Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr

Title
Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr
Author(s)
Mhic Gearailt, Eadbhard (a d'aistrigh go Béarla),
Pen Name
Tórna (Aistr.)
Translator
Ó Donnchadha, Tadhg
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1920
Publisher
Mártan Lester, Tta.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉMHRÁDH.



I.



AN aiste filidheachta atá i gcló annso, níl ann acht
aistriú ar aistriú. Sa Pheirsis a ceapadh ar dtúis é, agus
d'aistrigheadh as san go Béarla é. Agus is ón mBéarla
san do deineadh an t-aistriú atá annso.



Omár an t-ainm a bhí ar an bhfile a chéadcheap é.
Omár Caiiám a tugtaí air coitchianta. Cialluighean an
focal Caiiám "puibleóir" nó "fear puball do dhéanamh,"
agus deirtar gur chaith Omár tamall dá shaoghal leis
an gcéird sin, nó gur bhé ba chéird dá athair.



Rugadh Omár ag Naíseápúr; baile mór ata i ndúthaigh
Chorassán i dtír na Peirse. Ní fios cadé an bhliadhain
n-a rugadh é, acht gur thárla leathstigh de leath deiridh
an t-aonmhadh aois déag. Agus fuair sé bás leathstigh
de chéad cheathramhadh an dara aois déag, tuairim is
bliadhain a 1123.



Is ró bheag an t-eólus atá againn ar chúrsaí saoghail
Omár. Tír chomhachtach do b'eadh an Pheirse abhfad
sara rugadh an file seo innti. Bhí lucht léighinn is
foghluma go flúirseach innti. Garsún le hinntleacht is
le meabhair chinn thar an gcoitchiantacht do b'eadh
Omár, agus bhí an t-anadhúil sa bhfoghluim aige. Ní


L. 2


fuláir nó bhain sé tairbhthe as pé tabhairt suas a fuair sé.



Le linn a óige sin do bhí fear mór léighinn is feallsamh-
nachta, darbh' ainm Mowafac, go raibh scoil aige i
Naíseápúr. Thug Omár roinnt bhlianta ar a scoil sin
agus isé is dóichighe gurab ann a chríochnuigh sé a
scoluidheacht.



Bhí comhscoláire aige sa scoil sin, agus Nizám ul
Mulc an t-ainm a bhí air. Ogánach tuiscionach
inntleachtúil ab eadh é sin agus d'eirigh coidreabh
agus báidh idir an mbeirt. Blianta n-a dhiaidh san do
dhein fear cinn stáit de Nizám ul Mulc, agus nuair a
bhí an comhacht aige níor dhearmhaid sé Omár.



Tar éis na scoile dfhágaint d'Omár, is cosmhail nach
ró-mhaith d'éirigh an saoghal leis. Bhí an dúil sa
léighean aige i gcomhnuidhe, acht níor leór san chun
é choimeád n-a bheathaidh. "Ní chothuighid na
briathra na bráithre." Do thuit sé i ndealbhas, agus
b'éigin dó claoi le céird chun greim bídh is bolmac a
choimeád dó fhéin. Céird na bpuball do dhéanamh a
tharraing sé chuige, agus isé is dóichighe gur óna athair
a fuair sé é. Acht ar nós Dhonnchadh Ruaidh agus
gairm an mháighistir scoile, "a rún don phobul gur
follamh an chéird sin": ba shuarach an acmhuing
d'Omár an chéird a bhí aige féin. Nuair a dhein fear
cinn stáit de Nizám ul Mule, d'imthigh Omár ag triall
air, agus d'iarr aisce air.



Dfhiafraigh Nizám de cadé an aisce a bhí uaidh.



"Isé aisce is mó a fhéadfá a thabhairt dam," arsa
Omár, "ná leogaint dam maireachtaint i gcúil éigin fé
scáth do mhórchómhachtsa, mar a bhféadfad tairbhthí
na n-ealadhan do chraobhscaoile, agus faid saoghail agus
sonus a ghuidhe dhuitse."



Thug Nizám ul Mule pínse dhá chéad déag mitcál óir


L. 3


sa bhliadhain d'Omár; agus do mhair sé air sin go sásta
go dtí lá a bháis.



Bhíodh sé ag gabháil don léighean i gcomhnuidhe, agus
do scríobh sé roinnt leabhar i bprós agus i bhfilidheacht.
Bhí ainm mhór air i dtaobh a fheabhus a bhí sé san
Réalteólus. Do cheap sé cláracha luachmhara don
ealadhain sin. Bhí sé ar an ochtar fear a ceapadh,
aimsir Malic Seáh, chun ceartú a dhéanamh ar an
gcailliúir. Agus n-a theannta san do cheap sé leabhar
ar Algéabar.



II.



Rugadh Éadbhard Mac Gearailt ag Bredfield House,
i n-aice le Woodbridge, Suffolk, i Sasana, an lá deirean-
nach de mhí na Márta, 1809. Sliocht deóruithe ó Éirinn
é ar thaobh a athar is a mháthar. Seán Puirséal ab
ainm is sloinne dá athair, agus Gearaltach ab eadh a
mháthair. Nuair a cailleadh athair a chéile do ghlac
Seán Puirséal chuige fhéin sloinne agus armus na
nGearaltach. Éadbhard an tríomhadh mac a bhí aca.



Sa bhliain 1821 do cuireadh chun scoile é go dtí King
Edward VI Grammar School ag Bury St. Edmunds.
Sa bhliain 1826 chuaidh sé go dtí Coláiste na Tríonóide
ag Cambridge, mar a bhfuair sé a chéim sa bhliain
1830. Duine dá chomhscoláirí ab eadh Thackeray.



Do chaith an Gearaltach urmhór a shaoghail ag
Bredfield. Thug sé cuaird ar an bhFraingc sa bhliain
1825.



Duine mór muinteardha dhó ab eadh Bernard Barton,
file, ó Woodbridge, agus phós sé inghean leis an nduine
uasal sin.



Bhí an Gearaltach simplidhe n-a bhéasaibh; bhí


L. 4


caoin lághach cúthail n-a mheóin; agus bhí carthannach
fial.



Dhein sé mórán aistriúcháin ar a ionad chomhnuithe;
acht fé dheire sa bhliain 1874 chuaidh sé chun comhnuithe
go dtí Little Grange mar a bhfuair sé bás.



Bhí sé tugaithe do bhádóireacht. Bhí coite aige agus
thugadh sé tamall gach bliadhain ar an bhfairrge
mórthimcheall cóstaí Shasana. Acht sa bhliain 1877
do cailleadh an fear báid a bhí aige. Chuir sé suas den
tseólthóireacht annsan, agus d'iompuigh sé ar
ghárnóireacht.



An 14 lá de Mheitheamh an tsamhraidh, 1883, fuair
sé bás obann agus é ar cuaird ag Merton Rectory,
Norfolk. Tá sé curtha ag Boulge.



Ar shon gur scríbh sé a lán níor chuir sé riamh i gcló
féna ainm acht aon leabhar amháin .i. "Six Dramas of
Calderon," sa bhliain 1852. Aistriúchán ón Spáinnis
agus ón nGréigis agus on bPeirsis iseadh urmhór a
shaothair litridheachta.



Sa bhliain 1856 d'áitimh an tOllamh Cowell air
stuidéar a dhéanamh ar litridheacht na Peirse. Do
dhein, agus sa bhliain 1859 do cuireadh "Ceathramhna"
Omár i gcló don chéad uair. Fé mar ba ghnáth leis an
nGearaltach, níor chuir sé a ainm leis. Bhí 75
"ceathramhna" sa chló san. An t-aistriú a dheineassa
air sin do cuireadh i gcló é i "Sinn Féin" na Nodlag,
1908, i n-éinfheacht le Rémhrádh ón bhFear Eagair, ó
Art O Ghríobhtha. Is beag an meas a bhí ar an leabhar
san an Ghearaltaigh ar dtúis. Acht tháinig cóib den
leabhar i láimh an fhile Swinburne. Do mhol seisean dá
cháirdibh é, agus as san amach bhí rith an ráis leis. Tá
clú litridheachta an Ghearaltaigh i dtaobh leis an aistriú
san amháin.


L. 5


Sort breac-aistriú a dheineadh an Gearaltach i
gcomhnuidhe. Isé theastuigheadh uaidh ná a thabhairt
dá léightheóir an tuairim chéadna agus an aigne chéadna
a gheóbhadh an léightheóir dúthchais as an aiste
bhunadhsaigh.



III.



Focal Peirsise iseadh Rubáiiát; is ionann é agus an
focal Gaedhilge ceathramhna. Acht saghas fé leith
ceathramhan iseadh é. Bíonn cheithre líne innti. An
líon céadna siollabh ingach líne sa cheathramhain. Agus
is gnáthach an líon san éagsamhail ón gceathramhain
go chéile. Comhfhuaim, no rím, ar thrí line, ar a laighead,
den cheathramhain. Is gnáthaighe easnamh ríme ar
an tríomhadh líne; acht tonn na cainnte d'éirighe i
ndeireadh an tríomhadh líne agus a ísliú arís sa cheathram-
hadh líne. Sa bhunamhrán bíonn an rím do réir uird
aibghitreach ó cheathramhain go ceathramhain. Agus
sin a mbíonn de cheangal eatortha.



Níl aon deimhin ar an fhaid a bhí i bpríomhaiste
Omár. An chóib is girre dhe tá 158 ceathramhna ann;
agus an ceann is sia, tuairim is chúig céad. Isé rud do
dhein an Gearaltach ná na cinn a bfheárr leis a phiocadh
as agus iad d'aistriú. Ceathramha agus céad atá aige
san aiste seo annso. Acht ba ghnáth leis an nGearaltach
bheith ag ceartú ar a shaothar féin, ag cur leis agus ag
baint de. Agus deirtar gur uaidh féin a chuir sé an
chéad cheathramha ann.



Isé an ceathramhadh cur amach ar shaothar an
Ghearaltaigh atá aistrighthe annso. Chun an tonn
cainnte dfhagháil sa Ghaedhilg, agus aithris ar an
uireasbha ríme san tríomhadh líne, do dheineas


L. 6


comhfhuaim an tríomhadh líne do scoilt n-a dhá leath
agus é iompáil bunoscionn. Dfhág san aichill agam — an
tslighe is coitchianta san Ghaedhilg chun tonn cainnte
d'iomchur. Ní gádh acht ceathramha a léigheamh chun
san a thabhairt fé ndeara.



Ní fuláir gan a dhearmhad gur sa Pheirse a ceapadh
an aiste seo ar dtúis; agus n-a theanntasan go bhfuil
naoi gcéad bliadhan ann ó cumadh é. Mar sin ní miste
bheith ag súil lena lán ann a bhaineann le saoghal na
Peirse, agus le seanchus na tíre sin; agus fós iarsmaí
aigne an duine a chéadcheap é.



Tír na rós iseadh an Pheirse. Bíd siad ann nádúrtha,
ar gach aondath — idir dhearg agus bhuidhe agus bhán —
agus iad go flúirseach. Agus ar theacht an earraigh a
thosnuighid siad ar scéidhe.



An tsinnealach, nó éan na hoidhche, isí sin éan toghtha
na bhfilí sa Pheirse. Bíd siad á moladh i gcomhnuidhe.



Ní ró-mhór an meas a bhí ar Omár i measc a chine
féin riamh. Isé fáth a bhí leis sin, do réir dheallraimh,
an magadh a dheineadh sé fén ghné sin de chreideamh
Mhahomet a chleachtaidís. Dream corrathónach iseadh
iad. Táid siad géarchúiseach n-a gcéadfadhaibh cuirp
agus anma. Agus i n-aimsir Omár bhíodar go mór fé
anáil na Súifíoch, dream crábhaidh a bhí tugaithe do
nósaibh rúndha feallsamhnachta is creidimh. Bhíodh
Omár dian orthasan, mar, leis an bhfoghluim a bhí air
fhéin, do thuig sé ná raibh n-a nósaibh súd acht mar
bheadh bratach feasa ag folach a n-ainbhfiosa is a
mbréagcrábhaidh.



Acht dá mhéid é foghluim Omár, do theip air
crábhadh ná creideamh ab fhearr a cheapadh dhó fhéin
ná do dhaoine eile. Thug sé fé shaoghal an lae Imbáireach
d'innfhiúchadh roimh ré, agus níor éirigh leis. Níor


L. 7


fhan aige annsan acht claoidhe le saoghal an lae Indiu,
a bhíodh i gcomhnuidhe ag sleamhnú uaidh, agus
glacadh leis sin mar fhéadfadh sé é. D'iarradh sé ar a
lucht leanamhna an corn do líonadh agus bheith ag ól
go meidhreach, mar nár bhfhios cadé an treó a bheadh
ortha imbáireach. Is díol truaighe an feallsamh bocht
a d'iarraidh bheith meidhreach agus ná bíonn dá bhárr
aige acht an lionndubh. Dhein sé dia beag den bhfíon
is den tSáicí, don té dheineadh an fíon do roinnt; acht
is fuirist a aithint air ná raibh aigne sásta aige da bhárr.
Acht ní féidir a rádh le cruinneas an ag magadh nó i
ndáríribh a bhíonn sé aonuair. Níl le déanamh againn
acht glacadh leis mar atá sé.



Ní féidir a shéanadh, amhthach, ná gur dhein an
Gearaltach go minic fiarsceó ar chainnt an tseanfhondúra
bhoicht. Dhein sé déadhnúchán — má's ceart dam téarma
nua a thabhairt air — .i. thug sé Omár "suas chun dáta."
Acht tá leathscéal aige dar ndóigh: Má cailleadh a lán
de choraibh na seanaimsireachta, is deimhin gur eirigh
leis giota maith litridheachta a cheapadh sa Bhéarla.



IV.



Ar éigin atá saothrú a dhóithin fós ar fheallsúnacht
sa Ghaedhilg chun obair dhen tsórd so d'aistriú innti
le bárr chruinneasa. Tá súil agam, ar an adhbhar san,
ná beifar ró-dhian ar an iarracht so toisc gach ar theip
orm a thabhairt liom.



Ní miste liom mo bhuidheachas a ghabháil le muinntir
Mhártain Lester a ghaibh ortha féin an leabhar so a
chur i gcló. Do chuir "Crádh Croidhe Éigeas" anaspéis
ann, agus do chabhruigh liom go mór. Táim buidheach
dhe mar gheall ar a thrioblóid.



Lá Samhna, 1920. TORNA


L. 8


RUBÁIIÁT
OMÁR CAIIÁM Ó NAÍSEÁPÚR.



I.



Preabaidh bhur suidhe! Sin scaoile is scaipe ag an ngréin,
D'aistrigh ó chuim na hoidhche a reanna go léir,
Ar reannaibh 's ar oidhche féin, is titim a gaoi
Ar mhiontur an ríogh ghá shoillsiú i dtaitneamh go glé.



II.



D'aislingeas féin roimh éag na maidne nár chirt
Gur airigh mé tréanghuth daonna i dtabhairne istigh:
"Sin scéimh an phailliúin laistigh i bhfuirm fé réir,
'S cad chuige an fear féin go tréith fé thathamh amuigh?"



III.



Do chuala glaodh le glaodhach an choiligh annsan
O shluagh bhí taobh le béal an doruis ar scur:
"Eirigh 's oscail! Abhfus ní buan ár sé.
Agus cuaird athlae ní déanta ar n-imtheacht as so."



IV.



Ar chasadh seanghuidhe le tuidheacht na callainne nódh
Seadh mheasaid deaghdhaoine claoi le machtnamh de
dheóin
Mar mbíonn gealachrobh Mhaoise i gcóir ag eascar
den chraoibh,
Is mearanál Iosa tríd an dtalamh go beó.


L. 9


V.



Sin imthighthe Irám níor fhág sé oiread is rós;
Is corn seachtfháinneach Seámsíd ca bhfios cár ghlóis;
Acht an grápa choithigh sé fós a dheirge ar áis
'S bíd scothghuirt fé bhláth n-a dtráth cois srotha
againn fós.



VI.



Ar mhilisghob Dháibhí tá snaidhm ceangail gan cheól
Acht cloistear um meadhán oidhche árdghlaoidh
Fheallamhail óighe
Le hársaidheacht teanga ar an rós, ghá mholadh dhi:
"Feárr Fíon!"
Go ndineadh don scáil bhuidhe d'fhás dí dearg n-a snódh.



VII.



An corn so líon, 's i ngríos an earraigh bhuig sáith
Doineannbhrat caoi is aithrighe ded bhallaibh go bráth,
Tá éinín fairthe na dtráth ar eitilt go righin
Is innisim díbh gan moill go stadfaidh dá stáir.



VIII.



San mBaibilin féin, no i Naíseápúr na lios,
Pé blasta nó géar a théigheann an súghlach dhuit,
N-a dheóir 's n-a dheóir seadh shileann lathairt do
shaoghail,
'S n-a dhuille i ndiaidh chéile a scéidheann duilliúr do
ghois.



IX.



Adamhuighir fhéinig téacht na maidne i mbun scoth,
Acht dearbhscoth glé an lae indé cár scaradh leis sin?
'S an rós a thagann i dtosach an tsamharaidh ar éill
Bheir Seámsíd i gcéin is Caícobád ar a mhuin.


L. 10


X.



Go dtéighid sin slán. Cár bhfeárr dúinn féinig tnúth
Le Caícobád na mál 's le Caíchosrú?
Bíodh Zál is Rustum úd le héachta ag ádhbhacht,
Is béile ofráladh Hátim — séanse iad súd.



XI.



Lem aisse bí spás ar dáil fan imeall an fheóir
Idir fhearann an bhráca is fás an luimrigh mhóir
I n-áit nach treise ann ar threón ná ar aimid de thráill
'S sin beannacht na ngrást le Mahmúd cumais an óir.



XII.



Fé dhuilleabhar chraoibhe bím lem leabhar amhrán;
Bíodh corn maith fíona is bríce im aice dhen arán;
'S an díthreabh acht go mbeitheása im fhochair led
laoi —
Dar liomsa níor dhíthreabh í acht parrathas árd!



XIII.



Bíonn duine is sé réim an tsaoghail a mheallann a
chroidhe;
'S duine eile is sé aonbhrogh Dé dá raideann sé gnaoi;
Glaeidh ar an earradh do-chír, sar thuilleadh ná
héighimh;
An druma úd i gcéin ná géill dá chlagar le suim!



XIV.



Féach seal ara an rós is gleóite balaith; sé duairt:
"Bionn aiteas im beól ar bheóibh nuair phreabaim go
suairc;
Stróicse 'em baitheas go luath a cheangailbheart sróill,
Is caith ar an bhfód a stór 'sa mhaise 'sa bhuadh."


L. 11


XV.



An té do bhailigh i dtaiscidh an t-ór n-a mhaoin,
'S an té do scaip é go fearthainneach sóghach le gaoith,
Is dearbh nár hóradh díobh aon chré sa bhfeart
Gur dhéanta dfhearaibh a leabthacha a thóbhach arís.



XVI.



Is mairg gur dóth dhó lóchrann aindeis an tsaoghail,
Fanann n-a smól nó fós má phreabann ar bhlaodhm,
Ar nós an tsneachta is beag sé insna fearannaibh teó,
Lasann uair óg nó dhó agus casann ar éag.



XVII.



Machtnaimh ar ghlóir an ósta chríona tháir
Gurab ainm dá dhóirse leóinte oidhche is lá
Gach sultán dá dtígheadh n-a cháil 's in' acmhuing
an treó
Do chaitheadh a nóimeat cóir 's d'imthigheadh go bráth.



XVIII.



Bíd airc agus leóghain le spórt ag caitheamh a saoghail
Mar mbíodh Seámsíd ag ól fad ó go rabairneach saor,
'S Bahrám na sealg is tréan ag satailt ar a fhód
An t-asal fiaidhmheóin 's ní dóth dhó scaipe ar a néall.



XIX.



Measaim ná fásann scáil ró-dhearg ar rós
Nár eascair as áit nur thárla marbh ann treón;
'S an búgh bheir maise n-a gclódh do gharraithe bláth
Gur theangmhaig n-a lár ó tháthfholt ainnire róinn.


L. 12


XX.



'S an luibh seo n-a dhíon ar íoghair na habhann ár ndáil,
Go bhfuil gluise ar a gnaoi agus milse a balaithe ag cách,
A bhuíonach, tarraing go sámh, 's ná luigh uirthi síos —
Ca bhfios cadé an caoinghob thíos aganfhios ós fhás.



XXI.



Líon corn na féile, a laogh, go scaipeadh de dheóin
O Indiu dham aithmhéala Indé, is gach anaithe róm:
Imbáireach! Ca bhfios dar ndóigh nach n-a chuilith
raghainn d'éag,
Mar d'imthigh Indé is seacht n-aosa ar ceapadh n-a chóir



XXII.



Féach, cuid den dream dob annsa línn abhfus,
Scoth na gclann do bhronn an saoighal n-a rith,
Babhta roimhe seo d'ibh gach duine a steall
'S so dhruid don bhall 'n-ar bhfonn leis luighe fé chuilt.



XIII.



Is sinne atá suas go suairc san ionad ba leó,
'S go gcuireann an uain gheal nuaidhreach orainn do nós,
Is dual dúinn imtheacht fén bhfód i gcuilce atá duairc,
'S nach fiosach cá sluagh nur luadhadh mar chuilce sinn
dóibh.



XXIV.



Deineam crích dhon chóir seo róinn, dá gcaithfam d'ár
n-aois,
Sara luigheam fén bhfód ar nós ar mhair ar an saoighal;
An chré dhon chré seadh is dual; fén gcré bheam fós,
Gan fíon gan cheól gan spórt gan aiteas — gan chríoch!


L. 13


XXV.



An dream dar cion Indiu go dhfhagháil gan ghruaim,
'S an dream ler coinne dul Imbáireach buan,
Deir Muezzín árd n-a gcluasa ón dteanntur dubh:
"Thall ná abhfus, dbhur n-imreascáil níl duais!"



XXVI.



Naéimh is ollaimh oilte a thrácht go dian,
Dhá shaoghal dá gcur ar bun de bhárr a nglíadh,
Tá a gcainnt fé tháir, dar fiadh, 's iad féin fé ghuith,
'S a mbéil ghá stopadh ag crumha i gcáirnibh criadh.



XXVII.



Ag ollamhain ghasta chaitheas m'óige ar scoil,
Is chloisinn a dtagra greanta ar bórd go glic;
Acht dfhág a nglórtha me gan toradh ar a gceacht,
'S an dorus isteach 's amach ba chomhionann dam.



XXVIII.



Is sámh a chuireas n-a bhfochair sin síol an eóil,
'S mo lámhsa a bhrostuigh air ionnus go dtígheadh chun
flóis;
'S níor bhaineas dá dhruim 'mun bhfóghmhar acht a
ádhbhar so:
"Thánga im uisce, is i gcosmhaileacht gaoithe
imtheóghad!"



XXIX.



Ar an saoghal so theacht 's cad as, cad chuige, nach eól,
Acht éalódh isteach mar thagann uisce n-a ród;
'S annsan arís, mar gheóbhadh an ghaoth n-a neart!
Téarnamh as 's nach feas cá gcluichtear ar seól.


L. 14


XXX.



Cadé an nídh le fonn anall gan chuire do ghread?
'S arís mar shamhail anonn gan chuire d'imtheacht!
Is 'mdhó san gloine gan chead den bhfíon so is call
Chun cuimhne an leamhais do scannradh i bhfliuchra
amach!



XXXI.



O lár na cruinne do lingeas an geata thuas,
Is tráth do thugas ar mhullaighthibh Shathuirn duairc;
Do scaoileas ceasta cruaidhe, mar ráinig dham;
Acht tásc an Duine is an Chinneamhain — d'aistrigh
uaim.



XXXII.



Bé sin an dorus is a eochair im ghreim níor fhan:
Bé sin an cochal a dhfholuigh óm radharc gach cleas:
Mise agus tusa, agus seal d'ár dteist ar clos;
'S annsan sin mise agus tusa go deimhin ar ceal.



XXXIII.



A oscailt sin féach nár fhéad an talamh; ná an mhuir
Atá dochraideach déarach t'réis a flatha 's í i mboird;
Ná spéir an chreasa, ar shon gur foluighthe a tréad
Fé sholus an lae, 's gur léir a n-amharc sa dubh.



XXXIV.



D'aitcheas go tréan an té seo ionnamsa, leathstall
Den bhratach dhoiléir, ag éileamh sholuis im chall
Mar stiúir san doircheacht ann, 's níor airigh mé séad
Acht seanchas béil fé "an té seo ionnatsa 's é dall"!


L. 15


XXXV.



N-a dhiaidhsan thárla an t-árthach cré seo dham,
Is d'iarras, trá, fios fáth mo scéilse air;
'Sé dubhairt 's sinn béal le gob: "O's iadh go bráth
An t-iadh fé chlár, ná stán let rése ón ndigh."



XXXVI.



An t-árthach cóir dá ghlór a fhreagair mo ghuais,
Ba shámh, dhom dhóigh, chun óil 's chun marthana é
uair;
'S an beól tré charrbhas suairc dar dháileas póg,
Nár bhreágh leis póga a thóbhairt 's a ghlacadh go buan.



XXXVII.



Mar is meabhair liom lá ar mo stáir gur dhearcassa céird
Fear dealbhtha árthach thárla ag leadairt ar chré;
'S má b'áis gan teangain an chré, níor bhalbh í i gcás,
'S do labhair go tláth: "A bhráthair cheana, go réidh!"



XXXVIII.



Nach eól díbh scéal mar é dhruid chughainn anuas,
Ghá chórú i gcéill do réir na nglún do ghluais,
An chré bhuig shúighte dhuairc dá sórd san caob
I gclódh cheart daonna ón Saor dá cumhdach uair?



XXXIX.



'S an braon a doirtear de chorn na féile síos
Sa chré seo, a shlogann go hocrach é n-a bruinn,
Ca bhfios nár éaluigh síos chun créim do chosc
O ghlédhearc fholuigh bhí tuilleadh ann is ré na ríomh?


L. 16


XL.



An aithris an túilpe, ag tnúth le fíon ó neamh,
Ar maidin 'sí shúghann den drúcht a daoithin ceart,
A cúrsa díreach leanse, it eascair bhunscionn
Go dtagair béal fút san úir is críoch led stair.



XLI.



Ded mhearathal bhaoth 'dir dhaonna is diadha scuir,
Is caingne an tsaoghail dot éis na ciapadh thu,
Acht méara cliath do chrobh, le taitneamh dó, léig
Tré bhachallaibh céibhe an té do riarann digh.



XLII.



Má'sé is críoch don digh 's don ghob atá led bhéal
An nídh seo is tosach is deire do chách san tsaoghal,
Taoi Indiu ar fagháil, Indé mar bhís, is tuig
Nach ísle ghiota ar do chumus Imbáireach féin.



XLIII.



Is aingeal na dighe seo is duibhe ar bith cáil is clódh
Nuair a casfar leat a íoghair ar bhraoi an tsrotháin fé
dheóidh,
'S go sínfidh a árthach rót, ón mblaise ná stríoc
Acht t'anam do thuidheacht chun díogtha i dtráth dhod
bheól.



XLIV.



An t-anam má fhéadann an chré do lánchur uaidh
Is taisteal gan éide tré spéartha neámhdha ar luas,
Nach dó badh nár 's badh truagh dul craipilthe
tréith
Is fanacht go réidh insan chrébhoth tháir seo buan?


L. 17


XLV.



An bothán puible i suidhtar n-a chlúid lá amháin
An sultán foirtill ar turus chun dútha an bháis;
Imtheacht dó súd chun fáin, 's an ferráis dubh
Do dhonán eile do sciomradh an chumhangbhotháin.



XLVI.



Ní heagal duit é, ar an saoghal 's an cáirde istigh,
Ar n-aithgheinne araon ár ndéidh nach fagháil dóibh sin;
Do scéidh an Sáicí cluig d'ár samhail — miréid —
As an eascair sin féin 's ag scéidhe go bráth a bheidh.



XLVII.



Nuair éalóa mise agus tusa fé bhraoi an bháis mhuair
Is léir, O, a rithfidh an chruinne ar a síorrás bhuan,
'S gan aici de shuim n-ár mbuaic fé aontsórd chuir
Acht méaróg cloiche do thuitfeadh san duibheagán fhuar.



XLVIII.



Nóimeat spás amháin — aon bholmac beó
D'ól sa bhfásach tá is an tobar n-a mheadhón —
Is, ráinigh 'n tsochraid ghósta an cró nach náid
An fód ór tháinig tráth; bí ag bogadh ort, is dóigh!



XLIX.



Má's gnaoi leat órstoc cóir do ré do reic
Ag scaoile a tómhus — sa ghnó ná géill gan bhruid!
Níl leithead bfhéidir an bhruibh idir fhíor is ghó
'S cá gcinnfar eólus cóir ar an saoghal 's dhuit?


L. 18


L.



Bfhéidir gan leithead an bhruibh idir fhíor is ghó,
Is bfhéidir gurab eochair don chiste sin aon beageóil;
Is sheilbh dá dtígheadh mar chóir, do bhéarfá ar an
dtigh
Is bhféidir in' fhochair ar an nduine atá i bhfeidhil an
stóir;



LI.



An té na ritheann fén gcruinne seo a sheanchus sceóil
Nach féadthar breith air acht oiread 's an t-airgead beó;
O mháh go máhí is dóigh go dtéigheann n-a riocht
'S go n-éagaid uile — acht eisean, is marthannach dhó.



LII.



A thómhus má dháiltar tráth, sin siar é arís
Fé chlóca bháitte dhfháisc sé ar thiatar dhuibheacht
Is áis chun siamsa ghrinn don chóip go bráth,
'S dá dheóin gur thárla a fhás 's a riar 's a chríoch.



LIII.



O's fánach dhuitse ar an gcruinne seo théacht go teann,
'S go hárus neimhe ná hoscailtear, éigheamh go lom
Indiu, 's gur tusa tu féin, cár bhfheárrde dhuit
Imbáireach, tuig, 's nach tusa tu féinig ann?



LIV.



Caitheamh tuigh ná dein ar chnú do ré
'S ná fan go tur um so agus súd ag plé;
Do bfhearra liúmsa an t-aér is canna 'en digh
'Ná a heasnamhse dhom lot — nó súghlach géar.


L. 19


LV.



Is eól dom cháirdibh grádh mo charrbhassa
'S m'athphósadh lá san áit i gcleachtaim bheith;
Ar Réasún tseasc gur chuireas tóir an fháin,
'S gur óigbhean d'ál an ghrápa a ceangladh liom.



LVI.



Le nuariail is téad ó réitighim "Tá" agus "Níl,"
Agus "Suas Sios" an tsaoghail ó's léir im dheáidh de
laoighic,
Dá éis níor thárla im líon, cé chuarduigheas gach féith,
Cruadhshnaidhm ba ghléire préimh is fáth 'ná — Fíon.



LVII.



Is féach ar m'Airimh — tráchtaid eólaigh ceacht,
Ghá léigheamh gur dháileas áis le cómhaireamh ceart;
Ní dheárna ar ndóin acht baint ón bhféilire án
Indé fuair bás 's Imbáireach fós gan teacht.



LVIII.



Le déadhnaighe chonnacsa dorus an tabhairne amach.
Fém dhéin sa doircheacht cosmhaileacht aingil ba gheal,
Is soitheach n-a ghlaic aige ag teacht — lem béal gur
chuir,
Go ndéininn fromhadh air; 's ar mh'fhocal ba dhearg
an lacht!



LIX.



Sé an dearg so an fhíona an laoighic a bhádhann go deó
An dathad trodbhuidhean an tríochad táir 's an dó;
An feallsamh fáthach eóil a ghreadathruigheann
Luaidh neammaith an tsaoighil go mbíonn n-a cáirnibh
óir;


L. 20


LX.



An Mahmúd maoidhte, a tighearna taithiceach tréan,
Ar tháin na duibheachta, a bhíonn go cealgach claon
Ar tí an anma i bplé — idir scáth is scíos —
Gur breágh do — ní le claidheamh a leagadh i n-agha'n lae.



LXI.



Má's lathartach neámhdha atá agam faram, cia scéith
An masla air go dána, 'á rádh gur seanadhol é?
Má tá n-a bheannacht nár chéim é a chaitheamh go
bráth?
'S n-a mhallacht má tá, in' áit cia dhearbhchuir é?



LXII.



Balsam an tsaoghail is éigin diúltadh dho!
Ar eagal, am éigin, éileamh cunntais ionn;
Nó, d'aonbhreib súil le digh is beanuighthe réim
San eascair a théacht fén gcré dhon lionnsca chuirp!



LXIII.



Bhur n-ifreann áir 's bhur n-árus séin dar ndóigh!
Do cinneadh le tábhacht gur trághadh dhon tsaoghal so
is nós;
Is ráfla bréag gach sceól, acht focal amháin;
Ar oscailt don bhláth dhon bhás a théigheann go deó.



LXIV.



Nach seóidh le suidheamh na mílte milliún ar fad
Róinne slighe na duibheachta do sciúird amach,
Gan saoi aca theacht chughainn thar n-ais dár seóladh
cruinn,
Acht eólus roimhe do dhírigh sa tsiubhal gach neach.


L. 21


LXV.



An tairngreacht dfhág lucht crábhaidh 's gasra an
léighinn,
Tamall n-a bhfáidhe ráinig 's chaitheadh a bhféith,
Níl ann acht camadam scéal a reacaidís tráth
D'éis aislinge dfhagháil 's n-a dheáidh sin casadh ar
a néall.



LXVI.



M'anam na n-ae sa spéir dhofheisciona seal
Do riadeas ag éileamh réad den bhith seo le teacht;
Is tar éis gur filleadh thar n-ais dom anam le scéal,
Do fhreagair go tréan; "Me fhéin is ifreann 's is neamh";



LXVII.



'Sé is finnebhrogh neámhdha fagháil ar dhearbhthoil
shógha;
'Sé is ifreann gránna scáil an anma á dhóghadh
Tré lár an doircheacht smóil, ór lingeamair tráth,
'S a ghirreacht an spás nach fuláir dúinn casadh air
go deó.



LXVIII.



Níl ionnainne acht fál íomháigh i ndruíochtlainn ghlé,
Ag imtheacht de ghnáth ar stáir mórthimcheall léis,
Is máighistir cinn na ngléas sa doircheacht áigh
An t-inneal n-a láimh 's é lán de sholus ón ngréin;



LXIX.



Nó áireamh fuirinne an chluiche imrigheann sé léir
Ar an gclár so fidhchille ar chroicnibh oidhche is lae;
Ghá mbogadh seadh bhíonn gan staonadh, a lámhach
's á gcosc,
'S á sáth n-a nduine 's n-a nduine n-a bprímhnid fhéin.


L. 22


LXX.



An liathróid mhear, mar raidhthear, téigheann go cruinn
'S ní fhiafróidh feacht an deas na clé badh chuibhe;
'S an té do chaith thu síos ar an ngrianfhód nglas
Is diail, ó, ar fad is feas dó féin a ghníomh.



LXXI.



Tá an lámh ag scríobhadh na línte ar saothar seóil
'S ar chrábhadh chroidhe nó ar ghaois gach éinn beó
Ní stríocfar méar sa ghnó, ná ás, ná mír,
'S ní báthfar scríd dar scríobh i dtréantsruth dheór.



LXII.



'S an canna ar a bhéal fé, an spéir seo is aithnid do chách,
'Na mairimíd fé, cumhang daor, go dtagann an bás,
Ná féach le cabhair id ghábhadh ón gcanna, agus é
Gan acmhuing gan réim mar théigheann ár samhailna
ghnáth.



LXIII.



Den chéadchré deineadh fear deiridh an tsaoghail i
bhfíoghair,
'S don réidhbhaint deiridh do cuireadh da réir an síol;
'S ar chruthú an tsaoghail do scríobhadh le héifeacht
pin
An scéal a tuigfar nuair a thiocfaidh dhon tsaoghal a
chríoch.



LXXIV.



Indé do ceapadh an spreagadh so thárla indiu,
'S an réim nó an danaid a leanfaidh imbáireach air;
Cá dtagair ar stáir? Cad chuige é? Ca dtéighir? Ní feas;
'S dá réir sin feasta bí ag tarraing 's ag trághadh ar an
ndigh!


L. 23


LXXV.



Creid uaim an stair seo: nuair casadh me a bheóibh an
tsluaigh
De ghuaillibh lasartha an tSearraigh, a thóg me ar cuaird,
Gur caitheadh Parwín is Muistarí dfhonn raith
San chré le hanam do ceapadh im thómus tuas;



LXXVI.



B'in cuisleóg a chorruigh le cumann don bhfíon im chreat
'S le fonómhaid dá cluiche, ariú, is cuma deirbhís na
gcleas;
Mo mhiotalsa bíodh gur leamh, bheadh eochair n-a chorp
D'osclóadh an dorus ná leogfadh an pípire isteach.



LXXVII.



Is dearbhtha liúm, má's fonn do sholus an fhír
Fearg am scúmhadh nó úrshruth muirinne am shnaoighe,
Go mbfhearr a ghoragha thuidheacht sa tabhairne im
chionn
'Ná a chailleamhaint dúinn i gclúid tigh phobuil ag
guidhe.



LXXVIII.



As ucht neamhnídh gan chéill, mo léir, a thathant fé
shnaidhm
Ar ghearrarud chéille éirighe searbh do chuing
Ná mbéas nach ceadaithe d'aon 's a bhagairt dá réir,
Dá snapadh ar an éill dul tréith dhó i bpeannaidh do
shíor!



LXXIX.



A chréatúir d'aiseag air fairsinge niamhghlan óir
I n-éiric dheascaidh a raid sé ar iasacht dó;
Agus agra um fhiachaibh fós nár aomhuigh neach
'S nár fhéad a seasamh — nach mairg do riar mar ghnó!


L. 24


LXXX.



A Rí na bhflaitheas, ó leagais go dlúth im ród
Slímdhuil ghreamaithe is gaisteanna rúin i gcóir,
Den olc roimh sé ná cóirigh líon dom shlad,
'S a mhaoidheamh dá bharra gur peacadh ba thrúig lem
breódh.



LXXXI.



A Dhia do chruthuigh an duine dhen chré seo is lugha,
Agus piast an donuis ar innealaibh Éden dfhúig,
Chun an duine sin léig párdún, 's a bhriathar toigh
I ndiaidh na gcortha thug dorcha an spéir n-a ghnúis.



LXXXII.



Le folach na neóll um nóin dam analá ar fhaid
Mar d'imthigh an gósta crón an Ramazán as,
Sa chró n-a maireadh fá rath O Rudaighe criadóir
Do chonnaic mé seódh de chlódhanna ar leathandáil
bheacht.



LXXXIII.



Bhí gach uile shórd ar chlódhanna, an t-árd 's an beag,
Feadh 'n fhalla ann i gcóir is slógh ar an lár go tiugh;
Glór ag árthaighe aca; agus aicme eile fós
Murar bhalbh a mbeóil, gur leó gur sháimhe an tost.



LXXXIV.



Dubhairt eascair dhen tréad: "Ní fhéadfadh aigne a
mheas
Gur scaradh mo chrése ón chré seo an tailimh amach
'S mo ghné do dhealbhadh glan, go dtreascarthaí mé
'S me chartadh dhá éis don chré go haindeis thar n-ais."


L. 25


LXXXV.



Dubhairt soitheach a dó: "Dar ndóigh badh leanbh le
ráig
A bhrisfeadh an próca ar n-ól dá lathairt a sháith;
'S an t-eóluidhe a cheap lena láimh an soitheach n-a
chlódh
I racht buile fé dheóidh ní dóigh go leagfaidh é ar lár."



LXXXVI.



Do stadadh go ciúin go ndubhairt, d'éis tamaill de shos,
Eascair sa chúil is gnúis nár dhathamhail air:
Is cúis chun magaidh is suilt a aindeise atú —
Acht glac an té chúm me an i bpúdhair a laguigh le
crith?"



LXXXVII.



D'éirigh clódh dhen chóip ba ghlionndraighe gob,
Fraoch n-a ghlór, is dreóilchrut súifíoch air:
"Ca heól dúinn cúrsaí pota ó aon chriadóir —
Agus cia is criadóir 's is próca, a rún chroidhe, annso?"



LXXXIII.



"Ariú," arsa ceann eile, "tá fuireann is innsid dréacht
Ar ughdar a leogfaidh chun ifrinn claoidhte i bpéin
Na soithigh gur fríth aon bhéim n-a gclúid sin istigh,
Acht is prionnsa dfhear shoilbh é, 's ná cuirimís suim
sa scéal."



LXXXIX.



Arsa soitheach: "Bíodh tréad le céird 's le ceannach
ag cloaidhe,
Acht do thriomuigh mo chrése i réim an dearmaid shír;
Acht féach, le seanadhigh líontar ciumhsa mo chléibh
Is tiocfad ón dtaom i scéimh na maise n-a mbínn."


L. 26


XC.



Sa scilge scléipe is plé n-a measc ann a thárla
Do chonnacthas an rae ba léir a theastuigh ón dtáin sin;
Le chéile chraitheadar lámha: "Ariú, an gcloisir, a
laogh!
Sin uilleanna an daonnuidhe féin ag cnagadh sa rás do!"



XCI.



Nuair dhruidfead le héag faghaim gléasta fleadhfhíon
suilt,
'S a thonach dá éis ann léig dom chleasuidhe chuirp;
Déintar m'aibíd tiugh de dhuille an fhín fhéil,
Is cuirtar fí'n gcré me ar thaobh an gharraidhe amuigh.



XCII.



Mar a dtiocfaidh ón gcúil 'nar súghadh i leabaidh me
im luighe
Boltanas cumhra srúille fairsinge fín,
Le súil go mblaisfeadh gach naoi de dhrongaibh na
subhach
An bolaith maith úd 's é ag siubhal go neamhchuiseach
roimhe.



XCIII.



Tá dfhaid agem thnúth le múscailt íodhal abhfus
Go ndeachaidh amudha creideamhaint an tsaoighil orum,
Mo chlú gur dhíolas leis ar chnagaire 'en lionn,
Is m'anam dá chionn ar fhonn na laoidhe seo 'em chuid.



XCIV.



Um atharrach bhéas is tréan a thugainn mo mhóid —
Má ba mheasta me i gcéill nó saor ó iomroll an óil;
Acht do ghléasadh buige na rós 's an earraigh ar réim,
Is m'aithreachas caol do réabadh orm go dreóil.


L. 27


XCV.



Dá mhéid a bhí an fíon neamhdhílis dam lem beó,
'S gur thréigeas dá dhruim ar fríth agam d'onóir,
An druing seo i mbun tighthe óil, cadé a cheannuighid
Is saordha 'ná an nídh seo a dhíolaid liom fé thómhus?



XCVI.



Mo chreach fhada an t-earrach go meathann is scáil na
rós,
'S le caitheamh go stracathar meamram bláith na n-óg;
Is Feallamhail lághach an cheóil do spreagadh go pras
Cad as di? Cá ndeachaidh? Ní fheadair na fáidhe is
mó!



XCVII.



Dá mb'áil le Luimreach an Tobair aon radharc amháin
Dá thásc a nochtadh, nó i gcosmhaileacht taidhbhrimh
trácht,
Do lingfeadh le feidhm n-a dháil an fánuidhe bocht
Mar fhásaid bruibh as an gcosair ag leaghadh sa pháirc!



XCVIII.



Dá mb'áil le haingeal a flaitheas na glóire anall
An cáirde a cheapadh dhon phaitinn seo róinn i n-am,
Is atharrach sceóil, ó pheann a mháighistir thailc
Dfhagháil n-a leabaidh, nó an sanus do ró-scrios lom!



XCIX.



Dá ndeinimís féin, a laogh, leis an nduine sin, cuir,
Chun imtheachta claona an tsaoghail a thuiscint go bun,
Nach tréan ó mhullach go troigh a bhrisfimís é,
'S é chumadh dá éis ar scéimh nur ghilide a chrut!


L. 28


C.



Dá fhinneacht an rae sa spéir ag tuidheacht d'ái bhfios,
Nach minic n-a dhéadh so i méid 's i luighead í dhul;
'S le méin ag tuidheacht d'ár bhfios, nach minic a
dréim
Féin ithir seo 'ar n-éis — 's gan mése roimpi abhfus!



CI.



Nuair thograir gluaiseacht ruaig na rae, a Sháicí,
Tré iolar an tsluaigh ar fuaid an fhéir n-a suidhe,
'S dom chuansa fhéin go dtíghir go soilbh id chuaird —
Cuiridh an cuach gan chnuas béal fé ar an íoghair!



TAMAM


L. 29


TAGRA.



II. éag na maidne nár chirt: San Domhan Thoir,
tuairim is uair an chluig roimh bhreacadh
an lae ar maidin, tagann lonnradh, mar
bheadh camhaoir, fan íoghair na spéire.
An Chamhaoir bhréige a tugtar air. Ní
fhanann sé acht tamall beag.



Fé thathamh .i. n-a chodladh.



IV. Tuidheacht na callainne nua .i. teacht na
bliana nua. Ar Comhnocht an Earraigh .i.
an uair a bhíd an oidhche is an lá ar
comhfhaid, iseadh thosnuigheann an bhliain
sa Pheirse. Bíonn lá féile aca fós an chéad
lá den bhliain nua. Tagann an t-earrach
an-obann san tír sin. Ar éigin a bhíonn
sneachta an gheimhridh leachta nuair a
bhíd blátha agus scothanna ar fagháil go
flúirseach.



Gealachrobh Mhaoise: Tagairt do Exodus, iv.
6. Samhluigheann an file na blátha bána
do bheith ar ghile láimhe Maoise nuair a
shín sé uaidh í.



Mearanál Josa: Do réir na bPeirseach is ina
anáil a bhí comhachta Iosa.



V. Irám .i. cathair a bhí san Araib. Do
foluigheadh fén luimreach ghainmhidhe é.


L. 30


Corn seachtfháinneach Seámsíd: Impire Peirse
do b'eadh Seámsíd. An cailiúir a ceapadh
lena linn sin, is air a bhí Omár agus an
móirfheisear suadh eile ag obair ghá
cheartú. Bhí corn draoidóireachta aige
ara raibh seacht bhfáinní gréasta, ar aithris
na seacht bhflaitheas, agus na seacht
bpláinéad, agus na seacht bhfairrgí, etc.



VI. Feallamhail .i. Philomel, éan na hoidhche.
Arsaidheacht teanga .i. Pehlebhí an ainm atá
aca ar chanamhaint den tSeanpheirsis.



An scéil bhuidhe: Tagairt don rós dearg a
bheith mílítheach, nó neachtraca, don rós
bhuidhe gur cheart di bheith dearg.



VIII. An Bhaibilin: Tugtar an Bhaibileóin air leis
sa Ghaedhilg.



Lathairt .i. lionn.



IX. Caícobád: Rí comhachtach sa Pheirse.
Chuir sé mórán dúithchí féna smacht Sa
bhliain 1219 do dhein rí dhe. Agus sa
bhliain 1234 fuair sé bás de dheascaibh
nimhe a thug a mhac dó.



X. Caíchosrú. Rí comhachtach eile é sin go
bhfuil cur síos ar a mhórghníomharthaibh
san Seáhnáma .i. i gceann desna seódaibh
is luachmhaire i bhfilidheaht na Peirse.
Nuair a bhí sé i mbláth a nirt is a rachmusa
do thréig sé an saoghal, agus d'imthigh go
hobhann a d'iarraidh suaimhneasa go dtí
ball iargcúldha. Fuair sé bás sa bhliain
1199.


L. 31


Rustum. Isé sin Oscar nó tréanfhear
finnscéaluidheacht na Peirse.



Zál ab ainm d'athair Rustum.



Hátim Taí. Isé sin Guaire na scéaluidheachta
san Domhan Thoir.



XI. Mahmúd. Impire árdchomhachtach a bhí san
Domhan Thoir. Chuir sé an India féna
smacht.



XIII. An druma úd i gcéin .i. druma dá bhualadh
leathsmuigh de thigh mhór.



XVII. Sultán .i. rí.



XVIII. Mar mbíodh Seámsíd ag ól .i. I gcathair
Phersepolis. Deirthear gur bh'é Seámsíd
a thóg an chathair ain ar dtúis.



Bahrám .i. Bahrám Gúr .i. Bahrám an Asail
fhiadhain, rí Thír na Sassáine. Bhí seacht
gcaisleáin aige, agus gach caisleán aca ar
mhalairt datha. Thárla Bahrám uair ag
fiadhach asail fhiadhain agus tháinig díle
bháistighe ar an dtalamh, ar chuma gur
sloigeadh ann Bahrám féin agus a chaisleáin
go léir.



XXI. Seacht n-aosa .i. Seacht bpláinéid, agus mile
bliain do gach pláinéad aca.



XXIII. Cuilce .i. leaba.



XXV. Muezzín: Oifigeach a bhaineann le mosc
Mhohamiteach. Ise cúram a bhíonn air ná
na trátha guidhe dfhógairt don phobul.



XXXI. Satharn .i. Tighearna an seachtmhadh neamh.


L. 32


XXXII. Mise agus tusa .i. beith no pearsantacht éigin
ionroinnte a bheadh contrártha don iomlán.



XXXIII. A tréad .i. na réilthíní.



XXXIX. An braon a doirtear. Nós atá aca sa Domhan
Thoir .i. beagán den bhfíon do dhortadh
ar an dtalamh sara n-óltar an gloine.



XLI. Caingne .i. cúiseanna nó ceisteanna.



XLV. Ferráis .i. seirbhíseach, fear puible do chur
suas.



XLVI. An Sáicí .i. an té bhíonn ag roinnt na dighe.



XLVIII. An cró nach náid .i. an Tigh is neamhní



L. Aon beageóil .i. rud suarach. Alif .i. Ailm,
ainm an chéad litir dhen aibghitir, an focal
atá ag Omár annsan.



LI. O mháh go máhí .i. ón iasc go dtí an ghealach.



LII. Théacht .i. ón dtéachtadh.



LVII. An .i. uasal.



LIX. An dathad trodhbhuidhean, etc. Is dóigh lena
lán san Domhan Thoir gur dhá chreideamh
dhéag ar thrí fichid ata san domhan ar fad.
Creideamh Mhahomit orthasan, do réir
cuid dá n-ughdaraibh; gan é ortha do réir
tuilleadh aca.



LX. Táin na duibheachta .i. Tagairt do mhuinntir
ghuirm na hIndia gur chuir Mahmúd féna
smacht iad.



LXI. Lathartach .i. lacht, nó lionn.


L. 33


LXIV. Nach seóidh .i. nach iongantach.



LXVI. Réad den bhíth seo .i. ádhbhairín eóluis ar
rúindiamhair an tsaoghail seo.



LXVIII. Druíochtlainn .i. Saghas magic lantern a
chítear go minic san India fós .i. úirlis i
bhfuirm muil roth; é follamh istigh;
pictiúirí tairngthe ar an dtaobh istigh dá
chlúdach; é meáidhte chomh cothrom san,
to bhfanann sé ag síorghluaiseacht
timcheall; coinneal ar lasadh istigh ann.



LXXV. Nuair casadh me, etc. .i. nuair a rugadh me.



An Searrach. Ainm réilthín é sin.



Parwín .i. an Traighdín, na Pleiades.



Muistarí .i. Jupiter.



LXXVII. Goragha .i. ón gha d'adhainfeadh teas.



LXXXII. Ramazán .i. mí troscaidh na Mahomiteach.



LXXXVI. Atú .i. atáim.



XC. An rae .i. an rae nua a 'niseann don
Mhahomiteach go bhfuil a throscadh ar
leathtaoibh.



An rás .i. ag rith fé dhéin an tsoiléir.



XCI. Duille an fhín .i. duilliúr na fíneamhna.



XCIX. Cuir .i. connradh, margadh.



C. Dréim .i. strapadóireacht.



CI. Iolar an tsluaigh .i. an sluagh líonmhar.
Cuach gan chnuas .i. gloine follamh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services