Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Standish H. O'Grady

Title
Standish H. O'Grady
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1853
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1943

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Standuis Aodh Ó Gráda ccnt.



Is binn liom ar chaoleach ag éiliomh an tsionnaigh,
is binn liom ar théadaibh na dréachta dhá seinnim;
is binn liom 'measg séimh-fhear ag taosgadh mo ghloine;
'S is trí bhinne spéir-bhean mar chéile 'ná 'n uile.



U Nioclás Ó hAodha



Niocolás Ó hAodha, ag freagra:
is binn liom do bhréithre tá léigheanta glan snuighte,
'S is binn liom na tréighthe so réighfeadh led shlighte,
Is binn liom an fhuil ghaodhalach ad' fhéithibh 'na sruithibh,
Ó's gnaoi leat tar aonrud geal-chéile gan teimhioll.



U Standuis A. Ó Gráda
Standuis A. Ó Gráda cct.
Gach bárd dá raibh a nÉirinn,
Gach bárd dá bhfuil lem' rae-se,
Gach bárd dá gcanfas Gaoidheilg,
Mo ghrádh 's mo chumann féin é.



Standis Aodha Ó Gráda cct.
Ait liom gloine lán gan doithcheall,
Gráin liom toice gann gan fáilte;
Ait liom málaídhe píob ar saothar,
Is riamh bo mhéin liom rann ag bárdaibh.


L. 120


B 1853 19L
d'éis tamail dam san mbaile-seo 's gach ball dom thriall,
is anamh thig am' aice-se aon dream lé'r bhinn
na ranna glioca leanamhain mur chúrsa grinn
go blasda milis cheapach file súghach 'nár ttír.



Do b'fhearra leó mar racaireacht 's budh rógha, dar linn,
aon ghlafarnach ó spreas ar bith na brúchtaibh baois
'ná na bearta nirt go gaisgeamhail thug Fionn 's an Fhian
go blasda beacht dá raideadh dhóibh a n-úr-ghuth Ghaoidheal.



An teanga bhinn do labharthuíghe gan ghruaim ag Niall
is mairg a beith treasgartha go fann mar chidhím,
gan anacail dá sgaradh linn ar ccúl go críon,
a's a samhail uch! ní mhairfidh ar an domhan-so arís.


L. 121


Staindis Aodh Ó Gráda cct.
Mar fhiach dubh tá an diabhal a's a chumplacht uilc,
ar thí mise shraoileadh a n-uair an ghoimh,
acht go nguidhim sibh, a Rígh dhil a's Uasail-Mhic,
go ríoghacht neimhe fá sgiath m'anam thabhairt gan ghoin.



U Nioclás Ó hAodha
Niocolás Ó hAodha, ag freagra:
Guidhim an Ghrian-bhean mur liaigh againn ann gach buadhairt
is broid,
is tré na cliabh glan do thriall an té d'fuasguil sinn;
bíodh a hiarraidh re nár n-iarraidh chum a Mór-Mhic gil,
a's ciapadh sé an ciar-spioraid is a chualacht coin!



B 1855 19L
U Anaithnid
Sin chugad, a chara cháidh,
Mír de nuadh-rannaibh ar bhfile,
Séamus Mac Cuirtinn caomh,
Árd-ollamh le dán a tTuadhmhumhain.


L. 122




Staindis Aodh Ó Gráda, chugam-sa, sgríobhnóir an leabhair-seo .i.
D. Mac Consaidín.



U Staindis Aodh Ó Gráda

Na friotail chaoine do thoradh pinn ghlic do sgríobhais le
báidheamhlacht,
's do chuir tu am shlíghe ó'n Innis aoibhinn, chum grinn am'
lán dhúiseacht,
a dheimhin siar duit, a fhile mhaoidhim-se go buídheach gan phlás
meabhlach,
gur chritheas trím ar mire meidhre, le haoirde an láinchiúil sin.



Drochluige laoidhe níor thuigthe riamh ná rian beag táimh-niuil
duibh
á ccuisle croídhe aon Mhic Cuirtinn ghil, an síol le bárdamhlacht;
acht binneas bríghe chum srotha siansa mur bhíodh a cClár
Thuadhmhumhan
's an fuinneamh foinn ag goradh gaoise ag filidhe ba ghnáthdhual
ann.



'S a dhuine ghlinn a leirg líomhtha do chinn a mbláth-fhoghluim,
bo mhinic draoi chine chliabhghlan do dhílse ag trácht duanphuirt
go snuighte suíghte soilbh seinteach suiridheach ceart sámh sleamhain
bog,
do mholfadh míne a mbruinnghil mhíonla nó fial-bheart árd-chodhnaigh.



An codla doimhin le sosadh cainte le cian atá ag múchadh
na cruite ríoghdha a seilbh sinnsear na mBrianach mbárrlonnrach
le duirbhtheimhioll 's le truime geimhleach d'á claoidhe ní bráthbhuan
bhiadh
má chumann fíre do thuilleadh saoithe d'á cloinn d'á práinn-
fhuasgailt.


L. 123


Beannacht is céad ad' ghaor go caraidmheónach
a's tearmuin Dé dod chaomhnadh ar aindeis bhrónaigh,
's nár bhfada mo chéim ó Ghaodhail san mbaile mór so
go bhfaicfead thu féin le spéis am' aice a Dhomhnaill.




Staindis Aodh Ó Gráda ccnt.
Le grádh óir tar bóchna téighid buidhean gan áireamh,
le grádh póite bhíonn mór-chuid ag stialladh a sláinte,
le grádh pógtha ban óg chaillid mílte a láithe,
's le grádh ceoil-teangan threoraim chum pinn mo lámh dheas.




Rann adubhradh le Staindis Aodh Ó Gráda, an uair do fágbhadh san Spáinn
é gan a chuid airgid ná éadaigh ar n-imtheacht d'á luing go hoban:




A luing gan truaighe ag dul anonn uaim tar sáil le gaoith,
a dfág gan fuagradh mé sna triúchaibh ná'r ghnáth dham caoin;
nach docht an chumhangar so dom shuathadh an lá so sgríobhaim
gan lom-thuistiún agam le spiúnadh as mo mhála aníos.


L. 124


Staindis Aodh Ó Gráda cct.
Cé fada bhíos ag taisdioll tíortha a's tar mór-mhuir accéin,
's céad amharc coímhtheach 's leabhar cruinn-ghlic dom' sheoladh
chum léighinn,
ní fheacas sgríbhin ba ghreanta pinn-straic 'ná'n clódh so na
nGaodhal,
nó ranna b'aoirde 'ná a ccanadh draoithe ár speóis-ghotha féin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services