Saothrú na Breatnaise.
Níl aonlá dá ngabhann tharainn ná feicimíd níos soiléire ó obair na
mBreatnach, a fhaid slighe atá romhainn fein fós i gcúrsaí na Gaedhilge. Diaidh
ar ndiaidh tá an Bhreatnais dá húsáid mar theanga mhúinteóireachta agus
léighinn go háirithe insna hardscoileannaibh. Isé sin a leas agus a leas ar an
saoghal so. Daoine tuisceannacha seadh muinntir na Breatan, agus do buaileadh
isteach ina h-aigne ná mairfeadh an teanga mara mbainfidhe feidhm aisti i
gcúrsaí gnótha na tíre. Agus cadé an ghnó, dar leó, is dlúithe bhaineann lena
saoghal 'ná gnó oideachais a gcloinne? Ar an adhbharsan táid ag cromadh ar
gach brainse léighinn a mhúineadh sa Bhreatnais. Tá soin socair aca. Agus
nuair a bheidh an socrú soin ag obair go hoireamhnach, féadfar slán a thabhairt
fén dteangain iasachta.
Má táimídne dáríribh i dtaobh teangan na hÉireann a chur ar a bonnaibh arís
caithfimíd an cleas céadna soin do dhéanamh. Caithfimíd feidhm a bhaint as an
nGaedhilg chun rudaí eile a mhúineadh. Is maith agus is an-mhaith an rud an
Ghaedhilg a mhúineadh tríd an nGaedhilg. Acht ní leór an méid sin. Ní mór gach
éinnidh a mhúineadh tríd an nGaedhilg. Is díomhaoin ar ngnó go léir go dtí soin.
Is deacair do dhuine dul óna oileamhaint féin. Táimídne chomh dall san ar
ár leas, agus chomh caochta san le galldachas, ná braithimíd an cuibhreach atá
orainn, nó má bhraithimíd féin ná cuirimíd suim ann mar badh cheart. Is fearr
linn sodar i ndiaidh “Our Irish Educationalists.” Eductaionalists, go bhfóire
Dia orainn! An dagha badh mhithid dúinn na fachaillí a bhaint dár súile, agus
cur suas de leanmhaint fóidín mearbhthaill na nEducationists. Is mithid dúinn
féachaint romhainn agus oideachas glandúthchais do lorg agus dfhagháil. Is gearr
anois ón ródhéanach. Má shleamhnuigheann an chaoi so uainn, sin slán beó le
hoideochas, slán beó leis an nGaedhilg, slán beó le hÉirinn.
Uimhir an Earraigh de “Y Beirinad” a chuir na smaointe sin im cheann.
Óllamhain na hIolscoile sa Bhreatain atá i mbun an pháipéir sin más ceart
dam “páipéar” a thabhairt air. Tá aiste bhreágh ann ar Ghoronwy Owen, file
mór d'fhilidhibh na Breatan, ó láimh an Oirimhidnigh T. Shankland, leabharlainnuidhe
an Choláiste i mBangor. Déineann sé ceartú ar a lán tuairiscí ar bheatha an
fhile, agus soin de bhárr anachuid cuardaigh atá déanta aige. Níl annso acht
an chéad chuid de thráchtas an Rev. Mr. Shankland acht má bhíonn an chuid eile
chomh taitneamhach leis seo beidh “fíorchaoin fáilte” roimhe.
Tá tuilleadh cainnte dá dhéanamh ann ag H. Parrra Jones ar “An Bhreathnais
agus Náisiúntacht.” Sa chuid seo dá shaothar tá sé ghá fhiafraighe an féidir
náisiún gan teanga dúthchais baramhil na n-ughdar ortha iad d'eirighe ní
ba Ghaedhealaighe ná na Gaedhil féin. Acht do dhearmaid sé a rádh gur stad
an obair sin an túisce a tháinig meath ar an nGaedhilg.
Ar an gcuma gcéadna is dóigh leis gur náisiún ceart Sasana Nua. Dá
mbeadh fagháil ar an bhfírinne, gabhaimse orm gur beag duine de phrímhfhearaibh
stáit na tíre sin na bíonn iarracht de dhiombáidh ina chroidhe istigh air, de chionn
gan teanga fé leith a bheith aca. Agus dar ndóigh, is gearr go mbeidh leis.
Náisiún gan teanga fé leith, sin náisiún gan anam fé leith.
Tá a lán eile san uimhir seo de “Y Beirniad” gur bhfiú a léigheamh. Aiste
ón Rev. Rhys J. Huws ar “Shaidhbhreas agus Náisiúntacht.” Agus aiste ar
fheallsamhnacht Bhergson ón Olladmh O.W.Griffith. Cathain a bheidh páipéar
den tsórd soin againne i nÉirinn?
Torna.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11