Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1845
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN SÚISÍN BÁN



Do ráinig liom ainnir ar mhúscailt don lá,
Trácht na coille gluise cois imill trágha.
Báinchnis shnoighte mhilis bhúidh mhiochair mhná,
d'fhúig támhachlag me le cumann rúin di agus grádh.



Ar a trácht am choinne is cliste d'umhlas don bháb;
Gan cháirde fiosaim di go búch milis cáidh
Ar bhás na righthe, nuair a mhúscail an t-ár
Idir Pháris toir agus fir an trúip Menelaus.



Ba scáinneach snaidhmeach tiugh a fionndlaoithe ag fás,
Fáinneach deise ag tuitim dlúth léi go mán,
A brághaid mar lil, 's a ruisc mar dhrúcht criostail ar bán,
Gan cháim a braoithe, is luisne 'na gnúis ghil mar bhláth.


L. 97


"Fág me, a dhuine," ar sise, "is fonn leat me chrádh;
Go bráth ní thiocfaidh leat mo chlúsa do bháth;
Táimse (ag) guirm choimirc complacht na ngrás,
Mo chás, ar chluiche an bhruit bhuig lúbaigh ag námhaid."



"Do ráidhte binne i bhfuirm úrshlat an dáin
Do thálais liot 'na dtuile dúbailt gach práis;
Mo chrádh go gcuirfir mise i bpongcaibh an bháis,
Gan sásamh cluiche an bhruit faoi chlúda na bhfeádhach.



"Is dána thuigthear liot an connradh san d'fhagháil,
Gan pháirt gan chion gan fios mo chúise 'na dháil,
Gan scáth roim dhlighthe breitheamh cúirte ná stáit,
Acht fáscadh ar imirt chluiche an chungcais led phráing."



"An tu an bháb thug tuitim bile clú Cloinne Dá,
Nó an bháb thug scrios mac Uisnigh d'ionnsaigh tar sáil,
Nó an bháb chuir Conall cumais cúrsa chun fáin,
Nó an stáid thug bruid sliocht finne i dtriúch Inis Fáil?"



"Ní gátar tuille," ar sise, "scrúdadh dhon táin;
Mo cháil ní frithir liot i gcunntas na bhfáidh
Do mhnáibh do rith le hiomad drúise thar fál,
Le grádh do chluiche an bhruit bhuig lúbchluthair d'fhagháil."


L. 99


B 1848 19L

Cionn Trágha,
December 29th, '48.



'Uasail onóraigh,



Atá súil agam go ndéanfair foidhne ormsa lén' fhaid
nár fhéadas scríobhadh chughatsa insa mhéid nur éilighis me
mar gheall ar "an Buachaill Caol Dubh." Agus do bhíossa
ar mo dhícheall dá lorg dhuit, gur ráinig liom é dh'fhagháil ó
bhean dall darbh ainm Máire Ní Ghairbhiaith, sé ranna dhe;
agus an chuid eile ó uasal léigheanta Pádruig Ó Fuartháin
insa Daingean Uí Chúise; agus dubhairt sé liom gur chuir
Seán Ó Dála scríbhneóireacht chuige mar gheall air i
mbeagán laethaibh ó shoin. Anois cuirfeadsa chughatsa
le chéile iad, agus tá súil agam go mbeir buidheach díom;
agus déin féin breitheamhantas do thabhairt ortha, mar is
cuibhe dhuit go maith.



Atáim ro-bhuidheach insa méid tabharthas do chuiris
chughamsa led dearbhráthair, agus cuimhneamh orm an
fhaid (seo) ó bhaile; agus tá súil agam, 'uasail léigheanta,
go bhfaighidh an méid seo scríbhneóireacht tusa id shláinte
go maith mar badh mhaith liom tú bheith anois.


L. 100


Atá t'athair níos fearr anois 'ná mar do bhí sé tá
tamall ó shoin, buidheachas leis an Tighearna dhá thaobh
anois; mar n'fuil ní ar bith do thabhraistí le fagháil ó
Dhia is fearra 'ná an tsláinte mhaith.



Ní bhfaghaimse taitneamh (a) gabháil chun Baile Móir
nuair ná bíonn súil agam le tusa fhiscint ann, insa méid
'an taithniomh agus an grádh do bhí agam duit ó chuireas
aithne ortsa. Agus anois, 'uasail onóraigh, atá súil
agam, má tá uireasba ar an méid seo do scríbhinn ná
tabharfair achmhusán orm dá thaobh anois. Atá súil
agam do scríbhinn d'fhagháil uaitse chomh tapaidh is a
bheidh uain agat ar a dhéanamh anois. Agus atá súil
agm le breis nódhacht do chur chughatsa, an chéad scríbhinn
eile a chuirfead id láthair.



Anois, beannacht uaimse chughatsa, 'uasail onóraigh;
Séamus Gudman, mar ní bréag é t'ainm.



Pádraig de Lonndra, Cionn Trágha.




AN BUACHAILL CAOL DUBH, mar leanas:



Is fada fánach ar fiarán dam
Ag súil let fhagháilse, a mhaighdean óg,
Go bhfuil na táinte agus mise i ngrádh leat,
A mhion-chraobh áluinn na bhfáinní óir.
Bíodh gur náir dhuit mur' dtighir im láthair
Aon oidhche amháin is me fhiscint beó;
Is (a) chroidhe na páirte, mo mhíle slán leat,
'S ó ghlaeidh an bás me, agus tabhair dham póg.


L. 101


Maidean aoibhinn aerach 's me ag gabháil tríd an choill
chraobhaigh
Do casadh orm spéirbhean is í ag buint cnó;
Do leigeas (orm) léise gurbh fhánuidhe saobh me
Go ndéanfainn a bréagadh le cúpla póg.
Do shuidh an chúilfhionn lem ais go múinte,
'S do chuir sí síos dam a smaointe cóir:
"Is a bhruinngheal shúgach gur tu mo rún sa,
Go dtéighead i gcumhdach síos fé'n bhfód."



Do bhí bean uasal seal dá luadh liom
'S do chuir sí suas díom fóríor géar;
Do ghabhas lé stuaghaire na mbaile gruamdha
'S do dhéin sí gual dubh de lár mo chléibh;
Dá mbeadh a ceann súd ar thaobh an teampuill
Do bheinn gan amhras ar m'ádhbhar féin;
'S anois táim caillte, níl gnó (bheith ag) cainnt air,
Agus beidh mo mhuinntear ag gol im dhéidh.



Agus insan oidhche nuair a bhuinim díom ann,
Agus téighim 'an tuinn úd amach ar snámh,
Agus leanaim díreach ar fhaid na slighe 'muigh,
Agus as súd síos go dtí Muileann Geárr.
Leanann dís me de bhuachaillí groidhe mear,
Is dubhairt ná fillfeadh, is d'iarr leath 'om páirt;
Agus dubhart ná géillfeadh don bhuachaill caol dubh
Nó a' bhfúigfeadh céad míle fear 'n-a cháil.


L. 102


Nuair nach féidir ár gcol-na a réidhteach,
Fúigfead Éire le chéile fút;
Raghad go hÉigipt, nó seal don Ghréig úd,
Mar shúil leis an saoghal is ná ficfinn thú;
Nách truagh 'na dhéidh sin mo mháthair féinig,
Beidh ag géarghol 's ag sileadh súl;
Mo chumha mar thréig me ar fad mo ghaolta
'S gur ghuidheadar mése go dtéighinn san úir.



Isé an buachaill caol dubh é, liosta, léigheanta,
Fada, féithleach 'nar geanamhail snódh,
do chlaoidh me féinig, do chuir dhen tsaoghal me,
d'fhúig gan spréidh me gan caraid beó;
Anonn dá dtéighinnse go cuan Bhinn Éadair
Nó den léim sin go hInis Mór,
Cia gheóbhainn taobh liom acht an buachaill caol dubh,
Is chuir sé a léir-chrobh isteach im dhóid.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services