Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Three Meath Poems

Title
Three Meath Poems
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1942)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Fear Croidheamhail dá shíneadh faoi'n bhFód
Fá spré bheith agam 'sé shaoilim gur fanómhaid -
So sláinte gach duine dá suidheann fán mbórd,
'S dearmad ná déanaim do Nansaidh ná Polaidh,
Air ndúil is go dtiubhradh gach cailín damh póg.
Le buidéal a's gluine cuirim cian díom a's tinnios,
Ní'l ní annsa gcruinniú is deise ná 'n t-ól;
Má bhíonn aon phighinn air do chumas beidh gach aon leat go
luinneach,
Bean a' toighe bheith ann d'aice 's nach aerach do dhóigh!



B'aoibhinn a's b'ait liom 'mo shuidhe os cionn cupáin,
'S sé galúin a's dá fhíchid 'mo thimchioll don mbeóir,
Gach óig-fhear breágh barramhuil a dhóthain de chaitheamh,
'S a d'ólfadh a ghluine go hinneallta air bórd.
Nach aerach a dhearcfainn 'mo shuidhe mar a bheadh caiptín,
M'fhéasóg bheith beárrtha 's mo pheriwig air dóigh,
Fear ceóil a bheith agam 'na shuidhe air mo dheas-láimh,
Píopa tumbac agus jug ag mo shróin!



Ní'l acht duine bocht faedhbhthaí (a) mbeadh inntinn ró-bhuaidheartha
aige,
Thaisgeachadh cuid lae ('s) nach gcaithfeadh é lé spórt,
'S go dtiucfadh aon neach 'na dhéidh air a bhainfeadh as pléisiúr,
'S a dhiúltfadh ais-éadach chuir air annsa gcómhra.
Tiucfaidh an bás air a ghéaga a's crupfaidh (a) chuid fétheacha,
Cha léigeann a chroidhe dhó a leigheas annsan am;
Má smaoineann sé air shaidhbhrios cha bhíonn ann ach cladhaire
Nach mbuainfeadh sin pléisiúr a's aer as a dhram.



Nuair is mian leis an Áird-rígh a theachtaire dána
Chuir 'mo chuinne mar bháille dom' astradh as clódh,
Cha bhíonn gol nó gárrtha 'mo thimchioll fán tráth sin
Acht iomad do bhán-soithigh líonta den mbeóir.


L. 158


Cha luighfinn faoi aon neach a' cur síos mo thréartha
Le glórthaí gan chéill a's gan brón air a gcroidhe,
Mar shealgairí 'g éirghe i mbárr cnuic nó sléibhe,
Nó gadhar-chona a' glaimnigh tráth chaillid an fiadh.



Le héirghe 'n lae ghléghil beidh mo chomhra dá dhéanamh
Do chlárthaí breágh leitheadach 's iad spárrtha go teann,
'S ceathrar breágh tréitheach le m' iumchar go haerach
Air chróchar do réidh-mhaidí snuighte le fang.
Beidh meadhair a's pléisiúr a's ceileabhar breágh aerach,
'S fuaim ag na heunlaith ag sinnim le spórt.
Leagaigí 'mo luighe mé air chúl mo chinn sínte -
Ag súd an fear croidheamhail dá shíneadh faoi'n bhfód.


L. 158


B 1850ls 19L
U 0401
II



Agallamh idir Séamus Mhac Domhnaill
agus an Madadh Ruadh



Séamus Mhac Domhnaill:
A mhadaidh ruaidh, ná raibh tú buan
Go dtiubhra tú luach na n-ireóg dhamh,
A chuileáin don gcuan, nár thagaidh tú (i) gcruas,
Mo mhallacht go buan go dtuitidh ort!
Nuair a rachas tú (ar) ruaig 'un a' Bhriotáis so suas,
Air d'asdar nár fhuaraidh do chosa fút
Go mbeidh Pollock 's a shluaighte do dhiaidh annsa ruaig
'S nár thaga tú 'nuas go mbeartar ort!


L. 159


An Madadh Ruadh:
An gcluin tú mé, a Shíomuis? Stad dod bhíodán,
Óir adeirim nach fíor a n-abrann tú.
Nuair a bhí tú air an aonach ag ceannach na gcaorach,
'Sé thug mé mo sgríb an bealach so.
Níor chas ann mo shlighe dhamh ach coileach a raibh cíb air,
'S cearc a raibh gríobha creapthaí léith,
'S gurab é a ndearna mé ('e) dhíoghbháil nuair a fuair mé mo mhian,
Gur bhain mise íoc a leaptha asta.



Séamus Mhac Domhnaill:
Dá dtiubhrthá-sa an Bíobla air do dhá ghlún sa ngríosaigh,
A ghadaidhe 'n dá chroidhe, cha chreidfinn thú.
Gur ó Philib na mblaosg a cheannuigh mé 'n dís
A chosain mo thír 'gus tuistiún damh.
Ní'l seachtmhain nó mí nach mbéarfa siad líne,
'S gur i dTeamhair na ríogh a biathadh iad;
Nuair a thoiseachadh mo sgaoith air cheileabhar san oidhche,
Go dtóigfeadh siad croidhe fear creafadaigh.



Is fiosach do thriúr dá bhfuil sa mBaile Nuadh
Go ndearna tú cúis do chroichte leó;
Chuaidh tú air do rúide chuig Philib Mhac Giolla an Dúin
Gur fhuaidigh tú cúpla lachan uadh;
Cearc is trí fíchid ó Eibhlín Nic 'Nghaos,
Coileach breágh saoitheamhuil is malard fós -
Cuirfidh sinn dligheadh air Hughy Mhac Aodha,
Muna leagfaidh sé síos an bhothaidh (?) ort.



Mallacht Naomh Eóghain, Naomh Peadair 's Naomh Póil,
'S mallacht ó chróin na bhflaitheas ort;
Mallacht nó dhó de chuid an Athair Póil,
'S mallacht an Athair Seóin Uí Alpainn ort.
Tinnios is dócamhal i n-astar do sgóig',
'S nár fhagh' tú choidhche cabhair nó furtacht ann,
Air uair do bháis do thachtadh le cnáib,
Is easgoin na mbráthair go dtuitidh ort!


L. 160


Guidhim Mac Dé, na habstail 's na naoimh,
Nár thagaidh tú (i) gcéim nó (i) dtreise choidhche;
Arraing ón éag thríd cheart-lár do chléibh,
Is amharc do radharc go dtaibidh ort!
Nár fheicidh tú sméid do sholus an lae
Go dtiucfaidh na gadhair air maidin ort;
An t-Athair Tomás 's a Scape do dhiaidh annsa chase,
Go mbainfidh sé 'n bréid 's a craicionn díot.


L. 161


III



Cat Phara Héat



An gcluin sibh mé, a dhaoine, 'tá macánta saoitheamhuil?
An gcualaidh sibh an gníomh úd do-rinn' Philib Bán?
Cat geanamhuil croidheamhuil aigeantach líomhtha,
Ghoid sé as a' tír é is nár thagaidh sé slán!
Budh le Para Héat é, chronthuigh na céadtha é,
Tá Anna le buaidhreadh go suarach 'na luighe,
Tá fir agus mná 'na farraid gach lá,
'S tá daoine dá rádh nach n-éirgheann sí choidhche.



Tháinig Brighid Ní Chúmhna 'níos casta 'na gúna
Air maidin Dia Luain fhagháil faisnéis' gan stad,
Labhair sí go ciúin le hAnna bheag chúmhartha:
"'Sé chuala mé go siúrálta go bhfuair tú do chat.
Thuas air a' dún a hinnsigheadh (i) gcuid rúin damh,
Go dtáinic sé air shiubhal oidhche a bhaile anna sac.
Go sguabaidh an sluagh sídhe air siubhal annsan oidhche
An té thug an sgríb air do phisín beag breac."



Tháinig Cathal Mhac Cléirigh go moch ina léine -
"A Phádraic, a théagar, an bhfuair tú do chat?
Fhad is bhí sé sa tír dheamhan lán bucsa snaoisín
Do mo chuid coirce fuair luchóg nó rat.
M'anam 's dair fiadh, gidh go bhfuil mo cheann liath,
A Phádraig, dá mbeadh fhios agam cé ghoid do chat,
Chan íosfainn greim bí 's cha chodlachainn oidhche
Go mbainfinn géar-íoc as 's go ndéanfainn a shlad."



Arsa Anna bheag mhómhar, "A Chathail, budh tú 'n cómh-
arsanach
Nach ngoidfeadh 's nach bhfuaideachadh madadh nó cat,
'S bheirfinn mo mhóid air Bhíobla na Róimhe
Nach bhfuil aon-fhear annsa gcómharsanach' comh macánta
leat.
Dair mo choinnsias, a Chathail, dá mbeadh an pisín air fagháil
Gheóbhthá é 'gus fáilte roimhe céad fear.
Chan fhuil sé san tír, 's cha bhíonn sé a choidhche,
Fear ab' fhearr ná thú féin fá thamall do ghar."


L. 162


Air maidin Dia Sathairn tháinig Sgalaidh 'na sheán-rith -
"A Pháraic Uí Dhálaigh, cha mhaith liom do chreach,
'S dair a bhfuil 'e ghabhair ó so go Baile Fhobhair,
Chaill mé mo mheabhair ó d'imthigh do chat.
Ó luigheas an ghrian, le corradh 'gus bliadhain,
Char chodail mé néall 's char cheangail mé mart,
Ach ó thuiteas an oidhche mé féin is mo mhnaoi
Le dhá bhata droighin a' rúsgadh na rats."



Níorbh fhada 'na dhéidh sin go dtáinig Taimidh o Géurtaigh
A' mairgneadh 's ag éagcaoin 's ag greadadh a lámh;
Tháinig Neiligh go céillidhe 'na dhiaidh annsa téirim -
"A Thomáis, a théagar, bí thusa do thámh.
Stad dodo ghlaerthadh is na bíodh ortsa buaidhreadh.
Nach bhfeiceann tú Sgalaidh nach gcodlann aon oidhche?
Cé go bhfuil ar gcuid millte 's air ghar a bheith caillte,
Dhéanfa mar sibhte air na luchógaí chlaoidh.



Tháinig Para Ruadh go dian anall le n-a sgín
'S tamall do Bhíobla leis ina láimh,
Spalp sé go fíor é i bhfiadhnaise na tíre
Go sáthfadh sé an sgian sa ngadaidhe go cnáimh.
"Ní'l coirce nó líon dá bhfuil agam san tsaoghal
Nach bhfuil caganta spíonta ag luchógaí 's rats;
Sgrios agus dícheannadh, gorta 'gus íota
Air an ain-Chríostaidhe sguab as an uainn do chat."



Tháinig Brian beag go cródha gan stocaí gan bhróga,
Gan hata gan chóta gan bheist air a dhruim;
Sheas sé mar leóghan os cionn alt Mhic Uí Ghabhann
'S ghlan sé an Currach Mór go toigh Pháraic le léim.
Tharrainh sé cloidheamh amach ó n-a thaobh
'S d'fhiafruigh do Pháraic (a') raibh an gadaidhe sa tír.
"Má bhím 'na dhiaidh go lá 'n Luain cha phillim go suain
Go sgathfaidh mé 'n ceann dá cholainn go fíor."



Chuaidh Matadh-Come-Round 'un a' Chounty Down,
Má b'fhíor gur ó Roundtree rith sé air siubhal leis an gcíos.
Ní headh, 'pon my faith, acht cat Para Héat
A lean sé go h éag nuair a d'imthigh sé síos.


L. 163


Bhí an duine bocht buairthe trioblóideach aertha
Gur chualaidh sé 'na dhéidh sin go bhfuaras an cat,
d'éirigh a chroidhe comh hárd leis a' ngaoith
's tháinig sé arís chuig Roundtree gan stad.



Tháinig Phildí Ó Cearbhallán 'sé choisgeadh gach starmán
Idir cómharsanaigh 's lucht margáin le binn-ghlórthaí béil.
Air seisean le Páraic, "Gheóbhaidh tú flaitheas a dh'ár-
thaidhe,
Ach bíodh agad foidhid mhaith 's ná bí gan chéill.
Gheóbhaidh mise an féirín má tá sé 'stoigh (i) nÉirinn,
'S cuirfidh mé i ngéibheann an gadaidhe gan mhoill;
Beidh againn mór-phléisiúr is ól fada i n-éinfheacht
Ag gabhail ar gcuid bhéarsaí 's ag canadh gach grinn."



Fuair Phil cása pistiol is cloidheamh géar nach mbrisfeadh,
Fuair Máire réidh go cliste dhó bunnóg 's cearc bhreac.
Tráth ghluais sé 'un imtheachta d'fháig sé léith beannacht
'S d'árduigh sé a lón air a' mhuin ina sac.
Chuaidh sé thort síos go Doire 's aníos Loch a' Chuire,
Ó shoin go Cill Sgire 's aniar go Druim Breait;
Ach air thaobh Ghleann a' Smóil air eilit sa tóir
Fuair sé lá spóirt an pisín beag breac.



Nuair a tháinig sé a bhaile bhí féasda 'gus cuireadh
Ag Páraic 'na choinne le ulghárdas is spórt;
Bhí fuisgí 'na thuile le n-ól ag gach duine
'S bórdaí thort leaghthaí le bia do gach seórt.
Bhí uasal is íseal anuas is aníos ann,
Mar a fuagradh sna nuaidheacht go bhfuaras an cat;
Bhí ól agus aoibhneas is ceól air feadh míosa ann,
'S thort annsa tír níor fhan luchóg nó rat!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services