Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Drámanna Dúinn Féin

Title
Drámanna Dúinn Féin
Author(s)
Ua Tuathaill, Éamon,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Drámanna Dúinn Féin.



Is beag cineadh dár mhair ariamh, dámba rud é go raibh an cineadh sin
a' borradh is a' fás i maoin an tsaoghail, nár leór leis a thír dhúthchais féin
a chur i dtreise gan buaidh a bhreith ar chinidheachaibh eile le n-a bhfeabhsú,
le deigh-thréartha dobhtha agus a lán eile ar mhaithe leobhtha, dá
mb'fhíor dobhtha é. Féach Alastrom Mór, Séarlas Mór, Napoleon agus daoine
eile dá mac a samhail. An lucht iosbairte bhí ionta seo, nó an féidir a
rádh gur “bheannuighthe an talamh ar shiubhal siad ariamh air?” Cluinimid
go minic iomrádh ar a ngníomharthaibh móra agus ar na críochaibh ar ghabh
siad flaitheas agus for-smacht ortha. Sgéala go leór fá'n impireacht seo
agus fá'n impireacht úd — fá n-a gcáil agus a gcéimidheacht. Is tearc rud
a chluineadh i dtaoibh na dtíortha mbeag.



Tá an smaoineadh sin nó an dallradharc sin a' cur as dúinn ar an
saoghal seo le fada fada d'aimsir, acht tá cosamhalacht go bhfuil daoine ar
athrú aigne i n-a thaoibh. Is mó an spéis a cuirtear anois i ndreamannaibh
daoine ar leith, i n-a dteangaibh agus i n-a nósaibh ná cuirtear i gcúrsaibh
na n-impireacht. Tá fonn ar bhunadh gach cinidh iad féin agus a gcuid
oibre agus a gcuid smaointe a chur i n-iúl do'n tsaoghal mór ar a lóntaibh
féin agus gan a bheith fágtha i bhfolach faoi néaltaibh troma dorcha impireachta
ar bith dá fheabhas í agus dá airde a clú. Táthar a tabhairt riaghaltais
bhaile dá bhfurmhór ar fud an domhain. Tá na dreamanna beaga seo a
smaoineadh agus a déanamh stadéire ar “sgeolaibh na sgol agus ar
seóidibh na sean” a bhain le n-a dtír féin. I litridheacht is mó tchímid
éifeacht na ngluaiseachta seo. Tá a leithéid ar an neamh-acra ag caisléanaibh
agus ag “lámhach gunnaí tréan.”



An Nua-litridheacht.



Is í an drámuidheacht an cineál litridheachta a bhfuiltear a' chur suime
ann i dtíorthaibh síbhialta fá láthair. An dráma liteardha mar bheirtear air.



Mar gheall ar an droch-dhóigh a bhí ar theangaidh na Gaedhilge níor
sgríobhadh aon dráma innti go dtí ar na moillibh. Agallamh Oisín agus
Pádruig i bhfilidheacht na Féinne an rud ba chomhgaraighe do, nó an conspóid
a bhíodh idir an bás agus daoine saoghalta. Ós cionn trí chéad bliadhna ó
shoin tháinig rabharta na drámuidheacht a fhad le Sasana acht bhí Éire 'n-a
talamh thirim go fóill, acht san am atá i lathair tá cor-thonn a' teacht i n-ár
gcomhair. Is é Ibsen agus a chóimh-sgríobhnóirí ba chionntach le áithbheodhughadh
an dráma liteardha i nEuroip. I n-a dhiaidh sin tháinig Shaw agus Wilde agus
i nGalldacht na hÉireann Yeats agus Singe.



Tíortha Beaga.



I n-Ísland táthar ag obair go bréagh a léiriughadh drámanna le goirid.
Is iongantach ar fad an méad atá siad i n-inibh a dhéanamh i dtír nach bhfuil
sa Phríomh-chathair Reykiavik acht 14,000 duine. Tá amharclann bhreagh acu
agus gach duine de'n lucht léirighthe faoi thuarasdal. Fear darab' ainm
Sigerson an sgríbhneoir is fearr dá bhfuil acu. I gcanamhain na háite atá
na drámanna uilig sgríobhtha — cuid mhór acu a tiontuigheadh ó theangthachaibh
eile. Cineal sean-Lochlannaise atá i n-a gcanamhain.



I Sisile na hEadáile tá tús maith déanta ar aithbheodhughadh drámanna na
ndaoine. Sgoith cluicheóirí atá ionta. Ní fhuil ann acht bliadhain ó shoin ó
tháinig dream acu anall go Sasana agus chuir siad iongantas ar chách mar
gheall ar a fheabhas is léirigh siad a gcuid drámann.



Bhí muintir na Bulgáire a' gabháil do'n rud céadna roimh aimsir an
chogaidh agus ní dóiche gur chuir an cogadh mórán cosga ortha ó shoin. I n-a
gcanamhain féin a gríobhadh agus a léirigheadh a gcuid, tionntuigheadh a lán
acu ó theangthachaibh eile go teangaidh na Bulagáire agus chuir siad cruth agus
croiceann a gcinte féin ortha.



Sasana Féin ag Corrú Amach.



I Sasana féin tugadh iarraidh faoi dhrámanna a léiriughadh i gcanamhnaibh
na ndaoine agus d'éirigh leobhtha go maith. Tá Sasanaigh a' cur suime i
sean-nósaibh a gcine thar mar bhí ariamh. Tá siad a' foghluim agus a'
cleachtadh sean-rinncí a bhíodh go coitchionta sa tsean-aimsir.



I mBreatain, is beag a rinneadh go fóill i leith drámuigheachta.
Tuairim is bliadhain ó shoin bhí móran cainte ar siubhal ins na páipéaraibh ar
ghanntanas drámanna sa Bhreathnais. Thóg LLoyd Seoirse páirt sa díos-
póireacht agus mhol dóbhtha obair drámuigheachta chur ar bun. Cuireadh
comórtas ar bun agus cuireadh mór-chuid dráma asteacht chuig na moltóiribh.
Iad sin do rug an barr leobhtha, léirigheadh an lá chéana iad agus thaitin leis
an phobul go mór.



Gaedhilgeóirí.



Ó thúsaigh Connradh na Gaedhilge is beag bliadhain dá ndeachaidh thart
nach raibh rud éigin i bhfuirm dráma againn i nÉirinn, acht ní féidir a rádh
go bhfuil obair na drámuidheachta a' gabháil 'un tosaigh go láidir. Mo
bharramhail féin nach dtig leis dul ar aghaidh go maith sa ghalldacht i n-áit
nach dtuigeann furmhór na ndaoine an Ghaedhilg, aimhdheóin gur tairbheach an
rud é leis an teangaidh a chur ar aghaidh. Dá bhrigh sin is airidh air moladh
fhághail. Is í an Ghaedhealtacht an áit is mó a mbéidh rath agus tairbhe ar
dhrámuidheacht Ghaedhilge.



Tá dhá chumann drámuidheachta i nAth Cliath .i. na hAisteóirí agus na
Cluicheóirí agus is mionmholta go mór an obair atá siad a dhéanamh sa chathair.
Is é an truagh nach dtig leobhtha dul chuig an Ghaedhealtacht níos minice.
Ma théid siad ar aghaidh go maith béidh Amharclann fhíor-Ghaedhealach againn ar
ball. Ba cheart go sáróchadh a leithéid ar aon rud da ndearnadh as Béarla
go fóill. Tá sean-sgéaluighthe go leór againn go fóill sa Ghaedhealtacht le
go bhféadfadh lucht drámuidheachta an nós Gaedhealach fhoghluim le sgéal a
ársuighe. Tá ar sáith amhránuighthe Gaedhilge i nÉirinn go se le go bhfógh-
lumóchaidhe an dóigh Ghaedhealach le amhran a ghabhail. Agus tharais sin tá
caint bhréagh bhinn líomhtha na Gaedhilge ann go beo bríóghmhar — an t-adhbhar
drámuidheachta is fearr dá bhfuil le fághail. Níor bhfearr a raibh ag
Shakespeare féin.



Éamon Ua Tuathaill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services