Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Three Poems by Bonabheantúra Ó hEodhasa OFM

Title
Three Poems by Bonabheantúra Ó hEodhasa OFM
Compiler/Editor
McGrath, Cuthbert
Composition Date
1614
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Dán do rinne an bráth-air bocht d'Órd S. Proinsias, Bona-
bheantúra Ó hEódhasa, Gair-dian Bhráthar nÉirionnach Lobháin
d'fhíorcharaid áiridhe dhó, do thuit a n-eiriceacht lé mearghrádh
an tsao-ghail agus ainmhian a cholna.



Cuid de thráchtas ar leigheas dhorchachta agus ainbhfeasa a innt-
leachta, iná bhfoill-sighthear lé résúnaibh roiléire (ar nách éidir
freagra do thabhairt) aon-dacht, naomhthacht, coitchinne, absdal-
tacht agus gach iomláine oile dá mbea-nann go dílios ré fírEaglais
nDé do bheith amháin ag an Eaglais Rómhánaigh, agus a gcodarsna,
nó a gcon-trárdha sin, do bheith ag gach coimh-thionól eiriceadh,
madh luath nó mall, tháinig nó thiocfas. Cuid oile ar leighios
ansmachta agus ainmhiana a tho-lo, do réir mar is léir san dán, ar
a gcuirfeam (do dheóin Dé) gluais mhínighthe do bhrígh gur ab mór
dhe a-tá cruiadh ar an bpobal gcoitcheann.



B 1614ob 17T
U Giolla Brighde Ó hEoghusa

Truagh liomsa, a chompáin, do chor;
truagh an modh ar a bhfuil sibh:
ní léir dhoit solas fán ghréin,
an dorchachd féin ní léir dhit.



Ar eiriceachd do thréig tú
Dia na ndúl is creideamh Dé;
méd an uilcsi tárla dhaoibh
- móide ar maoith - ní thuige féin.


L. 180


Dá bhfaictheá, mar dho chíd cách,
an tsoillsi atá d'easbhuidh ort,
bhur ndorchacht do ba léir libh,
do thuigfeadh sibh féin bhur gcor.



Do thuigse, gér ghrianach glan,
do dalladh í dá toil féin;
truagh nách tárla ribhsi, ó thús,
liaigh dho fhóirfeadh thú ód phéin.



Dot fhurtacht do rachainn féin
acht go gcluin mé - meisdi ar ndóigh -
othar neimhneach ribh dá rádh,
nách léig lámh leagha dá chóir.



Ad ghoire, ó nách féaduim dol,
cuirsi chugain, ar son Dé
's ar cháirdeas na sinsear róinn,
cúis th'easláinte dod dhóigh féin.



An dall atá an tuigsi riamh?
nó an í an toil lé mian an chuirp
do chuir an ceósa ar dho chéill,
soilse an chreidimh nách léir dhuit?



Más í an tuigsi, más í an toil,
is ciontach read chor tar céill,
bíodh ormsa an tuigsi dho chosg,
's bíodh cosg na toile ort féin.



Más í an tuigsi is ciontach ruibh,
ag so dhuit a leigheas súd:
creid ón Eaglais briathra Dé
ós dí nochtas féin a rún.



Dise thrá nochtas a rún -
Eóin dá dhearbhadh dhúin is Pól;
Sbiorad Dé ré a hais do ghnáth,
ní bhí ar mearfall - gá dám dhó.



An Pápa 's a ngabhann leis -
is í an Eaglas, a-deir mé;
ní fhoil eaglas oile acht so
againn a-bhus ar bioth cé.


L. 181


Do gheall Dia, dá dhearbhadh sin
- iomdha sgrioptúir ribh dá rádh -
Eaglas shoifhaicsiona Chríosd,
nách cuirfithí síos go bráth.



Don Eaglais Rómhántha a-mháin,
do coimhleadh so - dáil go bhfios:
atá anuas ó aimsir Chríosd
gan chlaochlódh, gan díoth, gan sgrios.



Gach eiriceacht táinig riamh
mall do thriall nó is gearr do mhair;
mar sin, nách eaglas do Chríosd
énchuid díobh - ná labhrad Air.



Ná h-abradh thrá Cailbhín claon,
nó Lúitér nar chlaon ó bhréig,
nó gibé drong leanas díobh,
gur ab d'eaglais Chríosd iad féin.



Gibé h-eaglas leanas siad,
ní tháinig riamh rompa féin;
más í sin an eaglas fhíor,
cionnas shaorfaid Críosd ar bhréig?



Do réir a n-admhála féin,
cúig céd bliadhain tar éis Chríosd,
an Eaglas Rómhántha cháidh
bá h-í a-mháin an eaglas fhíor.



Ionann dí an uair sin 's a-nos:
iodhbairt, sacramainte, modh 's bés,
creideamh, teagasg, cumhacht, brígh -
nír aithrigh sí a sdaid do ghrés.



Fán n-am soin dho bhádar ann,
aithre naomhtha, clann do Dhia;
gach a bhfoil againn a-nois,
is iad soin dho theagaisg siad.


L. 182


Fán n-am soin tháinig ón Róimh
Pádruig naomhtha, rér chóir súil;
gach a bhfoil againn a-nois,
is iad soin do theagaisg dhúin.



An creideamh dho theagaisg dhúin
Pádruig búidh, deisgiobal Dé,
má dho thréigseam, fionnam uaibh
cia h-í an uair dho thréigseam é.



Sighne seineagailsi Dé
ar ar n-eaglais léir dho chách:
atá ar lorg na n-easbal saor,
aondha, coitcheann, naomh do ghnáth.



Ar lorg na n-easbal atá;
ní beag ámh dá dhearbhadh so
a ndénadh céideaglas Chríosd
gach ní dhíobh do-níse anos.



Atáid easbuig innte fós
- dearbhadh oile is lór air súd -
ar lorg a chéile do ghnáth
ó ló Pheadair gus an lá a-niú.



Atá ar n-eaglas aondha leis:
aonchorp cumaisg gan cheilt inn;
aoncheann ar an gcorpsa atá;
na boill thrá do réir an chinn.



Coitcheann acht gidh geanmnuidh í:
gabhuidh sí gach neach lén toil;
atá in gach aimsir ann riamh;
do bhí in gach tír thiar is toir.



Naomhtha fós ar n-eaglas shaor;
beatha a naomh, a teagaisg dhúin,
iomad a míorbhal 's a fádh -
lór, do chách, dá dhearbhadh súd.



Na sighnisi - maith a gciall -
gár n-eagluisne riamh atáid;
sighne codarsna, is olc bríogh,
gár n-easgcáirdibh bhíos 'na n-áit.


L. 183


Iomdha dearbhtha nach iad sein
- mun bhudh fhada bheith gá ríomh -
dhearbhas gurab í so amháin
an eaglas cháidh dho thogh Críosd.



Marsin gurab creidthe dhuit
gach ní ruibh dá n-abrann súd;
creidthe uaithe briathra Dé
ós dí nochdas féin a rún.



Lúitér, Cailbhín, taoibh ré taoibh,
san mhéid ghabhas dá dtaoibh súd
mó is inchreidthe eaglas Dé
ós dí nochdas féin a rún.



Mairg chreideas Lúitér na n-olc:
olc a choingheall, olc a chiall,
olca na teagaisg tug uaidh,
's is olc an t-oide ó bhfuair iad.



Do rinne bhréig ré Dia mór;
mairg do chreidfeadh dhó dá éis,
brég ré daoinibh, amhlaidh sin,
cosmhail, ris, go ndiongnadh sé.



Bochtacht, óghdacht, umhlacht réidh,
do Dhia féin do gheall san iad;
do briseadh leis - beag dhá ulc -
na trí móide tug do Dhia.



Tug bochtacht ar shaidhbhreas mbocht;
do thréig umhla ar a thoil féin;
cailleach dhubh aige 'na mnaoi,
'na mhanach gé dho bhí sé.



Oide foghlama fuair sein -
an diabhal, mar a-deir féin;
gibé mar sin chreideas dó,
don diabhal fós chreideas sé.



Mairg do chreidfeadh Cailbhín fós,
plannda oile a pór na lochd;
oide Lúitéir, Lúitér féin -
do sháraigh sé iad ar olc.


L. 184


Ughdar gach uilc, do-ní so
do Dhia ghlórmhar - olc an chiall;
ionann dósan agus soin
a rádh nach foil Dia 'na dhia.



Gur pheacaigh Críosd, aonmhac Dé,
a-deir sé - ní fearr an chiall;
ionann dósan agus soin
a rádh nach foil Dia 'na dhia.



Atá ar buile - táir a chiall! -
nó ní h-ionann dia atá róinn:
dia oile, cosmhail ris féin,
is eadh adhras sé dar ndóigh.



Ar an ndia, dá n-adhrann féin,
olc labhras - gibé is dia dhó;
an Dia fíre adhras cách
ní creidthe thrá, air, a ghlór.



Ní abraim go ndearna soin
adhaltrannas is goid go lór;
achd ghibé dho-ghénadh iad
measaim nár chreidthe ar Dhia a ghlór.



No coirthe fá deara ar tós
Sodoma do dhódh go lár,
ní shaorfainn nách dearna riamh
's nach dénadh fós iad do ghnáth.



Fiafraigh dá shlinnénnuibh féin,
fiafraigh dá bhuachaill shéimh shlim
's do Bhésa, dá dhalta dil;
a n-abruid sin, creidfidh sinn.



Ar áirmheamar sonn anois,
sa gcéd urdail ré a gcois súd,
meastha ar an ndís do níodh iad
nach dóibh dho nochtfadh Dia a rún.


L. 185


Meastha fós nách bíodh ré a n-ais
an Sbiorad naomh, an fhlaith fhíor,
dá gcoimhéd mar eaglais nDé
ar sheachrán 's ar bhréig, do shíor.



Ní chreidfeadh acht duine leamh
don dís sin is dá lean iad:
míle brég i n-aghaidh Dé
's 'na n-aghaidh féin do níodh siad.



Ní creidthe dhaoibhsi, is é a chríoch,
rúindiamhra an ríogh uatha súd:
creidthe ón Eaglais briathra Dé
ós dí nochtas féin a rún.



Atáid briathra Dé ar dhá mhodh
- creidthe ón Eaglais gach modh díobh:
cuid dhíobh san sgrioptúir atá,
cuid ar cuimhne ag cách do shíor.



An sgrioptúir, gidh líonmhar dhó,
a chreideamh narab lór leat:
iomdha neithe a-dobhairt Críosd
nár cuireadh ann síos fá seach.



A theagaisg mhionca gach laoi,
a ndearna in gach taobh 'nar ghabh -
cia an sgrioptúir, mar a-deir Eóin,
'na dtuillfeadh, fa dheoigh, a leath.



An mhéidsin nár sgríobhadh dhíobh
(briathra Críosd, airdríogh na ndúl)
gnáthchuimhne ar sean diaigh a ndiaigh
choimheadas, gan chiaigh, iad dúnn.



Gan sgríbhne mar sin do ghnáth
dho thoirbhir cách briathra Dé,
ó Ádhamh go Maoisi a-nuas,
gach drong nua don droing dá h-éis.



Do bhí fós an Tiomna Nua,
sealad anuas tar éis Chríosd,
gan sgríbhne, ar cuimhne, do ghnáth
's dá creideamh ag cách do shíor.


L. 186


Gibé adeir nách creideann sé
acht don sgrioptúir féin amháin,
fiafruighim dhe an gcreidthear leis
más é an sgrioptúir sein 'na láimh.



Dá n-abradh nách creideann féin
sgrioptúir Dé gur ab é sin,
fiafruighim deisean arís
créd fá gcreideann an ní a-deir.



Dá n-abradh go gcreid - gá dú -
gur ab é súd sgrioptúir Dé,
an treas feacht, fiafruighim dhe
nar légh sein san sgrioptúir féin.



An bhfacaidh san sgrioptúir riamh
- nó má dho chonnairc, cia an ball -
soisgél Lúcáis do bheith fíor,
soisgél Tomáis gan bhríogh ann.



Bheith d'óghMhuire riamh 'na h-óigh,
baisdeadh leanbh gur chóir dho ghrés,
bheith ar an ndomhnach don Cháisg -
san sgrioptúir, fós, cáit 'nar légh.



Gibé le gcreidthear iad so,
creidthe dhó - nó atá gan chéill -
nách lór an sgrioptúir a-mháin
gan chuimhne ngnáith bhréithre Dé.



Cia an sgrioptúir is creidthi thrá,
cia an ghnáthchuimhni a-tá fíor -
a gciall araon, muin ar mhuin,
creidthi ón Eaglais gach cuid díobh.



Más í an tuigsi bhuaidhreas tú,
ag so a leighios - gá dú dhó -
muna fhoghna a n-abraim dhí,
do-ghéabha arís ní sa mhó.


L. 187


Más í an toil is ciontach ribh,
slán libh, ní bheanabhsa dhí;
a leigheas ní ghébh re h-ais,
aithnidh damhsa go maith í.



An toil, dar ab seisi an corp,
buain uimpe ní bog an céim:
péisd is doicheannsa iná soin
nír dhealbh Dia, ní fhoil fan ghréin.



Ar fhuláireamh Ríogh na nDúl,
sruth Iordáin ag gcúl do thriall,
a grinneall do nocht an mhuir,
dá gluasacht do sguir an ghrian.



An pobal dár choisg mar súd
gluasacht nádúrtha dhúl mbalbh,
ainmhiana a dtoile do chosg
ní fhuairsean uatha a los arm.



Iomad míorbhal, iomad plágh,
bagar gnáth báis agus pian -
cosg ainmhian Fhoruinn, an ríogh,
ní tháinig díobh, nír fhéd siad.



Tionól Ifrinn an chraois duibh,
teaghlach nimhe, a bhfuil fán sbéir -
ní bhérdaois uile a los gleóidh
buaidh na toile, acht dá deóin féin.



Each fiadhtha ó nách fághthar fos,
a los eagla ná a los gráidh,
ní leig acht dá marcach féin
gidh glacadh a sréin amháin.



Meince a chách do trasgradh lé,
a marcach féin gidh é ann;
Solamh, Sámsón, Dáibhíoth naomh,
aithnidh dhóibh a taom nách fann.


L. 188


Sámsón acht gér chalma a neart,
Solamh, gér ghaoth ceart a chiall,
gér naomhtha Dáibhíoth go ngaois -
ainmhiana a dtoil do chlaoi iad.



Leigheas na toile do láimh
ní ghébhsa thrá - ní náir dhúinn;
ag so síos duitsi, ghidheadh,
teagasg beag 'na h-aghaidh súd.



Do chéidneithibh sgrúd go grian
an chúis fár chruthaigh Dia an tail:
ionnas go dtugadh, do ghnáth,
fuath don ulc is grádh don mhaith.



Maithe an domhuin, leath ar leath,
dá measthaoi linn fá seach iad,
maith fhíre, gan chumasg n-uilc,
díobh uile, ní fhuil acht Dia.



Tearc aonmhaith aca dá bhfuil
gan a h-urduil uilc ré a h-ais;
a n-uilc uatha féin atáid:
ó Dhia amháin fuairsead a maith.



Mar sin gur é Dia a-mháin
is aon chusbóir gráidh don toil;
ní h-ionghráidh, acht ar son Dé,
aoinní oile fán ghréin ghloin.



Ar mhaith mbréige nách buan ré
trégadh Dé do ba díoth raith -
an mhaith gan fhoircheann gan chrích
an mhaith fhíre ó mbí gach maith.



Mairg do thréigfeadh Dia na ngrás,
tobar lán shileas do shíor,
ar an saoghal, lag na bpian,
ar an gcuirr gcriadh théid i ndíosg.



Solas an bheatha, mairg tug
ar phríosún ndubh, ar uaimh gceó;
an fhoraois aoibhnis do bfhearr
mairg dho thréig ar ghleann na ndeór.


L. 189


Gleann na ndeór an saoghal bochd:
gan ann acht gol ná fáth guil;
príosún don tí thuigeas é:
uaimh dhorcha don té nách tuig.



Ní díol gráidh a bhfaghthar uadh:
díol ar fhuath an saoghal féin;
deoch neimhe a thiodhlaigthe thrá;
lomnán don bhás is d'fheirg Dhé.



Lán do bhochda a thoice mhór;
a aoibhneas fós lán do mhaoith;
an mhéid is milis dá ghrádh
ní bhí acht lán do dhomblas aoi.



Mairg charas a shaidhbhreas bocht:
beag a tharbha ag dol san n-uaigh;
a shealbh san tsaoghalsa féin
mó dho phéin don fhoirinn fuair.



Fríoth lé Solamh saidhbhreas mór;
aithnidh dhó nách mór a bhrígh;
díomhaoineas de ghoireas sé
's crádh inntinne an té gá mbí.



Beag tháireas an bheach dá mil;
a bhfríoth libh ar feadh do ré
saothar a chruinnighthe ort,
a tharbha so ní leat féin.



Dá gcongmhae agat do mhaoin,
bhudh beag a tarbha daoibh féin:
a coimhéad ortsa do ghnáth,
a caitheamh ag cách tar h'éis.



Ar dho cháirdibh ar do chloinn
do bhiadh tarbha 'na roinn súd,
an phian shíor tuille ar a son
dá bhfédthá mar so a roinn riú.



Dá bhfédthá, mar nách féd tú,
an phian tsíorsa riú do roinn,
roinn disi ní ghébhadh siad -
mairg do thréigfeadh Dia ar an ndroing.


L. 190


Díomhaoine na toice ad-chí
dá madh léir doit í ón toil
aoibhneas bréige an bheatha cé
díomhaoine thrá é iná soin.



An t-aoibhneassa - ga dám dhó -
gearr mhaireas, ní mór a bhríogh;
an phian toilltear ar a shon
mairfidh so tré bhiotha síor.



TRUAGH.



B 1614-19 17T
U Anaithnid

2



AN BRÁTHAIR CÉDNA ag trégadh an tsaoghail dó, ar an mboicht-
bheathaidh in ar chríochnaigh a laethe.



B 1614ob 17T
U Giolla Brighde Ó hEoghusa



Gabh aithreachus uaim,
a aoinmhic dil Dé;
ná tréig inn, ar aoi,
dá mhéid do mhill mé



Do mhill mé go lór
a fhlaith nimhe naoi;
dá mhéid do mhill mé
ná tréig inn ar aoí.


L. 191


Ó ló ar dtuismidh, thrá,
a-tá - truagh an gníomh -
gach olc rém ré riamh
ag tocht, a Dhé, dhíom.



Nír chuir eagla orm
éag im cheann i gcurp,
biothroinn do bhreath gceart,
teach Iofroinn rém ucht.



Mo chroidhe nír chealg
caidreamh aingeal 's ógh,
teagh nimhe na naomh -
ceadh acht mire mhór!



Uch, mo mhire mhór!
mo mhire rom-mill;
uch! oram, tré fheill,
an cholann do chinn.



Uch, is truagh mo thoisg!
nír thairg mé, a Mheic Dé,
cinneadh ar an gclí
nó gur milleadh mé.



Caoinfead mh'olc búdh-easd;
uch! is dénta dhúinn
caoi trér mire mhóir
nó go sile ar súil.



Nó go sile ar súil,
'na sruth díochra déar,
a cuibhreach, a cnámh,
go fuighleach a fréamh.



An teangasa tug
thú a bhfeirg roimsa, a Rí,
uch! suil do mharbh mé,
uch, nách balbh do bhí!



An bél do bhrosd th'fheirg -
uch, uch, is olc leinn
gan é ar ulaidh luim
nó ag cnumhaibh gá chreinn!


L. 192


Uch, uch, gan an súil
lé sillinn go saobh
'na carn cheannchruinn chriadh!
'na cearchaill darbh daol!



Uch, uch, gan an gcois
- cos na gcéimeann gclaon -
marbh, 'na criathar chriadh,
ag biathadh darbh daol.



Truagh nach tárla an lámh
- lámh do loitthi, a Fhlaith -
's forgla ar mball gá mbreith
'na gcrann nó 'na gclaich!



Na h-airm fhuaras uait
- ádhbhal uaim an t-olc -
iad innlim rét uchd,
iad do imrinn ort.



Ar imreas ort d'ulc
ní h-é do thuill tú,
ag loighe fán lia
's do chroidhe gan chrú.



Na boillsi, a n-íoc mh'uilc,
iodhbruim budh-eachd daoibh;
mó an fiach dhlighe dhínn,
a Thriath nimhe naoimh.



Na boill chriadhsa, a Chríosd,
cuma a n-iodhbairt uainn -
crú an deargochta dhúinn
mar eadhbarta uaibh.


L. 193


Ar mo shon tug tú
an troightheach 's an taobh;
an dá dheargbhois dúinn
do eadhbrais ar-aon.



Iodhbuirt mh'anman duit -
duitsi ní díol é;
uait féin fhuaras í,
gan dualas, a Dhé.



Gabh, im ulc, gidh eadh,
is 'na bhfuaras uaibh
- mó ar gcoir; cagaill dúinn! -
a bhfoil againn uainn.



GABH.
B 1614-19 17T
U Anaithnid



3



S. Bearnárd do chum an dánsa san teangaidh Laidne, a dtarc-aisne an
tsaoghail, ní sa líonmhaire iná mar atá annso. An bráthair bocht
rémhráidh-the do chum a nGaoidhilg an mhéid-si dhe.



B 1614ob 17T
U Giolla Brighde Ó hEoghusa



Truagh cor chloinne hÁdhaimh -
aimhghlic ceird an chonnláin;
díomhaoin dóibh a deighréir
glóir dhíomhaoin an domhnáin.


L. 194


Aoibhneas, is fháth tuirsi,
toice bhocht an bheatha:
téid a gal soin seacha
mar ghoil ré gcar gceatha.



Ní fhuil innte acht lasair,
nó litre ar leic oighridh,
nó brúcht shoighnéin shiobhlaigh
ar dtoirléim ó thoirnigh.



Truagh, truagh don tí mheallas
moil bhréigi is beag dtoraidh;
gnáth diombuadh 'na dheaghaidh
bláth diombuan an domhain.



Glóir dhíomhaoin an domhain
duille a ngaoith ar gluasacht;
treall, dá bhfaghtha a h-iasacht.
gabhtha greann ré a guasacht


L. 195


Mairg do-gheibh an nglóirsi;
gearr mhaireas a meadhuir;
's biaidh, go cian, fá a comhair
an phian 'na diaigh dleaghair.



Caidhe a-nois neart Sámsóin,
nó saoirEarcuil shlaitshídh,
neartghoil Chon an Chleitín,
gomh Eachtair nó Aicíl!



Cáit fós a bhfuil Solamh,
saoi go n-eagna n-iomláin,
nó an ríomhac seang soghráidh,
Ionat, do bfhearr n-iomráidh!



Caidhe cumhacht Shésair
nó sén Aileaxandair!
caidhi an carn chlach gcumhdaigh,
rath na n-arm nó an ardghoil!



Caidhe áille Abslón,
inntleachd Ariostotuil,
teanga thrén Thuil Sicir,
ó bhfuil frémh gach focuil!



A cholann, a cholann!
ad-chí cealga an tsaoghuil;
bíoth ort iná n-uamhain
a chríoch bhochd, a bhaoghuil.


L. 196


A bheatha bhiasd gcíordhubh,
a charn luatha ar luaghal,
a bhláth ghég ar ngránadh -
créd is fháth dot uabhar!



Gearr go mbia béisd chíocrach
ag creinn do chnámh rolom
a mbrugh chriadh bús cumhang,
a bhiadh crumh, a cholann!



Gearr go mbia an béal corcra,
'na chriaidh fhuair d'éis dubhaidh,
's meoir thiomchaola an troighidh
fa fhionnchaonna ar uluidh.



Budh iomdha go h-aithghearr,
a n-áit na rosg rédhghlan
's fán taobh seada sídhgheal,
leaba ag daol gá dérghadh.



Ag sin críoch do chumuinn
ris an gcruinne gcealguigh
má a-taoi ar tí do chumhduigh
ná ad claoi, a chlí, dá cearduibh



Muna fhaghthar uaibhsi
umhlacht, aigneadh síothbhuan,
grádh coithcheann gan chlaochlódh,
bhur bhfoirchionn budh fíorthruagh.



TRUAGH.



Cuthbert McGrath, O.F.M.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services