Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhan



Caibideal II



Badh chóir dom teacht thar an Spáinn,
leis, tír 'na bhfuil a gnó teistile agus
a gnó mianadóireachta agus a gnó
miotalóireachta ag fás go tiugh; acht
ní mór dom gabháil tháirsi agus trácht
do dheunamh ar thíorthaibh gur measadh
beagán blian ó shoin nár bhfoláir dóibh
bheith i gcomhnuidhe ag ceannach ó
náisiúnaibh ceárdaidheachta na hEorpa
Thiar. Cuir i gcás Breasal. Nách é
rud a bhí in áirithe dhi sin, dar le lucht
economidheachta, ná cadás do shaoth-
rughadh, agus a dhíol gan oibriughadh,
agus earraidhe cadáis a ghlacadh mar
mhalairt air? Sa bh. 1870, sa naoi
muilinn shuaracha chadáis do bhí aici ní
raibh acht 385 fearsaidí ar fad. Acht
sa bh. 1887, cheana féin, bhí 46 muilinn
chadáis aici agus 40,000 fearsaid i
gcúig cinn díobh san; agus ón 10,000
seol, náchmór, do bhí ionta go léir, bhí
breis is 33,000,000 slat eudaigh chadáis
ag teacht chum margaidhe Bhreasail in
aghaidh na bliadhna.



Chúig bliana fichead ina dhiaidh sin, sa
bhliain 1912, bhí, cheana féin, 161 de
mhuilnibh cadáis aici, agus 1,500,000
fearsaid agus 50,000 seol ionta san,
agus obair do bhreis agus 100,000 duine
ionta. Fiú amháin i Vera Cruz, i
Meicseag, tá tosnuighthe ar earraidhe
cadáis a dheunamh ar scáth oificeacha
custuim agus sa bhliain 1887 bhí 40,000
fearsaid ann agus do deineadh 287,700
píosa eudaigh chadáis agus 212,000 punt
abhruis. Ón mbliain sin i leith táthar
ag dul ar aghaidh i gcomhnuidhe agus sa
bhliain 1894 dubhairt an leas-chonsul
Chapman ina chuntas gur i muilnibh
snímhdóireachta Orizaba bhí cuid des na
measíní do bfhearr le fagháil, agus
"deuntar anois," ar seisean, "priontaí
cadáis a bhíonn chomh maith leis an earra
iasachta, nó béidir níos fearr ná é."
Sa bhliain 1910, cheana féin, bhí 32,000
oibridhe san 145 de mhuilnibh cadáis a
bhí san áit agus 703,000 fearsaid agus
25,000 seol nirt ins na muilnibh sin.



San India, ámhthach, iseadh breugnuigheadh
i gceart an lucht adeir ná fuil i ndán
do náisiúnaibh áirithe aon rud do dhíol
leis an gcoigríoch acht adhbhar neamhoib-
righthe. Do meastí riamh gurb í sin tír
ba dheimhnighe ag an mBreatain Mhóir
chum eudach cadáis do cheannach agus dóibh
í, leis, go dtí a bhfuil le fíordheunaighe.
Do cheannuigheadh sí breis is an ceath-
ramhadh cuid dá ndíoladh an Bhreatain
d'earraidhibh cadáis, ní headh acht a dtrian
nách mór (.i. ó luach £75,000,000
gach bliain ón mbliain 1880 go dtí an
bhliain 1890). Acht bhí athrughadh ag
teacht agus dá chomhartha san ní cuirtí
chum na hIndia in aghaidh na bliana acht
ó luach £21,680,000 go dtí luach
£25,680,000 as luach £110,440,000. Na
gnóthaí cadáis úd na hIndia do bhí chomh
neamhrathmhar ar dtúis, rud nár mínigheadh
i gceart fós cad ba bhun leis, is amhlaidh
dheineadar mar bheadh a bpreumhacha do
chur síos sa talamh go hobann agus go
doimhinn.



Foclóirín



Saineamhlacht .i. originality. Siné an focal


L. 5


Gaedhilge is fearr thugann bhrigh an Bheurla
leis sa chás so.



Na fórsaí nádúrtha, nó, fórsaí an nádúir,
natural forces. I mí na Nodlag 1902 bhí
leitreacha as "Chlaidheamh" ón Athair Peadar
agus ó dhaoine eile agus cuntas ionta ar
an mbrigh atá le "nádúr" agus le
"nádúrtha" i mbeulaibh Gaedhilgeoirí fé
láthair. Do réir deallraimh, tá an seana-
bhrigh imighthe acht cadnathaobh ná haithbheomís
arís é? Chífar an dá fhocal i "dTrí
Biorghaoithe an Bháis" agus in "Eochair-
sciath an Aifrinn" agus iad dá n-úsáid sa
chéill ina n-úsáidtear anois iad sa Bheurla
agus i dteangthachaibh eile na hEorpa.



"Sinn féin sinn féin" .i. self-reliance.



"Italy all by herself" atá sa Bheurla.
Abairt iomlán iseadh "Sinn féin sinn féin."
Tuigtar "is" roimis agus má deighiltear
an dá "sinn féin" óna chéile le comma
beidh an abairt gan brigh ar bith.



"Do shrois meanma..." .i. It
inspires the whole mass of producers."



Coimhdeacht na gcoigríoch, .i. "foreign
guardianship." cf. aingeal coimhdeachta .i.
guardian angel.



"Deunfaidh siad aithris..." .i. "The
best French and English patterns are
imitated and improved by a touch of national
genius and artistic traditions."



Miotalóireacht .i. metallurgy.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services