Conamara.
le Pádraig Ó Domhnalláin.
Beirt Fhear na Gaillimhe.
Bhí beirt fhear in a gcomhnuidhe i nGaillimh
fadó agus bhí siad an t-saibhir. Ní raibh ag
ceachtar aca acht páisde amháin, inghean ag
duine aca agus mac ag an duine eile. Ar an
adhbhar sin bhí faitchíos orra go dtuitfeadh a gcuid
oighreacht' ar dhuine ar bith eile agus séard a
righneadar an bheirt pháisde a phósadh le chéile
an uair do bhí siad seacht mbliana d'aois.
Bhí go maith agus ní raibh go dona. Bhí athair
an mhalraigh níos díchéillidhe ná athair an chailín
bhig, agus i leaba bheith dul chun críonnacht' sé
an chaoi a raibh sé ag éirghe níos measa: agus
má ba mheasa maol ba sheacht measa mullach.
Bhí sé ag ól, is ag ól, gur ól sé an phighinn deiridh,
agus gur chuir sé é féin agus a bhean agus a mhac
ag iarraidh na déirce.
Ar feadh an ama seo bhí an fear eile ag dul
chun bearuigheacht' agus chun críonnacht' agus
ní raibh sé ag leigean tada air féin; bhí a inghean
ina chailín mór anois acht ní raibh aon tuairisg
aici ar an sgeul seo.
Lá amháin bhí margadh ins an mbaile mhór.
Chuaigh sise ann agus thug ciseán léi. Líon sí
an ciseán le rudaí agus nuair a bhí sin deunta
aici, chuaidh sí ag toruigheacht giolla a thiubhradh
abhaile dí é. Casadh an buachaill seo dí acht ní
raibh a fhios aici cé mar bhí an sgeul, agus d'iarr
sí air an ciseán iomchur agus righne sé sin.
Nuair a tháinig sí abhaile bhí an t-athair agus
daoine eile istigh agus nuair a chonaic an
t-athair an buachaill a bhí aici thosuigh sé ag
gáiridhe agus níor bhfhéidir leis stopadh. Ní
raibh a fhios ag an gcailín cé'n t-úghdar gáiridhe
a bhí aige agus adubhairt sí leis ná raibh mórán
ughdar gháiridhe aige, má's ag gáiridhe fá'n
mbuachaill beag a bhí sé. Leis sin chuir sí a lámh
in a phóca, thug luach a shaothair do'n bhuachaill
agus sgaoil sí chun bealaigh é.
Lá ar na bhárach chuaidh sí ar an margadh arís
agus d'éirigh an cleas ceudna tráthnóna. An
cheud lá eile d'éirigh an cleas ceudna agus bhí
an t-athair ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe.
'Nuair a chonnaic an cailín sin tháinig fearg
mhóir uirri. D'fhiaruigh sí dhe cé'n t-úghdar
gáiridhe a bhí aige, nó ar fúithe féin, ná fá'n
mbuachaill a bhíodh sé ag gáiridhe? D'fhreagair
an t-athair í agus adubairt: “Is luath dhuit
a bheidh a fhios agat air,” agus ansin d'innis sé
an sgeul dí, ó thús go deireadh. Is cosamhail
gur chuir sin brón uirthi acht níor chaill sí muinighin
ar fad, mar bhí a cuid féin den oighreacht aici
agus ba tig léi a rogha rud do gheunamh leis.
An tráthnóna ceudna, chuaidh sí amach ag
siúlóid agus casadh an buachaill seo léi. Is
dóigh liom ná raibh aon tuairisg aige-sean ar
an sgeul, acht creidim gur innis sise dó é,
agus adúbhairt sí go ndeunadh sí a dícheall dó:
agus bhí a shliocht uirri. Cheannaigh sí togha eudaigh
dhó chomh breágh le eudach duine uasail ar bith,
agus chuir sí chun na Colláisde ab fhearr i mBaile
Átha Cliath é, go raibh sé foghlumtha le h-aghaidh
posta ar bith; acht níor éirigh leis in a dhiaidh sin.
Nuair tháinic sé abhaile cheannuigh sí long
bhreágh mhór dhó, agus líon sí le earraí é; gur
chuir chun na fairrge é. Acht ní abhfad ó bhaile
bhí sé 'nuair briseadh an long agus b'éigin dó
filleadh ar ais. Níor chaill an cailín misneach.
Fuair sí ceann eile dó, acht ní raibh sí chomh breágh
leis an chéad cheann; mar bhí a cuid airgid
laghduighthe. Mar sin féin chuaidh sé chun bealaigh,
acht má chuaidh féin níor éirigh leis. Creidim nach
raibh an t-ádh ar an bhfear bocht! Nuair a chonnaic
an bhean óg seo bhí a croidhe briste. “Anois,”
adeir sí, “is beag nach bhfuil mise chomh bocht
leat féin. Caithfir cur suas le long bheag an
iarracht so, agus muna n-éirighe leat ní orm-
sa bhéas an locht. Ní raibh rud ar bith aici le
cur in a luing an t-am seo acht trí chaitín agus
coileach beag, agus adubhairt sí leis: “Tabhair
leat iad seo agus b'fhéidir gur orra a bheadh
an t-ádh.” Bhí go maith agus ní raibh go dona.
Thug sé a aghaidh ar mhuir agus a chúl do thalamh
agus sheol leis, gur bhuail cuan agus caladh i
dTír na bhFear bhFionn.
Bhí taoiseach in a chomhnuidhe annsin agus
bhí gnás aige, tráth thagadh longa i dtír fios do
chur ar na caiptíníbh agus feusta do thabhairt
dóibh. Is cosamhail go raibh longa eile ann an
lá seo, agus tháinig an inghean anuas ghá n-iarraidh.
Casadh an fear seo di agus chuaidh sí chun cainnte
leis. Thaithnigh sé go mór léi, acht bhí sé ag
breathnú níos boichte ná an chuid eile agus níor
mhaith léi cuireadh do thabhairt dó ar fhaitchíos
nach mbeadh a h-atháir sásta.
'Nuair chuaidh sí abhaile adúbhairt sí le'n a
h-athair: “Atá chuile dhuine iarrata anois agam
acht fear amháin, agus cé go bhfuil gotha bocht
air taitnigheann sé go mór liom. Is cosamhail
le fear é tógadh go maith. Atá sé chomh múinte
agus chomh gnaodheamhail sin.”
“Gabh síos agus abair leis a theacht aníos
annseo, agus go mbéidh fáilte roimhe,” arsa an
t-athair. Chuaidh sí síos agus thug sí aníos é
agus má thug féin bhí fearadh ná fáilte roimhe.
Ba ghearr gur thosuigheadh ag réidhteach i gcomhair
an fheusta. Leagadh anuas bord agus leagadh
air togha an bhídh. Bhí an fear seo ag áirdeall,
agus ba ghearr go bhfaca sé dhé'r-'eug saighdiúr
ag teacht isteach agus ag seasamh thart timcheall
an bhoird. Tháinig faitchíos air agus níorbh
iongna é, agus adubhairt sé le fear an tighe:
“Go sábhála Dian sinn!” an ag dul 'g ár marbhú
atá siad seo, nó céard atá siad ag dul a
dheunamh?” “Ó! dá mba rud nach mbéadh
na fir sin annseo ní fhágfadh na lucháin greim
ar an mbord againn,” d'fhreagair fear an
tighe. “Is dígh-chéillidhe an fear thú.” ar fear
na Gaillimhe, “Atá rudaí thíos ins an mbád
agam-sa a chosnóchadh an méid sin trioblóid
agus gabhfad síos in a gcoinne, má thugair
spás dom.”
“Go cinnte,” ar an fear, “gabh síos agus
tabhair chugam iad.”
Chuaidh an Gaillimheach chun na luinge; thug na
cait bheag leis. Leag ar an mbord iad, agus
ar an bpuinnte is do leag, ní raibh loch san
áit nár rith isteach i bpollaibh agus i bprochógaibh.
“Anois,” adeir fear na Gaillimhe “cé na saighdiúir
bhéadh i n-an sin de gheunamh?” Adubhairt
fear a' tighe leis go mb'fhearr leis iad, ná leath
a chuid óir, agus go dtiubhradh sé rud ar bith
dhó acht a bhfágháil aige. Adubhairt an Gaillimheach
go bhfágfadh, agus nach raibh uaidh acht comaoin
éigin do chur air, acht a mhaisge! adubhairt an
fear eile nach mar sin do bhéadh an sgeul, agus
thug sé go leor óir, agus airgid agus peurlaí
agus seoid dhó.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Bhí an
oidhche 'ghá caitheamh le spóirt agus siamsa go
leor. 'Nuair bhí sé ag tarraingt ar ghoirm na
gcoileach, tháinig dhá 'r 'eug bodach buidhe isteach
agus shuidheadar timcheall an bhoird. Leagadh
anuas biadh agus d'ith 'chuile dhuine aca an oiread
le dhá r'eug eile.
“Is aisteach an rud é seo,” ar fear na
Gaillimhe le fear an tighe, “Is cosamhail go
bhfuil airgead fairsing agat-sa. Adubhairt
fear an tighe, 'ghá fhreagairt. “Sin fir íocaim
is ucht an lá do thabhairt chugam ó'n Domhan
Thoir.”
“Atá rud thíos ins an mbád agam-sa a
chosanóchadh an méid sin trioblóid,” adeir an
fear eile.
“Gabh síos agus tabhair aníos é,” adeir fear
a' tighe. Chuaidh an Gaillimheach síos agus ba
ghearr go raibh sé ar ais agus coileach aige.
“Céard is féidir leis sin do gheunamh?”
ar fear a' tighe.
“Fan go bhfeice tú,” arsa fear na Gaillimhe.
Ba ghearr gur ghlaodh an coileach.
“Céard atá sé a rádh anois?” arsa fear an
tighe.
“Atá sé a rádh,” arsa'n Gaillimheach, “go
bhfuil an lá ag fágáil an Domhain Thoir.” Fá
cheann cúpla uair ghlaodh sé arís.
“Céard atá sé a radh anois?” arsa fear a'
tighe.
“Atá sé a rádh go bhfuil an lá leath-bhealaigh,”
arsa 'n Gaillimheach.
Fá cheann uair' a chluig eile ghlaodh an
coileach arís.
“Céard atá sé a rádh anois?”
“Tá sé a rádh go bhfuil an lá ar fághail,” arsa'n
Gaillimheach. D'éirigh fear a' tighe, d'osgail
an doras agus cinnte dearbhtha bhí sé in a lá,
agus sin é an uair chonnaic sé na bodaigh bhuidhe
ag teacht leis an lá ó'n Domhan Thoir.
“Anois” adeir fear a' tighe “bheurfainn rud
ar bith duit ar son an éin iongantaigh sin.”
“Bheurfaidh mise duit é, agus fáilte,” arsa'n
fear eile, “bheurfaidh de bhronntanas duit é.”
Ní ghlacfadh an fear eile leis sin, go dtug
fuighleach óir dó agus long bhreágh nua de bhronn-
tanas. Annsin 'seadh chroch fear na Gaillimhe
a chuid seolta móra bocóideacha, bacóideacha
le gaoth, agus comhnuidhe ní dhearna gur bhuail
cuan agus caladh na Gaillimhe. Ní raibh riacan
le'n a chuid saidhbhris agus mhair a bhean agus é
féin go suimhneach, sócamhlach go ceann abhfad
in a dhiaidh sin.
Sin é deireadh mo sgéil agus má atá breug
ann ní mise d'innis e. Do mholamar féin an
sgeul agus an sceuluidhe. Ba ghearr go raibh
deireadh le áirneán na h-oidhche, is do
bhaineamar féin an leaba amach.
(Leanfar de seo.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11