Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Buaidhreadh fá Litridheacht

Title
Buaidhreadh fá Litridheacht
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Buaidhreadh fá Litridheacht.



An Boladh agus an Dath.



Is mór an buaidhreamh do dhaoinibh ar uairibh cuimhniughadh ar litridheacht,
mórmhór do dhaoine atá ag braith ar litridheacht a sgríobhadh nó ag iarraidh a
sgríobhadh. Acht glacaidís an sgeal go reidh; ná cuiridís cantal ná cam-
shrón-bhirín ortha féin mar gheall ar an rud sin, haré mara bhfuil sé de
chruinneas 'sa sgríbhneóir an ní atá le feiceál aige féin agus ag gach uile
dhuine eile a thabhairt faoi deara go hiomlán, an beag is an mór dá
mbaineann le ní a thabhairt chun cruinnis, ionnus go mbeadh, mar déarfá,
an boladh agus an dath atá thart timcheall ar an rud, go mbeidís-sean i na
cheann aige, agus mar a bhfuil sé de bhuaidh aige an ní sin a chur os comhair
an léiththeóra le n-a pheann sa riocht go ndéarfadh an léigtheóir i ngan fhios
dó fein; mo chorp ó'n deabhach, marab in í lom-chlár na fírinne; maise, le
hanam do mhairbh a bhfaca tú a leithide sin fós ariamh? 'Sé sin le rádh,
nuair a léighfeas duine an cúntas, an tuairisg, an sgéal nó cibé rud é
atá sgríobhtha, ar n-a léigheamh sin dó mothóchaidh sé go bhfuil maighistreacht
ag an sgríbhneóir ar an bpeann agus ar shaoghar an phinn; mothóchaidh sé go
bhuil an oiread ráidhte ag an sgríbhneóír agus bhí gabhadh aige a rádh, agus
thairis sin nach bhfuil, óir atá pictiúr os a chomhair a chonnaic sé go minic
agus aithnigheann sé é.



Leabhar ar Ocht bPúnt.



Acht ná cuireadh sé codladh ha hoidhche amugha ort mara bhfuil fhios agad
le litridheacht a dhéanamh de sgéal, óir dhá sgríobhtha an giota litridheachta
is fearr ar bith ní hé gach uile dhuine a mbeadh an beann aige ar do shaothar
a bheadh tuillte aige. Tá sé tugtha síos gur díoladh píosa litridheachta uair
ar allrud (ar £8) a bhí ar na píosaibh is fearr a sgríobhadh ariamh. 'Sgríobhadh
é dó nó trí chéadta bliadhain ó shoin agus tá sé chomh beo chomh beathadhach
fós agus an té nach mbeadh eolus éigin aige air nach mbeadh aon cháil air
gur fearr foghlumtha é. B'éidir gurb amhluidh atá an cás agad-sa freisin;
go sgríobhfá rud nár bh'fhéidir a shárughadh agus gur suarach an áird a bheadh
air féin ná ort féin. Dá bhrígh sin is dá réir, ná cuir do shuim go
hiomarcach sa litridheacht.



Gramafón.



D'fhiafruigh fear an lá cheana ar an bpáipéar nuaidheachta an mbeadh
litridheacht aige dá gcuireadh sé síos comhrádh go díreach mar thiocfadh sé
amach as béal beirte, nó as béal cibé cé mhéad duine bheadh ag caint. Ní
bheadh litridheacht aige dá bharr acht, b'éidir go mbeadh gramafón aige. Ní
fuláir dhó an comhrádh bheith thíos aige go ceart agus go haicionta, acht ní
mór dhó í nach é sin féin a bheith thíos aige .i. pictiúr i bhfoclaibh de na
cainteoiribh agus tuairisg ar a mbéasaibh agus ar a gcáilidheacht agus ar a
bpearsain nach bhfuil le fagháil ó gcomhrádh. Ní mór don chomhrádh agus
don tuairisg sin a bheith ag cuidiughadh le n-a chéile, an méid den duine
nach bhfuil iontuigthe ón gcomhrádh an tuairisg dhá theasbánadh. Is amhluidh
coimhlíontar an ní sin sa dráma: duine den fhoireann a bheith ag moladh nó
ag cáineadh nó ag maoidheamh as duine eile aca mar gheall ar thréarthaibh
luadhadh sa gcomhrádh. Cuireann an sgríbhneóir de chúram ar dhuine nó ar
bheith nó ar thriúr eatortha tuairisg a thabhairt a chaithfeadh sé féin a thabhairt
dhá madh prós a bheadh dhá sgríobhadh aige.



An Ciotaighil.



Agus ós ag caint ar chomhrádh é, isí an chiotaighil is mó atá le cur i
leith sgríbhneóirí nuair a chúmas siad comhrádh gurab é a gcomhrádh féin é,
gurb é an comhrádh é a cheapas siad féin a dhéanfadh na daoine atá i gceist
acu. Acht is minic agus is dhá mhinic nach hé comhrádh an sgríbhneóra comhrádh
an chainteora. Más leat comhrádh ceart fírinneach an duine a chur síos
éist leis ag cainnt, féach ar an gcruth atá air, sgrúduigh an t-adhbhar atá
aige, an t-áthas nó an fhearg, nó an neamhshuim, nó an tsuim aige sa
gceist, agus an chaint a dhéanfadh sé dhá mbeadh duine bheadh láithreach nó beirt
nó dáréag, dhá madh é a athair nó a mháthair a bheadh láithreach nó duine éigin
dhá dhaoinibh féin, nó duine nó daoine coimhightheacha. Ní hé an comhrádh
céadna dhéanfas an duine, mar sin, agus ar an rud a líonas a chroidhe, an
rud eile a líonas a chroidhe seachas neithe a bhaineas leis féin. Beidh obair
ort, acht mara ndéana tú sin agus a dhéanamh go maith agus an tuairisg a
fhigheachán a dhéanfas pictiúr don léiththeoir agus deis do labhartha a bheith
go paitionta agad agus teanga líomhtha ní bheidh litridheacht dhá sgríobhadh
agad; má ghnír, beidh.



Eoghan Ó Neachtain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services