Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. De Mhaigh Tuireadh

Title
Conamara. De Mhaigh Tuireadh
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



De Mhaigh Tuireadh.



Má bhís ar bharr Shléibh Partraigh riamh do
thugais fá deara an mhágh fhada, chothrom atá idir
Loch Measga agus Loch Coirb. Téidheann sí ó
Bhinn Shléibhe go Cnoc Meadha, as sin
go Sbolgadán — gar do Bhall, agus ó dheas arís
go bruach locha Mheasga. Na mílte agus na
mílte bliain ó shoin do chomhnuigh daoine uirri,
agus do bhaineadar riar a gcás amach
B'fhurusta dóibh. Do bhí togha na talmhan aca.
Do bhí neart éisg ins na lochannaibh, agus sléibhte
Chonamara loma lán de bheithidhighibh éigcéill.
Do bhí fiadh mór, beannach ar chnoc, agus an
torc ar mám ann. Agus maidir le eulaith
is ann do bhíodar na cearca fraoigh, na
creabhair, na géadha fiadháine, na lachain
fhidháine agus naosga, agus an patar uisge
áluinn. Níor b'iongna gur cuir daoine futha
ann, agus gur sanntuigheadh a gcuid is a maoin.



Is annseo do feucadh an cheud chath idir
Fhearaibh Bolg agus Thuatha Dé Danann i
n-allód. Tráth tháinig na Fir Bholg ar dtús
do bhaineadar Éire amach dóibh féin d'aimhdheoin
na dtreabh do bhí ann rómpa. Do bhí an ríoghacht
in a seilbh ar feadh sé is tríocha bliain. Gidheadh,
do bhuail drong eile cuan is caladh-phórt i
gCorcu-Belgatan .i. Conmaicne mara, lil
Conamara indiu. Ar riachtan tíre do losgadar
a gcuid loingeas, go nár bhféidir leo teicheadh.
Do thriall dar leo iarsin ós íseal go ráinci-
eadar Mágh Réin, sa gconndae ar a dtugtar
Liath-droim air anois. Aicme an-ghlic an-gheur
chúiseach an-chríonna b'eadh iad, agus b'ait iad
le draoidheacht agus geintlidheacht; go deimhin
léightear sa seanchus go rabhadar níos foirtile
ná saoithe ceard geintlidheachta an domhain.
Ba ghearr go dtug na Fir Bholg fá deara iad,
agus do bhí iongantas an domhain mhóir orra
cé'n chaoi ar tháinic an dream coihiththeach in a
measg. Do ghlac righthe Fhear mBolg comhairle
le chéile agus do chinneadar go gcuirfidís
gaisgidheach dá gcuid fein do chum daingin na
gcoigcríoch ionnus go dtiubhradh sé fá deara
a líon agus a ngnó. Sreang b'ainm do'n laoch
úd. Do thug aghaidh ar Mháigh Réin. Ach níor
rugadh in a gcodladh ar Thuathaibh Dá Danann.
Do chonnaic a lucht faire an seadaire ag
deunamh orra. Do chuaigh caithmhíle mac fá'n
a dhéin. Breas b'ainm don churadh seo. Do
ráinic sé Sreang, do bheannuigh dhó agus
do bheannaigheadar féin dá chéile. Do bhí treas-
chainnt ann. Cérbh iad féin? Cérbh dhíobh
iad? Cérbh cineál claidhimh, is sleighe, is
sgéithe do bhí aca? An uair do thuigeadar féin
a chéile, adubhairt Breas go mbfhearr dhóibh dhá
leith do dheunamh de'n tír agus ceangal caradais
do bheith idir an dá dhream: sa gcoai go gcuirfidís
le chéile dá dtigeadh aon drong eile ag cur
isteach orra. Do righneadar malairt arm annsin
agus do fhill gach duine aca do chum a chathrach
féin. Ar chloisteál do righthibh na hÉireann cé
mar bhí an sgeul adubhradar nach raibh baoghal
ar bith orra leith na tíre do thabhairt suas do na
Tuathaibh Dé Danann, acht go dtiubhraidís dearg-
chogadh is ár dóibh, agus go ruagfaidís mac le
rinu gaoithe iad ar áit na mbonn.



Do bhí go maith agus ní raibh go dona. D'innis
Sreang dá dhream fein go cé'n cineál duine
do chas leis; go raibh sé mórchnámhach, láidir,
léidhmeach; go raibh airm gheura aige agus má
bhí an chuid eile dá mhuinntir mar é féin go
rabhadar i n-inmhe troid threun, chosgarthach do
bhualadh.



Iar na chlos sin do Thuathaibh Dé Danann do
bhailigheadar gach ar bhain leo agus siar leo
go ráiniceadar Mágh Tuireadh. 'Do bhí Binn
Shléibhe agus cnuic Chonamara le n-a gcúl, agus
dá dtigeadh orra d'fhéadfaidís na sléibhte do
thabhairt orra féin, agus dídean agus fosgadh
d'fhághail ionnta.



Do chuir na Fir Bholg treallmha troda orra
féin agus do chuadar sa tóir. Do chuireadar
san fútha idir Thuam agus Baile an Róba.
Do chuir Nuadhadh - ba é sin rí Thuatha Dé Danann,
teachta chuig Eochaidh agus adubhairt leis do
rádh: go mb'fhearr leis féin an réidhteach ná
fuil is feannadh. D'innis Eochaidh do'n ghiolla
nárbh chabhair do bheith ag cainnt, go raibh an
anachain deunta, agus nach raibh aon chaoi as
acht na h-allmhuraigh do ionnarbadh amach as
an ríoghacht. Do bhí an sop séidte agus níor
mhór an táiringe a chur sa mbeo. Ba é ceart-
lár an t-samhraidh é, an ghrian ag soillsiú go
lonnrach sa spéir, an fhuiseoigín rua ag ceileabhar
go fír-bhinn dé féin os cionn na mbán, na
héisg ag léimnigh sna lochaibh, géimneach bó
le cloisteáil ar na leuntaibh, méidhleach na n-uan
mar a gceudna, gach ainmhidhe go haoibhinn
dó féin; agus gach aon ag baint barr
breáthaichte dhá chéile.



Do tháinic an dá arm i gcoinne agus i
gcomhdháil a chéile. Do bhí tráth ann agus
deurfaí nár facthas a leithéid de radharc agus
an lá atá indiu ann. Acht mo leun! cé'n chainnt
sin orm. Gidheadh, do bhí buidhnte troma,
taidhbhseacha ann. Do bhí laochra leigthe,
luthmhara, léidmheacha ann. Do bhí triatha treuna,
toirteamhla trombhuilleacha ann; aighthe áilne
aca, agus súla coinneala, gáireata in a gcinn.
Do bhí béil dhearga, thanaidhe aca, agus deud
niamha in gach ceann. Cneas geal, gléigeal
orra. Fuilt dhubha agus fhionna orra. Bratacha
dearga, agus glasa, agus uaithne, agus bána,
agus gorma orra. Eo de'n ór fó-thrí ag ceangal
gach bruit ós a mbronnaibh, maille le léinteacha
de mhín-shról re'n a ngealchneas. Do bhí
claidhmhte gona ndornaibh órdha ar a gclithibh.
Do bhí sgéithe geala greannta le ór buidhe
ar a slinneánaibh. Do bhí gaetha fada faobhar-
ghlasa le caitheamh aca. Agus iad uile ullamh
le gníomhartha gaisge is gaile do gheunamh an
lá sin.



Do tosuigheadh an sgeanadh an snoidheadh is
an smearadh. Ar leagan do shúile do bhí sé in a
dhearg-raic: fir ag a síneadh cinn ag a
sgoilteadh, súla ag a ndalladh, fuil ag a
dórtadh, fiacla ag a mbriseadh, cuirp ag a
dtolladh, sreucha, agus easgainí, agus
mallachta ag a dtabhairt, agus leonadh, agus
marbhú ar gach taobh. Go n-airmhighthear
gaineamh trágha tráithníní máighe nó reulta
neimhe, ní tuigfidhear cé'n mhór-chreach is slad
do righneadh sa gcath sin. Do marbhuidheadh righthe
agus triatha agus taoisigh agus ríogh-dhamhna.
Do marbhuigheadh mílí agus laochra, agus
gaisgidhigh. Do sgaradh an t-athair ó'n mac,
an dearbhráthair ó'n a ghaol agus a chliamhain,
agus coibhneasta ó'n a gcineál. Do bhí
caoineadh agus geurghol ann go ceann abhfad
in a dhiaidh sin. Do bhí brón, agus buaidheart
agus briseadh croidhe ar mhíltibh, acht do bhí leasú
maith ag an talamh!



Do briseadh an cath ar Fhearaibh Bolg, agus
do chuadhadar ar teicheadh do chum Fómhóire,
gur chuireadar fútha i nÁrainn, agus i nÍle,
agus i Manainn agus i Reachrainn.



Is ins an gcath sin do baineadh an lámh do
Nuadhaid reumhráidhte. Sreang do bhain. Do
rigne gabha geal lámh airgid dhó, “go lúth
gacha láimhe” mar leightear sa seanchus, agus
is mar gheall ar sin do tugadh Nuadh airgid-
láimh air. Cheithre lá do'n dá dhruing i n-eudan
a chéile. Níor fágadh beo acht trí cheud Fear
mBolg. Má's in-chreidte an seanchaidhe
d'fhuagradar comhrac aen-fhir ar Thuathaibh Dé
Danann ach níor tugadh sin dóibh. Má bhíodar
buadhach féin do bhí trócaire aca do lucht an
lagair. “Abair le Sreang,” ar Tuatha Dé
Danann “nach bhfuil fúinn troid do gheunamh
acht go dtiubhramuid a rogha de chúigibh na
h-Éirean dhó, agus go bhfuagramuid síothcháin
agus caradas feasta.” Do réidhtigh sin an
sgeul agus do thóg Fir na mBolg cúige chaoin-
áluinn Chonnacht agus mar chruthú ar sin sé
Cúige Shreang do bhí mar ainm ar an gcúige
go dtí aimsear Chuinn cheud-chathaigh anuas.
Dar liom go bhfuil a bheag nó a mhór de shliocht
na dtrí gceud úd san limisteur seo go fóill.
Is maith an seasamh aca é, tar éis an mhéid a
ndeachadar thríd. Átáthar ann, daoine sáighte
i sgailpreachaibh agus i ngleanntaibh Chonamara
agus sárú a n-uaisleachta níl le fághail. Níl i
righthibh agus flathaibh an lae indiu acht dríodar
agus daoscar-shluagh i gcomórtas le cuid de
mhuinntir an Iarthair. Agus ar chruinnigheachaibh
ag teach an phobail, ar an aonach, ar thuras,
bheirthear mná agus fir fá deara a bhfuil iomchur
ríogha fútha. Atá an uaisleacht in a gcláreudan.
Atá an gheanamhlacht agus an fhláitheamhlacht in a
mbealaighibh agus in a gcáilidheacht. Atá an
chneastacht agus an ghnaoibheamhlacht ag baint
leo. Níl seafóid ná suaraighil ar bith ag
baint leo. Atá beusa agus nósa múinte,
mánla aca. Atá tidheacht i láthair agus fios a
labhartha aca. Níl airgead ná ór na gabhlamsaidh-
eacht aca. Ní adhraid laogh an óir. Ach nach
mbéidh an oiread ag dul sa gcómhra leo is
bhéas leis an ridire caorach is saidhbre san
domhan? Agus béidh grá Dé agus na gcomhur-
san, agus beannacht na ndílleachta ag dul
leo fá'n bhfód. Ba gheal le mo chroidhe dá
mbeith “oighre in a bhfarradh.” Cá bhfios nach
bhfuil? Cá bhfios nach bhfuil? B'fhéidir go
bhfuil Dia ag múnlú inchinne i stócach éigin i
measg na gcnoc úd thiar a bhaineas a cheart amach
do Chaitlín, lá níos fuide anonn na indiu. Go
dtuga Dia go bhfuil!



Do theastóchadh mí ar a laghad uainn ag cuartú
uachaiseacha, carn, cromleac, caisleán, agus
ag trácht ar na soighthibh órnáideacha do tochluigheadh
aníos as páirc seo an áir. Níl cur síos ar
ghraifeacht agus deunamh na soightheach sin. Níl
sárú le fághail sa domhan, agus ba cheart do
Ghaedhealaibh rímeud do bheith orra, de bharr
clisteachta agus intleachta na sean, óir ní
náir dóibh iad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services