Anatole France agus Sprid na Frainnce.
Bhí M. Antole France i Lonndun Shasana le deidheannaighe, agus bhí árd-fhuadar
fé na Sasanaigh ag cur fáilte roimhis. Ní dócha go dtabharfaidh sé cuaird orainn
annso i nÉirinn, agus is mór an truagh é sin, mar ní fuláir nó dhéanfadh sé
maitheas dúinn aithne do chur ar fhear litridheachta go bhfuil an oiread son de
dheifrigheacht idir a aigne, agus aigne na scríbhneoir nGallda is mó go mbíonn
a saothar á léigheamh againn.
Tá beagnach deich mbliadhna is trí fichid anois ann ó rugadh “Anatole
France,” nó Jacques Anatole Thibaut, mar is ainm dó sa cheart. I bPáiris
na Fraince do rugadh é, i siopa sean-leabhar, mar b'é sligh-beathadh a bhí ag a
athair ná ag díol na sean-leabhar gcéadna, agus tá a mblas le fagháil go soiléir
ar gach a bhfuil scríobhtha ag a mhac. Sean-fhear 'seadh France anois, mar sin,
acht mas eadh, is beag dá chlisteacht atá caillte
aige fós. Níl acht bliadhain go leis ann ó cuireadhh “Les Dieux Ont Soir,”
sgéal ag trácht ar aimsir an Atharruighthe Mhóir, ó comhair an phobail, agus tá
dhá leabhar eile fachta againn uaidh le cúig bliadhna .i. “L'ile de Pingouins,”
mar a dtugann sé cúntas magamhail ar stair a thíre féin, agus “Les Sept
Femmes de la Barbe Bleue,” leabhar na gcuireann sé fé sgéal ár sean-
charad “Bluebeard” d'aith-innsint, agus cruth nuadh ar fad ar an sgéal — agus
ar ár sean-charaid leis. Tá aith-innsint ar seanscéalta eile na leanbhaí san
leabhar so freisin.
Cé go mbíodh France ag scrí' i gcomhnuidhe, bhí sé seacht mbliadhna déag
ar fhichid d'aois sar ar chuir furmhór na ndaoine 'na thír féin aithne ar a shaothar,
agus ba lugha ná san an aithne a bhí air lasmuich de'n bhFrainnc. B'é “Le Crime
de Sylvestre Bonnard” an leabhar do chuir os cionn an tsluaigh é. Scéal
deas simplidhe taithneamhach 'seadh é, gur fearrde éinne a léigheadh, rud nach
féidir a rádh, fóiríor, i dtaobh furmhóir de shaothar an ughdair seo. Go goirid
'na dhiaidh sin do sgríobh sé “Le Livre de Mon Amí,” agus “Pierre Noziere,”
agus tá an tuairim céadna le tabhairt ar an dá leabhar so agus tá ar “Le
Crime,” nach mór. Annson do tháinig atharrú' éigin ar a intinn, agus cé go bhfuil
an chlisteacht chéadna cainte aige, agus an ghastacht aigne, tá draoidheacht éigin
imthighthe as a scríbhnibh ná feictear ionta acht anois is arís feasta. Ní deirim
ná go bhfuil a lán tréithe nuadha 'sna leabhraibh do lean na cinn sin. Tá agus
tá cuid díobh níos fearr mar obair litridheachta ná leabhra a óige, ach — ; agus
sin é díreach an fhadhb; ní féidir le héan-Chatoiligche, le Gaedheal Catoiliceach,
go háirithe, iad do mholadh gan a lán “acht —” do chur leis an moladh. Ní fhágann
son ná gur scríobh sé roinnt mhaith ar feadh a shaoghail atá ionmholta go léir, mar
atá “Clio,” “Crainquebille,” agus a lán eile d'á ngearr-scéaltaibh go mór
mór.
I bPáiris na Frainnce do rugadh Antole France, mar adubhart cheana,
agus is i bPáiris do chaith sé furmhór a shaoghail. Sé Páiris croidhe agus eithne na
Frainnce i slighe nach féidir a leithéid a rádh mar gheall ar éin-phrímh-chathair
eile. Agus bhí dluth-bhaint ag France le gnáth-shaoghail na cathrach ó'n lá do
rugadh é. Is dócha gurbh'é sin an fáth go bhfoillsigheann sé dúinn anam agus
sprid na bhFranncach dá linn féin. Na daoine eile is mó clú i nuaidh-litridheacht na Frainnce, Paul
Bourget, Guej de Maupassant, Zola, Renan, René Bazin, ó chúigibh na Frainnce
dóibh, agus níor éirigh le héinne aca comhacht a chúige féin do chur de ar fad.
Ní hé an Franncach atá ag moladh beathadh na Frainnce na scríbhnibh siúd, acht an
Normánach, nó an Breathnach nó an Probhencal.
Níl éinnidh is mó a réidhtigheann le spirid an Fhranncaigh agus do réidhtigh
léi i gcomhnuidhe — ná áilneacht, áilneacht réidh riaghalta. Cuireann sé spéis
mhór, i n-áilneach bhan, acht ní fuláir na mná do bheith gléasta, cíortha go breagh.
Cuireann áilneacht a príomh-chathrach féin an croidhe ag preabadh na chléibh, agus
tá an chathair sin leagtha amach chomh deas son, agus chomh mór son do réir na
riaghlach agus is féidir do chathair a bheith. Seo scéilín ag tagairt do son. Bhíos
ag féachaint isteach i bhfuinneoig siopa i mB'l'Átha Cliath lá, agus bhí beirt bhan
ag trácht ar ghúna áluinn a bhí á theasbáint ann. “Gúna Franncach é sin, gan
amhras,” arsa duine des na mnáibh. “Ní headh,” arsa an duine eile aca, “ná
feiceann tú an órnáid sin? Níl sé san áit chirt i n-éanchor. Cuirim geall
ná leigfeadh Franncach an gúna amach as a láimh, agus an locht son air. Níl ann
acht cóip do deineadh annso.”
Tá an saghas son áilneachta agus an grádh atá aige do le feicsint go soiléir
i saothar Anatole France. Ní bhíonn sé sásta muna mbíonn na fir is na mná
agus na páistí féin 'na leabhraibh 'na steill-bheathadh ós ar gcomhair,
agus ní hamháin son acht ní fuláir leis an chainnt 'na gcuireann sé ós ar gcomhair
iad féin agus a smaointe do dheisiú' agus do sgagadh agus do ghlanadh go dtí
gurb' ar éigin do fhéadfaidhe é do shárú' ar líomhthacht agus ar áilneacht. Ní
bhíonn focal sa bhreis i n-éan abairt aige, agus ní bhíonn lúb ar lár ann acht chomh
beag.
Ó aimsir Rabelais anuas, tá saghas sonnradhach grinn fé chlú ag na Franaigh,
go nglaodhaid siad féin “Gauloisséric” air. Tá roinnt de'n ghreann céadna
le fagháil annso is annsúd 'nár sean-scéaltaibh féin, agus cé nach rud ba mholta
é, do réir mar a ceaptar fé láthair, do bhí tráth ann ná rabhthas chomh dian sin air.
Níor scriosadh amach as litridheacht na Frainnce riamh é agus tá a lán de i
leabhraibh France — acht amháin ins na scéalta úd do luadhas cheana “Le Crime
de Sylvestre Bonnard,” “Le Livre de Mon Ami,” agus “Pierre Noziere,”
agus cuid des na gearr-scéaltaibh.
Níl éinnidh is mó a tugtar fé ndeara imeasc na bhFranncach i ngach aois ná
an easbaidh urraime
a fhoillsigheann, ní hamháin a gcaint agus a scríbhní, acht a ngníomhartha. Sagart
ab' eadh Rabelais, acht do chuireadh sé síos ar mhanachaibh agus ar shagairt eile
ar nós ná ceadóchaidhe d'éinne anois. Na hamhráin ba mhó do thaithn leis an
bpobul i gcomhnuidhe is ag magadh fé'n Eaglais nó fé'n Arm, nó fé na Righthibh,
— nuair a bhí a leithéid aca — a bhíodar. Ní fhágann son i n-éanchor ná go raibh grádh
aca do'n Eaglais, agus bród ortha as an Arm, agus is ró-dhílis a bhíodar dos na
Righthibh. Casadh éigin atá 'na n-intinn ná leigeann dóibh an urraim oireamhnach
do thabhairt, 'na gcainnt, go háirithe, dos na daoinibh agus dos na rudaibh, is
mó go gcuireann an chuid eile de'n domhan Críostaidhe spéis ionta. Mar sin,
ní cúis náire le France ádhbhar suilt a bhaint amach as scéal a thíre féin, nó as
cúrsaidhe na Críostaidheachta, nó a Flaitheas Dé féin — agus ní gádh dhom a chur
i n-úil do léightheoiribh an Chlaidhimh go bhéadfaimís cuid de'n tsult chéadna
d'fhagháil 'nár sean-scéaltaibh féin. Má bhíonn beagáinín sa bhreis de'n ghéire
chainnte ag France nuair bhíonn sé ag cur síos ar an Eaglais Chatoilicighe, sin
rud, fóiriór, atá le rádh mar gheall ar a lán de mhuinntir a thíre.
Máire Ní Chinnéide.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11