Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Buaidhreadh fá Litridheacht
Title
Buaidhreadh fá Litridheacht
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Buaidhreadh fá Litridheacht. An Boladh agus an Dath. Is mór an buaidhreamh do dhaoinibh ar uairibh cuimhniughadh ar litridheacht, mórmhór do dhaoine atá ag braith ar litridheacht a sgríobhadh nó ag iarraidh a sgríobhadh. Acht glacaidís an sgeal go reidh; ná cuiridís cantal ná cam- shrón-bhirín ortha féin mar gheall ar an rud sin, haré mara bhfuil sé de chruinneas 'sa sgríbhneóir an ní atá le feiceál aige féin agus ag gach uile dhuine eile a thabhairt faoi deara go hiomlán, an beag is an mór dá mbaineann le ní a thabhairt chun cruinnis, ionnus go mbeadh, mar déarfá, an boladh agus an dath atá thart timcheall ar an rud, go mbeidís-sean i na cheann aige, agus mar a bhfuil sé de bhuaidh aige an ní sin a chur os comhair an léiththeóra le n-a pheann sa riocht go ndéarfadh an léigtheóir i ngan fhios dó fein; mo chorp ó'n deabhach, marab in í lom-chlár na fírinne; maise, le hanam do mhairbh a bhfaca tú a leithide sin fós ariamh? 'Sé sin le rádh, nuair a léighfeas duine an cúntas, an tuairisg, an sgéal nó cibé rud é atá sgríobhtha, ar n-a léigheamh sin dó mothóchaidh sé go bhfuil maighistreacht ag an sgríbhneóir ar an bpeann agus ar shaoghar an phinn; mothóchaidh sé go bhuil an oiread ráidhte ag an sgríbhneóír agus bhí gabhadh aige a rádh, agus thairis sin nach bhfuil, óir atá pictiúr os a chomhair a chonnaic sé go minic agus aithnigheann sé é. Leabhar ar Ocht bPúnt. Acht ná cuireadh sé codladh ha hoidhche amugha ort mara bhfuil fhios agad le litridheacht a dhéanamh de sgéal, óir dhá sgríobhtha an giota litridheachta is fearr ar bith ní hé gach uile dhuine a mbeadh an beann aige ar do shaothar a bheadh tuillte aige. Tá sé tugtha síos gur díoladh píosa litridheachta uair ar allrud (ar £8) a bhí ar na píosaibh is fearr a sgríobhadh ariamh. 'Sgríobhadh é dó nó trí chéadta bliadhain ó shoin agus tá sé chomh beo chomh beathadhach fós agus an té nach mbeadh eolus éigin aige air nach mbeadh aon cháil air gur fearr foghlumtha é. B'éidir gurb amhluidh atá an cás agad-sa freisin; go sgríobhfá rud nár bh'fhéidir a shárughadh agus gur suarach an áird a bheadh air féin ná ort féin. Dá bhrígh sin is dá réir, ná cuir do shuim go hiomarcach sa litridheacht. Gramafón. D'fhiafruigh fear an lá cheana ar an bpáipéar nuaidheachta an mbeadh litridheacht aige dá gcuireadh sé síos comhrádh go díreach mar thiocfadh sé amach as béal beirte, nó as béal cibé cé mhéad duine bheadh ag caint. Ní bheadh litridheacht aige dá bharr acht, b'éidir go mbeadh gramafón aige. Ní fuláir dhó an comhrádh bheith thíos aige go ceart agus go haicionta, acht ní mór dhó í nach é sin féin a bheith thíos aige .i. pictiúr i bhfoclaibh de na cainteoiribh agus tuairisg ar a mbéasaibh agus ar a gcáilidheacht agus ar a bpearsain nach bhfuil le fagháil ó gcomhrádh. Ní mór don chomhrádh agus don tuairisg sin a bheith ag cuidiughadh le n-a chéile, an méid den duine nach bhfuil iontuigthe ón gcomhrádh an tuairisg dhá theasbánadh. Is amhluidh coimhlíontar an ní sin sa dráma: duine den fhoireann a bheith ag moladh nó ag cáineadh nó ag maoidheamh as duine eile aca mar gheall ar thréarthaibh luadhadh sa gcomhrádh. Cuireann an sgríbhneóir de chúram ar dhuine nó ar bheith nó ar thriúr eatortha tuairisg a thabhairt a chaithfeadh sé féin a thabhairt dhá madh prós a bheadh dhá sgríobhadh aige. An Ciotaighil. Agus ós ag caint ar chomhrádh é, isí an chiotaighil is mó atá le cur i leith sgríbhneóirí nuair a chúmas siad comhrádh gurab é a gcomhrádh féin é, gurb é an comhrádh é a cheapas siad féin a dhéanfadh na daoine atá i gceist acu. Acht is minic agus is dhá mhinic nach hé comhrádh an sgríbhneóra comhrádh an chainteora. Más leat comhrádh ceart fírinneach an duine a chur síos éist leis ag cainnt, féach ar an gcruth atá air, sgrúduigh an t-adhbhar atá aige, an t-áthas nó an fhearg, nó an neamhshuim, nó an tsuim aige sa gceist, agus an chaint a dhéanfadh sé dhá mbeadh duine bheadh láithreach nó beirt nó dáréag, dhá madh é a athair nó a mháthair a bheadh láithreach nó duine éigin dhá dhaoinibh féin, nó duine nó daoine coimhightheacha. Ní hé an comhrádh céadna dhéanfas an duine, mar sin, agus ar an rud a líonas a chroidhe, an rud eile a líonas a chroidhe seachas neithe a bhaineas leis féin. Beidh obair ort, acht mara ndéana tú sin agus a dhéanamh go maith agus an tuairisg a fhigheachán a dhéanfas pictiúr don léiththeoir agus deis do labhartha a bheith go paitionta agad agus teanga líomhtha ní bheidh litridheacht dhá sgríobhadh agad; má ghnír, beidh. Eoghan Ó Neachtain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services