainn
acht é se amháin, 'tá do ghnáth gan ainm,
nach ar a fhad i n-imtheacht gaise
an tsrotha thréin is léar a mhaise.



Ó bhraoch na Sionna ar fad go críochnughadh
a sgríbe siar dtuaidh tá sé a' caolughadh
in gach céim mar a bheith bárr uibhe,
nó builín siúcra 'g oibriughadh roimhe.


L. 233


Ní bhfuil a threasna i n-alt ná i n-éifeacht,
sa mír is toirtiúla dhá imtheacht,
chomh mór le n' fhad cia is líonmhar folláin
uimhir chinntí iasg is oileán.



Ní hé amháin an eang so dho Sheanainn -
is iomdha oileán féarmhar farsaing
i gcompás sholasach a réime
ó chathair Luimnigh go Ceann Léime.



Is dá n-uimhir oileán Innis Catha
ar chuir an naomh budh glórmhar beatha,
Sionán, aon cheann déag do theampla
is clogás álainn árd 'na dteannta,



San gcúigeadh céad d'éis Chríost a ghlacadh
colann daonna i ngné gan pheacadh
i mbroinn na Maighdine gan follás,
gan locht 'na cliú ná tocht 'na sólás.



Budh é Naomh Sionán féin céad abba
chuinbhint thásgmhar Innis Catha,
innse 'tá chomh hársa i ngairm
le hinnse ar bioth dhá bhfuil ar Sheanainn.



Do chuir Naomh Sionán cuinbhint eile
ar Innis Lua fá chuimrighe tuile
na Sionna i gContae an Chláir, is díothughadh
an iomláin fós i ngné gan traothughadh.



I n-achair thrí gcéad déag don aga
ionnraic Chríostamhail chinntí dhiadha,
chuir Domhnall Mór Ó Briain, rí Luimnigh,
mainistir riaghalta ar bun gan partaidhe,



Ar Inns' na gCanánach i n-aice
béal na Sionna mar a mbíonn ruithe


L. 234


ag bradáin gheala a' teacht chum comhnuigh'e
san bhfíor-uisge fhionn-fhuar i dtús geimhridh.



Amhail Loch Darghart, is iomdha oileán
craobhach féarmhar aedhreach folláin
thar na trí innse ársa d'áirigh,
ó chathair Luimnigh go Point Chiarraighe



Ar chorp na Sionna is líonmhar géaga
nach féidir liom a chur le chéile
d'easbha tuigseana ar a n-uimhir,
ná ar a n-ainmneacha i láthair.



Ó chathair Luimnigh go Ceann Léime,
i n-úir Chuntae an Chláir na bhfile séimhe,
ní chuirfidh i suim acht líon dá abhann
a dhíolas áird-chíos leis an tSeanainn:



The Owenogarney River
Abhainn Ó gCeárna is tásgmhar ainm
i n-iomlán triúcha eile fearainn
Leath Mogha na mílidhe, 's níl a foirm
ná a sruth chomh haidhbhseach le n-a gairm.



As loch i mbrotha sean-bhaile aonaigh
Uí Fhloinn tig gaise nach bhfuil claoití,
's nach maill-triallach go dtéann i gcumann
le hAbhann Ó gCearna i mbléin na Tuadhmhumhan.



Treóruighidh an gaise i gcuing gan dealughadh
go dtéann sa tSeanainn thréin ag forradh
Rois Meanachair, 'tá achair chinntí
shé míle siar ó chathair Luimnigh.


L. 235


The Fergus River
An Fhorgais, abhainn bháiteach dhomhain
is príomh-shruth dá ndíolann cíos le Seanainn
ó íochtar Chundae an Chláir go sroichidh
Cill Ruis na mbárc, na mbád 's na gcoitidhe.



As Cundae aedhreach fhéarmhar Luimnigh,
is iomlán triúcha lúbach Chiarraighe,
téidh seacht n-aibhne is tásgmhar gairm
gan tocht 'na dtriall le mian sa tSeanainn:



The Feale
An Fhéil fhuar fhada i gCuntae Luimnigh,
is iomlán álainn ársa an sruth í,
i gcuideachta mórán gaisdidhe eile
bheir suas don tSeanainn líon a tuile.



An Díl 's a' Mháigh, dhá ghaise thréana,
is dian a n-aistear fríd gach léana,
brotha corrach 's riasga fearainn,
go dtéann faoi leith gan brón sa tSeanainn.



An Smíorlach, gaise is ceann-dána ionnsaighe,
's an Bhruic as Cuntae fhéagach Chiarraighe,
dhá mhór-shruth eile do lucht feadhma
's do thionóntaidhe na Sionna séimhe.



Téidh dian-tsruth Gáile i n-abhainn Chasáin,
is treóruighidh araon i n-aon tsruth iomlán
fríd mhórán bogach is forraidh trioma
go dtéann le chéile i mbéal na Sionna.


L. 236


'S do na trí laidhre ghní an dá abhainn
a d'áirigh anois, bheir Muimhnigh a' ghairm,
na Trí Casáin chinnte Chiarraighe,
fríd n-a mbeith i dtrí ngéaga i gcomhnaidhe.



Is iomdha abhainn iomlán álainn
fharsaing iasgmhar théid sa tSeanainn,
nár ainmnigh sa duan dhá liachtaighe
sruth is gaise líon ar áirigh.



Sin tuairim ghrinn ar fhíoghar 's ar fhoirm
na Sionna, príomh-shruth iomlán Éireann,
ó bhun go bárr 's ar thogha a ndíolann
áird-chíos léithe i ngné go coitcheann,



Ó Lag a' Choire go Ceann Léime,
'sé sin iomlán aga a réime,
's a siubhal 's gach lúib i lán a líne
'tá achair mhór thair dhá chéad míle.



I dtreasna i mbéal na Sionna míne
tá achair dhiongbhálta naoi míle,
's an aga chéadna i dtrí n-áit' eile
le tabhairt faoi-dear mar d'áirigh roimhe.



Ag cnoc Chinn Léime ar aghaidh Phuint Chiarraighe,
i ndiaidh ar shiubhail 's ar chuartuigh dho bhealaighe,
téidh san muir i rian gan fhaillídh,
caogad míle ó chathair Luimnigh.



Loop Head
Tá béal-oideas ar bun más fírinn,
ag deimhniughadh i ngné go dtéadh ? Cú Chulainn,
an gaisgidheach Ultach tréan, do shiolladh
treasna dho léim ag béal na Sionna.


L. 237


Léim Chon gCulainn fós is ainm,
's a' ghairm ghnáth, don mhír se dho Sheanainn
i dtéarma Gaeidhelge i measg lucht áitigh'e
na mbordúr céadna, tuisme is aipche.



Ní hé amháin corp simplidhe an uisge,
acht meall a' chnuic 'tá i mbléin a gaisdidhe
ar ndul amach don tSeanainn théagmhair
i bhfíor-bharr Chuntae an Chláir sa tréan-mhuir.



Is Leap Head nó Ceann Léime gairm
is ainm ceart na háite adeirim,
i n-ionad Loop Head, téarma bréagach
tlacht-ghrafóiridhe a sgríobh go déanach.



Dhá gcailltí an Ghaoidhelge léir-bhinn mhilis,
cá bhfuighthí an teangaidh nó an fear eólais
a gheobhadh amach le grinneas céille
gu' b ionann Loop Head is Ceann Léime



'Na n-aois féin mura mbeith go bhfeiceann
cách gach dearbhadh dheimhnigheas fírinn
chum cruthuigh'e an cháis i ngné go soiléir,
gan dochtacht foghlama ná stuidéir.



Acht tá sé cinntí gur 'na gaisdidhe,
a' rith 'na ngéaga eidir innsidhe,
do ghearr a huisge ó shoin, bhí an tSeanainn
i n-aimsir thásdála Chon gCulainn,



'S gur thair na géaga rinn' na hoileáin
faoi leith do léim an gaisgidheach folláin,
gníomh a sháruigh aon laoch eile
i measg thogha Scot-Ghaoidheal Chlanna Míle.


L. 238


I gcomóradh na Sionna tréine
le aibhne gáibhtheach' náisiún eile,
do fuair mé amach gan tocht ná teagmháil
gur bunús Gaoidhelge bhí 'na dtásdáil.



Annsoin do thugas breathnughadh aireach
ar ghairm sléibhte, cnoc is caithreach,
ar fhocla chruthuigh'e an domhain go léir-ghrinn,
's ar thogha na n-aithreach roimh an Dílinn.



Uimhir ghearr dá lán nithe eile,
ar feasach cách gurab iad is sine,
's a mbeith i mbrígh go réidh le dearbhadh
roimh thionnsgnamh tuir na teangtha mhearughadh.



Ní bhfuil aon ní i measg an iomláin
nach bunús Scot-bhéarla ró-fholláiin
a fuair mé amach a bheith gach ainm
dár chuir faoi seach dhá líon i dtuairim,



Do bhríogh go ndeimhnigheann cách go huile
nach raibh a' dara teangaidh ag fine
daonna ó chruthughadh an domhain go mearughadh
Nimriod is tionnsgnamh a thuir a dhíothughadh.



Má bheirim eisiomláiridhe soiléir
do chléir, do dh'uaisle 's do lucht stuidéir,
gur Gaoidhelge cheart í i ngné gach ainm
do líon ar toghadh ? le cur i dtuairim.



Cia déarfas ? nach í an teangaidh chéadna
teangaidh dhiongbhálta Ádhaimh is Éabha,


L. 239


acht mar aon teangaidh gan dealughadh,
an Eabhrais is a' Ghaoidhelge i n-áireamh ?,



An Laidin eólach bhlasda mhilis
is tásgmhar i reacht, i gceart 's i mbinneas,
is Gaoidhelge i n-alt 's i ngné gan diamhair,
ró-réidh le cruthughadh a síol 's a máthair.



Chum an cháis a chur i dtuairim
críochnóghaidh 'nois mo theasd ar Sheanainn,
is sgríobhfaidh an tásdáil i leabhar eile,
mar dheimhniughadh príomh-éifeacht na Gaoidhelge.



Soin tuairim le tallainn
mar threóruigheas a' tSeanainn,
príomh-abhainn Éireann
is líon innsidhe Breatan,



Ó chuim Laig a' Choire,
ceann-tobar a tuile,
fríd riasga gach fearainn
go híochtar Loch Aillionn,



'S as soin gan tocht feadhma
go hárd-chnoc Chinn Léime,
mar a n-íobrann a huisge
gan liodra ?, gan leisge,



Do thonna na mara
gan imreas, gan faladh,
eidir Phuint Chiarraighe,
mar ar sáir-eólach filidh,



Is cnapach Chinn Léime
ar lonnrach gaithe gréine,
i mbarr fearainn Chuntae
Chlár Tuadhmhumhan, tír aimhréidh



I n-aimsir Chon gCulainn,
Mheadhbh Chruachan is Chonaill,


L. 240


is Chon Raoi mic Dáire,
triath Muimhneach gan táire,



Le Micheál Ó Braonáin
i mBaile Lios Gobáin,
i ngar do Ros Comáin,
i dtriúchaibh Chill Taobháin
is mhainistir Dhoireáin ?,



I ngruadh Shléibh' Báin na gcorra,
mar ar faisnéiseach filidh,
lucht siansa agus cuideacht,
lán deabhóide is daonnacht,



Daoine uaisle agus eaglais
is diongbhálta teagasg,
más toil leótha mise,
le haon ghuth sgor feasta,



Mar tá mé so-chastaí
i gcás feadhma mo bhrostuigh'e,
gan aighneas ná tagra,
so críochnughadh na heachtra.



Seacht gcéad déag an aga ar fad,
ceithre bliadhna is nóchad,
aois Chríost ar gcur fíoghair Sionna i ndán
le Micheál grinn Ó Braonáin.



Éamonn Ó Tuathail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services