Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cogadh nó Filidheacht

Title
Cogadh nó Filidheacht
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cogadh nó Filidheacht.



Nach breagh an rud é go bhfuil daoine i n-ár measg indiu chuireas an
oiread suime i bhfilidheacht agus i bhfeallsamhnacht agus do chuirid i
gCogadh Mór na hEórpa dá uathbhásaighe é? Agus admhuighim féin
gur deas liom an díospóireacht so atá ar siubhal idir Thorna agus
Cara na nUghdar le tamall. Acht cad tá mar chnámh-sparna
eataorra? An fhilidheacht atá ar siubhal aca gan amhras? Ach cad is
filidheacht ann? Agus cuimhnighmís go ndubhairt an Chéitinneach go raibh Éire
mar do bheadh domhan beag innti féin fadá, agus béasa is ceol agus
litridheacht fá leith aici. Ar cheart, dá bhrigh sin, litridheacht Ghaedheal
do mheas nó do thomhas le sna riaghlacha do bhíodh aca sa Ghréig .i.
riaghlacha Aristotle? Nó ar chirte ligint do gach cine agus do gach
náisiún aca seasamh ar a mbunaibh féin fá leith. Ní'limse chum na bearta
cruadha so do réidhteach, acht, do réir mar do thuigim an chúis atá dá
péidhe idir Chara na nUghdar agus Torna an Ghleanna ní'l ionnta acht
“beirt ag troid agus iad ar aon sgéal.” Sé an rud a mhaith le Cara na
nUghdar breis smaoint do bheith sa bhfilidheacht so againne. Acht táim
siúrálta ná fuil Torna ag cur i n-a choinne sa mhéid sin. Dá mhéid
smaointe do bheadh innti b'amhlaidh b'fhearr é. Sé rud atá ó Charan na
nUghdar ná litridheacht “bhaineas le smaointe agus le meanmain Ghaedheal
an lae indiu, agus í sgríobhtha i dteangadh shoiléir nádúrtha.” Tuigimíd
go léir an chaint sin, agus ní dóigh liom go ndéarfadh éinne i n-a choinne.
Acht tá Torna ar a dhícheall d'iarraidh é do chur i n-a luighe orainn nach mór
an Ghaedhealg do bheith ar fheabhas chomh maith le sna smaointibh. Cad is
litridheacht ann? Ní smaointe amháin í agus ní focail amháin é, acht an dá
rud fighte fuaighte i n-a chéile. Má bhionn aineamh nó easbaidh ar
cheachtar aca déanfaidh sé an ceann eile do mhilleadh, agus annsoin ní
bheidh an earradh ceart againn innti .i. na hárd-smaointe i gcaoin-
bhriathraibh. Agus do reir deallraimh ní bheadh Cara na nUghdar
sásta le haon rud eile, mar chím go bhfuil earradh éigin ar foghnamh i n-a
aigne aige. Adeir sé go “mbeadh muintear na hÉireann chomh fáilteach
roimh épopée indiu agus do bhí na Gréaguigh nuair chan Homéros an Ilias.”
Acht an bhfuil Cara na nUghdar siurálta go bhfuil míle duine fásta beó
indiu do chuirfeadh suim cheannamhail dáríribh i n-épopée nó i n-aon tsaghas
eile filidheachta ní hamháin i nGaedhilg ach i dteangain ar bith ar thalamh an
domhain?



Is deacair a dhéanamh amach anois cionnus d'fhás an Ilias, agus caithfear
a bheith sásta leisn ainbhfios. Ba dhóigh le duine ar Char na nUghdar
gur chuir na Gréagaigh fíor-chaoin fáilte roimhe nuair thárla se i n-a measg.
B'éidir gur chuir, do réir deallraimh níorbh aon chabhair ró-mhór do
Homer bhocht an fháilte sin mar is minic do chuala é go mbíodh



“Seacht mbailte da mhaoidheamh gur dhíobh é Hómer 'sa chré,
Nár thug dó mar dhíol nuair bhí sé beó acht an déirc.”



Acht cá bhfios dúinn? An bhfuil aon eolas cruinn le fagháil i n-a
thaoibh ar aon chor? Atá. Ní dócha go raibh aon chostas clódóíreachta
air ar chuma ar bith, agus dá mbeadh is eagal liom go mbeimís gan Ilias.
Agus, dá mbeadh Hómer fein againne rud ná fuil is baoghlach, cá bhfuil
an Peisistratos i nÉirinn indiú chum cúram agus costas a leithéide sin
d'obair do ghabháil chuige féin?



Is aoibhinn liom an smaointe seo atá ag Cara na nUghdar. Do
chuirfeadh sé misneach i n-éinne, agus féachann sé go hárd. Is iomdha
ceangal do bhí ar Phegasus na nGaedheal, acht, má chuirfeadh Cara na
nUghdar aon cheangal air, is do réalt do cheanglóchadh sé é: agus, dar
ndóigh, nárbh amhlaidh b'fhearr é? Acht an bhfuil an iomarca dá chur roimhe
aige?



Is minic ná bím fein acht leath shásta le saothar ár sean sa bhfilidheacht.
Braithim easbaidh éigin anois is arís, acht b'éidir gur orm féin atá an
locht. Is deacair filidheacht do mheas go beacht agus go hiomlán, acht tá
fhios ag cách cad is fearr leis féin. Dá bhrigh sin ní cháinfinn na filí i
gcoitchinne, mar tá an-chuid seód filidheacht sa Ghaedhilg. Léigh na
focail seo i n-a dtaoibh ó dhuine do thuig go maith cad budh fhilidheacht ann.



“Iren. Yea truly; I have caused diverse of them to be translated
unto me that I might understand them; and surely they savoured of
sweete witt and good invention, but skilled not of the goodly ornamentes
of Poetrye; yet they were sprinkled with some prety flowers of theyr
oune natural device, which gave good grace and comliness unto them,
the which it is greate pittye to see soe abused, to the gracing of
wickedness and vice, which would, with good usage, serve to beautifye
and adorne virtue.”



Ní gádh dúinn bacaint leis an tagairt úd do “wickedness and vice”
mar is dócha ná raibh ann acht Gaedhil do bheith da moladh ann agus
Sasanaigh dá gcáineadh. Do bhí Spenser i n-a dhearg-namhaid do Ghaedhlaibh,
agu ní déarfadh sé an chaint sin thuas muna mbeadh é bheith tuillte go maith
agus, má thuig éinne riamh é, thuig sé siúd cad bhaineas le filidheacht.



Is dócha go bhfuil fhios ag Cara na nUghdar go mbíodh an fhilidheacht
ghleoite úd dá déanamh i nÉirinn, agus nár mhór tabhairt suas fá leith bheith
ar dhuine chum í do fhromhadh i gceart, acht is dócha gurb é rud atá dá
chrádh agus dá chiapadh ná gan fás gan forbairt aicionta bheith ag teacht innti.
Agus muna bhfuil cad is ciontach? Ainbhfios, easbaidh léightheóirí, leisge,
nó an mheidreacht? I dteanta a chéile is treise iad, is dócha, agus ní'l
ceachtar aca ag cabhrú le filidheacht Ghaedheal. Atáim ar aon aigne le
Torna nár mhór do dhuine bheith i n-a Ghaedhilgeoir ó dhúthchais chum épopée
Ghaedhlach do sgríobhadh, agus atáim ar aon aigne le Carna na nUghdar
nár mhór do dhuine smaointe agus eólas doimhinleathan do bheith aige, is ba
chuma liom dá bhfaghadh sé an t-eólas agus, annsoin, atá sagas éigin tuairime
agam féin nár mhór do dhuine intleacht Hómer nó Bhergil nó Dhante nó Góte
do bheith aige i n-a dteanta, agus is fó-bhaoghalach gomadh dheacra í siúd do
sholáthairt ná an Ghaedhealg agus an t-eólas i bhfochair a chéile.



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services