Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bealach Romhainn

Title
An Bealach Romhainn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Bealach Romhainn.



“Cú Uladh” do sgríobh an phrímhsgríbhinn seo
síos:-



Is iomdha cor agus cor-bhealaigh baintear
as an Ghaedhilg. Muna b'é sin bhéadh an obair
níos fuide ar aghaidh indiú tar éis suas le fiche
bliadhain do shaothar agus tréan-obair déanta
ag lucht na Ghaedhilge. Agus nuair nach
n-eirigheann linn go geal agus go hiomlán tá
go leor daoine le rádh linn “is oraibh féin atá
an locht agus dá ndéanadh sibh a leithéid seo
nó a leithéid siúd bheadh an Ghaedhilg slan
sábhailte agaibh indiú.” “Chan fhuil sibh ar íribh
ar chor ar bith,” arsa náimhde na Gaedhilge agus
sgig gáire asta, “nó bheadh an obair déanta
agaibh roimhe seo.” “Tá rún maith agaibh,”
arsa fear eile, “acht goidé 'n gar a bheith ag
cainnt muna mbrisidh sibh an Bórd Náisiúnta?”
“Tabhair ortha Gaedhilg do bheith éiginteach
ins na sgoltaibh agus ins na coláisdibh múin-
teorachta agus béidh an sgéal go maith,” arsa
mo thriomhadh duine. “Tá sibh ró-cheannsa leis
an Riaghaltas Ghallda agus le muintir an
Chaisleáin,” arsa dhuine eile; agus ó shin siar.



Anois sé mo bharramhail nach meabhruigheann
na daoine maithe seo, agus is daoine maithe
iad cuid mhór aca, chomh doiligh is tá an obair
agus liacht na ndaoine agus na rud atá ag
cur isteach ar an obair agus cur isteach ar an
Ghaedhilg. D'fhéadfadh siad dá mbeadh súil
le feiceáil nó cluas le héisteacht aca comharthaí
go leor d'fheiceáil ar na laethantaibh seo féin
ar an méid adeirim. San chéad áit rinneadh
soiléir é go bhfuil Riaghaltas Gall comh
nimhneach i n-aghaidh na teangan is bhíodar riamh
agus nár lugha leobhtha sioc samhraidh nó an
Ghaedhilg do bheith ag tógbháil cinn arís. Nocht-
uigheann gléas sgolaireachta an Bhirreallaigh
an méid sin go soiléir dúinn muna dtuigimís
go maith cheana féin é. 'Seadh agus an díos-
póireacht do bhí aca i dtigh na Feise thall
innsigheann sí an sgéal céadna dúinn. Chá raibh
a dhath dhe mheas aca ar an Ghaedhilg agus táim
chomh cinnte is táim beo go mbeadh “safe-
guard” againn in aghaidh na Gaedhilge acht
munab é gur tugadh rabhadh ó Chonnradh na
Gaedhilge nach nglacfaidhe le n-a leithéid.
Agus is mór agus is rí-mhór comhacht
Riaghaltais Gall i nÉirinn.



Dálta Sinbad máirnéalach tráth ceanngladh
é i dtír na miondaoine le n-a mílte sreanga
beaga, tá Éire ar lár agus í fa cheangal
le n-a mílte téada. Cuid aca mór agus cuid
aca beag. Má theip ar Dhomhnall Ua Conaill,
ar Thomas Mac Dáibhid, ar an Mistéalach, ar
Séamus Mac Stiopháin agus ar Pharnell,
gan trácht ar Bhólfe Tone agus Riobárd Emmet
gréim an fhir thall do sgaoileadh ó sgórnach
na hÉireann (acht má beag), an gcásfar linne
é dream beag báidheach d' lucht na Gaedhilge
gan an buadh do bhreith linn ó Riaghaltas Gall
i rud mar an teangain a bhfuil dlúth-bhaint aige
le réim na nGall ós an tír. Chan ionnann
ar fad go dearbhtha athbheodhaint na teangan
agus saoirse iomlán na tíre do bhaint amach.
Dá mbeadh muintear na tíre nó furmhór aca ar
aon inntinn d'fhéadfadh siad an Ghaedhilg do
thabhairt arais gan chead ó Sheaghan agus gan
buidheachas dó rud nár bh'fhéidir b'fhéidir i
dtaoibh saoirse. Acht an bhfuil siad ar aon
intinn? Go dearbhtha, chan fhuil agus seo
an rud is mó atá ag baint an tsodair ó
Chonnradh na Gaedhilge. Ba lag-bhrígheach leamh
go leor do labhair Feisirí na nGaedheal ar son
na Gaedhilge san bhFeis thall. Chá dubhairt go
fearamhail agus go dána rud budh dhual dóbhtha
do dhéanamh, go mbudh í an Ghaedhilg teanga
dhuthchais na hÉireann agus nach fiú dadaidh
sgáil Riaghaltais a rachadh i ndonas do'n
teangain. Agus féach an “Freeman” na focla
baotha bréagacha a sé a sgríobhadh fá láthair
ar cheist na teangan. Má cuirtear Riaghaltas
Dhuthchais ar bun againn béidh an páipéar úd na
bhollsaire oifigeamhail do'n Riaghaltas nuadh
agus an gcreideann aon duine nach mbéidh an
troid chéadna ag Gadhealaibh ag iarraidh cirt
agus córach ó Riaghaltas Gall-Ghaedhealach is tá
againn anois leis an Riaghaltas Gallda.
Creidim féin go mbéidh an troid céadna ann
acht gur laige bhéas náimhde na teangan agus
gur amhlaidh is fusa béidh sé buaidh do bhreith
ortha b'fhéidir. Agus i dtaoibh na sgol féin
má's fíor é, ó is fíor, go bhfuil gréim ag an
fhear thall orra thrid a ghníomhaidhe agus a
chréatúir do chruthaigh sé féin .i. an Bórd
malluighthe Náisiúnta, 'na dhéidh sin 's uilig
dá mbeadh na Gaedhil a bhfuil baint aca leis
na sgoltaibh díleas do'n teangain bheadh an
rámhadh linn a bhfad ó shoin. Dá mbudh Gaedhil
dairíribh iad bainisteoirí agus múinteoirí na
sgol agus fós aithreacha agus máithreacha na
bpáisdí is goirid do rachadh comhacht an Bhúird.



Mar sin is iomdha rud atá ag cosg na
Gaedhilge 's tír agus béidh go fóill go
n-athruightear inntinn a lán daoine i nÉirinn.
Tiocfaidh an t-athrughadh sin leis an am tá súil
agam. Go dtí sin ní féidir le Connradh na
Gaedhilge déanamh acht a dhithchioll. Agus
b'fhearr an obair do dhéanfadh lucht locht da
gcuiditheadh siad linn agus a gcion féin de'n
obair do dhéanamh. Agus támaoid sásta rud
ar bith is féidir a dhéanamh d'aimsiughadh. An
Bórd do bhriseadh má's féidir é; Gaedhilg i ngach uile
coláisde agus iolsgoile más féidir é agus
nuair is féidir é; Gaedhilg ar ghach uile leibheann
agus i ngach uile crannóig má's féidir é agus
nuair is féidir é; Gaehdilg i ngach uile
Páipéar nuadhachta - fiú an “Freeman” féin má's
féidir é, agus nuair is féidir é. Can fhuil aon
fhaitchíos ar mhuintir na Gaedhilge roimh náimhde
an teangan dá áirde na dá líonmhaireacht iad
agus ní leigfear órlach leobhtha acht is ró-thearc
ar sluaighte le buaidh iomlán do bhreith ar aon
bhuile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services