Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara

Title
Conamara
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Atá orainn ar mbád do shacadh amach ar
na tonntaibh arís agus Inis Mhac Uí Chuinn
do bhaint amach. Atá cóir linn an feacht
seo, agus Peadar agus Máirtín a iomramh
go fuinneamhail. Tosach an bháid ag deunamh
claise san uisge. Sinn ar bharr thuinne anois.
Sinn idir dhá thuin ar an ala. Faitchíos
orainn go mbéidh carraidheacht ann ar filleadh
dhúinn. Atá meadchan ag tidheacht 'sa' ngaoith,
agus an loch ag breathnú gargach, glas agus
corr chuaifeach le'n ár gcúil. Máirtín ag
innseacht fá oidhche ghairbh nár bhféidir leis baile
do dheunamh, go raibh air Bróintín do thabhairt
air féin agus codladh fá sgáth na gcrann, gur
beag nár dállruigheadh é leis an bhfuacht, go
mionnóchadh sé go bhfaca sé bean, rí-chosamhail le
bainríoghan, i gcarbad aus í ag tiomáint dhá
each faoi, ar bharr na dtonn, go raibh sé ag
deunamh lae tráth thug sé fa deara í, agus go
raibh sé chomh cinnte de is go raibh meur air.
Ní chreidfeadh Peadar é, agus adubhairt leis
gan a bheith ag deunamh pleidhce dhó fhéin,
nó ar mheas sé gur amadáin a bhí ag éisteacht
leis! Ach do bhí Máirtín dearbhtha, agus ní shin
amháin acht oidhche eile chaith sé amuigh go dtáinic
dhá eascoin aníos as an loch, agus gur ionn-
suigheadar a chéile go raibh an' loch dearg le'n
a gcuid fola, agus ar a choinsias! go raibh
mong ar cheann aca chomh mór le mong capaill.
Tom Uí Fhatharta, go raibh sin, agus ní shin
amháin, acht go bhfaca sé oidhche eile —
<02>
“Seachain,” adubhairt Peadar “nach bhféidir
go bhfuilmid ar fághail. Tabhair aire do do mhaide
rámha agus ná bac le do sheafóid.” Do bhíomar
ag ceann sgríbe go cinnteach, ar tí siubhal ar
an talamh, agus ar an gconar ceudna, mara
mbíodh Breandán Fursa, agus Mealdán.



Is é Inis mhac Uí Chuinn an t-oileán is már ar
Loch Coirb. Conn ceud-chathach b'athair do na
macaibh ó'n ar h-ainmnigheadh é. Do bhí seisean
in a rígh san dara haois. Aithristear gur fhothuigh
Breandán cill ann agus gur ab iomdhá sin
míorbhúil do righneadh ann thré chumhachtaibh Dé.
Do bhí Mealdán ann agus é in a Abb tuairim
580. Anan-chara b'eadh é d'Fursa, atá in a
Phatrún ag muinnitir Phéronne sa bhFraingc.
Mór an chaill do thuill Fursa. Ní feas cá'r
rugadh é. Léightear seo i Martra Dhún na nGall:



“Athair Fursa radh glan glé
Loicín do dhál Araidhe,
Asi fa máthair don mac
Ghelgeis ingen righ Chonnacht.”



B'fhéidir dó a bheith ag éisteacht le Breandán
naomhtha ag cur síos ar a eachtraibh ar an
bhfairrge mhóir, ar na tíorthaibh i gcéin agus
orra seo do chomhnuigh ionnta. Agus cá bhfios
dúinn nárbh shin é an fáth a dtug sé féin aghaidh
ar an domhan mór? Níl amhras nach fear
léigheannta, diadhanta do bhí ann. Adeirtear
gurbh é do bhí in-inmhe léigheachta lán-eolasacha
so-thuigsionacha do chur dhe fá stáid na h-anama
thall. Thairis sin do chonnaic aislingí agus
radharcanna iongantacha agus adeurainn gur
uaidh fuair Dante ádhbhar na nalt is fearr sa
Divinia Commedia. “Muna mbaine sibh as, ní
bhuailfe sibh Inis sean Bó anocht,” ar Peadar.
“Atá an ghaoth ag athrú agus atá faitchíos orm
go mbéidh sgeul Mháirtín le n-aithris againn
amárach.” Do bhí orainn bualadh amach ar an
loch arís. Do sháith an bheirt na maidí go domhain
san uisge, agus níor mhór sin dóibh, óir do ba
lonnach, léidhmheach na caiple bána ar an sgríb
sin. Fá dheoidh, do shroicheamar slán. Agus do
b'aoibhinn linn an sos agus an suaimhneas fá
fosgadh na gcrann ar an oileán sin. Ba tigh
linn fanach ann feadh na haoidhche, dá mbeith
gábhadh leis, agus mhionnóchauis nach mbéadh
eagla nó faitchíos orainn dá bhfeicimis an
bainríoghan úd i ngreim sriain a capall ag á
lasgadh ar cheannaibh bána cubhartha na dtonn.
Atá árus mór ar an oileán agus cosamhlacht
go bhfuil so-mhaoin agus sócamhail an t-saoghail
ag an té ar leis é. Gáirdín áluinn, fá il-
chineál bláth ar aghaidh an dorais ann. Corcóga
go leor ann. Glasáin go tiugh ann. Toraidhthe
mar a gceudna. Bradán is bric go flúirseach
magcuaird ann. “Acht cé'n t-ádhbhar bhí leis gur
tugadh 'Inis sean bó' air?” ar Cáimhín.
Hinnsigheadh sin dó: go raibh taoiseach de
Fhlaithbhearach ann, arb ainm dó Diarmuid.
Tráth dá raibh a threibh ag iarraidh seilbhe
d'fhághail ar Chonamara, go raibh sé fein agus a
arm a leigean a sgíth' fá bhun Chnuic Mheádha.
Do thuit a gcodladh orra. Mar sin dóibh tráth
táinic teachtaire ó rígh na sídheog .i. Finnbhearra
ag innseacht doibh ó thárla go raibh na
Flaithbhearaigh go maith dóibh, sé sin do na
sídheogaibh, go gcúiteóchaidís leo é la éigin.



An lá d'ár gcionn do bhí ar Dhiarmuid cath
do thabhairt do mhuinntir Chonamara. Ar a
thuras treasna an locha dhó, dfhág sé a bhean,
a oighre agus cúpla giolla ar Inis sean Bó
i gcruth is nach mbeidís ró-ghar don ár. Níor
fhill Diarmuid chomh luath is do cheap sé go
bhfilleadh, agus do bhí a mhuirighín i n-an-chaoi le
ocras, mar ní fearacht anois, ní raibh teach ná
bothán ann an uair sin. Acht “Is fada siar an
rud do chuireas Dia aniar.” Ar a bheith cinnte
a bport do bheith seinnte, céard do chonnacadar
ag siubhal chuca ó'n tráigh aníos acht sean-bhó.
Do bhligheadar í agus do chongbhuigh sí bainne
leo go dtáinic cabhair chuca. Uime sin do
bheirtear Inis sean Bó ar an oileán.



“Ní chreidim focal dhe,” arsa Cáimín. “Do
bhfearr liom-sa do bheith i gCunga anocht ná bó,
bíodh sí sean nó óg!” Do bhí an ghaoth ag ísliú
D' shroicheamar talamh agus do chinneamar uile
dul go Cunga.



“Bainigidh as i n-ainm Dé,” ar Cáimín, “agus
má atá braon i dtóin buidéil i gCunga
folóchtar é.”
(leanfar de seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services