Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leaves from Belfast Manuscripts

Title
Leaves from Belfast Manuscripts
Author(s)
Mac Cuarta, Séamus Dall,
Compiler/Editor
McKernan, Owen
Composition Date
1732
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1942)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aisling an Daill Mhic Cuarta
Is buartha chuaidh mo shuan aréir domh,
I nguais-bhruid is gan fuasgailt ó mo phiantaibh.
Tháinig amhra fá'n amsin do mo fhéuchaint,
A n-aisling a chuir ceasnaidh air mo chéadfaidh,
Is d'fhág sí mise air easbhuidh chéille.
A choidhche feasda sé mheasaim nach n-éaraim,
Is mór mo eagla go dteastaidh mo thréartha,
Le feicsin teisbeanadh na sgéimhe,
Annsan oidhche thig ..?.. ó mo neulannaí.
Thig ríoguin na maoth-chrobh do mo fhéuchaint,
An naoidhe ghasta air thaobh leaptha do mo
bhréagnadh,
As thug frasa ro-bhlasta ó n-a beul damh.



Chliseas, ghráineas agus d'éirigheas,
Le feicsin teasbanadh na sgéimhe.
B'í bo uaisle is bo stuama a ngach béasa,
Ceóltaí go lór air gach taobh dí,
Sgabhta cogaidh fá n-a n-ór-arm gléasta,
Sgaoidh bhantracth sic mhian-mhánla chiúin chéillidh,
Aige an nainidh (?) cheannsaidh na ngann-chíoch gléigeal.
A gruaig a n-a dualaibh fighte léithe,


L. 190


Ana ngéagaibh dlúith go drúcht 'sgo feur léithe,
Ana ngabhluibh cornach copach craobhach,
Ana ndualaibh ag sguabadh 'na déigh-san,
'S ana bhfáinní cóir go bróga léi-san.
d'fhág mé amuigh fós go lór dá tréartha,
Pronntair na seód is stór na héigse,
Croidhe gan locht bhí trusdamhail méineamhuil,
A dearca mall ba tatbhuidh féansgur,
Stór na mbeach air tacht air gach taobh dí,
A géaga míne maoith-chroibh méurlag,
A héadan ciúin air shnú na bhfaoileann,
A déide chailce air aiste na néamhann,
A gruaidh mar chorcra 'sa mailidh mar éibhear,
Is dá ndéarainn níos mó, tar ndóidh níor bhréag é.



Thuit mé a dtuirse 's a gcumhaidh 'na déigh-san,
Mar Mhac Cumhaill fá n-a chéile, nó Glas mhac an Chairde
Béarra,
Nó mar righ Uladh do mharbh na Laochraidh,
Mar sin damhsa brúighte, tréith-lag.
Dhúisgeas suas is d'éirigheas,
Is ghluaiseas le ruag-ghaoith gach sléibhe,
Go Cuan na mbradán 's go Bealach an Aodhaire,
Go Dún Pádraig, áit na cléire,
Go Carraig Fheargais mar mbíonn arm da
dtréanadh,
Go hInnis Eoghain mar labhairtear Géilig;
Thug mé cuairt go bruach na hÉirne,
Ana nEas Ruaidh is go Cruachain Mhéadhbha,
Go Loch Garman na ngarg-sgéala,
Go Gaillimh na long 'sna dtonn téasgach,
Go Luimneach mar raibh contuirt air Ghéalaibh,
Ag dal trasna mo asdair go tréith-lag,


L. 191


Go Corcaigh na gcuan a mbruach na hÉireann;
Is tugadh anuas go cuan Bhinn Éadair.



Air tacht ana sráide faidhche Féafaidh,
Tharluidh damh stuair na gcuach-fhult créabhach,
Do bheannaidh damhsa, is sé d'fhiafruigh,
"God é theasdaidh uait, a fhir stuaicidh Ghaedhealaigh,
"A tháinig air bhruach mo shuain do mo bhuaidhreadh?"
"Theastaidh uamsa stuair na gcréabh-fult,
"A naoibhean mhasglach bharramhuil bhéasach,
"Le ar chaill mé mo shnuadh, mo lúth is mo éisteacht,
"Mo chisde, mo stór, mo ór 's mo éadáil;
"Shiubhail mé 'na deóidh cuid mhór d'Éirinn
"Is ní fios damh fós an cóigeadh a mbíonn sí."



Sé dubhairt sí liom de chomhrádh chéillidh,
"Pillsa abhaile agus codail má fhéadair,
"Ní fhaca tú acht aisling bheag bheadaidhe, 's ná
géill dí."
"Más fiosach thusa, aithris thú féin damh,
"An de shíodh-bhrugh nó de dhroing Tuath Dé Dan,
"An bhfuil tú air iomlán bhantracht na sgéimhe,
"An tú Gráinne na mallrusg nó Deirdre,
"A chuaidh go hAlbuin go meabhlach ó n-a céile,
"Le ar bartradh, le ar básadh na tréin-fhir,
"Nó'n tú Aimhlien le hUilliam a d'éaluigh,
"Is gur ana nDrólainn, chuaidh tóireacht 'na
déigh-san,
"Go dtugadar leobh í ana bhFódla tar éigin,
"Is gur bho creicne níod teas doibh mar éadach?"



Asé dubhairt sí an ainnir a bhuaidhir me:
"Ná trácht níos mó air óg-mhná péacach,


L. 192


"Leig tú do sgíst 'sis mithid duit éirghe,
"Is taisdeal go dian gach taobh de an réagún,
"'Sis dimhin má níer go bhfuighidh tú sgéula,
"Ó ríoghuin na maoth-chrobh péarlach."



"Nach deacair do an té atá dall 'sna léar dó,
"Siubhal ansa tsligh gach taoibh de Éirinn?
"Acht guidhim-sa an Righ a rialas néaltuidh,
"Mo sheóladh sa tsligh le bhfuighidh mé sgéul uaidh.
"Cad é an taoibh a mbíonn tú no cé thu,
"Chuir an phian-so go daoir air mo chéadfuidh?
"Do do aoinsearc 'sé shaoilim go néugfaidh."



"Do mo aoinsearc-sa a choidhche na h-éog-sa.
"Bíom seal a Sliabh Guilinn is seal ansan Éirne,
"Tamall sa mBanna agus seal a mBinn Éadair.
"Bíom seal fada ag Canan(?) Chinn Shléibhe.
"Níol brugh nó bruighean a gríochaibh Éiréann,
"Nach ua Ghleann Diamhair go taoibh Shliabh Feidhlim,
"Ó Dhuire na maol go dtí Carran Saobha,
"Nach mbíom san oidhche mar is mian liom féin é,
"Mo ainm-sa sgríobhtha síos má léigheann thú(?),
"Go bhfuil mé 'mo inghin le cian aig Féinius.
"Is aithne damh an nígh chuireas daoine air buaidhreadh,
"Is aithne damh an grádh chuireas rámhuil air céadfuidh."



"Chlis mé annsin aig cluistin na sgéula,
Is ní bhfhuair mé agam acht leabuidh gan chéile.
Thuit mé a dtuirse 'sa gcumhaidh 'na déigh-sin,
A n-imnidh bróin gach lá domh aig éirghe,
Is mara dtigidh níos mó tar ndóigh táim réidh léithi;
Is na buartha fuaidh mo shuan aréir damh?



Críoch air aisling an daill.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services