Cia Tá ar Buile?
Tá na rásanna ar siubhal indiu. Tá an
baile lán de dhaoinibh. Tá rí-rá agus gleo
agus fuadar ar an tsráid. Tá lucht Beailití
ag amhrán agus lucht giobhal ag béicigh “Rice
cards,” agus cóistí ag dul síos an tsráid
agus cóistí eile ag dul suas agus lucht
tiomána ag liúighrigh agus ag leigeann fead
agus ag baint ceoil as fuipeanna. Tá fir ag
dul isteach ag ól agus fir eile ag teacht amach
ó bheith ag ól. Tá hataí agus ribíní ar chailíní
beaga. Tá fir ag cainnt agus ag aragóint;
agus tá fir ag bladar le mnáibh agus cuid
des na mnáibh ag magadh fútha agus tuille aca
dáiríribh i dtaobh an bhladair. Táid siad go
léir ag bogadh amach go páirc na Rás ach mise.
Táim-se annso ag an bhfuinneoig ag féachaint
ortha agus ag éisteacht leo agus iad á fhiafraighe
“Fot time 'il the first race be run?”
Ach nílim féin ag dul ar na Rásanna i n-ao'
chor. Ní maith liom Rásanna. Níl aon chiall
leo. Níl aon ní do'n aigne ionnta. Níl ann
ach luas cos capall agus greadadh géar fuipe
agus béiceach bhaoth fear agus gliogar-gháire
ban. Níor ghádh dhuit ann ach cluasa agus
súile. Dá mbeadh aigne ná tuigsint ann agat
do mhillfeadh san do shuim agus do thaitneamh
sa rí-rá agus sa bhfuadar agus sa ghlaigín-
teacht.
Ach éist! Cad é an dórd so? Ó seadh, an
Band, agus é ag siubhal na sráide chun na
daoine a bhrostú chun na Rás. Fuireann ceoil
na Measardhachta leis. Bhuel bhuel! Ní leig-
feadh na Sagairt an band sin ar na Rásanna
i n-ao' chor anuiridh. Thuigeadar nár ghaibh
Rásann agus measardhacht le chéile. Ní
ghabhann leis: acht tá daoine ar an mbaile seo
ná tuigeann cad na thaobh nár cheart fuireann
ceoil lucht measardhachta a bheith ar na Rásanna
agus bhíodar ag gearán. Tá daoine ar an
mbaile agus ní thuigeann siad aon ní agus
féach, ní bhíonn aon bhrón ortha.
B'fhéidir go bhfuil an ceart aca gan aon ní
a thuisgint. Dá dtuigidís do shuathfadh san a
n-aigne. Is olc an rud an aigne a shuathadh -
óir thiocfadh mí-shásamh nó mí-fhoidhne nó fearg
nó náire nó smaoineamh san chaithfeadh an corp
rud éigin a dhéanamh nó rud éigin a bhriseadh nó
rud éigin a chur i gceart; agus annsan cá
fearr tuisgint?
Chím fear sa tigh óil seo os comhair na
fuinneoige. Tá sé sásta leis féin. Is
aoibinn do. Níl aon tuigsint aige. Ní
thuigeann sé aon ní ach gur maith leis é féin a
líonadh le pórtar dubh. Ní tuisgint é sin,
tá a's agat, ach dúil mar bheadh ag muic nó boin.
Dá mbeadh tuisgint ag an bhfear san ní bheadh
a gháire chomh gairid dó. Thuigfeadh sé gur dúil
muice nó bó atá aige agus, ar nós na bó, gur
threise a dúil ná é féin. Bhéadh droch-mheas
aige ar féin annsan, agus b'shin tubaist.
B'shin a chríoch agus dheire. Ar bh'fhearr dhó
tuisgint aige ná bheith gan aon tuisgint?
Cad n-a thaobh dom-sa bheith im'aonar annso
agus gach duine eile agus fuadar fé ag dul
ar na Rásanna? Cad na thaobh ná fághainn
aoibhneas as bheith ag ól Pórtair? Tuisgint —
sin é fé ndeara é, tuisgint a bhaineann an
t-aoibhneas de bheith ag ól Pórtair, tuisgint
ná fágann im'chumas sásamh a bhaint as na
rudaí a thugann sásamh do'n bhfear úd thall
atá leat lán de Phórtar dubh. Ní fhéadfainn
portar d'ól, déanfadh sé breoite mé, tuigim.
Tuigim gur fearr mé gan pórtar agus nach
uasal bheith ar meisge. Tuigim nach bhfuil ins na
Rásanna ach seafóid agus bréig-reacht agus
sa tsluagh a bhíonn ag féachaint ortha ach
amadáin díomhaoine. Tuigim: agus sí an
tuisgint sin fé ndearna dhom bheith annso im'
“dhubh-d'fhear” agus peann agam agus gan
mé sásta le haon rud. An fear úd thall ag
ól — ní thuigeann sé aon ní agus tá sé suairc.
Tá piúnt mór eile n-a láimh agus tá cubhrán
bán ar a bharr. “Fé thuairim bhur sláinte,”
adeir sé, agus tá an piúnt diúgtha go dríodar
aige d'aon slug amháin. Tá an piúnt follamh
ar an gcúntar arís agus tá an cubhrán bán ar
chroiméal fir an tarta mhóir. Ach féach an
aghaidh bhreagh shuairc shásta atá air! Tá a bhean
amuich ar pháirc na Rás agus Bórd Roulette
aici agus í ag déanamh airgid. Tráthnóna,
tiocfaidh sí isteach agus raghaidh sí ar lorg a
fir agus bainfidh an fear an t-airgead go léir
di; agus buailfidh sé í agus tabharfaidh sé
súil dubh di má bhíonn sí ag cnáimhseán. Beidh
sé sásta leis féin óir beidh sé lán de phórtar
agus níl a mhalairt de thuisgint aige.
Níl aon tuisgint ag an bhfear úd thall agus
tá sé sásta. Tá tuisgint agam-sa agus tá
ná rudaí sin go léir ag cur tinnis orm. Ní
fheadar an aige sin atá an ceart nó agam-sa.
Ciocu é sin nó mise atá ar buile? Tuigim-se.
Ní thuigeann seisean. Ciocu is fearr tuisgint
nó mí-thuisgint? Ní fheadar. Tá an sgéal sa
mhuileann orm.
“An Seabhac.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11