Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgríobhadh na Gaedhilge

Title
Sgríobhadh na Gaedhilge
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgríobhadh na Gaedhilge.



Rinneas léigheach anuraidh ar sgríbhneoiribh
Gaedhilge na haimsire so do raing a bhí agam;
agus dubhras leis an rang gur mhaith liom iad
díospóireacht a dhéanamh ar mo chuid cainte
nuair a bhéinn réidh. Dubhras gurbh' ion-mholta
go mór sgríbhneoirí na haimsire so mar gheall
ar araibh déanta aca i nGaedhilg, acht nach
rabhas ag súil le leabhar mór Gaedhilge go cionn
tamaill, mar nach raibh an teanga réidh fa
n-a choinne. Níor aontuigh aonduine dá raibh
sa rang liom fa rádh nach raibh an Ghaedhilg
réidh le gach rud a rádh innti mar ghní ughdair
an Bhéarla. Dubhras an chain chéadna os
coinne daoine foghlumtha ó shoin agus ba hé
baramhail lucht an ranga fuaras aca. Acht
ní tháinig atharrú ar bith go fóill ar an chéad
bharamhail a bhí agam-sa. Sé teagasg na
n-ughdar a sgríobhas ar sheanchas litridheacht
nach sgríobhtar leabhar mór tairbheach i dteangaidh
ar bith go raibh an teanga sin réidh líomhtha fá
n-a choinne. Nach n-éireochadh le Chauser comh
maith is d'éirigh murab é go dtáinig daoine
roimhe a réitigh an bealach dó; gur mhór an
cuidiú do Shacespeare féin na sgríbhneoirí
a bhí ann sul a rugadh é; gurab é Balzac líomh
teanga na Fraince d'ughdair an phróis; agus
go ndearna Malherbe an rud céadna de
fhlidhibh na Fraincise. Anois is dóigh liom-sa
go gcaithfear an Ghaedhilg a lúbadh is a chasadh
is a chóiriú go díreach mar rinneadh leis na
teangachaibh so sul a bhfuighmid leabhra
litridheacht mar atá le fagháil i nua-theang-
thachaibh na hEurpa. Ní locht ar an Ghaedhilg
nac bhfuil sí réidh againn go fóill; agus ní
uirthi bhéas an locht mura raibh sí réidh go deo
acht ar and dream nach ndéan úsáid dí fá láthair
nuair atá rud tairbheach le rádh aca. Nuair a
atá ceist le cur os comhair an phobail againn
ghnímid é i mBéarla, de bhrígh gur réidhe
thig an Béarla linn agus gur mó thuigfeas
ar gcuid cainte. Ní dhéanmuid úsáid de'n
Gheadhilg acht nuair atá litridheacht le sgríobhadh
againn. 'Seadh, litridheacht! Maise nár
méanar dúinn dá dtiocfadh linn litridheacht
a sgríobhadh gach uair a shuidhfimis síos fa n-a
choinne sin!



Tá difridheacht mhór, mar is eol do chách, eadar
prós agus filidheacht. Ní thabharfad-sa
iarraidh ar an difridheacht sin a mhíniú mar
is dóigh nach n-éireochadh liom. Ní thig na
sgoláirí móra fhéin le chéile fá chad is filidheacht
agus cad is prós ann; agus ní dóigh go dtioc-
fadh liom-sa an rud a sháruigheas ortha-san
a dhéanamh. Tá a fhios againn gur file atá
againn ar an té chumas filidheacht, agus go
dtáinig an focal sin ó welets, agus gurab é
an chiall atá leis “An té atchí (rud).” Tchí
an file rud gan amhras agus teisbeánann sé
dúinne é má támuid oilte go leor le n-a
fheiceáil. Is iongantach comh beag de fhilidhibh
is atá ag sgríobhadh filidheachta Ghaedhilge fá
láthair. Bhí meas mór ag Éireannaigh i
gcomhnuidhe ar fhilidheacht. Nuair thoisigh an
Ghaedhilg a fháil bháis tharraing filidh na tíre
an Béarla chuca; agus níl againn acht deacadh
ar ar sgríobhadh de fhilidheacht Bhéarla sa tír
le céad bliadhain le n-a fheiceáil mar d'éirigh
leo. Is beag duine a shéanas gur sgríobh
Tomás Ó Mórdha abhráin bheaga deasa, acht
measaim gur fearr agus gur fíre filidheacht
an Mhangánaigh 'ná rud ar bith dár sgríobhadh
ag ughdair i nÉirinn. Acht tugadh cách dhá
aire nach i mBéarla Shasan sgríobhtar iomlán
na litridheachta sin. Mura sgríobhadh
Beirneach na hAlban focal ariamh tá oiread
ligridheachta dá chumadh i mBéarla Chúige Uladh
is chruthóchadh gurab í an teanga atá dá labhairt
ag daoinibh is fóirstinighe agus is fearr le
smaointiughthibh agus saoghal na ndaoine sin a
chur i gcéill do'n phobal. Agus ce go n-abraim
sin, deirim gurab é filidheacht na seachmhad,
na hochmhadh agus na naomhadh haoise déag
mar aon le teangaidh choitcheannta na ndaoie
an stuideár is fearr do dhilidhibh is do lucht
sgríobhtha próis i nGaedhilg indiu.



Tá suim mhór dá chur sa dráma ar an tsaoghal
dheareannach so. Is deacair dráma maith a chumadh.
Ní sgríobhfaidh gach sgríbhneoir Gaedhilge dráma.
Ní mór de'n drámuidhe tuigbheáil mhaith a bheith
aige ar an duine. Ní mór dó stuidéar a dhéanamh
ar na hughdair is fearr ar éirigh leo i
gcluicheoracht nó i ndrámuidheacht. Tá mórán
eolais le fagháil ag ughdar ó na drámaibh a
sgríobhadh le céad bliadhain, acht is fearrde
do gach aon, dar liomsa ar ar phroinn Dia buaidh
an drámuidhe mion-sgrúdú a dhéanamh ar chuid
oibre Shacespeare agus Mhoiliére.



Rud spioradálta an litridheacht. Airgead
agus saidhbhreas, maoin shaoghalta agus onóir,
sogh agus pléisiúr na rudaí is mó a gcuireann
daoine suim ionnta. Is dóigh liom nach bhfuil
contabhairt ar bith go gcuirfidh mórán de
lucht tíre ar bith barraidheach suime i rudaibh
spioradalta. Caithfidh an duine suim a chur i
ngnaithe saoghalta, mar ní ar ghaoth an aeir ná
ar cheol na n-éan, ná ar bhinn-bhriathraibh an
duine mhaireas sé go hiomlán. Measaim gur
chéillidhe an rud adubhairt Maitiú Arnold nuair
adubhairt gurab í an tír a chuireas suim i ngnaithe
saoghalta agus i rudaibh spioradalta an tír is
fearr saoghal.



Níor labhras ar an litriú go fóill; agus ní
abróchad mórán ina thaoibh anois. Admhuighim
nach bhfuil mé go mór i n-éadan an “litriú
simplí.” Gluaiseacht de ghluaiseachtaibh na
haimsire so an sean-litriú a dhéanamh níos
simplidhe. Cluinim sgoláirí Fraincise ag
fagháil lochta ar an Acadaimh mar nach leigeann sí
dóibh atharrú a chur ar litriú na Fraincise.
Féach an t-atharrú beag atá curtha ar litriú
an Bhéarla i Meiriceá. Is é an locht is mó atá
agam ar “litriú simplí” na Gaedhilge gurab
é an claonadh atá leis an teanga a roinnt i
mórán de rannaibh, i n-ionad í a thabhairt le
chéile i ndóigh go gclaonfadh le canamhain amháin
a thabhairt d'ughdair. Dá dtigeadh sgoláirí
Gaedhilge na hÉireann le chéile, saoilim go
dtiocfadh leo socrú ar an litriú a shimpliú
sa dóigh a dtiocfadh leis an Ultach leabhar an
Mhuimhnigh a thuigbheái agus leis an Mhuimhneach
leabhar an Ultaigh a thuigbheáil agus leis an
Chonnachtach leabhra na díse a léigheadh.



Séamus Ó Searcaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services