Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óglaochra na hÉireann

Title
Óglaochra na hÉireann
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óglaochra na hÉireann.



Féachaint Siar.



A bhuidhe le Dia go rug orainn an gur féidir le haon Ógéireannach
a rádh leis féin: Féadfa mé eólus a chur ar arm lámhaighthe agus dul amach do
chosaint mo thíre dúthchais má bhíonn gádh leis sin. Agus ní dócha go maireannn
beó inar measc an duine do dhéanfadh an méid sin machtnaimh agus ná
himtheóghadh láithreach agus é féin do cheangal le hÓglaochra na nÉireann.



Féachaimís siar ar Eoghan Ruadh Ó Néill do theacht i dtír i nÉirinn agus
do thosnú ar arm do sholáthar dó fein. Fé cheann dá mhí, bhí oiread fear
aige agus gur cheap sé nár mhiste dhó a bhfromhadh. Níor bhfhada gur dhéin.
Agus ba leósan do bhuaidh sé cath Bhéal Átha Bhuidhe.



Chuimhnighmís arís ar an dTalbóideach do theacht i nÉirinn agus a chomhairliú
dhár sinsir airm do ghabháil chuca. Tángathas ina sluaightibh chuige — abhfad ní
ba líonmhaire, b'fhéidir, ná mar do thuill sé féin ná an dream a bhí taobh thiar
do é. Acht an t-arm do bhailigheadh an uair sin, cad iad na gníomhartha
dhéineadar? Fiafraightear de mhuinntir Bhéal Átha Luain é. Fiafraightear de
mhuinntir Luimnigh é. Agus maran leór an méid sin, curtar a dtuairisc san
Roinn Eórpa — ar Landen, i gCremóna, agus ag Fontenaoi, agus céad áit
eile nach iad.



Agus mar bhuille sguir, machtuighmís ar na fearaibh do cnuasuigheadh fé
riar Grattan. Cuimhnighmís ar an sprid a bhí ionnta, agus an misneach a
chuireadar ar mhuinntir na tíre seo. Tháinig feabhus ar Éirinn an fhaid agus
do coimeádadh ar bun iad. Nuair do leigeadar a n-airm uatha ba gheárr
annsoin go bhfeacathas a rian ar an dtír. Tar éis dúinn na rudaí sin do
mheabhrú ciaca againn go mbeidh sé de dhánaidheacht ann agus a rádh gur
saothar i n-aistear Óglaochra a chur ar bun anois.



Cosaint na Tíre.



Níl aonnídh ar domhan is túisce a nochtann sprid mhaith náisiúnta ar chineadh
'ná iad do bheith ullamh chun a gceart do chosaint le neart a ngéag dá mbeadh
gádh leis. An cineadh ná fuil meas aca ortha féin agus suim aca i ngach a
mbaineann leó mar náisiún fé leith cionnus is dóigh leó go mbeadh meas ag
daoinibh eile ortha? Nó, cionnus is féidir leó ainm a bhaint amch dhóibh féin
i measc cineadhcha an domhain? Tá aon níd amháin deimhnitheach, go háirithe:
an té a loirgeann a cheart, sin é an fear dogheibheann é; agus má loirgeann
sé go dána é is amhlaidh is túisce shaothruigheann sé chuige é.



De réir na gcomharthaí go léir is geárr go mbeidh atharrach riaghaltais
ar bun i nÉirinn. Beidh orainn fein an tír do stiúradh, agus cromadh ar í
chur ar a leas. Nach mithid dúinnn anois bheith ag cuimhneamh ar ár n-ullmhú
féin chuige sin? Nár tháinig an t-am orainn chun seasaimh ar ár mbonnaibh
féin? Agus cadé an rud do bhfeárr mar thosach ar an obair sin 'ná óigfhir
chalma na tíre do thabhairt i dteannta a chéile, agus a mhúineadh dóibh cionnus
airm do láimhseáil? Siné an deimhin is feárr air go mbeidh an tsíothcháin
againn ar ball. Beimíd ullamh chun troda má curtar orainn, agus is ceart
dúinn féachaint romhainn.



Eólus ar Armaibh.



Cad n-a thaobh gur chóir dúinn eólus do chur ar armaibh? Ar an gcéad
dul síos de bhrígh go bhfuil grádh againn dár dtír féin, agus fonn orainn í
chosaint. Ní gádh dhúinn fuaith a thabhairt d'aon tír eile. Is beag orm féin
an fuath soin, — is deallraithithe go mór díoghbháil do theach as 'ná maitheas.
Ma tá grádh againn d'Éirinn ní baoghal go dteipfidh lucht conganta uirthi.



Níor bheag an méid sin mar fhreagra. Acht na theantasan badh cheart
do dhaoinibh óga a fhoghluim cionnus úsáid do dhéanamh d'armaibh. Tugann
an taithighe sin misneach dóibh. Méaduigheann sé ar a neart chuirp, agus ar
a lúth. Cuireann se brígh agus spionnadh fé leith ionnta. Agus múineann sé
dhóibh cionnus iad féin d'iomchur i mbaoghal. Agus tréithe luachmhar is eadh
iadsan.



An tArm Nua.



Badh cheart go bhfeicfidhe buachaillí óga na hÉireann dá gceangal féin
lesna hÓglaochraí. Anois an t-am chun a thespeáin cad is féidir linn a
dhéanamh, agus a mhéid ataimíd i ndáríribh i dtaobh leas ár dtíre dúthchuis,
fé láthair — rud ná raibh le fada bliadhanta.



Níl aon amhrus agam ná go bhfuilid muinntir na hÉireann i bhfabhar rud
éigin den tsórd soin do chur ar bun. Do dhéin Eóin Mac Néill tagairt dó
tamall ó shoin, agus bhí sé ina uachtarán ar an gcruinniú líonmhar a tháinig i
dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath an lá fé dheireadh. B'in tosach maith
ar an obair. Táid buidheanta cheana féin i n-áiteannaibh áirithe, agus iad ag
obair ar a ndícheall. Go mairidh siad.



Ba mhór an nídh é a shocrú roimh ré ar dhruim láimhe do thabhairt do
pholaitidheacht an lae indiu. Beidh fáilte roimh gach duine, is cuma cadé an
saghas polaitidheacht atá aige. Agus ní iarrtar ar dhuine cadé an creideamh
go mbaineann sé leis. Ná ní iarrtar ar ciaca íseal nó uasal é. Níl
riachtanach ó dhuine acht é bheith ina Éireannach agus a bheith ar a chumas cion
fir a sheasamh agus a dhéanamh.



“Tosnóghaimís anois i n-ainm Dé,” arsa Eoin Mac Néill ar an gcéad
chruinniú úd i mBaile Átha Cliath. Cuirfar buidheanta Óglaochra ar bun i
ngach baile mór i nÉirinn, agus i ngach baile tuaithe leis más féidir é. Agus
na trí nídh úd adubhairt Eoin Mac Néill do bheith riachtanach chun ár gceart
do chosaint, sé sin misneach, agus cúram, agus ullmhúchán, déanfar a
dtaithithesin i measc na nÓglaoch ar fuaid na nÉireann go léir.



Torna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services