Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Pheadair Schlemihl

Title
Eachtra Pheadair Schlemihl
Original Title
Peter Schlemihl's Wundersame Geschic
Author(s)
von Chamisso, Adelbert,
Translator
Béaslaí, Piaras
Composition Date
1909
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eachtra Pheadair Schlemihl



Scéal do fríth san nGearmáinis é seo. Níor mhiste
dhúinn tuarisic a thabhairt ar an té cheap é. Laoiseach
Chamisso de Boncourt ab ainm do, acht do bhaist sé
"Adelbert Von Chamisso" air fhéin. Do rugadh
san bhFrainnc é, acht is amhlaidh a theich a mhuinntear go
dtí an Almáin sa mbliadhain 1790, sar a raibh deich
mbliadhna slán aige. An "Mór-Atharrach Saoghail"
san bhFrainnc fé ndeara dhóibh teicheadh. Bhí a rian air,
ba mhó age Chamisso an Almáin ná a thír dhúchais féin.
Dubhairt sé tráth :- "Tá croidhe Gearmáineach agus
anam Gearmáineach agam. Ní bhraithim gur dual dom
an Fhrainnc."



Nuair a bhí an cogadh ar siubhal idir an Phrúis agus
sluaighte na Frainnce, bhí Chamisso bocht i gcruadhchás.
Leis an Almáin ba rogha leis páirt a ghabháil, acht ní
leigfadh an náire dho troid le n-a thír dhúchais féin.
Chaith sé a lán dá shaoghal n-a chaogaidhe aonair ar fán
gan treó.



San mbliadhain 1813 iseadh scríobh sé "Eachtra
Pheadair Schlemihl". Is dócha ná raibh uaidh acht
caitheamh-aimsire, acht níor thúisce an leabhar dá
léigheamh ag an bpobal ná thosnuigh an abhcóidigheacht.
Bhain gach duine brígh fé leith as an scéal. Táthar ag


L. ii


gabháil dó, ó shoin i leith. Is mó ollamh léigheanta do
mheas fios fáth an scéil seo do nochtadh dúinn. Ní
maoidhte a gcúram ortha. Isé is dóichighe ná go leath-
fadh na súile age Chamisso féin dá n-aireochadh
sé ag cainnt iad.



An té ná beireann éifeacht an scéil leis, ní foláir
nó gur chodail a chéadfadh amuich. I bhfios díbh ná
fuilimíd féidh le sna scáileannaibh fós.



P.B.


L. 1


Eachtra Pheadair Schlemihl



Rémh-Rádh



Giota as Leitir



A Éamuinn, a chara chroidhe, ní foláir nó is cuimhin
leat ár nduine muinnteardha Peadar Schlemihl - mar
ní gnáth leat dearmhad a dhéanamh ar éinne. Scriosúnach
de bhuachaill óg fada ab eadh é agus deallramh na leisce
is na simplidheachta air. Bhínn-se ana-mhór leis fadó.
Ní héidir ná gur cuimhin leat an t-amhrán do cheapas
mar gheall air. Dá chomhartha soin féin do thuit a
chodladh air agus mise dá léigheamh - beag beann a bhí
aige ar ár gcuid filidheachta, de réir deallraimh. Dáltha
an scéil, cuireann soin i gcuimhne dhom a ghéire bhítheá
ag magadh fé. Seanachasóg dhubh do chaitheadh sé i gcomh-
nuidhe thugais an leabhar ná feacaís a mhalairt air riamh.



"Ní baoghal ná go mairfidh sé í mar chasóig," adeirthá.



"Truagh gan a anam chomh buan le n-a chasóig." Sin a
raibh de mheas agat-sa air.



Im thaobh-sa dhe, bhí ana-chion agam ar an mbuachaill
mbocht. Is fada ó scaramair le n-a chéile, agus tásc
ná tuairisc ní bhfuaireas ar Pheadar go dtí a bhfuil le
fír-dhéadhnaighe; acht isé do chuir an scéal so ag triall
orm. Seo dhuit é, a Éamuinn, fé rún, a dtuigeann tú?
Táimse ag braith air go ndéanfair an scéal so cheilt ar
an bpobul.


L. 2


Seo mar fuaireas an láimhscríbhinn. Do tugadh
chugham-sa í go moch ar maidin indé agus mé im leabaidh.
Fear fada féasógach do ghlaoidh chun mo tighe ag cur mo
thuairisce sar a rabhas im shuidhe. Crot ana-ghreannmhar
air. Seana-chasóg dhubh uime agus mála leathair ar
sileadh leis, agus d'innis an giolla dhom go raibh dá
fhéidre bhróg air. Thug sé an láimhscríbhinn seo dhon
ghiolla im chomhair agus thug a bhóthar air. Sin a bhfeadar
n-a thaobh.


L. 3


An Chéad Chaibidil



Lá de sna laetheantaibh dár thárla mé i mbun mo
ghnótha ar bórd luinge agus sinn i mbéal cuain. Thar-
raingeas chugham mo ghréithre agus ghabhas ar dtír chomh
luath i nÉirinn agus fhéadas é, agus mé go traochta
suaithte de bhárr an aistir. Bhaineas amach an tigh ósta
ba bhochte san mbaile. D'iarras ar an ngiolla seomra
theasbáint dom. D'iniúch seisean ó mhullach talamh
me, agus do dhein rud orm go mall righin. D'fhiafruigh-
eas de cá raibh comhnuide ar Thomás 'ac Sheóin, .i. an
té bhí uaim.



"Ag an gceann thuaidh den bhaile a gheobhair a áit chomh-
nuighthe, i n-aice an gheata," ar seisean. "Níl agat le
déanamh acht an chéad tigh mór a bhuailfidh umat d'aim-
siughadh. Is fhuirist é dh'aithint agus a bhfuil de cholumh-
nachaibh marmaire ar a aghaidh amach."



Níor bheag son. Rugas ar mo bheart balcaisí agus
do ghléasas me féin ar mo dhícheall - agus níor mhaoidhte
orm é mar ghléas. Thugas aghaidh annson ar thigh Thomáis
'ac Sheóin, agus leitir a dhearbhráthar im phóca agam,
agus súil le Dia agam go n-éireochaidh lem thuras.



Níorbh fada gur thugas fé ndeara columhnacha an tighe
os mo chomhair amach. Bhaineas smúit an bhóthair dem
bhrógaibh lem haincisiúr, chuireas lámh ar mo charabhat,
féachaint an raibh sé i gceart. Bhuaileas an clog
annson agus sceón ionnam. D'oscladh an dorus agus
d'innseas m'ainm don gheatóir. Leigeadh isteach tar
éis tamaill me san gháirdín mar a raibh Tomás 'ac Sheóin


L. 4


ag spaisteóracht agus roinnt daoine uaisle i n-a
theannta. Níor thúisce leagas mo shúil ar an bhfear
saidhbhir ná thomhaiseas gurb é bhí ann, toisc a raimhre is
an imtheacht mórdhála a bhí fé.



Ní mó ná doicheallach romham a bhí sé. Bheannauigh sé
dhom go béasach, fé mar a beannuigheann fear saidhbhir
d'fhear daidhbhir. Rug sé ar an leitir go neamh-chuiseach,
neamh-thuairimeach. "Mo dhearbhráthar, an eadh? is
fada ná feaca é. Bhfuil an tsláinte go maith aige? -
An bhfeaceann sibh an cnoc úd thall," ar seisean leis an
gcuileachtain, "ar an gcnoc sin is eadh thógfar an
t-árus nódh." Lean sé den chómhrádh agus an leitir idir
a lámhaibh aige. "Is díol truagha," ar seisean, "an
fear ná fuil a dhóthain airgid aige - milliún púnt ar a
luighead de."



"Ar mh'fhalluing go bhfuil an fhírinne agat," arsa mise.



B'fhuirist aithint air gur thaitn a ndubhart leis. "Fan
annso, a chara," ar seisean liom go cneasta, "go
bhfaghadh cae ar labhairt leat um an leitir seo." Chuir
sé an leitir chuige agus do threoruigh an chuileachta fé
dhéin árdáin mar a raibh suaicheantais bhláthanna ag fás.



Níor bhac éinne aca me i n-a dhiaidh son acht oiread is
dá mba ghiolla freastail mé. Bhuaileas mo cheann fúm
agus do leanas iad go maol, cúthail. Bhí an comhluadar
go suairc subháilceach aerach gealgháiritheach, ag cainnt is
ag cur tré chéile is ag sgigireacht um chúrsaí tábhachtacha
is bhrillebhreaille. Níorbh fhaillíghe dhóibh gan cúlchainnt
is cnáid a dhéanamh ar a gcáirdibh, acht is beag spéis a
chuireas-sa i n-a gcomhrádh - ar thuigeas de - mar bhíos
ró-bhuadhartha ar fad.



Bé toil Dé go rángamair i n-áit a raibh seó 'rósaibh
ag fás agus iad ar áilleacht an domhain. Níorbh fholáir
le cailín áirithe, dár ngairmtí Próinséas, ceann de


L. 5


sna rósaibh do stathadh dhi féin. Bhí a rian uirthi, fuair
sí ana-phriocadh agus do scéidh an fhuil ó n-a méir. Thos-
nuigh an rí-rádh 's an t-éirleach. "Fachtar ceiridhe
páipéir di," do scread duine aca. Níor túisce son
ráidhte aige ná thugas fé ndeara fear caol árd liath cnag-
aosta ar an gcuileachtain nár labhair le h-éinne go dtí
son. Sháith seisean lámh leis isteach i bpóca a sheana-
chasóige glaise agus do tharraing amach ceiridhe páipéir
gan mhoill. Thairg sé dhon chailín é go humhal béasach.
Níor ghabh sise a bhuidheachas leis ná níor chuir a thuille
suime ann. Do cuireadh an ceiridhe ar an méir agus
ba gheárr go raibh sí ar a sástacht arís.



Bhí go maith agus ní raibh go ró-olc. Thriall an comh-
luadar fan an chnuic go dtí go bhfuaireadar radharc
breágh ar an bhfairrge. Stadadar annson ag féachaint
mórthímcheall ar feadh i bhfad. Níor bhac éinne mise ná
fear na casóige glaise. "An bhfeiceann sibh rud éigin
ar an bhfairrge, mar a bheadh smúit?" arsa Tomás 'ac
Sheóin. "Dá mbeadh gloine fad-bhreathnuigheach aguinn?"
Sar a raibh sé d'uain ag an lucht freastail an gléas a
theastuigh uaidh a sholáthar, do tharraing an fear caol
liath amach as a phóca gloine breagh acrach a dhéanfadh an
gnó go háluinn, agus thairg do Thomás é go béasach.
Rug seisean air, agus d'féach tríd. "Isí an long
d'fhág an cuan indé é," ar seisean. "An ghaoth a bhí
n-a coinnibh, is dócha."



D'aimsigh gach duine aca an gloine i ndiaidh a chéile,
acht níor bhacadar le n-a thabhairt ar n-ais d'fhear na
casóige glaise. Bhí iongnadh as ollsacht ormsa a rádh
go bhféadfaídhe earradh chomh toirteamhail sin do sháthadh
isteach i bpóca beag na seana-chasóige. Acht nóir dhein
éinne eile iongnadh dhe. Níor mhó a suim san bhfear
liath ná ionnamsa.



Do tugadh chughainn roinnt soghlthaistí n-a dhiaidh son.


L. 6


Dubhairt Tomás liom go cneasta - "Is fearra dhuit do
dhóthain ithe; gabhaimse orm ná feacaís a leithéidí seo de
shoghlthaistíbh ar bhórd na luinge." D'umhluigheas dó go
buidheach beannachtach, acht is baoghlach nár thug sé fé
ndeara é, mar chrom sé ar chomhrádh le fear eile chomh
luath is bhí an méid sin ráidhte aige.



Bhí fonn ar an gcuileachtain tréimhse chaitheamh n-a
suidhe ar an gcnoc, acht b'eagal leo an féar fliuch. "Isé
an feall é," arsa duine aca, "gan brat mór fairsing
aguinn le leathadh ar an bhféar." Chuir an fear liath a
lámh isteach n-a phóca agus do tharraing amach de phrab na
súl, brat breágh deallrathach go raibh slighe chun suidhte
do gach éinne air. Ghlac lucht freastail uaidh é chomh
neamh-chásmhar soin gur dhóich le duine ortha go raibh súil
aca leis. Do leathadh ar an bhfaithche é agus do shuidh
cách air, gan pioc dá iongnadh ar éinne!!!



Ní mór ná gur thuit an lug ar an lag agam le neart
anaithe. Chuireas na súile tríd an bhfear liath, d'fhiniúchas
a phóca is an brat. Bhí fiche troigh d'fhaid san bhrat agus
deich dtroighthe de leithead. Níorbh iongnadh liom dá
súghfadh an talamh sinn tar éis ar thuit amach. Caidé an
díoghbháil dom acht gan pioc corabhuaise ná mearathail
ar éinne eile dhen chomhluadar i n-a thaobh.



Tháinig fonn orm a fhagháil amach cérbh é an fear
iongantach úd, acht níor mhaith liom ceist a chur ar éinne
i n-a thaobh. Bhí eagla orm roim na seirbhísigh féin. Fé
dheireadh thiar thall ghlacas misneach agus do chuireas
cainnt ar fhear óg ná raibh an oiread soin buinne fé
agus a bhí fé sna daoine eile.



"Ar mhiste a fhiafruighe dhíot," arsa mise, "cad is
ainm don duine uasal liath úd do sholáthruigh na h-earraí
go léir dhúinn?"



"An fear go bhfuil crot is deallramh ursaile air,
an eadh?" ar seisean.


L. 7


"An fear céadna, is dócha," arsa mise, "Sin é
thall annson é, gan éinne ag cainnt leis."



"Ní fheadar san domhan cé hé féin," ar seisean, agus
d'iompuigh ar a sháil. D'aithnigheas air nár mhian leis a
thuille cómhrádh dhéanamh liom.



Ag dul i dtreise a bhí taithneamh na gréine le n-a linn
sin. Thosnuigh na mná uaisle ar ghearán i dtaobh an
bhrothail. "Bé go bhfuil cábán éigin ar iomchar agat,"
arsa Próinséas le fear na casóige glaise. Bí an
chéad uair ag éinne ag labhairt leis. Shléacht seisean
go talamh nac mór, ar nós duine gur cuireadh ana-
chomaoin air, agus do tharraing as a phóca cábán idir
anairt is cuaillí is téadracha is eile!!! Do cuireadh
an cábán n-a sheasamh os cionn an bhruit agus bhí slighe do
gach éinne istigh. Acht níor baineadh geit as duine dá
raibh láithreach.



Ní miste a rádh go raibh scárd ionnam, acht níorbh fhiú
trumpa é seoch is an scannradh ghaibh me nuair dubhairt
duine des na h-aoigheadhaibh go n-oirfadh trí capaill
dóibh ar chúinse éigin. "Táid na capaill i n-a phóca
aige, gabhaimse orm," arsa mise liom féin; agus chomh
maith do bhí. Níl focal bréige ann! Trí capaill
ghroidhe, agus iad gléasta i gceart, do tharraig sé
amach as an bpóca i n-ar fríth an brat is an cábán is na
háisí eile. Mara mbeadh go bhfeaca im shúilibh cinn é ní
chreidfinn ó éinne é.



Leath na súile orm agus d'éirigh gach ribe gruaige
agam n-a chuilgsheasamh. Bhí an fear liath go ciúin cúl-
mhanta, acht bhí mí-líth mhí-shaoghalta n-a cheannachaibh do
chuir uamhan is déistin orm. Ní leigfadh an eagla dhom
fuireach i n-aice leis a thuilleadh.



Dheineas iarracht ar éalódh ón gcomhluadar i gan fhios
dóibh, nídh nár dheocair dhom, dár ndóigh, agus a luigheadh
a bhacadar mé. Shocruigheas ar filleadh abhaile go dtí


L. 8


an tigh ósta chomh luath is fhéadfainn é agus cuaird eile a
thabhairt ar Thomás 'ac Sheóin ar maidin i mbáireach.
Bhíos ar inntinn roinnt cheisteanna chur ar Thomás i
dtaobh fir iongantaigh na casóige glaise, dá bhfaghainn
an chaothamhlacht agus misneach dá réir. A chreach láidir
é! Nár éirigh liom son a dhéanamh! Is beag a thuigeas
cad do bhí i n-áirithe dhom.



Chuireas an cnoc díom gan bascadh, gan barrathuisle
agus bhaineas amach an faithche a bhí fé n-a bhun. Ní fheaca
éan-chosan, ámhach, agus níor mhaith liom go bhfeicfidhe
ar fán gan treó ar an bhféar me. Súilfhéachaint dar
thugas mórthimcheall orm cé chífinn chugham acht an fear
liath. Do gheit mo chroidhe ionnam acht ní raibh dul uaidh
agam. Do mhaoluigh sé a bhathas is d'umhlauigh dom ar
shlighe nár umhluigh éinne riamh dom go dtí sin. B'fhuir-
ist aithint air gur mian leis stró a chur orm. Do bhean-
nuigheas do agus d'fhanas im sheasamh os a chomhair amach
gan cor a chur díom, ag féachaint air go truaghmhéileach
ar nós luiche go mbeadh greim age cat air.



Dála an fhir léith, budh dhóich le duine air gur mó a
eagla romhamsa ná m'eagla roimis-sean. Do bhuail a
cheann fé is do druid im ghoire go mall righin is a hata
n-a láim aige. Dubhairt go h-umhal is go scáthmhar: -



"Maith dhom, a dhuine uasail, an dánaidheacht a
dheineas ort. Aisce ata agam le h-iarraidh ort -
achuinge ba chóra dhom a rádh - agus tá suil agam ná
heiteochair me air."



"I n-ainm Dé," arsa mise, "cad féadfainn-se
dhéanamh duitse? Is féidir leat - "



Do stadas agus bhraitheas luisne im cheannachaibh.
Níor dúbhairt seisean húm ná hám go ceann i bhfad.



Fé dheireadh do labhair fear na casóige glaise arís: -



"An t-aga a chaitheas it theannta," ar seisean.
"Thugas fé ndeara nuair do spailp an ghrian amach go


L. 9


raibh scáil thar na beartaibh agatsa - más ceadthach dhom
an méid sin a rádh. Dheineas iongnadh dhen scáth
gleóite a bhí fét chosaibh agus an cuma n-ar lean sé dhíot.
Níor fhéachais féin air i n-aon-chor. Níl puinn measa
agat air, de réir dheallraimh, dá bhreaghthacht é. Ar an
adhbhar son, gheibhim de mhisneach ionnam a fhiafruighe dhíot
ar mhiste leat an scáil úd a dhíol liom."



Bhí mo cheann n-a bholgán-béice um an dtaca so le
neart ollsachta. Cad do bhí ar an bhfear liath? Nó
an ormsa bhí sé. Mo scáil a dhíol leis! Ar airigh
éinne riamh a leithéid. "As a mheabhair atá sé," arsa
mise liom féin. Chuireas meill orm fhéin agus dubhairt
go scigeamhail, "A dhuine chóir, nar cheart gur leór
leat an scáil is dual duit. Margadh éagsamhlach a
mheasairse a dhéanamh liom."



"Fan go bhfeicfir," ar seisean. "Tá seó d'earraí
deasa im phóca agam. B'éidir go dtaithneochadh cuid
aca leat. Ba bheag agam an luach ab aoirde acht greim
fhagháil ar an scáil maiseamhail úd agat."



Tháinig an meascán mearaidhe orm arís agus do
ghluais colagrifín trém bhallaibh beatha, ar chuimhneamh
dom ar eachtra an phóca. Ní bhfaghainn ionnam fhéin
leanmhaint den mhagadh. "Acht, a dhuine uasail," arsa
mise go hurramach, "ní thuigim thú i n-éan chor. Mo
scáil a dhíol leat, an eadh? Cionnus fhéadfainn é?"



"Ná bíodh ceist ort," ar seisean. "Má thugair
sealbh dom ar an ndeilbh uasail seo n-a luighe ar an
dtalamh fút, ní miste dhuit an chuid eile den ghnó
d'fhágaint fúmsa. Bíodh do rogha agat de sna gréi-
thribh atá im phóca agam, mar mhalairt ar do scáil. Is
baoghlach, amhach, ná h-oirfadh a lán dem earraíbh duit,
agus b'éidir nárbh fheárr leat earradh dhíobh ná sparán
Fortunátuis."



"Sparán Fortunátuis!" arsa mise go h-anathamhail.


L. 10


Dá méid tré-na-céile a bhíos do baineadh an ceó 's an
mearthal díom nuair airígheas an méid sin. Chuimh-
nígheas ar an mbuadh do ghaibh leis an sparán úd -



"Dá mhaith an áis é ag Fortunátus
Do chuireadh a lámh go dána ann síos,
Chum ór buidhe is pláta do bhronnadh ar bhábaibh
Is níorbh fholamh go bráth é acht lán go snadhm."



"Dá mb'áil let onóir an sparán a dh'fheicsint is a
scrúdadh," ar seisean.



"Teasbáin dom é," arsa mise.



Is air ba ghiorra mhoill a lámh a sháthadh isteach san
tseanaphóca úd agus mála mór leathair do tharrac
amach. Shín sé chugam é. "Féach duit fhéin é," ar
seisean.



Tháinig airc orm chuige. Rugas grim air agus do
bhaineas deich nginí ór as. Annson bhaineas deich
gcinn eile, agus deich gcinn eile i n-a dhiaidh son. Níor
bheag son. Do shíneas mo lámh chuige.



"Bíodh sé n-a mhargadh," arsa mise. "Bíodh mo
scáil agatsa agus an sparán agamsa."



"Táim sásta," ar seisean. Do chrom síos, do rug
greim go h-aicillidhe ar an scáth, do bhog den talamh é,
d'fhill is do chuir chuige n-a phóca é. D'éirigh n-a sheasamh
annson agus d'umhluigh dom. As go bráth leis, agus
thabharfainn an leabhar gur chuala ag leamh-gháirídhe dho
féin é.



D'fhanas mar a raibh agam agus an sparán im láimh
agam. Ba ghearr go dtáinig meabhrán orm, do dhein
bulabaisí den talamh agus do thuiteas im chnap i
luige ar an bhféar.


L. 11


An Tarna Caibidil



Nuair a tháinig mo luadar chugham do phreabas im
sheasamh, chuireas chugham an t-ór, ropas an sparán
isteach i mbrollach mo léine, agus seo chun siubhail mé
ón mball malluighthe sin chomh mear is bhí sé im chosaibh.
D'éaluígheas amach ón ngáirdín i gan fhios don tsaoghal,
shroicheas an bóthar agus thugas aghaidh ar an mbaile. Ní
gádh dhom a rádh go rabhas ag cur 's ag cúiteamh liom
féin ar eachtra an lae. Ag déanamh ar gheata an bhaile
dhom, san mhachtnamh son, do chuala guth taobh thiar díom.
"A dhuine chroidhe! a dhuine chroidhe! féach mar do
chaillis do scáil!" Seanabhean do bhí ann do mheas
eolas mo leasa a thabhairt dom. "Gura maith agat, a
bhean mhacánta," arsa mise léi agus tugas píosa óir
di. Bhuaileas isteach fé scáth na gcrann ar eagla go
bhfeicfadh éinne eile mo scáil a bheith ar iarraidh. Ar
shroisint an gheata dhom d'fhiafruigh an saighdiúir a bhí i
bhfeidhil na h-áite dhíom cad do bhain dem scáil nó cár
fhágas í. Ní dubhart focal acht leanas romham go
scáthmhar náireach. Níorbh fhada gur airigheas beirt bhan
ag rádh, "Go bhfóiridh Dia orainn! Níl éan-scáil ag
an bhfear bocht!"



Bhíos cráidhte ciaptha mo dhóthain fé an am so, ní nárbh
iongnadh. Dheineas mo dhícheall chun siubhail fé scáth an
fhala acht níorbh fada dhom mar sin go dtí gurbh éigin
dom gabháil treasna sráide leithne. Bé toil Dé go
raibh scata 'gharsúnaibh droch-mhúinte ag dul abhaile ó
scoil le n-a linn sin. Thug duine aca fé ndeara -
grabaire beag gliobach ab eadh é - me bheit i n-éaghmuis
mo scáile. Níorbh é a dhearmhad gan an scéal a chur i
n-umhail do sna dailthínibh eile. Chuireadar liúgh fiadaigh
asta agus dhírigheadar láithreach ar me chrústadh le


L. 12


lathaigh is le clocaibh. "Is olc an mhaise do dhuine
uasal," adubhradar, "a scáil fhágaint san mbaile nuair
a théidheann ag spaisteoracht fén ngréin."



Ní raibh de sheift agam chun dul uatha acht mám óir
do chaitheamh chúcha agus preabadh isteach i gcóiste do
thárlaigh i n-aice liom.



An túisce bhíos im aonar san chóiste, chromas ar
ghol go fuidheach. Ba léir dom um an dtaca so, pé
buadh a bhí ag an ór, gur mó ab fhiú scáil duine ná a raibh
d'ór is d'olmhaitheas san tsaoghal. Acht níorbh éan
chabhair dom bheith ag machtnamh mar sin feasta. Bhí an
anachain déanta, agus bhí sé fánach agam bheith ag cur
glais ar an ndorus tar éis na foghlach. Bhíos tar
éis mo scáil a mhalartughadh ar ór agus níorbh fhios cad
a thiocfadh as dom.



Do staid an cóiste os comhair dorais an tighe ósta i
n-a raibh curtha fúm agam cheana. Tháinig racht uabhair
orm. Ba lag liom bualadh isteach i n-árus chomh bocht
chomh suarach son. D'órduigheas dóibh mo ghréithre a
bhreith chugham, chaitheas roinnt óir chúcha go tarcuisneach
agus dubhart leis an dtiománaidhe me thabhairt chun an
tighe ósta ba ghalánta san mbaile. Do deineadh rud
orm. Bhí aghaidh an tighe ósta dé thuaidh agus níor
bhaoghal dom an ghrian. Thúirlingeas den gcóiste agus
d'íocas an tiománaidhe. D'iarras ar an ngiolla me
threorughadh chun an tseomra ab fheárr a bhí aca. Chomh
luath is a bhíos im aonar chuireas glas ar an ndorus.



Cad a dheineas annson, an dóich leat? Mo náire!
Ní maith liom a innsint duit.



Tharraingeas chugham an sparán mí-ádhbharach úd. Ghaibh
sadhas fiadhantais is friuchadh fola me. Do chromas ar
an ór do spiúnadh. Bhaineas as an sparán go dtí
go raibh an t-úrlás tuilthe d'ór. Do bhaineas lán mo
dhá shúl as, do gabhas de chosaibh ann, do dheineas cosair-


L. 13


asair de, bhíos ag ionnfhairt ann go dtí go rabhas i
bhfanntais nach mór le neart tuirse is trioblóide.



Chuireas an oidhche tharm ar an gcuma soin. Thuit mo
chodladh orm fé dheire agus mé sínte ar mo thárr i
n-airde imeasc an óir.



Ar dhúiseacht dom ar maidin, bhíos tuirseach traochta
tráighte mo dhóthain agus ocras buile orm. Ghaibh
gráin is déistim me chun an óir úd do thaitn liom chomh
mór son tamall ó shoin. Cá gcuirfinn é? B'in í an
fhadhb, mar ní leigfadh an eagla dhom é fhágaint mar a
raibh sé. Dá bhfaghainn Éire air ní fhéadfainn á dhingeadh
isteach san sparán arís. Ní raibh de chúinse agam acht
é d'árdughadh isteach i gcófra mór a bhí san tseomra.
Níorbh éan-dóichín é sin mar obair, agus geallaim-se
dhuit go rabhas i ndeire an anama le h-éan-chorp tuirse
is luige sar ar scuireas de. Fé dheireadh bhí an t-ór
go léir istigh agam acht amháin lathairt bheag de. Do
bhaineas síneadh asam fhéin agus d'fhanas ar an leabaidh
im chonablach gan preab gan cor go raibh muinntear an
tighe n-a suidhe. Nuair a bhí roinnt bídh caithte agam
do chuireas fios ar fhear an tighe.



Isé ba chúram dom na gnáth-shaoghal fir saidhbhir do
chur fé réir dom féin feasta. Mhol fear an tighe dhom
buachaill dárbh ainm Bendel mar ghiolla aimsire.
Thaitn crot an fhir sin liom, agus do réidhtigheas leis
gan mhoíll. A bhuidheachas le Dia do sheol im threó é.
Mara mbeadh a dhísle chlaoidh sé liom is a fheabhus fhofhain
sé dhom, ní móide gur fada suas mé.



Bhí ana-bhruid arm ar feadh an lae. Do cuireadh a
lán seirbhiseach chugham ar lorg beart agus do réidh-
tigheas le cuid aca. Cheannuigheas uathbhás de sheódaibh
is de ghiúirléidibh d'fhonn is an carn óir a bhí i dtaisce
agam do luigheadughadh. Acht dá dhéine bhaineas de níor
léir dom gur lughade é an tómhach is an spiúnadh go léir.


L. 14


Do chuireas an lá tharm ar an gcuma soin, acht dá
mhéid cúram an bhí orm, do ghoill mo chás orm go cruaidh
is go daingean. Ní raibh de mhisneach ionnam táirseach
an tighe do chur díom, ar eagla go bhfeicfidhe an rud a
bhí bunoscionn orm. Do chuimhnigheas ar an rúscadh
do thug dailthíní na sráide dhom indé; acht dubhart liom
fhéin: "Is cuma son. Buailfad amach arís féachaint
an feárr eireoghaidh liom an turus so. Ní foláir é
dhéanamh." Nuair a bhí an ghealach 'na suidhe, do chuireas
clóca mór umam féin, agus d'éaluigheas amach ó'n dtigh
is mé ar baillichrith. Ní dheaghas amach ó scáth na dtighthe
go dtí gur shroicheas an ceann eile de'n bhaile. Annson
do chuadhas amach i gceartlár na sráide - .



Ochón! Ní bhfaghainn ionnam fhéin mo chúrsa d'áireamh
duit. Bhíos im chúis mhagaidh ag an bpobul. Bhí truagh
ag cuid de sna mhnáibh chugham, acht ba dhealg i mbeó dhom
an truagh son. Ghaibh cailín deas gleóite thar brághaid
is a athair 'na teannta. Súilfhéachaint dá dtug sí, luigh
a súil orm. Thug sí fé ndeara ná raibh éan-scáil agam.
Tháinig sceón na súilibh; do bhuail a ceann fúithi. Bé
b'fhada léi go mbeadh sí as mo radharc de réir dheallraimh.



Níor bheag son. Do shileas na deóra go fuidheach.
Do chuadhas ar scáth na gcrann is mo chroidhe go lag ar
lár. Thugas aghaidh ar an mbaile go duairc dólásach.



Dá mhéid mo thuirse níor thuir néal orm ar feadh na
hoidhche. Chuireas romham an fear liath do lorg féachaint
an mbeadh éan-fhagháil agam ar mo scáil arís. Cheapas
go mb'fhéidir go mbeadh an fear úd chomh bréan dá chion
den mhargadh is a bhíos-sa dem chion de, um an dtaca so.
Ar eirghe an lae ar maidin lár na mháireach do chuireas
fios ar Bhendel. Fear ciallmhar tuigsionach a bhí ann
agus mheasas go ndéanfadh sé mo ghnó go maith. Thugas
comharthaí sóirt an Fhir Léith do, agus dubhart leis eolas
a chur ar a threó bhuíll chomh luath is dob' éidir leis. Go


L. 15


raibh seoid ar sheilbh ag an bhFear Liath do theastuigh uaim
go géar. D'innseas do chár bhuail an Fear Liath umam
agus na daoine bhí láithreach le n-a linn sin. Níor dhear-
mhadas gan an cábán is an brat is na capaill do luadh.
Dubhart go raibh baint age sna hearraíbh úd le fear na
casóige glaise. Shíneas lán mo dhá dhorn d'ór chun
Bendel. "Seo dhuit áis chun na h-oibre," arsa mise.



"Ní miste dhuit tarrac as má's gádh é. Pé dídh a dhéan-
fair, ná cloisim uait gur theip ort."



D'imthigh Bendel. Bhí an oidhche ann nuair a tháinig
sé thar n-ais agus a mhéar n-a bhéal aige. Dubhairt sé
nár chuimhin le h-éinne dá raibh láithreach i ngáirdín
Thomáis 'ac Sheóin lá na tubaiste go bhfeacadar an Fear
Liath riamh. Bhí an cábán 's an brat san gháirdín fós acht
ní raibh a fhios ag éinne cár fríth iad. Bhíodh na seir-
bhísigh ag maoidheamh as maoin agus ollmhaitheas a máighis-
tir. Ba chuma leo cionnus a fuair sé é. Thug Tomás
na trí capaill d'fhearaibh óga a bhí san chuileachtain an lá
úd agus bhíodar súd go buidheach beannachtach de dhá
gcionn.



Sin a raibh de scéala age Bendel. Ar shon go raibh
theipthe air, níor mhór dom é mholadh, mar gheall ar an
ndúthracht do chuir sé san obair.



"Ba dhóbair dom dearmhad a dhéanamh air," ar seisean
fé dheireadh. "Ag imtheacht dom ar an dturus so ar
maidin, do theangmhuigh fear liom ague doras an tighe
adubhairt liom an méid seo: "Abair let mháighistir go
bhfuilim ar thí imtheacht thar lear. Ní bhfaghaidh sé me
féin ná mo thuairisc annso; acht bhíodh a fhios aige go
dtabharfad cuaird air fé cheann bliadhna. Beidh rud
éigin agam le rádh leis nuair a ghlaodhfad chuige a
thaitnfidh leis go seóidh." "Cad is ainm duit, a dhuine
uasail?" arsa mise. "Ná bac le m'ainm," ar seisean.
"Aithneochaidh do mháighistir cé bhí ann.""


L. 16


"Caidé an sadhas é?" arsa mise le Bendel. Thug
sé tuairisc dom ar fhear na casóige glaise n-a steili-
bheathaigh. Do phreabas im sheasamh. "Caidé mar mhí-
ádh!" arsa mise. "É féin a bhí ann."



D'imthigh an meascán mearaidhe de Bhendel de phreib.
"É féin a bhí ann gan amhras," ar seisean. "Cad a bhí
orm? Cad do bhain radharc mo shúl díom? Nach mé
an t-amadán! Maith dom é, a mháighistir. Níor
aithnigheas é i n-éan-chor." Ba léir dom go raibh sé i
ndáiríribh, agus go raibh ana-bhuadhairt air toisc an
bhotúin a bhí déanta aige. Chuireas ag triall ar phort
an chuain é, acht bhí a thurus i n-aistear aige. Bhí an
Fear Liath imthighthe gan bith a thuairisce. Ba dhóich le
duine air gur shúigh an talamh é.



An Tríomhadh Caibidil



Chár chabhair do dhuine sciatháin agus ceangal na dtrí
gcaol go daingean ar a bhallaibh beatha? Do ghaibh an
t-éadóchas go millteach me. Dáltha Fafner .i. an
t-athach mór d'fhan na shíor-luighe i bhfeidhil a chuid mhaoine,
bhíos im chime bhocht gan sógh gan suairceas, gan chaidreamh
ar éinne, i n-aindeoin a raibh d'ór agam. Chuireas mo
mhallacht air mar ór, mar bhí scartha agam leis an saoghal
dá bharr.



Ní baoghal gur scéidheas mo rún le héinne. Bhí eagla
orm roimh na seirbhísigh agus éad dá réir; mar bhí scáil
ag gach duine aca agus níor mhiste dhóibh dul ag spais-
teóracht lá breágh gréine gan spleádhchas d'éinne. Bhí
ormsa fanamhaint istigh im sheomra de ló agus d'oidhche
is an lionndubh im mhilleadh go tréan.


L. 17


Bhí duine eile dá shnuighe amach os comhair mo shúl
.i. Bendel boacht díleas. Ní raibh dá bhaint den tsao-
ghal acht a mheas go raibh "feall ar ionntaoibh" déanta
aige ar a mháighistir mhuinnteardha trás nár aithin sé an
té gur cuireadh dá lorg é. Ní foláir nó ba léir do go
raibh dlúth-bhaint ag an bhFear Liath leis an ngalar
dóghach a bhí orm. Níor thógas ar Bhendel é, ámhach, mar
thuigeas gur fuirist don bhFear Liath meascán mear-
athail a bhualadh ar éinne.



Lá de sna laethantaibh chuireas Bendel ag triall ar
an bhfear ba mhó cáil chun pictiúirí tharrac san chathair,
agus fáinne breágh luachmhar aige le bronnadh air. Thugas
cuireadh dho chuaird a thabhairt orm. Tháinig an t-ealadhn-
tóir. Chuireas an lucht freastail chun siubhail, do
dhúnas an doras agus chuireas glas air. Do shuidheas
os a chomhair amach agus chromas ar a cheárd do mholadh.
Fé dheireadh tharraingeas anuas an scéal a bhí ag
brughadh ar mo chroidhe.



"A leithéid seo," arsa mise. "Duine go mbeadh
sé de mhí-ádh air a scáil do chailleamhaint, an bhféadfá
scail bhréige a cheapadh dho?"



"An scáth a ghabhann leis an nduine féin, a mheasair-se
a rádh?"



"An scáth úd, thar a bhfeacaís riamh."



"Ní fheadar," ar seisean, "caidé an tuaiplis nó
an fhaillighe a bhéarfadh i n-éaghmuis a scáile é."



"Is cuma san riabhach cionnus a thuit sé amach," arsa
mise, "acht is amhlaidh a bhí sé," arsa mise, ag spalpadh
an éithigh gan náire, "turas dar thug sé ar an Rúis
anuirid, bhí an geimhreadh ana-fhuar. Lá áirithe bhí sé ag
cur seaca chomh tréan son gur cheangail a scáil den
talamh agus níorbh fhéidir í bhogadh dhe."



"Chonách soin air nár thug air cheart dá scáth," ar
seisean. "Dá gceapfainn-se scáth bréige dho, chaillfadh


L. 18


sé arís é act cor do chur as, go mór mór más duine de
réir do thuairisce é. Fear ciotach fuar faillightheach
nár chimeád greim ar an scáth a bhí aige. An té atá i
n-éaghmuis a scáile, isé a leas gan dul amach fé an
ngréin. Sin a bhfuil de leigheas agamsa ar a ghalar."



D'éirigh sé n-a seasamh agus d'fhág slán agam. Ag
imtheacht dó do chuir sé na súile tríom chomh géar son
nár mhór dom cúbadh roimis. Bhuaileas mo cheann
fúm síos idir mo dhá chrobh.



D'fhanas im spreill sa chathaoir gan preab gan cor go
dtí gur bhuail Bendel isteach chugam. Do dhruid sé
siar go ciúin béasach nuair thug sé fé ndeara a bhrón-
aighe bhíos. D'fhéachas suas air. Ní bhfuaireas ionnam
fhéin chráidhteacht a bhrughadh fúm a thuilleadh. Níorbh
fholáir liom fios fáth mo scéil a nochtadh dho.



"A Bhendel mhacánta," arsa mise. "Is léir duit
buaidhirt mhí-chuibheasach a bheith orm. Tá fhios agam go
maith gur thuigis dom bhrón acht bhí breis urrama agat
dom. Níor cheileas riamh ort a shaidhbhre táim. Ní
cheilfadh ort a mhí-ádhmharaighe táim. Bí it anamchara
feasta agam, a Bhendel chroidhe. Ná tréig me! Tá
mo dhóthain airgid agam, bím go bog fé, agus is dócha go
measair-se go bhfuil gach éin-nídh ar mo thoil féin agam.
Is follus duit ámhach go bhfanaim amach ón saoghal go
haonránach, gan caidreamh ar éinne. B'fhéidir gur
dóich leat nár lugha liom an súdh ná é. Acht, a Bhendel
chroidhe, fan go gcloisfir an rún uathbhásach atá im chrádh
's im chéasadh, agus beidh a mhalairt de thuairim agat.
Béidh druim do láimhe agat liom, is dócha, nuair a bheidh
mo rún ar eolas agat. Táim saidhbhir, táim fial
flaitheamhlach, acht níl éan-scáil agam."



"A thiarcais! ná fuil éan-scáil agat!" arsa an
buachaill bocht díleas agus sceón ann, agus é ag sileadh
na ndeór. "Fóiríor géar! É bheith de phláinéid orm


L. 19


bheith ar aimsir age máighistir gan scáil." Níor labhair
a thuilleadh go ceann tamaill. Do bhuaileas mo cheann
fúm arís.



"A Bhendel," arsa mise fé dheireadh agus creathán
im ghlór, "do leigeas mo rún leat. Tá cae agat chun
fealladh orm - imthigh leat - scéidh mo rún leis an
saoghal!"



Ba léir go raibh sé ag troid leis féin, i gcruadhchás idir
dhá chomhairle. Fé dheireadh do rug sé ar láimh orm,
do phóg í is na deora anuas leis n-a dtuile.



"A mháighistir mo chroidhe," ar seisean, "is cuma
cad déarfadh an saoghal, ní thréigfad thú toisc easba
scáile bheith ort. Déanfad an ceart, pé nídh thiocfaidh
as dom. Claoidhfad leat agus is féidir leat dul
amach i n-éan-bhall fém sgáth-sa, gan bheann ar éinne.
Déanfad mo dhícheall chun conganta thabhairt duit.
Nuair a raghaigh sé dhíom, déanfad comh-chaoineadh leat."



Rugas barróg ar an mbuachaill bocht agus iongnadh
an domhain orm i dtaobh a ionnraicis. Bhíos suidhte dhe
nach mar mhaithe leis féin a bhí sé.



As son amach bhí atharrach saoghail agam. Ní raibh
éin-treó acht a chlisteacht do cheil Bendel mo mháchail ar
chách. Bhíodh sé romham is im theannta is gach éan-bhall
n-a scairt san bheárnain, n-a scéith chosanta dhom ar
gach conntabhairt. Dá mba bhaoghlach dom, bheadh sé
chugham i n-anaithe an tsaothair chun a scáth fein a thabhairt
dom, mar b'aoirde is ba théagartha é ná mé. Dá
réir sin, ní raibh a bhac orm gabháil imeasc daoine eile
arís agus an saoghal a chaitheamh mar chách. B'éigean
dom a leigint orm bheith pas greannmhar ar shlightibh acht
níor thóg éinne orm é, mar cheapadar gur mhaith an
mhaise d'fhear saidhbhir é. Bhíodar dall ar fhírinne an
scéil agus ar an adhbhar son bhí an-urraim aca dhom agus
áirdmheas orm.


L. 20


Ghlacas foidhne agus d'fhanas go ciúin le teacht an
Fhir Léith nuair a bheadh an bhliadhain istigh.



Ní dom nárbh eól gur dána an mhaise agam cur fúm
i mball i n-a raibh tugtha fe ndeara cheana age roinnt
daoine mé bheith ar easba scáile. Rud eile dhe, do
chuimhnígheas ar an gcuma i n-ar chéad-chuireas aithne ar
Thomás 'ac Sheóin, rud nár thaitn liom go ró-mhaith. Ar
a shon soin is uile, shocruitheas ar fuireach san mbaile
úd ar feadh tamaill eile féachaint cionnus éireochadh
liom; agus annson aghaidh do thabhairt ar bhall eile
gan eagla. Mo mheas orm féin do chimeád ann
me; ní hannamh an scéal amhlaidh age daoinibh.



Mar seo a bhí sé. Do theangmhuigh Próinséas .i. an
cailín deas úd dár thagras cheana, go minic liom. Níor
chuimhin léi go bhfeaca sí me i ngáirdín Thomáis an lá
tubaisteach úd. Chuir sí ana-shuim onnam an cor so;
mar bhí ainm na céille is an ghliocais bhéil amuich orm
fé an am so. D'éisteadh gach éinne go fonnmhar le n-a
mbeadh le rádh agam. Bhí áird is toradh ar mo chainnt,
rud ná raibh le fágháil agam an fhaid a bhíos beó bocht.



An spéis fé leith do chuir Próinséas ionnam ní miste
a rádh gur chuir sé tré na chéile me; agus dár ndóich
sin a raibh uaithi. Do dhírigheas ar shúgradh léi ar mo
dhícheall. Do chuireas romham í mhealladh chun tuitim i
ngrádh liom. Corp leimhe is díth céille a bhí ann, acht
dá mhéid míorán im cheann, níor bhaoghal dom chroidhe.



Cad is gádh dhom é d'aithris duit? Nach minic a bhí
an scéal céadna agatsa.



Pé nÉirinn é, dá mhinicighe thuit an seana-scéal úd
amach, bhí críoch neamhchoitchiannta aige an turus so,
rud ná raibh éan-choinne ag éinne leis.



Oidhche áirithe, bhí comhluadar im gháirdín agam, mar
ba ghnáth liom. Bhí Próinséas ortha agus bhíos ag
siubhal n-a teannta tamall ón gcuid eile dhen chuil-


L. 21


eachtain. Bhíos ag stealladh plámáis di agus greim
agam ar láimh uirthi. Ní dubhairt sí focal acht thug
fáscadh n ó dhó dom láimh-se. Bé leonugadh Dé gur
spailp an ghealach amach de phreib ón dtaobh thiar de
néal. Chonnaic Próinséas a scáil féin os ar gcomh-
air amach. Sin a bhfeaca. Do baineadh geit aisti,
d'fhéach sé orm agus scannradh uirthi, agus annson
d'fhéach ar an dtalamh arís ar lorg mo scáile. B'fhuirist
aithint uirthi cad a bhí ag déanamh buadhartha dhi. Ba
dhóbair go raghainn i gcraobhachaibh nuair do thuit sé na
cnapán luige. As go brách liom ar mo léim-lúth.
Stad ná comhnuidhe níor dheineas go raibh geata an
tighe curtha dhíom agam. Phreabas i n-áirde ar an
gcéad charáisde do bhuail umam agus chuadhas fé dhéin
na cathrach. Casadh Bendel orm annson agus d'innseas
an scéal do tríd síos. Níor bheag nod do. Do chuir-
eadh fios ar chapallaibh agus d'fhágas an baile comh
i nÉirinn is dob fhéidir é. Níor thugas de sheir-
bhísigh liom acht aon lúbaire amháin dárbh ainm Rascal,
fear glic a bhí aineólach fós ar a raibh tuitithe amach.
Chuireas a deich is cheithre fichid de mhíltibh slighe dhíom
an oidhche úd. D'fhágas fé Bhendel m'fhiacha dhíol, mo
lucht aimsire a chur chun siubhail agus a raibh de dhíth orm
a sholáthar dom.



Nuair a tháinig sé chugham an lá n-a dhiaidh son, do
thugas móid is mionna dho go mbeinn ar mo sheachaint
feasta, mar go raibh ciall cheannuigh agam.



An Ceathramhadh Caibidil



Leanamair romhainn gan sos gan suaimhneas go dtí
go rabhamair i bhfad ón mbaile mí-ádhbharach úd. Fé
dheireadh thiar thall chuireas fúm i mbaile beag iargcúlach
áirithe.


L. 22


Dá mbeinn im fhile b'éidir go rithfadh liom cur síos
i gceart ar an gcéad eachtra eile bhain dom. Acht ós
rud é ná fuil blúire maitheasa ionnam chuige ní fearra
dhom tabhairt fé. Níor fhág an tréimhse úd a rian orm.
Dá chomhartha son féin, nuair a chuimhnighim fé láthair ar
an gcuma n-a mbínn go glionndrach is go troma-
chroidheach gach re dtráth an uair sin, ní bhaineann sé cor
as mo chroidhe. I n-a ionad son is amhlaidh a dheinim
iongnadh dhe.



San mbaile beag úd iseadh thuit an scéal amach.
Fuaireas clú is gairm rígh agus níor mhaireas é, toisc
stuaire ghlé-ruisc. Dhein a hathair 's a máthair a
ndícheall chun cleamhnus a shocrughadh, agus bhí a chathughadh
is a shéala orainn go léir i ndeireadh na dála.



A Mhinna, a stóir mo chroidhe, do shileas na deóra go
fuidheach an lá chailleas thu. Cúis bhróin liom anois
iseadh a luighead a ghoilleann sé orm cuimhneamh ar an
lá úd.



An amhlaidh atáim ag druidim le críonnacht? A
thiarcais! B'fheárr liom ná rud ná déarfainn go raibh
mo chroidhe ar friuchaigh is mo cheann n-a roithleán le
neart grádha is seirce fébh mar a bhídís fadó i mbaois
na h-óige. Acht tá deireadh leis an dteasaidheacht
fola is an fuinneamh intinne agam feasta, is baoghlach.
Is fada ó thugas cúl le mearaidheacht na h-óige.



Ní beag son de. Chuireas Bendel ag triall ar an
mbaile úd ar lorg óstaidheachta dhom agus a dhóthain
airgid aige chuige. Scaip sé an t-ór go rabairneach
acht níor innis puinn d'éinne mhar gheall ar a mháighistir.
Bhí a rian air, rith se le muinntir an bhaile gur fear
neamh-choitcheannta me. Do bualadh rud ana-ghreann-
mhar isteach i n-a n-aigne im thaobh.



Níor túisce an tigh ollamh im chomhair ná threóruigh
Bendel fé n-a dhéin me. Nuair a bhíomair i ngiorracht


L. 23


trí mhíle don bhaile do theangmhuigh cruinniughadh mór
daoine linn agus iad go léir go huaibhreach is go
spleódrach. Do staid ar ár gcaráiste. Ba chlos
ceól binn is pléascadh gunnaí is daoine ag liúighrigh ar
a ndícheall.



Tháinig an scata chailíní phéarlacha amach os comhiar
an charáiste. Dá ghleóiteacht iad go léir, rug duine
aca an chraobh le maise is le gile. Do bhuail sé amach
fém dhéin go maordha is go cneasta agus luisne n-a
ceannachaibh agus do thairg fleasg de bhláthannaibh
bhreághtha dhom. Dubhairt sé rud éigin nár thuigeas,
acht d'airitheas na focail "ríoghacht," "dualgas,"
"uarraim duit," dá rádh aici. Do phreab mo chroidhe le
taitneamh dá glór béil, ar son nárbh fhiosach dom cad
a bhí ar siubhal aici. Cheapas gur ó neamh anuas a thúir-
ling sí chugham. Do chrom na cailíní ar amhrán a chanadh,
ag moladh an rígh is a dheigh-ghníomartha. Bhí an ghrian ag
taitneamh le n-a linn sin, agus ní raibh ar mo chumas
druidim i ngoire dhon chailín gleóite a bhí 'na seasamh
os mo chomhar amach. Is géar a mhothuigheas uaim mo
scáil an uair sin. Bhí mo chroidhe im chlí dá réabadh le
neart náire is bróin is éadóchais. D'fhanas mar a raibh
agam san charáiste. Ba mhaith an mhaise age Bendel,
do léim amach ón gcaráiste. Do ghlaodhas air agus do
shíneas chuige coróin déanta dhe néamhainnibh luachmhara
a thárlaigh ar iomchar agam.



Do labhair sé im ionad. Dubhairt le sna daoinibh a
bhí láithreach gurbh iongnadh liom an fíor-chaoin fáilte do
fearadh romham; gur follus go raibh iarracht de dhear-
mhad ortha; acht mar sin féin go rabhas ana-bhuidheach
dhíobh chionn a gcarthanachta is a muinnteardhais. Thóg
sé an fleasc agus do thug an choróin don chailín a
thairg dom é. Do dhruid muinntear an bhaile, idir
chléir is tuaith, amach uainn, do deineadh slighe dhom


L. 24


charáiste agus chomáineamhair linn go dtí an baile. Bhí
bratacha ar chrochadh as gach fuinneóig san chathair agus
gunnaí móra dá bpléascadh d'fhonn fáilte chur romhan.
Nuair a shroicheas mo thigh do chrom and sluagh ar liúighrigh
os comhair an tighe. Chaitheas ór chúca on bhfuinneóig.
Bhí mor-chuid soillse ar lasadh i ngach tigh um thráthnóna.
Ní raibh fhios agam ó thalamh an domhain cad ba bhun leis
an ngliadar go léir.



Chuireas Rascal amach, féachaint cad a bhí ag dul amudha
ar mhuinntir an bhaile. D'innseadh dó go raibh Rí
Prúise ag taisteal na tíre agus ainm bhréige air; gur
aithnigheadar ar an dteachtaire do cuireadh fé na ndéin
cé bhí chúcha (Bendel a bhí ar siubhal aca, is dócha); go
raibh árd-áthas ortha a chlos go raibh an Rí chun cuaird
a thabhairt ar an mbaile; gurb eagal leó go raibh
botún déanta aca' gur follus dóibh go mb'fhearr
liom dá leigfidós ortha nár aithnigheadar me; acht go
raibh súil aca go maithfinn dhóibh an dánaidheacht a
dheineadar orm.



Ba gheall le pléiseám do Rascal é mar scéal. Dhein
sé a dhícheall chun bob a bhualadh ar na daoinibh. Bhí sé
i sna teannálaibh dubha le neart gáire is é ag innsint
dom a shimplidheacht is a dhaille ar an scéal a bhí muinn-
tear an bhaile.



A rún duit gur chúis mhórdhála liom a chlos gur shamh-
luigheadar gur mise an rí. Do chuireas fleadh mhór dá
h-ollmhughadh i ngáirdín mo thighe agus thugas cuireadh
dá raibh san bhaile. Bhí an fhleadh ollmh fé an dtrát-
nóna agus tánathas ag triall air ó gach áird.



Ní raibh éin tseó acht a bhreághthacht is a thaidhbhseacht a
bhí gach éan-rud i gcóir age lucht freastail, agus a
luigheadh uaine a bhí aca chuige. Ní raibh easba feabhuis
ná flúirse le cur i leith an fhéasta. Ba dheocair a
rádh ciaca ba threise ar dheise na córach, nó ar shóghmhaile


L. 25


an bhídh é. Bhí fhairsinge 's an freastal ag breith
bárr na foghantachta ó n-a chéile. Bhí na soillse gléasta
i slíghe is nár bhaoghal dom.



Thánadar na h-aoigheadhtha agus chuireas fáilte is
fiche rómpa. Níor ghairm éinne aca "Rí" dhíom; acht
i n-a ionad son bhaisteadar "An Ridire" orm. Caidé
an leigheas a bhí agam air? Leigeas leó agus do tugtí
"An Ridire Peadar" orm as son amach. Ní raibh de dhíth
orm le linn na fleidhe acht aon duine amháin. Tháinig sí
fé dheóidh is fé dheireadh, an té bhí uaim, bláth is pamhsae
na mban, agus an choróin néamhannach um á cheann.



Bhí a hathair 'sa mháthair n-a fochair, nídh nárbh iongnadh,
agus do chuireas aithne ortha i dtriúr. Níor dhóich le
duine ar Mhinna, agus an t-iomchar cneasta a bhí fúithi
gurbh eol di gur rug sí an bárr léi ó n-a raibh láithreach
de chailínibh. Níorbh é mo dhearmhad gan comhrádh
dhéanamh le n-a hathair is a máthair acht nuair do mheasas
labhairt léi féin, do thuit an lug ar a lag agam agus
do theip orm na focail a thabhairt liom. Fé dheireadh
d'iarras uirthi é chur de chomaoin orm, dul ar cheann an
bhúird, rud ba mhaith de dhíol ar stuaire chomh péarlach
léi. Do las sí suas le náire agus do chrom ar a leath-
scéal a ghabháil liom. Ba mhó an chorabhuais a bhí ormsa
ná ar an gcailín. D'athchuinigheas uirthi "flaitheas agus
forlámhas a ghabháil" ar an bhféasta, mar ba chuibhe
do bhannríoghain dá sórt. Níor bheag sméideadh súl
ón "Ridire" dhon chuileachtain; níorbh foláir le
gach éinne rud a dhéanamh orm.



Ní baoghal gur chaill Minna orm. Ba mhaith an mhaise
ceannus an bhúird di. Bannríoghan cheart na fleidhe
ab eadh í. Bhí an mhaordhacht is an deighiomchar is an
sciamh fuaighte innti. Níorbh iongnadh a hathair 's a
máthair mórdhálach aisti, agus a fheabhas de dhíol uirthi
an gradam a bhí fachta aici. Im thaobh-sa dhe, bhí sciatháin


L. 26


orm le neart meidhir is mórtais is aitis. Chuireas a
raibh ar sheilbh agam de sheódaibh, de néamhannaibh is de
chlochaibh buadha ar an mbórd os a comhair amach. D'fhágas
fúithi a roinnt is a riaradh ar na mhnáibh uaisle eile a bhí
láithreach.



Dubhart le sna giollaibh freastail roinnt óir a
chaitheamh chun an tsluaigh.



Ar maidin lár na bháireach, d'innis Bendel dom fé
rún gur fada a bhí amhrus aige ar Rascal, agus gur
deimhin leis feasta go raibh talamh slán aige. Gurbh
amhlaidh a dhein Rascal greim a chimeád go fealltach ar
a lán den ór aréir.



"Bíodh aige," arsa mise. "Ní mhaoidhim a dhuadh air.
Níor cheileas riamh mo chuid airgid ar éinne. Ní mór
liom dó a bhfuair sé dhe. Dhein sé cion fir indé le linn
na fleidhe, agus níor thaise dhon lucht aimsire a sholáth-
ruighis-se dhom. Thuilleadar a bhfuaireadar. Scéal
thairis dúinn anois."



Scaoileamair tharainn é mar scéal. D'fhan Rascal i
gceannus mo lucht aimsire. Bhí Bendel i n-a anam-
chara agam. Ba léir dó um an dtaca so ná raibh éin-
teóra lem ghustal, agus níor mhiste leis bheith dall ar
cár fríth é. Bhíodh sé im chogar de ghnáth. Luigh a aig-
neadh go dúthrachtach ar mo chúrsaíbh. Chuir sé mo chuid
airgid chun críche go ciallmhar is go haireach.



Maidir le cladhaire claon calaoiseach na Casóige
Glaise, ní raibh d'eolas age Bendel ar a scéal, acht
gur ag an bhfear úd a bhí leigheas mo ghalair, agus gurbh
eagal liom é. Bhí sé buailte isteach im aigneadh gur
fuirist don bhFear Liath eolas a chur orm, pé treó buill
i n-a mbeinn, agus go raghadh sé thar mo dhícheall é bhaint
amach dá aindeoin féin. Mar sin de, scuireas dá
thóruigheacht agus d'fhanas go foidhneach go dtí go
mbeadh an bhliadhain istigh.


L. 27


Dhein puimp is taidhbhse na fleidhe agus an t-imtheacht
ríoga a bhí fúm féin le n-a linn, an pobul a dhalladh.
An tuairim a bhí cheana aca ní fhéadfadh an Mac
Mallachtain féin a mhalairt d'áiteamh ortha feasta.



Níorbh fhada 'n-a dhiaidh son gur chuir tuairisc i sna
páipéiribh nódhachta ar a súilibh dóibh ná raibh éan-
bhunudhas leis an ráfla úd .i. Rí na Prúise a bheith ag
taisteal na tíre. Ba chuma son. Bhí an scéal socair
aca cheana. Rí a bhí ionnam gan éan-agó, rí mór saidh-
bhir, dar leó, ar shon go raibh ainm mo ríoghachta ag dul
san mhuilionn ortha.



Ós annamh ceal ríogh ag cur ar an saoghal, níorbh
fholáir le muinntir an bhaile ríoghacht de sna ríoghach-
taibh a chur im leith. Dheineadar a lán buillí fé thuairim,
acht sin a raibh ac dá bhárr. Níorbh fholáir leó "an
Ridire Peadar" do thabhairt orm go deireadh na
treimhse.



Thárla gur thug ceannuighe áirithe cuaird ar an mbaile
n-a rabhas. Fear ab eadh é do fuair a shaidhbhreas tré
chlaonbheart .i. a leigint air nárbh fhéidir leis a fhiacha
dhíol. Bhí árd mheas air, mar níorbh éan dóichín an scáil
a bhí aige.



Ní shásóchadh an saoghal é gan iongnadh is ollsacht do
chur ar an bpobul le méid a mhaoine. Mheas sé buadhch-
tant ormsa le flaitheamhlacht, acht má mheas bhí breall
air. Níor theip mo sparán orm, agus ba ghairid go
raibh an truaghán bocht go mór chun deiridh. Ní raibh de
sheift aige annson acht an cleas céadna d'imirt arís
.i. a fhiacha fhágaint gan díol agus teicheadh le n-a anam.
Is mdhó fear saidhbhir do lom is do scrios é féin d'fhonn
bheith ag iomaigh liom agus d'fhágadh go beó bocht i ndei-
readh na dála.



Dá aoirde an fuadar a bhí fúm, do thugainn an saoghal
liom go ciuin simplidhe mo dhóthain ar shlightibh. Thugas


L. 28


togha an aireachais ná mothóchfaidhe an rud a bhí i n-eas-
namh orm. Ní raibh de chead ag éinne acht amháin age
Bendel bualadh isteach ar éan-chúinse i seomra ar
leithligh a bhí agam. Do chaithinn an lá san tseomra son
agus Bendel im theannta, an fhaid is a bheadh an ghrian
ag taithneamh, agus do cuireadh 'n-a luighe ar chách go
raibh "ana-bhruid ghnótha ar an Ridire." Chítí a lán
teachtairí ag déanamh ar an dtigh nó ag imtheacht uaidh
gach lá, agus chreid gach éinne gur "cúram mo ríoghachta"
fé ndeara é.



Ní bhuailinn amach ón seomra go dtí go dtagadh an
tráthnóna. Nuair a ghlaodhadh comhluadar chughainn,
bhínnse im shuidhe im abhlóirdín fé scáth na gcrann
rópa, nó i halla n-a mbeadh ana-chuid soillse.
D'fhéachadh Bendel chuige sin.



Thugainn turas gach lá ar ghairdín Mhaoir na Coille
.i. athair Mhinna. Sin a mbíodh de shiubhlóid agam.
Bhíodh Bendel im aice moch déanach ar eagla na tiu-
baiste. Níor mhiste liom dul i nguais mo bháis d'fhonn
amharc fhagháil ar an gcailín ba mheasa liom de chailíní
deasa an domhain.



A chara mo chroidhe! Ní foláir nó is cuimhin leat
féin cad is grádh ann. Gabhaimse orm go dtuigfir dom
chás. Cailín suairc subháilceach mánla deighmhéinneach
ab eadh Minna. Níl cur síos ná innsint scéil ar
méid an cheana a bhí aici orm. Ní áirimhim a cheanamh-
lacht a bhíos-sa uirthi. A fhaid 's a ghiorracht duit gur
thugamair araon searc agus dian-ghrádh dhá chéile. Ní
raibh éin-éirghe i n-áirde ar Mhinna. B'iongantach léi
a rádh gurbh fhiú liom suim a chur innti i n-éan-chor.
Níor mhór léi a croidhe is a hanam dom, pé nídh thiocfadh
as di fhéin.



Mo bhrón cráidhte! gan an tréimhse úd dem shaoghal
le caitheamh agam arís! Ba mhinic me ag sileadh na


L. 29


ndeór le neart aithrighe is brughadh croidhe, toisc an
fhill a bhí agam dá imirt ar Mhinna. Ba mhinic a thugas
an leabhair le Bendel go n-eireochainn as mar obair,
nárbh ealadha d'fhear gan scáil bruinneal a mhealladh.



Bhínn sealad ar intinn mo rún a leigint léi; sealad
eile ar intinn teicheadh liom ón mbaile; annson do
chromainn ar ghol agus d'iarainn ar Bendel cae thabhairt
dom ar labhairt le Minna arís.



Bhíodh ana-mhuinighín agam as teacht an Fhir Léith, uair-
eannta; thagadh mí-mhisneach chugham uaireannta eile.
Bhínn ag súil leis an lá go mbeadh an bhliadhain istigh,
féachaint cad a bhí indán dom, agus eagla orm go
mbeadh breall orm i ndeireadh na dála.



Lánamha cheannsa ghrádhmhar ab eadh an Maor 'sa bhean,
agus do luigh a n-aigneadh go mór ar a n-inghín. Is lag
a shaoileadar ar dtúir go mbeadh éan-chaitheamh ag "an
Ridire" i ndiaidh a n-inghíne; acht fé dheireadh do
cuireadh ar a súilibh dóibh cionnus mar bhí an scéal.
Thugadar fé ndeara an cion thar na beartaibh a bhí agamsa
agus age Minna ar a chéile. Ní raibh a fhios aca cad
ba cheart dóibh a dhéanamh. Bhí an mháthair chomh mór-
dhálach son as a hinghín gur dócha go raibh súil aici go
bpósfadh "An Ridire Peadar" í acht bhí a mhalairt de
chiall ag an athair. Ba léir dóibh araon, ámhach, gur
dianghrádh díleas diachrach a bhí istigh im chroidhe agam
don chailín óg. Ní raibh le déanamh aca acht faire
orainn go géar.



Leitir do chuir Minna chugham le n-a linn sin, tá sí
agam fós. Sidí í:



"Mo lom! A rádh go gcreidfinn ó éinne go
bhfaghfá ionnat féin cathughadh ná buadhairt a chur ar
Mhinna bhocht. Ró-mhaith ataoi agus b'olc an mhaise
dhom a mhalairt a rádh. Acht ná bíodh éin-phioc dá
mhearthal ort, níl uaimse acht an rud a raghaid chun


L. 30


tairbhe dhuitse. Ní leigfad duit t'aimhleas féin a
dhéanamh mar mhaithe liomsa. Ba lag liom é mar
chomaoin ort. Ní beag dom mar luach mo shaothair an
tréimhse chaitheas fé mhaise is fé shéan agus tusa im
theannta.



"Imthigh uaim feasta. Cuimhnigh ar an saoghal ríoga
ba dhual duit. Ní agamsa fé leith atá éileamh ar an
Ridire Peadar. Baineann sé le gach éinne. Is móide
m'áthas, daoine eile ag trácht ar do dheigh-ghníomhar-
thaibh. Nach mór an náire dhuit do shaoghal a leigint
i bhfaillighe is i bhfuaire de ghrádh cailín? Imthigh uaim, a
chara mo chroidhe. Ghoillfadh sé orm a mheas gur mise
chimeád annso thu. Táim buidheach dhíot chionn na seirce
thugais dom, agus tá súil agam nach measaide thú mise
do bhualadh umat!



"Imthigh uaim! - Ná bíodh ceist ort! Tréig me. -
Ní dhéanfad dearmhad ort go brách. - Nuair a thagann an
bás, beidh sé mar shógh agam cuimhneamh ar an scathamh
suairc a chaitheamair araon i dteannta chéile."



Ní miste a rádh gur bhain an leitir sin fáscadh as mo
chroidhe. Dheineas mo dhícheall chun a chur i dtuigsint
di nach fear de réir mo thuairisce mé; gur díol truagha
mé i n-aindeoin a raibh de ghustal agam; go raibh an
mí-ádh i n-achrann díom; ná leomhfaidhe dhom cúis mo
bhróin a nochtadh dhi; go raibh súil agam, ámhach, go mbain-
fidhe an eascainidhe dhíom; ná raibh dhom baint de'n
tsaoghal acht a mheas go mbfhéidir go mbéarfainn liom
í ar bhealach a scriosta 's a bhasctha; gurbh í ba mheasa
liom de bhruinneallaibh an tsaoghail.



Nuair a dh'innseas an méid sin di, do chaoin sé mo
chás go deórach fliuch. Bhí truadh an domhain aici dhom.
Ba bheag aici féin an bás acht an bharróg bhuadhartha a
bhogadh dem chliabh. Mo dhíth! Ní mó ná cruinn a thuig
sí mo bhriathra. Cheap sé de réir dheallraimh, gur sí ar


L. 31


deóraidheacht me, nó flaith éigin a díbreadh ó n-a thír
dhúthchais. Bhí na tréithe is na subháilcí ba dhual do rí
agam, dar léi.



Lá de sna laethantaibh dubhart léi: - "A Mhinna, a
ghile mo chroidhe, cuirfar i n-umhail don fé cheann an
mhí seo cad is críoch dom chúrsa. Ní fios ná go bhfuil
faeseamh is fortacht chugham. Má chailleann ar mo
dhóchas, ba thúisce liom an bás ná tusa chur i n-umar
na haimiléise dem bhárr."



D'fhéach sí orm go truighmhéileach. "Má's ré shuair-
cis is caithréime atá i ndán duit", ar sise, "níl uaim
acht do leas. Acht má leanann an mí-fhoirtiún díot,
claoidhfad leat go deire na scríbe, d'fhonn an ghalair
dóghaigh a scaipeadh dhíot."



"A Mhinna mh'anama," arsa mise, "i n-ainm Dé agus
caith uait an chainnt sin. Is beag is eol duit cad a
bhíonn ag baint chodladh na hoidhche dhíom. Dá mbeadh
fhios agat cé dhó gur thugais do ghrádh! - Nach léir duit ón
dtocht so im scórnaigh agus ón gcreathán im bhallaibh
go bhfuil buaidhirt mhí-chuibheasach dhom thraochadh is 'om
chreimeadh as an saoghal gan sos gan suaineas. Acht
ní 'neósainn mo rún duit ar Éirinn." Do luigh sé ar
lógóireacht agus thug na mionna ná scarfadh liom go
brách.



Ba gheárr gur bhuail a hathair isteach chughainn. Do
dhearbhuigheas dó go rabhas ceaptha ar dhul ag triall
air ag iarraidh a inghíne mar mhnaoi phósta an chéad lá
den mhí seo chughainn. Chuireas i gcéill do go raibh an
lá úd socair agam chuige toisc gur baoghlach go dtuit-
fadh rud éigin isteach i gcaitheamh an mhí seo do bhéarfadh
atharughadh ar an scéal; acht go mairfadh an cion agam
ar a h-inghín go deo, tar éis an tsaoghail.



Do bhain an chaint sin preab as an seanduine, nídh
nárbh iongnadh, mar ní raibh éan-choinne aige le n-a


L. 32


leithéid ón Ridire Peadar. Rug sé barróg orm le
neart ceana orm, agus annson tháinig náire is ceannfé
air toisc an bhotúin a bhí déanta aige. Ghaibh sé a leath-
scéal liom agus do dhírigh ar chúrsaí an chleamhnais do
chur tré chéile is do mhioncrúdadh. Thrácht sé ar spré
an chailín; agus ar an dtacaidheacht a thabharfainn dó.
Dubhart-sa gur maith uaidh an méid sin do chur i gcuimhne
dom; gur dh'obair go ndéanfainn dearmhad air. Chuir-
eas i n-umhail dó ná raibh d'fhonn orm acht an chuid
deiridh dem shaoghal do thabhairt gan buaidhirt gan
duairceas, i ndúthaigh i n-a rabhthas chomh bádhach son
liom. Chuireas de chúram air an stáit ab fhearr san
chomharsanacht do cheannach i gcomhair a inghíne - mar
cheapas gurbh é a hathair ab fheárr chuige sin - agus an
íocaidheacht d'fhágaint fúmsa. Níor éirigh leis an
obair úd a thabhairt chun críche gan a lán dá dhuadh, mar
bhí tosach age duine uasal iasachta air i ngach éan-bhall.
San deireadh thiar thall, fuair sé greim ar stráice mór
tailimh ar isteach 's amach le dhá chéad mhíle de phúntaibh.



Ní foláir dom a admháil ná raibh uaim acht leath-
scéal chun bheith réidh leis, mar bhíodh sé im bodhradh
gan sos gan suaineas. Bhí buille alladhaire ar an
máthair, agus bhí a rian air, ní raibh sí chomh dúilmhar
son i gcomhrádh leis "An Ridire".



D'iarradar i dtriúr orm fuireach n-a dteannta
níosa shia, acht ní leigfadh an eagla dhom é. Thugas fé
ndeara gur gheárr go mbeadh an ré n-a suidhe. Bhí
m'aga caithte, an turus son. Seo chun siubhail mé.



Ghlaodhas chun gáirdín Mhaoir na Coille um thráthnóna
an lae i mbáirigh. Is amhlaidh a bhí falluing mhór fillte
timcheall orm agus m'éadan fé scáth hata fad-
chluasaigh. Ag déanamh ar Mhinna dhom, do thóg sí a
ceann agus do baineach geit aisti. A dhaoine mh'áran
is mh'anama! B'í an aingir chéadna n-a steilibheataidh


L. 33


í do bhuail umam an oidhche chaillte úd fad ó go ndeaghas
amach san tsráid féachaint an dtabharfaí mo mháchail
fé ndeara.



Chuir sise na súile thríom agus tháinig scannradh orm.
Ní raibh fhios agam ciaca ar aithin sí me nó nár aithin.
D'fhan sí n-a tost nuair do luigheas ar chomhrádh léi.
Tháinig tocht bróin orm agus do phreabas im sheasamh.
Do rug sise orm agus do thug fáscadh dhom, agus gach
éin-deór síos léi. Thugas mo bhóthar orm go hatuir-
seach tromachroidheach.



Ba mhinic di ag gol i n-a dhiaidh son. Bhuaidh an
galar dóghach go smior is go smúsach ionnam. Maidir
le hathair is le máthair Mhinna, is amhlaidh a bhíodh scia-
tháin fútha le h-éan-chorp aithis is mórdhála. Mar sin
dúinn, beirt aguinn ag gol agus beirt ag gáirí, dáltha
an tseanfhocail. Bhí fhios agam go raibh an lá ion-
áirithe ag druideamhaint liom ar cosináirde. Níorbh
fhada go raibh sé i ngiorracht lae chugham. Is ar éigin
a fhéadas an anáil a thabhairt liom. Níorbh é mo dhear-
mhad gan ciste lán d'ór a bheith ollamh agam i gcomhair
deireadh an téarma. Chuadhas isteach im sheomra agus
do shuidheas síos ag fanamhaint le teacht an mheadhon
oidhche. D'airígheas a dó dhéag dá bhualadh...



D'fhanas im shuidhe gan cor ná searradh do chur asam
féin, agus mé ag faire go géar ar an gclog. Bhí mo
chroidhe geall leis n-a gual dóighte. Bhain gach fuaim
preab asam. Fé dheireadh is fé dheóidh, do bhreac
an lá. Chuaidh an solas i dtreise. - Néal ná múisiún
codlata níor thuit orm. - Ghaibh an lá tharm agus mé
san riocht soin. - Do rug deireannaighe an lae orm!
- Tháinig an duighré! - sin a raibh agam dá bhárr!!



Bhí ag dul dem dhóchus ar feadh na haimsire sin.
Nuair do bhuail sé a h-aondéag, agus gan duine ná
daonnaidh chugham, bhí mo chroidhe go lag ar lár. B'in


L. 34


an dódhéag ag tarrac orm agus gan tásc ná tuairisc
ar an bhFear Liath.



Fé dheireadh is fé dheóidh do rug an meadhon-oidhche
orm. Do shíneas me féin ar an leabaidh agus mé i
rachtaibh an anma chailleamhaint le dian-ghol is loscadh
cléibhe. Bhí orm dul ag iarraidh Mhinna ar maidin lár
na bháireach agus mo scáil i n-easnamh orm. Níorbh
fhada gur thuit trom-chodladh orm.



An Cúigmhadh Caibidil



Ar dhúiseacht dom go moch ar maidin d'airígheas an
bheirt daoine ag eagnaigheacht is ag béarrthóireacht le
n-a chéile leathsmuigh den tseomra. Phreabhas im
shuidhe agus chuireas cluas orm féin. Bendel a bhí ag
toirmeasc ar Rascal teacht isteach chugham agus Rascal
ag spalpadh na mionn ná déanfadh sé rud air, á rádh
ná raibh i mBendel acht seirbhíseach eile agus go
gcaithfeadh sé féin bualadh isteach.



"Am briathar mhóide gur dána an mhaise dhuit é," arsa
Bendel. "Dá n-aireóchadh an máighistir thú, ní móide
go mbeidhfá buidheach dhíot féin. Geallaim dhuit gur
air ba ghiorra mhoill tu chur chun siubhail agus do bheart
mhaith i n-easnamh ort."



"Ná cloisim a thuilleadh cabaireachta uait," arsa
Rascal go borb. "Dein slíghe dhom nó is duit is
measa. Mo chorp ón riabhach mara mbainfad ceol
as do chloigeann le palltóig, má chuirir chuige me …"
Agus mar sin de.



Bhí curtha umam agam fé an dtaca so. D'osclas
an dorus agus d'fhiafruigheas de Rascal cad ba bhun


L. 35


le n-a ghothaí is a mhí-iomchar. Dhruid sé siar ón
ndorus agus dubhairt go scigeamhail: -



"Gabhaim párdún agat, a Ridire, acht ar mhiste dhom
a iarraidh ort amharc a thabhairt dom ar do scáil. Tá an
ghrian ag taithneamh go háluinn san chlós thíos."



Thuit an lug ar a lag agam agus ní raibh gíog asam go
ceann tamaill. Fé dheireadh dubhart: -



"Caidé mar ealadha do sheirbhíseach labhairt le n-a
mháighistir mar sin?"



"Mo chathughadh é!" ar seisean go tarcuisneach.



"Dá fheabhus de seirbhíseach me, ba lag liom bheith ar
aimsir age máighistir gan scáil. Faghaim cead mo
chos uait!"



Rith sé liom gur fearra dhom a mhalairt de phort do
chasadh: "Acht a Rascail a chara," arsa mise. "Cad
do bhuail an baoth-smaoineamh úd isteach it cheann, nó
an as do mheabhair ataoi? Cad chuige dhuit …?"



Chuir sé isteach orm go tur: - "Deirtear ná fuil
éan-scáil agat," ar seisean. "Caithimís uainn an gach-
re-seadh. Feicim do scáil nó faghaim cead mo chos."



Bhí mí-lí ar Bhendel agus é ar baillechrith, acht do
bhrúigh sé an phairithis fé. Do bhagair na súile orm.
Tharraingeas an t-ór chugham. Dá fheabhus d'áise agam
é. Theip orm den iarracht so. Ní raibh éan-áird age
Rascal air. "Ba scorn liom é ghlacadh ó fhear gan
scáil." ar seisean.



Chas sé ar a sháil, bhuail a hata ar a cheann agus bhailigh
leis go righin agus port feaduíola ar siubhal aige.
D'fhanas mar a raibh agam ag féachaint n-a dhiaidh. Ba
dhóich le duine ar Bhendel agus ormsa gurbh amhlaidh do
baineadh líth ár ngéag dínn.



Thugas aghaidh ar thigh Mhaoir na Coille chun mo ghealla-
mhaint do chomhlíonadh, agus an lionndubh 'om mhilleadh
is 'om thraochadh. Ní raibh éan-oighre riamh acht mé ar


L. 36


chuirptheach bocht go mbeidhfidhe chun breith bháis a thabhairt
air. Bhaineas amach gáirdín an tighe, mar a raibh coinne
aca liom. Dhruid an mháthair fém' dhéin go meidhreach
agus chuir fáilte romham.



Bhí Minna na suidhe os mo chomhair amach. Ba ghile í
ná sneachta éan-oidhche san bhfoghmhar. Fóiríor! Bhí
an dubhluachair chruaidh ag druidim léi.



Is amhlaidh a bhí Maor na Coille ag rástáil siar is
aniar agus leitir n-a láimh aige agus deallramh buartha
is léin air. B'fhuirist a aithint air nach éan-fhuadar
foghanta a bhí fé, mar do dhubhaigh is do ghormuigh aige
nuair a bhuaileas-sa isteach, agus annson d'iompuigh
a líth ann. Bhuail sé fém dhein agus d'iarr cead cainnte
orm agus creatán n-a ghlór. Do leanas é go dtí
cúinne dhen gháirdín ná raibh éan-scáth ón ngréin ann.
Do shuidheas. Ní raibh húm ná hám as éinne go ceann
i bhfad. D'fhan an tseana-bhean féin n-a tost. Lean
an Maor dá rástáil. Fé dheireadh do staid sé, do
scrúduigh an leitir agus annson do chuir nimh a shúl
ionnamsa.



"A leithéid seo, a Ridire," ar seisean. "An
aithnid duit fear darab ainm Peadar Schlemihl?"



Níor labhras focal.



"Fear go bhfuil deagh-cháil air," ar seisean, "agus
tréithe neamh-choitchianta ann."



D'fhan sé le freagra uaimse. "Cuir i gcás," arsa
mise go righin: "gur mise an fear céadna -"



"Tusa!" do scread sé, go cochallach. "Dár
ndóich níl éan-scáil aige!"



"A thiarcais! Is ró-mhaith is eol dom é!" arsa
Minna. "Is fada bhí amhrus agam air. Níl éan-scáil
aige." Chuir sí a dhá crobh mórthimcheall ar a máithrín,
agus do chrom ar í féin do cháineadh is do lochtughadh
i dtaobh an rún uathbhásach úd do cheilt ar a mhuinntir.


L. 37


Bhí rí ag tál na ndeór go frasach. Do mhéaduig ar
an lógóireacht aici nuair do dhruideas n-a haice.



"Féach air sin anois," arsa Maor na Coille go
fíochmhar. "Cár tháinig sé chun baile dhuit í féin a mheal-
ladh gan scáth gan eagla agus bob a bhualadh orainn go
léir. Seadh i mbaisce! Agus leighis ort go raibh ana-
chion agat uirthi - cion mar dheadh! - agus d'fhágais í
san toisc seo det bhárr! Féach mar a ghoileann sí.
A chreach láidir é! A chreach láidir é!"



Bhí mo chiall is mo chéadfaidh trí na chéile um an
dtaca so i slighe is nárbh fhiosach dom cad do bhí agam
dá rádh. "Cad tá oraibh i n-éan-chor?" arsa mise.
"Scáil bheag shuarach ag déanamh buadhartha dhíbh! Ní
fiú biorán is í! Ní bhraithim uaim í. Cad is gádh dhíbh
an oiread son ghleó a dhéanamh mar gheall uirthi?"



Ba léir dom ná raibh san chainnt sin acht ráiméis.
Níorbh fhiú le héinne aca freagra thabhairt orm. Fé
dheireadh dubhart: "An rud a chailltar indiu, gheobhfar
i mbáireach é."



"Innis dúinn, má sé do thoil é, cad do bheir thu ar
easba scáile," arsa an Maor, agus é ar dearg-bhuile.



Níor theip an leathscéal orm. "Is amhlaidh a bhí sé,"
arsa mise, "geócach éigin gan tabhairt suas do
shatail go tuathalach ciotach ar mo scáil agus do dhein
poll mór innti. Chuireas dá deasughadh í - bhí súil
agam léi sa mbaile indé - acht ní bhfuaireas fós í."



"Tá go maith," ar seisean. "A d'iarraidh m'inghíne
do thánuís annso; acht ní agatsa amháin atá aidhm i
n-a diaidh. Ormsa atá sé m'inghean a chur i gcrích. Níl
uaim acht an rud a raghaidh i leas di. Bíodh cáirde trí
lá agat chun dul ar lorg do scáile. Tair chugham fé
cheann an scathaimh aimsire sin agus scáil dheas oir-
eamhnach agat agus geallaim dhuit go mbeidh fáilte is
fiche romhat mar chliamhain isteach; acht má theipeann


L. 38


ort, ná bíodh éin-phioc dá mhearaidhe ort ná go bpósfaidh
m'inghean fear eile ar an gceathramhadh lá.



Do mheasas labhairt le Minna acht is amhlaidh a tháinig
racht dian-ghuil uirthi nuair do bhuileas n-a haice.
Bhagair a máthair a súile orm, dá chur i n-umhail dom
gur bh'fearra dhom imtheacht. Thugas mo bhóthar orm
go dubhach. Dar liom go rabhas réidh leis an saoghal
feasta.



Dhein Bendel an-imshníomh díom acht d'éaluigheas
uaidh, agus siúd chun fáin me ar ghealtaigh thar macharaibh
féir is tré choilltibh, is allus na cheathaibh anuas liom is
gach éan-osnadh agam le scóladh chroidhe. Bhí éadóchas
buile dhom shuathadh.



Ní fios an fada leanas den stáir sin. Fé dheireadh
is mé ag gabháil tré fhásach fraoigh is aitinne, do
bhraitheas an lámh ar mo mhuinirthle. Do stadas. Cé
bheadh ann rómham acht Fear na Casóige Glaise agus é
ar séideadh le neart reatha im dhiaidh. Chrom sé ar
chainnt: -



"Sidé an lá a bhí socair agam chun teangmháil leat.
Easba foidhne do mheall thu, acht is féidir an díoghbháil
a leigheas fós acht cur chuige. Isí mo chomhairle dhuit
do scail do cheannach - tá fagháil agat air - agus fil-
leadh ar thigh Maoir na Coille. Fearfar fíorchaoin
fáilte romhat agus ní bheidh san eachtra so thuit amach
duit acht cúrsaí suit is áidhbhéise. Fág Rascal
fúmsa. D'imir sé feall ort d'fhonn Minna fhagháil
dó féin. Bíodh a chúram ormsa; oireann sé dhom
go maith."



Bhí cliotar is rí-rádh is bulabáisí im chloigeann. "An
lá so," adubhart, agus do luigheas ar mhachtnamh ar an
scéal. Dar an bpórtús acht bhí an ceart aige. Dear-
mhad a bhí déanta agam i dtaobh an lae ionáirighthe.
Ropas mo lámh isteach i mbrollach mo léine ad' iarraidh


L. 39


an sparáin. D'aithin sé an fuadar a bhí fúm agus do
dhruid siar uaim.



"Ná bac son, a Ridire!" ar seisean. "Is ort
is fearr de dhíol é, mar sparán. Cimeád greim
air."



Do leath na súile orm.



"Ní theastuigheann uaim," ar seisean, "acht go
gcuirfá do bhuidhchas i n-umhail dom le comhartha beag
suarach - t'ainm a scríobhadh ar an gcairt seo."



Shín sé leathanach de mheamram dom. Isé bhí scríbhte
air ná: - "Uadhachtaim is tiomnuighim m'anam don té
dar leis an chairt seo, chomh luath is a scarfar lem
cholainn é; agus seo m'ainm mar thacaidheacht ar an
uadhacht so."



D'fhéachas ar an bhFear Liath le hiongnadh is ollsacht.
Isé dhein sé ná peann a thomadh i mbraon fola a bhí ar
mo mhéir de bhárr priocadh deilge. Shín sé an peann
chugham.



"Cé hé thusa?" arsa mise, fé dheireadh.



"Nár chóir gur cuma dhuit," ar seisean. "Is léir
duit caidé an sadhas duine me - seana-dhiabhal bocht de
scoláire - agus dar ndóich ní bhíonn pioc dá bhuidh-
eachas ag mo cháirdibh orm chionn a gcuirim de chomaoin
ortha lem chleasaibh - agus gan de chaitheamh aimsire
agam san tsaoghal so acht na cleasa céadna. Scaoil
thart me acht ná dearmhad gan t-ainm a chur leis an
gcairt seo. Scríobh annson í - féach - Peadar Schle-
mihl."



Do chrothas mo cheann. "Gabhaim párdún agat, a
dhuine uasail, acht ní féidir liom m'ainm a chur le sin."



"Ní féidir leat, an eadh? Ca na thaobh airiú?"



"Samhluigheann sé dhom gur conntabharthach an rud
dom mh'anam a mhalartughadh ar scáil."



"Conntabhairt an eadh?" ar seisean, agus do


L. 40


sceart ar gháiríbh. "Ar mhiste a fhiafhruighe dhíot caidé
mar shadhas rud t'anam - nó an amhlaidh a chonnaicís
riamh é - nó cad a mheasair-se a dhéanamh leis tréis
bháis duit? Nár cheart duit bheith buidheach dhíom chionn
bheith toiltheannach chun an earradh bheag shuarach úd ar
a dtugair-se "t-anam" a ghlacadh uait mar mhalairt
ar rud éigin tábhachtach - do scáil féin. Chomh luath is
a gheobhair greim ar an scáil seo, beidh gach éinnídh ar
do thoil agat agus Minna mar mhnaoi chéile agat. Ní
héidir gur fearra leat an cailín bocht fhágaint ag
an spreallairín gránna úd Rascal? Féach, teas-
páinfad í féin duit láithreach buíll. Tair i leith."
Tharraing sé caipín as a phóca. "Ní fheicfidh duine
ná daonnaidhe thú acht an caipín seo a bhualadh umat,
agus ní miste dhúinn araon dul isteach i ngáirdín
Mhaoir na Coille gan scáth gan eagla."



Ní mór dom a admháil go raibh náire agus seirbh-
thean orm a rádh go mbeadh an Fear Liath ag stealla-
mhagadh fúm mar sin. Bhí gráin mo chléibh agam dó. Ní
abraim ná gur leór an droch-chroidhe a bhí agam dó chun
me chosc ar mo sc áil a cheannach uaidh, agus gan an
luach do bhac. Rud eile dhe, ní leigfadh an déistin dom
an turus úd a thabhairt ar gháirdín Maoir na Coille i
n-a theannta son. Ní cheadóchainn ar Éirinn go mbeadh
an cladhaire malluighthe sin, an bítheamhnach do mhill me,
n-a sheasamh n-ár n-aice, ag scige fúmsa agus fé Mhinna,
ag déanamh ceap magaidh den chumha is den atuirse a
bhí orainn araon.



Bhí sé buailte isteach im aigneadh ná raibh faeseamh
le fagháil agam agus nár thaise dhom bhrón. Dubhartsa
le Fear na Casóige Glaise: -



"Thugas mo scáil duit thar cheann sparáin na scil-
linge. Ní beag dhom a bhfuaireas dá chathughadh. I
n-ainm Dé agus scaoil an margadh."


L. 41


Chroth sé a cheann. Tháinig bior i n-a shúilibh agus
fáscadh i n-a bhéal.



"Bíodh agat!" arsa mise. Chuireas osnadh asam.
"Ní dhéanfad a thuilleadh malairtéireacht leat. Ní
scríobhfad m-ainm ar an bpáipéar son, pé ní bhainfidh
dom scáil. An chuaird úd is mian leat a thabhairt ar
thigh Maoir na Coille, ní móide go mbainfinn-se éan
tsult aisti. Scéal thairis dúinn. Ní mór duit mo
leathscéal a ghabháil. Fágaimís slán ag a chéile."



"Is oth liom, a Pheadair a chara," ar seisean, "tu
bheith chomh ceanndána son. Mar mhaithe leat a bhíos,
acht beatha dhuine a thoil. B'éidir gur gearr go mbéir
ar a mhalairt d'intinn. Slán agat! Nára fada go
gcasfar sinn ar a chéile arís! Dáltha an scéil, cuirfad
i dtuigsint duit láithreach buíll an cúram a dheineas
den earradh cheannuigheas uait is a fheabhus a thugas
aire dhi."



Le n-a linn sin, do tharraing sé mo scáil as a phóca,
agus í n-a cheirtlín aige, do thochrais amach go h-aicillidhe
í agus do shín fan tailimh ag á chosaibh é. Annson bhí
dhá scáil aige, agus do lean an dá scáil de gach cor
dá gcuirfadh sé dhe.



Ba dhóbair go n-éireochadh mo chroidhe orm nuair a
dhearcas mo scáil bhocht arís san riocht soin, agus a
fhaid a bhíomair scartha ó n-a chéile. Caidé an díogh-
bháil dom acht í bheith n-a cime bocht aindeis ag an rop-
aire sin. Do ghuileas go fuidheach le truaghmhéil an
radhairc sin.



D'fhan an cladhaire gránna n-a sheasamh os mo chomhair
amach ag déanamh staincín orm. Dhírigh sé ar séideadh
fúm arís: -



"Bíodh ciall agat, a dhuine! Tarraing an peann
so chughat! Ná scaoil an chaothamhlacht thart. Níl
agat le déanamh acht t'ainm do scríobhadh annso chun


L. 42


Minna bhocht do shaoradh ó'n mbioránach úd Rascal.
Pósfaidh an Ridire Peadar í annson, agus beidh sibh
go léir ar bhur sástacht. Ní beag stríocadh pinn chuige
sin."



Do mhéaduigh ar an gcanncar agam. Bé b'fhada
liom go scarfainn leis. Thugas mo chúl air agus
thugas iarracht ar imtheacht.



Bé leonughadh Dé gur ráinig Bendel fé nár ndéin
le n-a linn sin. Ar mo thóir a bhí sé. An túisce luigh
a shúil orm agus me ag sileadh na ndeór agus mo scáil
ar sheilbh ag an bhFear Liath, chuir ré soimis an scáil úd
a bhaint amach dom ar áis nó ar éigin. Ba lag leis
claonbheart ná calaois d'imirt ar an bhFear Liath. Isé
dhein sé ná aghaidh a thabhairt air agus a rádh leis go
neamh-mbalbh mo scáil d'aisiog orm nó gur dó féin
ba mheasa. Níor thug an bitheamhnach liath éin-fhreagra
air. Chas sé ar a sháil agus as go brách leis.



Do bhagair Bendel a bhata droighin air agus do lean
do go dlúth, a rádh leis mo scáil a thabhairt ar n-ais
dom. Ní raibh éan-toradh ag an bhfear eile ar a ghlór.
Annson do tharraing Bendel an maide air go tréan.
Níor chuir na buillí éan-chorabhuais ar an ngadaidhe.
Ba dhóich le duine air go raibh coinne aige leis an íde
sin agus taithíghe ar a leithéid. Bhuail sé a cheann fé,
tháinig dronn air agus do lean dá stáir ar a chroma-
ruathar agus mo scáil i ngreim aige agus mo chara dhílis
n-a dhiaidh ar sodar. D'fhanas ag éisteacht le torann
na mbuillí. Chuaidh an gleó i luighead i ndiaidh ar
ndiaidh. Fé dheireadh, do fágadh im aonar me gan gean
gan gáire, go duairc doilghéasach duaibhseach.


L. 43


An Sémhadh Caibidil



Im aonar dom san bhfásach agus mé i ndeireadh an
anma le bárr cráidhteachta is éadóchais. Samhluigheadh
dhom ná raibh sos ná faeseamh i ndán dom feasta.
Bhíos tuitthe i n-umas na haimiléise gan súil le teacht
as go deó. B'éachtach mar ghoill a ndubhairt an Fear
Liath orm. Níl cur síos ná innsint scéil ar a ghéire
phrioc sé sa mbeó me. Dá chomhartha son féin níorbh
fholáir liom bheith ag síor-mhachtnamh air is 'om chiapadh
féin leis. Chomh luath is a chuimhneochainn ar Mhinna
bhocht is ar an mbuadhairt a bhí suidhte n-a héadan
nuair a scaras léi, phreabfadh Rascal os mo chomhair
amach, dar liom, is smigeadh gáire ar a chúntanós
grána is é ag fonomhaid fúm. Chuireas ar na cosaibh
é agus ghluaiseas orm ar séirse im ghealt d'fhonn is
na smaointe úd do bhogadh dhem aigneadh, acht ba bheag
an chabhair dom é.



Fé dheireadh thiar thall do thuiteas im phleist ar an
dtalamh go tuirseach, traochta, suaithte, brónach, briste.
Scáil fé ndeara an t-éirleach ar fad; agus níor bheag
comhartha pinn chum mo bhuadhairt do léigheas. Do
chromas ar chur is cúiteamh mar gheall ar an gcómhairle
ghreannmhar a thug an Fear Liath dhom agus an cuma
n-ar dhiúltaigheas do. Bhí meascán mearaidhe is galar
míoráin orm; ní raibh ionnam éan-chúrsaí do mheas ná
do mheághchaint i gceart.



Mar sin dom faid gach n-oirid. Rug an deirean-
naighe órm. D'itheas roinnt toraigh a thárlaigh ag fás
ar an machaire agus d'ólas fíoruisce as sruth a bhí i
n-aice liom. Shíneas ar an dtalamh annson agus
d'iarras cabhair agus trócaire ar Dhia. Bhí an láir
bhán ag dul ar scáth na copóige agus an chopóg ag


L. 44


teicheadh uaithi nuair do thuit mo chodhladh orm. Do
taibhrigheadh dom annson go raibh an bás ag stracadh
liom agus an glothar im bhrághaid. Do dhúisigh drúcht
ceoidh na maidine me. Phreabas im shuidhe. Ní raibh
tásc na tuairisc ar Bhendel. Ní mó ná a chathughadh a
bhí ormsa. Ní raibh éan-fhonn orm caidreamh a dhéanamh
ar an saoghal feasta. Bhí druim mo láimhe le cách.
Thugas trí lá im aonar ar an gcuma son.



Maidean an cheathramhadh lae bhíos im luighe i machaire
gainimhe dom ghoradh féin san ngréin. Chuir taitneamh
na gréine árd-áthas orm mar b'fhada nár thaithígheas é.
Ar a shon son agus uile bhí mo chroidhe go lag ar lár.
D'airigheas an fhuaim chugham agus do baineadh preab
asam, acht níor léir dom duine ná daonnaidhe. Súil-
fhéachaint dár thugas uaim, cad do chífinn ar a ngainimh
i n-aice liom acht rud éigin mar bheadh scáil duine a bhí
pas deallrathach lem scáil féin, agus é ag rith anonn
's anall. Scáil do chaill an té gur leis í a bhí ann do
réir dheallraimh.



Léimeas im sheasamh de phrab na súl. "Féach, a
scáil," arsa mise. "Má's fear atá i n-easnamh ort,
cá beag duit mise?" Ritheas fé dhéin na scáile chun
breith uirthi. Bhí sé buailte isteach im aigneadh, dá
n-éireóchadh liom mo dhá chois a chur go daingean i
n-achrann den scáil go gceangalóchadh sí dhíom agus
go ndéanfadh sí mo ghnó as son amach.



Ní túisce dhruideas i ngoire dhon scáil ná theich sí
uaim. Leanas n-a diaidh go h-éasca ag súil le leigheas
mo ghalair. Chuir an tsúil sin breis spreacadh agus
árd-fhuinneamh ionnam agus chuireas díom go dícheallach.



Chonnac go raibh an scáil ag déanamh ar mhór-choill.
Ní dom nárbh eól ná beadh fagháil ná amharc agam
uirthi dá rithfadh léi scáth na coille a bhaint amach. Gheit
mo chroidhe ionnam le h-eagla agus do ghéaruigh an rith


L. 45


agam. Chonnacthas dom go rabhas ag teacht suas leis
an scáil. Chuireas dúthracht mh'anma san sciúird
reatha agus níorbh fhada go rabhas i ngiorracht cúpla
slat don scáil. Do staid sí de phreib. Thugas léim
as mo chorp. Aililiú! Bhuaileas i gcoinnibh rud éigin
cruaidh ná raibh éan-choinne agam leis. Do baineadh
mac alla as mo chluais le buille dhuirn. Ní fheaca
faic na ngrást seoch is an scáil, acht bain barra na
cluaise dhíom marar mhothuigheas an dorn céadna ag
gabháil orm go tréan.



Dá mhéid eagla bhí orm, thugas iarracht fé an rud do-
fheicse a bhí dom léasadh. D'aimsigheas é. Fear a bhí
ann agus do leagas ar fleasc a dhroma é. Thuiteas
as mo sheasamh le fuinneamh an bhuille. Bhaineas lán
mo dhá shúl as an bhfear agus é sínte fúm agus greim
daingean agam air.



Annson iseadh thuigeas fios fáth an scéil. An Nead
Draoidheachta a bhí ar iomchar ag an bhfear. Ní féidir
an nead úd d'fheicsint ná an té gheibhean greim air,
acht chítar a dhá scáil. Nuair do baineadh leagadh as
an bhfear so chaill sé a ghreim ar an nead agus bhí a
rian air, ba léir dom é. Stracfhéachaint dár thugas
uaim chonnac scáil an neid ar an dtalamh i n-aice liom.
Thugas léim truslóige fé n-a dhéin agus b'é toil Dé
gur rugas air. Chomh luath is a láimhsigheas é, níor léir
don bhfear eile me féin ná fiú mo scáile, nidh narbh
iongnadh.



Níor thúisce an fear bocht ar a bhonnaibh arís ná chuir
colg air féin chun an té do leag é. D'fhéach sé ar an
dtalamh ar gach taobh de, ag súil go bhfeicfadh sé mo
scáil - mar ní raibh sé d'uain aige a thabhairt fé ndeara
roimis sin me bheith ar easba scáile - acht ní raibh pioc
dá bhárr aige. Nuair d'aithin sé ná rabhas le feicsint
ná mo rian, do chrom sé ar stathadh na gruaige is


L. 46


greadadh na lámh le neart bróin. Im thaobh-sa dhe, bhí
aiteal mo chroidhe orm toisc é bheith ar mo chumas
bualadh imeasc daoine arís gan scáth gan eagla.



Níor theip orm mo leathsgéal a ghabháil liom féin i
dtaobh na gadaidheachta a bhí déanta agam. Is ar éigin
ba ghádh dhom é, agus an mhairbhitighe a bhí ar m'aigneadh de
bhárr a raibh curtha dhíom agam. Sceinneas liom go prap
d'fhonn an cradhscal a scaipeadh dhíom féin. Ní raibh
éan-toradh agam ar ghlór an fhir bhoicht mí-ádhbharaigh a
bhí ag screaduíol is ag caointeachán go truagmhéileach.



Sin mar thárla, de réir mar samhluigheadh dhom an uair
sin. Is beag a thuigeas cad do bhí á dhéanamh agam!



Bhí cíocras orm chun cuaird a thabhart ar gháirdín
Maoir na Coille, féachaint an raibh an fhírinne ag an
bhFear Liath malluighthe, acht ní raibh eolas na slíghe agam.
Chuadhas i n-áirde ar mhullach cnuic, agus chonnac an
baile beag agus tigh an Mhaoir os mo chomhair fé bhun
an chnuic. Ba dhóbair go dtuitfinn i laige nuair a
luigh mo shúil ar an mball úd, agus nuair a rith sé liom
go mbeadh dul agam ar Mhinna d'fheicsint arís.



Thugas aghaidh ar an mbaile. Chonnac gasra sclábh-
aidhe chugham agus iad ag cainnt is ag cur tré chéile is
ag abchóidigheacht. Chuireas cluas orm féin. Bhí fhios
agam nárbh fhéidir leó me dh'fheicsint. "An Ridire"
agus Maor na Coille agus Rascal a bhí ar siubhal aca
mar chúrsaí cainnte. Níorbh fhada dhom ag éisteacht
leó. Bhailigheas liom chomh mear i nÉirinn is bhí sé
im chosaibh fé dhéin an gháirdín is mo chroidhe ionnam
ag léimrigh. Ag bualadh isteach san gháirdín dom,
d'airigheas mar a bheadh smiota gáire. Do chuir an
fhuaim manaliobar is codladh grifín im bhallaibh beatha;
acht ní fheaca duine ná daonnaidhe im aice. Ghreadas
orm, agus thabharfainn an leabhar gur airigheas ciscéim
duine leathstiar díom; acht níor léir dom éinne.


L. 47


Moch na maidne a bhí ann agus ní rabhthas amuich
san gáirdín fós. Bhaineas amach tigh an Mhaoir agus
ambriathar mhóide gur airigheas an fhuaim chéadna ag
leanamhaint im dhiaidh. Shuidheas go dubhach dobrónach
ar shuidheachán os comhair doruis an tighe agus mhoth-
uigheas an deamhan do-fheicse úd n-a shuidhe láimh liom
agus chuala ag miongháirí é. Bhí gach ribe gruaige agam
n-a cholg-sheasamh le h-uamhan.



Do cuireadh an eochair i súil ghlais an doruis agus
tháinig Maor na Coille amach agus páipéar n-a láimh
aige. Bhraitheas mar a bheadh ceó draoidheachta dá
leathadh timcheall orm. Catsúl dár thugas, do chonnac
an Fear Liath féin n-a steilibheathaigh lem thaobh ag glin-
neamhaint orm agus meill mhagaidh ar a bhéal. Do
leath sé cochal draoicheachta os ár gcionn araon. Bhí
a scáil féin agus mo scáil-se n-a luighe ag á chosaibh.
Bhí an meamram malluigthe úd n-a láimh aige agus é
dá shuathadh anonn is anall go neamhthuairmeach mar
dheadh.



Bhí an Maor ag rástáil siar is aniar is an páipéar
dá léigheamh aige. Tháinig déistin is cradhscal orm.



"Seadh, a Pheadair, a mhic," arsa an cladhaire liath.
"Do dheinis rud orm fé dheireadh. Seo sinn araon ar
ár suaimhneas annso, ag faire ar chúrsaí an chleamhnuis,
fébh mar a bhí beartuighthe agam. Tagann gach maith le
cáirde. Dáltha an scéil, níor mhiste dhuit an Nead
Draoidheachta d'aisiog orm. Ní theastuigheann sé uait
feasta. Gabhaimse orm go bhfuilir ró-mhacánta chun é
chimeád uaim. Ní gádh dhuit a bhuidheachas a ghabháil
liom. Níor mhaodheas ort é mar iasacht."



Bhain sé an nead díom agus do sceart ar gháiríbh chomh
tréan son gur baineadh preab as Maor na Coille.



"Ní mór duit a admháil," ar seisean, "gur bhuaidh
an cochal draoidheachta so mar áise ar an nead. Ní


L. 48


hé amháin go gceilean sé an duine féin ar chách, acht ní
fheicthar a scáil ná pé méid scáil a bhíonn aige. Ní
beag mar chomhartha air sin an dá scáil ghleóite atá
agamsa."



Chuir sé smiota gáire as arís.



"Bíodh fhios agat, a Pheadair, a laogh," ar seisean,
éigin é fé dheireadh thiar thall. Ní fearra dhuit rud dá
ndéanfá ná do scáil do cheannach uaim agus Minna
phósadh - tá sé d'uain agat fós. Maidir le Rascal,
béarfadh crochadh árd lá gaoithe air nó droch-chrích
éigin dá shadhas. Tuilleadh tubaiste chuige! - Ní hé a
mhalairt atá i ndán dó agus an fuadar atá fé. Rud
eile dhe, cuirfad mo chochal draoidheachta mar dhúthracht
leis an scáil, más mian leat í cheannach uaim."



Le n-a linn sin, ghabh máthair Mhinna amach thar lic na
táirsighe. Chrom fear an tighe ar chainnt léi.



"Cad tá á dhéanamh age Minna?" ar seisean.



"Ag gol atá sí."



"Dhe an óinseach! Í féin is a lógóireacht. Is
beag an chabhair di é."



"B'éidir an ceart a bheith agat, acht mar sin féin is
éachtach an dithneas atá ort i leith an chleamhnuis. Taoi
ro-dhian ar an leanbh bocht."



"Cuir uait, a bhean. Níor thomhaisis i gceart é mar
scéal. Scuirfidh sí den ghol chomh luath is a bheidh sí pósta
age duine uasal saidhbhir. Cuirfidh sí an loscadh
cléibhe dhi agus geobhaidh a buidheachas le Dia is linn-na
araon do chionn a fheabhus do cuireadh i gcrích í."



"Go dtugaidh Dia son!"



"Tá a dóthain spré aici, acht n-a dhiaidh sin is uile,
ní fearra di Rascal a dhiúltadh. An amhlaidh a mheasfá
a bhárr súd do cleamhnus do dhéanamh di, agus ar thuit
amach idir í féin agus Schlemihl i mbéalaibh an phobuil?


L. 49


Ní héidir ná gurb eól duit go bhfuil Rascal ar na
fearaibh is saidhbhre 's is achmhuinnighe san tír. Tá
luach £6,000,000 de thalamh ceannuighthe marbh aige
le hairgead síos. Nuair do mheasas stáit a cheannach
do Mhinna an tráth a bhí an cleasaidhe úd Schlemihl go
mór léi, bhí tosach age Rascal orm i ngach éan-bhall."



"Le bitheamhntas a fuair sé a bhfuil aige, gabhaimse
orm."



"Bíodh ciall agat, a bhean. An méid do scaip seir-
bhísigh eile an Ridire, chuir seisean chun críche é."



"Ní raibh ann acht giolla freastail."



"Ná bac son de. Tá scáil thar bárr aige."



An fhaid is bhí an cómhrádh so ar siubhal ag an sean-
lámhamhain, bhí an Fear Liath ag cur na súl tríom agus
faetheamh gáire ar a bhéal.



Tháinig Minna amach. Is ar éigin a bhí innti siubhal
ná rian a dhéanamh, agus bhí na deóra anuas le na gnúis
mhí-líthigh. Do shuidh sí ar chathaoir do cuireadh fé scáth
crainn teile n-a comhair. Do shuidh a hathair ar stóilín
láimh léi do rug ar láimh uirthi go mín mánla, agus do
luigh ar chainnt léi.



"A Mhinna, a leanbh mo chroidhe," ar seisean, "gabh-
aimse orm go mbeidh ciall agat agus go ndéanfair
rud orm. Ní hamhlaidh a mheasfá cur im choinnibh agus
gan uaim acht tú chur ar do leas. Tá fhios agam a
ghéire ghoill scéal so an Ridire ort, a laogh 's a chuid.
Ba ró-dhóbiar dúinn! Acht bé leónughadh Dé - moladh
go deó le n-a ainm! - gur thánaís saor ón gconta-
bhairt ba mheasa dhuit ná do bhás, a Mhinna a bhuidhneach!
Bhí cion do chroide agat ar an lúbaire úd sar ar cuir-
eadh eolus ar an bhfeall a bhí dá dhéanamh aige. Nílim
dá chasadh leat. Nár leigidh Dia go mbeinn! Ní
tógtha ort é. Bhíos-sa féin ana-cheanamhail air an
tráth son. Cheapas gur mór-uasal é! Bhí breall


L. 50


orainn go léir. Bíonn a scáil féin ag gach maidrín
san tsráid - agus tusa ar tí snaidhmeadh le fear
gan scáil! Ní feárr bheith ag cainnt mar gheall air.
Caithimís uainn é mar scéal. Tá fear macánta it'
iarraidh - fear nach eagal leis taithneamh na gréine.
Ní flaith ná rí atá ann, agus níorbh fheárr riamh é. Tá
na milliuin dhubha d'airgead aige - ní cúrsaí spré atá
ag déanamh buadhartha dho. Beidh saoghal breágh suairc
agat n-a theannta. Ní beag son! Dein rud orm,
mar a dhéanfadh inghean mhaith chiallmhar, mo ghrádh thu!
Fág fúmsa tu chur i gcrích. Cuir uait na deora, a
mhúirnín ó! Sin é é! Pósfair an Rascalach - ná
pósfair?"



Ní mór ná go ndeaghaidh sé de Mhinna urlabhra thabh-
airt léi. Fé dheireadh dubhairt sí ná raibh éan-tsúil
aici le suairceas feasta ar an saoghal so; gur cuma
léi caidé an cor do bhéarfadh í; go ndéanfadh sí pé
nídh ba thoil le n-a hathair.



Do cuireadh fios ar Rascal lom-láithreach. Bhuail
sé isteach chúcha, agus imtheacht dána fé, mar ba ghnáth
leis. Le n-a linn sin do chuaidh Minna i luige.



D'fhéach an Fear Liath gránna idir an dá shúil orm
agus faghairt n-a shúilibh. "Nach mór leat son!" ar
seisean, "nó an amhlaidh ná fuil sprid ná spréach
ionnat, a shúmaire spadánta?"



Phrioc sé mo mhéar le n-a pheann. Do scéidh an
fhuil amach.



"Gabhaim pardún agat," ar seisean go scigeamhail.
"Dearmhad a dheineas. Chítar dom go bhfuil fuil it
fhéithibh fós. Scríobh t'ainm annso."



Shín sé an pár is an peann chugham. Do ghlacas
uaidh iad.


L. 51


An Seachtmhadh Caibidil



Fágaim fútsa a bhreith, a chara mo chroidhe. Ní mian
liom go mbeadh claonadh agat chun mo thaoibhe dhen
scéal. Abair do rogha rud mar gheall orm. Cáin
me go dian. Admhuighim ná fuil a mhalart tuillte
agam. Mo náire! Is minic an cradhscal dom mhilleadh.
Ní cuirfad cuimhne an lae úd díom go raghad fé an
bhfód. Cúis náire is ceannfé dhom é, mar scéal.
Mo léir! An té théidhean amudha ó chaol-bhóthar an
chirt, ní móide go n-éireóchaidh a thurus leis. Im-
theochaidh sé ar seachrán ón áit go céile agus raghaidh sé
dhe an tslighe cheart d'aimsiughadh arís. Is beag an
chabhair dó soillse Neimhe. Leanfaidh sé do bhealach a
bhasctha go deireadh na dála.



B'in é mo dháltha-sa. Bhí tuaiplis déanta agam,
tuaiplis d'fhág a rian orm agus mallacht Rí Neimhe
ceanguilthe díom. Níor leór liom son gan duine
eile threórugheadh isteach i n-umar na h-aimiléise -
duine do thug searc a croidhe dhom. Bhí a haimhleas
déanta agam, agus ní raibh de leigheas agam ar a
buaidhirt acht léim chaorach i nduibheagán do thabhairt
chun í shaoradh.



Cad eile dhéanfainn? Ná creid ó éinne, a chara,
go locfainn ó ghuais dá mhéid d'fhonn i fhuascailt.
Níor mhiste liom dul ag stracadh leis an mbás mar
mhaithe léi, agus dár ndóich ba shuarach le maoidheamh
uirthi é.



Acht is amhlaidh a bhí gráin is gangaid is déistin im
chléibh agam chun an tsleamhnánaidhe léith is a sprionn-
luightheacht is a chalaois. Pé aca bhí éagcóir agam dá
déanamh air nó ná raibh, níor lughar liom an súdh ná


L. 52


é, agus ní cheadóchainn ar a raibh 'en tsaoghal agam go
ndéanfaimís éan-mhargadh le n-a chéile.



Ní fios cad dó dhéanfainn mara mbeadh rud éigin
do thuit amach do chuir a mhalairt do chrot ar fad ar an
eachtra.



An fuadar nimhe is an rabharta canncair do bhí fúm
do bhain dem threóir me; ní áirimhim a thuirsighe bhíos
(mar níor bhlaiseas puinn bídh i gcaitheamh na dtrí lá bhí
curtha tharm), agus an fuath millteach a bhí agam don
bhFear Liath bréan. Pé i nÉirinn é, bhíos ar thí m'ainm
do scríobhadh ar an gconnradh nuair do bhraitheas
míorán im cheann, agus do thuiteas im chnapán fann-
taise ar an dtalamh.



Deallruigheann sé gurbh fhada dhom im phleist gan
aithne gan urlabhra. Nuair a thánag chugham féin, chuala
an eascuinidhe is na mionna dá spalpadh go tréan.
D'fhéachas mór-thimcheall. Cómhrac lae 'gus oidhche a
bhí ann. Chrom Fear na Casóige Glaise ar íde na muc
is na madraí do thabhairt orm.



"Nach álainn an mhaise dhuit é! Fágaim le huadhacht
ná feaca éan-oighre riamh ar sheana-mhnaoi chríonna
chaithte acht tú. Éirigh it sheasamh, a ghiolla na luige, is
cuir críoch ar do ghnó! Nó an amhlaidh is feárr leat
fuireach it spadálach sínte annso is gach éin-bhéic bháis
asat. Faire fút a shnamhaire!"



D'éirigheas im sheasamh go righin. D'fhéachas ar gach
taobh dhíom. Bhí an oidhche ag druidim linn. D'airigheas
an séis cheóil dá seinnm go meidhreach i dtigh an Mhaoir
is seódh soillse ar lasadh istigh. Bhí a lán daoine ag
spaisteóracht san gháirdín. Do shuidh beirt aca ar an
suidheachán a bhí agamsa ar maidin. Isé bhí ar siubhal
ag an mbeirt ná pósadh Mhinna leis an Rascalach. Bhí
an anachain déanta is níorbh fhearr bheith ag leanmhaint
siar air.


L. 53


Bhaineas díom an cochall draoidheachta agus as go
brách liom. B'é b'fhada liom go gcuirfinn geata an
ghairdín díom. Acht do lean an ropaire fill me, dhom
chrádh is 'om chéasadh le n-a aghaidh bhéil.



"Mhuise, is maith é mo bhuidhechas, a Pheadair," ar
seisean, "agus an imshníomh a dheinas díot. D'fhanas
it theannta ar feadh an lae chun aire thabhairt duit go
dtí go gcuirfeá an taom luige dhíot. Sin a bhfuil dá
bhárr agam! Chonách son orm nár ghabh a mhalairt de
chúram chugham. Bíodh agat! Ní h-éan chabhair duit
teicheadh uaim, a bhreallsúin! Ní raghair uaim chomh
bog son. Tá mo chuid óir agatsa agus do scail agamsa.
Ní trom suan dúinn araon agus an scéal amhlaidh.
Scáil duine dá thréigint - ar airigh éinne riamh a leithéid!
Bíodh fhios agat go bhfanfaidh do scáil agam go dtí
gur mian leat í bhogadh dhíom is a glacadh i sóghchus.
Bíodh geall go ngéillfir dom fé dheireadh le h-éan-chorp
tuirse is searbhais nuair ba cheart duit géilleadh dhom ar
dtúis go fonnmhar. Is baoth an gnó dhuit t-áirithe chur
ar ath-lá."



Lean sé dá chainnt dom spidiúchán is ag magadh fúm
go dtí gur dhóbair go raghadh dem mheabhair. Ní raibh
dul uaidh agam. Bhaineas amach mo thigh féin agus mé
geall leis i ndeireadh an anma.



Bhí atharrughadh chomh mór son ar an dtigh gur beag
ná go ndeaghaidh sé dhíom a dh'aithint. Is amhlaidh a bhí
na fuinneóga n-a smidirínibh agus gan duine ná daon-
naidhe ann romham ná a rian. Bhí dáltha Oisín i ndiaidh
na Féinne agam, nuair d'fhill sé ó Thír na nÓg is ná
fuair sé roimis i stad na bhFiann acht "neantóga is
fiadhail."



Sceart an gruagach liath ar gháiríbh. "Sin é é!" ar
seisean. "Ní beag dhuit a luaithe. Bhuail leat, a
dhuine! Tá do dhuine muinnteardha Bendel istigh


L. 54


rómhat. Do cuireadh a mhalairt de chúram air an lá
fé dheireadh, nuair do ghaibh sé ormsa, agus tá a rian
air - cos de níor chorruigh taobh amuich den dorus ó
shoin. Beidh seó eachtraí aige le hinnsint duit, de
réir dheallraimh. Go n-éirighidh an oidhche leat. Chífam
a chéile arís sar a fada, gabhaimse orm."



Le n-a linn sin, bhíos an baint macalla as an ndorus.
Fé dheireadh thiar thall, chonnac léas soluis istigh agus
d'airigheas glór Bhendel dá fhiafhruighe dhíom cé bhí ann.
Ní miste a rádh gur bhain fuaim mo ghotha preab as. Is
air ba ghiorra mhoíll an dorus d'oscailt.



Do rugamair barróg ar a chéile. Thugas fé ndeara
go raibh an an-atharrughadh air agus nárbh éan-atharrughadh
foghanta é. Bhí deallramh breóiteachta is buadhartha
air. Im thaobh-sa dhe, níor mhaoidhte mo dhriuch orm,
meath ar mo chló agus liathadh ar m'fholt.



Threóruigh sé isteach tré fallaí fuara an tighe me go
dtí gur bhaineamair amach seómra áirithe do fríth saor
ón léirscrios. Thug sé roinnt bhídh le n-ithe dhom, agus
annson do chrom ar a scéal d'innsint agus gach éan-
osnadh dá leigint aige. An seanduine liath úd (adubh-
airt sé) go raibh mo scáil aige, isé do chuir amudha é.
Lean sé ar thóir an tseanduine go dtí go raibh na mílte
curtha dhe aige i gan fhios do fhéin. Fé dheireadh thiar
thall do thuit n-a phleist le neart tuirse. Do theip
air glan me dh'aimsiughadh arís agus d'fhill sé ar an
mbaile go tinn traochta tráighte brónach.



Tamall n-a dhaidh son tháinig sloigisc na sráide ag
triall ar an dtigh - Rascal a bhí ag séideadh fútha - do
dheineadar mionrabh is brúscar dá raibh fé iadh an tighe
agus is beag mhá fhágadar cleath gan leagadh san tigh.
Mar sin a chúitigheadar liom an fhéile is an fhlaitheamh-
lacht is an charthanacht do chleachtas. Theich mo lucht
aimsire le n-a n-anmnaibh. Rud eile, d'fhógair lucht


L. 55


feidhilte síothchána na cathrach don pobul gurb olc an
earra mé agus go gcaithfinn-se bailiughadh liom as an
ndúthaigh fé cheann logonoidhche nó go gcuirfaí fé ghlas
me.



D'eachtruig Bendel dom cúrsaí an chleamhnuis do
dhein Rascal le Minna. Deallruigheann an scéal gur
chuir an crochaire fill eolas ar mo mháchail ar dtúis.
Fuair sé greim ar eochair mo chófra agus do bhíodh ag
baint de is ag fuadach is ag cur i dtaisce go dtí go
raibh a leór-dhóthain aige.



Isé Rascal ba cheap tuisle dhom ó thúis. Isé ba
cionntach le n-a bhfuaireas de chrosaibh.



Ba chaillte an scéal le Bendel é, acht ar a shon son
is uile bhí árd-áthas air i dtaobh me d'fheicsint slán gan
bascadh tar éis an tsaoghail. Im thaobhsa dhe, ní bréag
a rádh go raibh mo chroidhe go lag ar lár.



Níor dhíol truagha go dtí mé. Mar sin féin, bhí an
oiread san curtha tharm agam gur chuma liom cad é an
chríoch a bhéarfadh me. Pé buadhairt a chí i ndán dom
feasta, ní bhainfadh sí a thuilleadh deór asam.



"A leithéid seo, a Bhendel a chroidhe," arsa mise.
"Is léir duit an bhárthain atá de phlainéad is de shéala
orm. Chuireas i n-áirithe dhom fhéin é lem dhroch-ghníomh-
arthaibh is mé i mbaois na hóige. Chonách son orm, acht
ba chaillte an mhaise dhom tusa mhealladh liom ar bhealach
ár mbasctha agus gan éin-nídh as an slighe déanta agat.
Gabh capall dom agus tabharfad mo bhóthar orm láithreach
bonn. Fain-se annso, a Bhendel, a chara' ar son a
bhfuil thíos is i n-áirde agus dein rud orm. Ar fágadh
dem chuid óir gan spiúnadh fós, bíodh sé agat agus ní
mhaoidhim ort é. Raghad le fuacht is le fán im chaogaidhe
aonair "de bhárr na gcnoc 's i n-imigcéin." Acht má
sé leónughadh Dé go mbéarfaidh ré shuaircis orm arís,
ní dhéanfad dearmhad ar a dhísle chlaoidhis liom.


L. 56


Bhítheá im chogar is im pháirt agus is ró-mhinic a scaoilis
an fáscadh dhem chroidhe.



Dá mhéid tathant do dhein Bendel orm níorbh éin-
bhrígh bheith liom. Ghaibh sé mo chapall dom agus do
thug chugham é go dubhach dólásach. Rugas barróg air
le h-éan-chorp ceana is cumainn, agus d'fhágas slán
is beannacht aige go díl diachrach. Phreabas i n-áirde
ar an each agus as go brách liom ar sodar fé dhoir-
cheacht na hoidhche. Thugas cead a chinn is a chos don
chapall. Ba chuma liom cá dtabharfainn m'aghaidh, nó
cad do bhainfadh dhom. Bhíos beag-bheann ar an saoghal
feasta.



An tOchtmhadh Caibidil



Níorbh fhada gur ráinig taistealaidhe eile an tslighe
de shiubhal cos. Bheannuigh sé dhom agus do dhírigh ar
chomhrádh liom. San tsiubhal dúinn, d'iarr sé cead orm
a fhalluing do chur ar mo chúlaibh ar an gcapall. Níor
eitigheas é fé, nidh nárbh iongnadh.



Ghaibh sé a bhuidheachas liom go mín macánta. Luigh
a chainnt ar chomhacht is ar acmhuinn lucht a tsaidhbhris.
Pé riabhach cuma n-ar thuit sé amach, ba gheárr go raibh
aitheasc léigheanta nó dá ndéarfainn seanamóin ar
siubhal aige. Chuir sé síos ar chúrsaí an tsaoghail, ar
an gcineadh dhaonna, ar anam an duine, agus ar an
mbás. Ní miste a rádh gur bheartuigh sé -



"Ceasta bhuir punnc
Snadhmanna is pudhair ar m'éifeacht."



Lean sé dhe ag cur is ag cúiteamh. Chuir ceisteanna
air fhéin, thug freagra air fhéin, agus gan uaidh de réir


L. 57


dheallraimh acht fios fáth gach doimhinn-scéil, réidh-
tach na faidhbe is scaoileadh na snaidhme. B'fhuiris
aithint air gur fear é a thug a théarma i scoileannaibh
na suadh is do rug bárr na h-ollamhntachta leis ar gach
ealadhain.



Is dócha gur cuimhin leat go bhfuaireas teagasc ar
chúrsaibh feallsa is díodhachta le linn m'óige, agus gur
beag dá chomhartha lean díom. Dá mhéid leabhar a
mheabhruigheas níor bhraitheas gurbh fheárrde mé é.
D'éirigheas as mar ghnó, mar ba léir nár oir a leithéid
dom. Ó shoin i leith, níor bhacas le ceisteanna
doilbhthe do-thuigse ag baint le nidhthe mí-shaoghalta.
Níor bheag dom dóchus as Dia agus ionntaoibh as mo
chéill féin.



Maidir leis an árd-ollamh so, ní miste a rádh go
raibh ana-ghreim aige ar an laoighic. Ba mhaith an sás
é an dubh a chur n-a gheal ar dhuine. Ní raibh éin-treó
acht a chlisteacht is a shoiléire chuir sé a thuairim féin i
gcéill is i bhfeidhm dom. Níor thugas fé ndeara go
raibh éin-léic ar an méid a bhí aige dá áiteamh orm, acht
ní bhfuaireas ionnam fhéin géilleadh dho, dá fheabhus
chun abhchóidigheachta é. Mar sin féin, b'aoibhinn liom
bheith ag éisteacht leis an bhfear tréitheach léigheanta úd
ag cainnt is ag cur tré chéile, mar do scaip sé an
chráidhteacht díom. Ní fios ná go rithfadh leis a bhara-
mhail do chur n-a luighe orm mara mbeadh gur chuir mo
chroidhe suas do.



Do bhreac an lá fé dheireadh. Ghlac scannradh me
nuair a mhothuigheas gealadh an lae ann. Ní raibh claidhe
ná crann ná éin-nídh eile le feicsint, a bhéarfadh scáth
dhom agus an fear eile faram! Cad do dhéanfainn?



Catsúl dár thugas ar an bhfear eile - cé bheadh ann
acht Fear na Casóige Glaise! Thuit an lug ar a lag
agam. Chuir seisean smiota gáire as.


L. 58


"Ní'l dul uaim agat," ar seisean. "Tá orainn an
turus seo a thabhairt i dteannta a chéile. Níl de
shlightibh agat le gabháil acht an tslighe seo. Mar sin
domhsa leis. Is oth liom tu bheith i n-earraid liom, acht
níl leigheas agam air agus caithfir-se foidhneamh liom.
Is fuirist aithint ort go bhfuil cathughadh is eagla ort i
dtaobh éirthe an lae. Cuir uait é. Ní miste liom
tamall a thabhairt duit ar do scáil an fhaid is a bheimíd
i dteannta a chéile. Tá scartha agat le Bendel, acht
b'éidir go ndéanfainn do ghnó dhuit i n-a ionad. Ní
gádh dhuit éan-dothal romham. Dá olcus é Séamus is
measa bheith dá éagmhuis. Chuiris fearg orm indé let
ghothaíbh. Scéal thairis iseadh é anois. Ní mór dhuit a
admháil gur chuireas an bóthar i ngiorracht duit lem
chomhrádh. Ní beag d'áise dhuit do scáil a bheith agat
ar feadh tamaill. Féacham cionnus oirfidh sí dhuit."



Bhí solus an lae ann um an dtaca so, agus tais-
tealaidhthe eile ag gabháil thar bhrághaid. Ar an adhbhar
son, b'éigean dom géilleadh dho, dá luighead fonn orm
chuige.



Is ar an bhFear Liath ba ghiorra mhoill mo scáil a
bhogadh dhe féin. Ar iompáil baise do shuidh mo scáil
ar mhuin scáile mo chapaill. Chomáineamair linn.
Ghabhamair tré ghasradh de lucht tuaithe agus do dhein
gach éinne slighe dhom. Is mó stracfhéachaint do
thugainn ar an scáil. Ghluais an Fear Liath lem chois
agus port feaduíola ar siubhal aige.



Rith sé liom go bhféadfainn bob a bhualadh air, ó
thárla ag marcaigheacht mé agus eisean ar dtaobh le
coisigheacht. Isé bhí beartuighthe agam ná teicheadh uaidh
gan choinne agus an scáil d'fhuadach liom. Nuair a
mheasas go raibh cae agam air, do ghabhas go prap ar an
gcapall dem fhuip is dem sporaibh. As go brách leis
an gcapall acht má seadh, d'fhan mo scáil mar a raibh


L. 59


aici. Bhí breall orm. B'éigean dom filleadh agus
mo mhéar im bhéal agam.



Maidir le Gruagach na Casóige Glaise, lean sé
dá phort feaduíola go ceann tamaill. Annson do
chuir sceart gáire as agus do cheangail mo scáil díom
arís.



"Bíodh an méid sin agat, a shimpleóir," ar seisean,
"trá is nár cheannuighis do scáil agus fagháil agat
air. Tá sé le fagháil agat fós, agus ní mó trúmpa is
a luacht. Ná creid ó éinne go scarfair liom agus
do scáil ar sheilbh agam. Tá greim an fhir bháidhte
agam ort. Ní mór scáil duit. Bíodh ciall agat, a
dhuine!"



Ghluaisigheas liom, agus an Gruagach gránna lem
chois. Bhí gach éin-nídh ar mo thoil féin agam le linn
an turuis, mar bhí scáil agam - scáil iasachta. Thug
gach éinne an-urraim dom toisc a shaidhbhre bhíos. Ní
raibh áise ná soghlthuist ná éin-nídh i n-easnamh orm.
Leog an Gruagach liath air gur giolla aimsire liom é.
Ní raibh ein-teóra leis chun an dubh a chur n-a gheal ar
chách. Acht d'fhanadh sé im theannta i gcomhnuidhe, 'om
chrádh is 'om chéasadh gan sos gan suaimhneas, ag tathaint
orm mo scáil a cheannach uaidh. Cheap sé, is dócha, go
ndéanfainn rud air fé dheireadh d'fhonn a bheith réidh
leis. Ní abrainn ná go raibh sadhas eagla orm roimis.
Is amhlaidh a bhí an scéal nuair do mheasas cúl a thabh-
airt le haér an tsaoghail, do mheall seisean n-a leith
arís me. D'fág son ar a chumus a thoil d'imirt orm.
Rud eile dhe bhí deagh-labharthacht thar na beartaibh aige,
agus uaireanta ga dh'óbait go ngéillfinn dá chainnt.



Bhí beartuighthe agam, ámhach, ná scarfainn lem anam
ar a raibh de scáileannaibh san domhan, mar níorbh fhios
dom cad do thiocfadh as. Theip ar an nGruagach Liath
filleadh ná feacadh bhaint asam i n-a leith sin.


L. 60


Lá de sna laetheantaibh bhíomair araon n-ár suidhe i
bpluais chairrge. Is mó cuaird do tugtí ar an mball
úd mar bhí poll mór doimhinn san phluais ná léir a
íochtar d'éinne. Bhí an Gruagach ag stealladh cainnte
dhom, ag cur síos ar an saoghal breágh sóghach a bheadh
agam acht mo scáil do cheannach uaidh.



Bhuaileas mo cheann fúm go duairc dolásach. D'éis-
teas leis agus mo chroidhe dá réabadh. Fé dheireadh
thiar thall bhris ar an bhfoidhne agam. Phreabas im
sheasamh agus colg orm.



"Ní héidir ná gur cuimhis leat," arsa mise, "gur
tháinís im threó ar chuireadh gan iarraidh, agus gur beag
fáilte a bhí romhat. An amhlaidh atá ceaptha agat cead
mo chos do bhaint díom?"



"Ní beag sméideadh súl uait," ar seisean go tur,
"más mian leat mé chur chun siubhail."



Ba mhinic cheana an port son ar siubhal aige. D'éis-
teas mo bhéal. Rug seisean ar mo scáil agus do
chrom ar í dh'fhilleadh cuige. Do laguigh mo chroidhe acht
níor chuireas éan chosc leis. Ní raibh húm ná hám as
ceachtar againn go ceann i bhfad.



"Tá droch-chroidhe agat chugham," ar seisean. "Níor
lughar leat an sudh ná mé. Níl éin-phioc dá mhearthal
orm. Cad fé ndeara son? An é an fogha thugais
fúm d'fhonn an Nead Draoidheachta ghoid uaim fé
ndeara é? Nó an é an feall ar ionntaoibh a dheinis
orm nuair a mheasais an scáil a sciobadh uaim? Agus
mise taréis an scáil a thabhairt duit le bárr muinghíne
asat! Mo lámh is m'fhocal duit ná fuil éin-mhioscais
agam chughat. Ní hiongnadh liom tu ar lorg do leasa,
ar áis nó ar éigin, pé nídh is mar dheineann an mhac-
ántacht is an t-ionnraiceas - beag suim a chuirim i n-a
leithéid. Beatha dhuine a thoil. Dein-se do rogha rud!
Ní hamhlaidh adéarfá gur rugas-sa ar diúlthaígh ort,


L. 61


cuir i gcás, d'fhonn t'anam mí-ádhbharach a stracadh
asat - dá mhéid mo dhúil ann. Ní lugha ná mar chuireas
mo ghiolla ag gabháil de mhaide art d'fhonn mo sparán
do bhaint díot. Níl éin-bhitheamhntas ná camasdíol le
casadh liom agat."



Chuaidh sé dhíom freagra thabhairt air.



"Tá go mhaith," ar seisean. "Tá fuath nimhneach agat
dom, acht ní thógaim ort é. Tá orainn scaramhaint ó
n-a chéile. Fágaim le huadhacht ná fuil éin-phioc dá
chathughadh orm, mar táim ag éirghe tuirseach díot. Glac
mo chomhairle, a mhic ó. Ceannuigh do scáil agus ní
miste dhuit me chur i n-ainm an riabhaigh n-a dhiaidh son."



Shíneas an sparán chuige.



"Cuir chughat é," ar seisean. "Ní theastuigheann sé
uaim, mar sparán."



Do leigeas osnadh as íochtar mo chléibh. "Bíodh sé mar
sin," arsa mise. "Fágaimís slán ag á chéile; agus
nára bhuailtear im threo arís thú. Cá beag de shlighe
dhuit an saoghal mór braonach agus gan cumhangcus a
dhéanamh orm-sa?"



Gháir seisean is dubhairt: - "Seo chun siubhail mé.
Slán agat. Éan-tráth gur mian leat glaodhach orm,
níl agat le déanamh acht crothadh bhaint as sparán na
scillinge. A scéal féin scéal gach éinne. Acht féach
nár thugas-sa faillighe it thaobh-sa den scéal. Mhuire
mo ghraidhn chroidhe é, mar sparán. Beidh tu ar nasc
agam an fhaid is a chimeádfair é, pé nidh bhainfidh dod
scáil. Béad le fághail agat acht fios a chur orm. Is
eól duit gur maith mé chun foghnaimh dom cháirdigh; agus
go mór mór go ndeinim cúram fé leith de dhaoinibh
saidhbhre. Ní beag son. Níl fagháil agat ar do scáil
acht ar éan-choingiall amháin."



Chuimhnígheas ar an gcéad uair do theangmhuigh an
Gruagach Liath im dháil. "Ceist agam ort," arsa mise


L. 62


"Ar chuir Tomás 'ac Sheóin a ainm leis an gconnradh
úd?"



"Níor ghádh dho é," ar seisean, agus é ag leamh-gháiridhe.



"Ní oirfadh a leithéid dom óm dhuine mhuinnteardha
Tomás."



"Cá bhfuil sé, mar sin, nó cad do bhain dó? I
m-ainm Dé agus innis dom cad ba chríoch dó."



Tháinig deallramh measrathail air acht do sháid lámh
leis isteach n-a phóca agus do tharraig amach Tomás
'ac Sheóin ar fholt a chinn. "Justo judicio Dei
judicatus sum," arsa an fear saidhbhir. "Justo judicio
Dei condemnatus sum."



Ghaibh uamhan is uathbhás me. Chaitheas sparán na
scillinge isteach san pholl, agus do screadas i n-árd
mo chinn is mo ghotha "Imthigh ort, a chuirpthigh na croiche
duibhe! Ná feicim choidhche arís thú!"



Do dhubhuigh is do ghormuigh ag an nGruagach Liath.
Do phreab n-a sheasamh agus do sceinn as mo radharc
de phrab na súl.



An Naomhadh Caibidil



D'fhágadh i n-éagmhuis na scáile is an sparáin me;
acht bhí ualach curtha dem chroidhe agam, agus bhíos buille
níos suaimhníghe dá bhárr. Mara mbeadh Minna a bheith
scartha liom agus gan dul agam ar í d'fheicsint go
brách arís, ní abraim ná go mbeadh súil le ré shóghchuis
agam. Bhíos i ngalar na gcás, agus gan fhios agam
cad ba cheart dom a dhéanamh. Sháidheas mo lámh im
phóca. Bhí roinnt airgid agam fós, mar b'ádhmharaighe i
nÉirinn é, agus do ghabhas a bhuidheachas le Dia.



Bhíos tar éis mo chapall fhágaint ag an dtigh ósta i


L. 63


n-a raibh curtha fúm agam. Ní leigfadh an náire dhom
dul dá iarraidh go dtí go raghadh an ghrian fé. Shíneas
me féin fé bhun crainn agus do thuit suan is sámh-
chodladh orm.



Aisling áluinn do deineadh dom is mé im luighe.
Chonnacthas Minna dhom agus í ag teacht i leith chugham
agus fleasc de bhláthannaibh tímcheall ar a ceann agus
faetheamh gáire ar a béal. Samhluigheadh dom n-a
dhiaidh son go raibh Bendel chugam agus bláth-fhleasc
um bathus a chinn aige agus do bheannuigh dhom go caoin
ceannsa. Chonnacthas a lán dem cháirdibh dom, trém
néalthaibh, agus iad go léir go haoibhinn gealgháireach.
Bhís-se ortha, a chara croidhe. Ní raibh éan-scáil ag éinne
aca, acht níor ghoill a n-easba ortha. Níor léir dom
acht bláthanna gleoite; níor chlos dom acht ceol binn;
níor bhraithte dhom acht an t-áthas is an t-aoibhneas.



Theip sé orm éin-éifeacht do bhaint as an aisling. Bhí
fhios agam go maith gur ag taidbhreamh do bhíos, agus
is amhlaidh ab fheárr liom me bheith. Níor bheag dhom a
luaithe dhúiseoghainn, agus dá chomhartha son féin, níor
oscalas mo shúile go ceann i bhfad ar dhúiseacht dom.
Bhí an oiread son dúil agam san aisling gur leasc
liom í chur uaim.



Do phreabas im shuidhe fé dheireadh. Éirghe an lae a
bhí ann. Bhíos tar éis logonoidhche do chur díom, nach
mór, agus mé im throm-chodladh. Níor bheag son mar
rabhadh dhom gurb é mo leas gan filleadh ar an dtigh
ósta. Níor mhór liom an capall uaim. Chuireas mo
thoil le toil Dé, thugas aghaidh ar chosán do bhí ar leac-
ain an chnuic, gan súil le casadh agam ná féachaint im
dhiaidh. Níor rith sé liom gur ceart dom dul ag triall
ar Bhendel, ó thárluigh a leór-dhóthain de strus an
tsaoghail aige siúd. Ghabhas an slighe ceann ar aghaidh
go dána neamh-eaglach.


L. 64


Chromas ar chur is cúiteamh im aigneadh féin,
féachaint cad a bhí romham. Bhí orm me féin do chur
fé ghléas i gcomhair na coda eile dem shaoghal. Níor
mhaoidhte mo chóir orm. Ní raibh de chulaith éadaigh agam
acht seana-chasóg dhubh, caipín cluasach agus feidhre
seana-bhróg. Do ghearras maide droighin dom fhéin
agus thugas na cosa don bhóthar.



Theangmhuigh seana-scológ liom san choill. Bhean-
nuigh sé dhom go mín macánta. Luigheas ar chomhrádh
leis, ag cur tuairisce na h-áite i n-a rabhas. Thug sé
dhom an t-eolus do theastuigh uaim go pras, agus do
threóruigh me leis tríd an gcoill.



B'é toil Dé gur rángamair amach i mball i n-a raibh
na coillthe ar lár de bhárr tuile do bhí ann san gheimh-
readh bhí caithte aguinn. Tháinig crith-eagla orm i
dtaobh bualadh amach fe thaithneamh na gréine arís.
Thugas tosach na slighe don scológ. Bhí go maith is ní
raibh go h-olc go rabhamair i lár buill. Do staid sé
go hobann annson agus d'iompuigh ar a sháil chun rud
éigin d'innsint dom mar gheall ar an dtuile. Thug
sé fé ndeara láithreach bonn go raibh mo scáil ar
iarraidh. Phreab sé siar uaim.



"Cad é mar dhiabhlaidheacht!" ar seisean. "Níl
éan-scáil agat!"



"Mo dhiachair!" arsa mise go truaghmhéileach. "Is
ro-mhaith is éol dom é. Taom éagcruais do bhuail me
- aghaigh gach uilc i bhfad uainn! - agus do chailleas a
raibh de ghruaig agam, agus m'ingne agus mo scáil.
Dá chomhartha son féin - ar son gur fhás mo ghruaig arís
- féach a léithe atá sé is a ghiorracht atá m'ingne.
Maidir lem scáil, níl tásc ná tuairisc uirthi. Deall-
ruigheann an scéal go bhfuil scartha léi go deó
agam."



"A thiarcais!" ar seisean, agus do bhain crathadh as


L. 65


a cheann. "Scáil do chailleamhaint! B'éachtach an
galar é gan éan-agó."



Sin a dubhairt. Lean sé dhe go righin agus d'imthigh
uaim chomh luath in Éirinn is a fuair sé an chaothamhlacht
agus gan focal eile as. Ghaibh an ghruaim is an duair-
ceas arís me. Ghreadas an bóthar im aonar agus níor
chuireas speic ar éinne.



D'fhanas fé scáth na coille chomh fada is fhéadas é.
Ba mhinic me i bhfolach fé scáth tuir faid gach nfhaid
féachaint an bhfaghainn cae ar éalódh amach tré na páir-
ceannaibh i gan fhios d'éinne. Bhaininn amach sráid-
bhaile éigin gach tráthnóna.



Thugas aghaidh ar mhianach a bhí imeasc na sléibhte, ag
súil le slíghe mhaireachtaint fhagháil ann fé scáth ón
ngréin - rud d'oirfadh dhom go seóidh. Bhí sé d'amh-
antur agam gur thuit ana-chuid báistighe le linn mo
thuruis. Ní mó ná a chathughadh a bhí ormsa; acht d'imthigh
an donus ar mo bhróga. I gcomhair "an Ridire Peadar"
do deineadh iad agus bhí a rian ortha, ba bheag an chabhair
d'fhear siubhail áis a dhéanamh díobh. Ba chuma nó fear
cosnochttha me i ndeire na scríbe agus b'éigean dom
feidhre nódh a cheannach.



An chéad shráidbhaile do shroicheas n-a dhiaidh son bhí
aonach ar lán-tsiubhal ann. Bhí bróga ar díol i gceann
de sna cabánaibh. D'fhanas ag amharc ar na brógaibh.
Bhí feidhre nódh ann do thaitn liom go mór, acht bhí a
fhiacha ró-dhaor. Fé dheireadh níorbh fholáir dom bheith
sásta le seana-pheidhre ná raibh ró-chaithte fós. Buach-
aillín deas fionna-ruadh a bhí i bhfeidhil an chabáin. Shín
sé an feidhre bhróg chugham go suairc subháilceach geal-
gháiriteach.



"Go gcaithir is go mairir iad," ar seisean, "agus
go n-éirighidh do bhóthar go geal leat!"



Chuireas díom go héasca, agus me ag machtnamh ar


L. 66


cad do dhéanfainn feasta. Níorbh fhada ag siubhal
dom go bhfeacthas dom go rabhas ag dul amudha. Cá
mbeinn-se acht i lár mór-choille, agus seana-chrainn
ghuimhaise ar gach taobh díom? Chomáineas liom. Fé
cheann nómait eile ba léir dom faillthe móra os mo
chomhair amach agus caonach liath dá gclúdach.



Bhraitheas an t-aér ag dul i bhfuaire. Phreabas chun
cinn, agus d'fhágas leathstiar díom na coillthe is na
faillthe. Bhaineas amach mágh mín fairsing fé lic-
oighre agus na scamaill cheóidh os a chionn. Ní raibh
duine ná daonnaidhe ná a rian i n-éan-bhall. Bhí an
ghrian n-a braon fola ar chiumhais na spéire. Chuaidh
an fuacht isteach go smúsach ionnam.



Ní raibh fhios agam ó thalamh an domhain cad a bhí orm.
Do ghéaruigheas an tsiubhlóid d'fhonn an barraleathar
do bhaint dem bhallaibh. Ba gheárr gur chuala mar a
bheadh tonnta na fairrge coimhthighe dá n-iomlascadh
féin. Truslóg dár chuireas díom, fuaireas me féin
ar thráigh na mara. Bhí blodhtracha lic-oighre ag snámh
ar bhárr na dtonn.



Shiubhlas fan na trágha. Ghabhas thar uathbhás Éireann
de chairrgreachaibh, de choilltibh is de mhachairíbh san
tsiubhal dom. Mhothuigheas go raibh sé ag dul i mbroth-
alaighe. Níorbh fhada go bhfeaca guirt fé bharraí
seagail i m'aice agus an ghrian ag scoilteadh na gcrann.
Shuidheas agus tharraingeas chugham mo chloigín. Ní
raibh acht ceathramha uaire an chluig ann ó fhágas an
tsraidbhaile úd!



"Taidhreamh ata dá dhéanamh dom," arsa mise liom
fhéin. Bhaineas miota as croidhe mo dheárnan. Níor
bheag son mar dheimhniughadh go rabhas im lán-dúiseacht.
Dhúnas mo shúil agus chromas ar machtnamh dom fhéin.
Ba gheárr gur airígheas teanga dho-thuigse éigin dá
labhairt im aice. Beirt Shíneach a bhí n-a seasamh os mo


L. 67


chomhair amach agus iad ag beannughadh dhom is ag caint
liom. Phreabas im sheasamh agus dhruideas siar uatha.
D'imthigh an bheirt as mo radharc de phreib. Fuaireas me
féin i lár coille. D'iniúchas na crainn. D'aithnígheas
ar a ngné go rabhas i ndeisceart Ásia.



Chuireas aon truslóg amháin díom. Tháinig athrughadh
ar an láthair ar an dtoirt!



Ghluaiseas orm go righin agus iongnadh is ollsacht
orm i dtaobh a mhéid machairí is fásach do chuirinn díom
de gach truslóig.



Fé dheireadh thiar thall do thuigeas cad a bhí imthighthe
orm. Bróga na seacht léig a bhí ar mo chosaibh!



An Deichmhadh Caibidil



"Moladh go deó le Dia na Glóire," arsa mise,
agus do dhírigheas ar phaidireóracht go tiugh. Ba léir
dom cad do bhí i ndán dom feasta. Pionós ó Dhia
ba eadh mo mháchail. Acht ar shon gur cheil Sé an sliocht
daonna orm, bhronn Sé a mhalairt de thabharthas orm
.i. an domhan féin. Thuigeas ná raibh a bhac orm feasta
gach tír do shiubhal ar mo shocaracht agus gach a raibh san
tsaoghal do thabhairt fé ndeara is do mhionscrúdighadh.
Chuireas romhan tairbhe bhaint as an mbuadh fé leith do
bhronn Dia ormsa thar chách.



Phreabas im sheasamh agus d'fhéachas mór-thimcheall.
Ar mhaoilinn chnuic i dTibet seadh bhíos. Ghluaiseas
orm. Shiubhlas Ásia ó thaobh taobh. As son go dtí
an Aifric liom. Chaitheas ana-scathamh imeasc na sean-
fhothrach is na dteampoll. Thárlaigheas ar sheana-


L. 68


chathair Thebes. Chonnac pluaisreacha i n-aice na
cathrach i n-a ngnáthuighdís na h-eilithrigh do ghaibh le
Críostaidheacht i n-allód.



Rith sé liom nárbh fhearra dhom rud dá ndéanfainn
ná cur fúm i gceann de sna pluaisneachaibh úd. Chin-
neas ar an bpluais ba shócamhla is ba chompórdaighe
mar áitreabh is mar ionad comhnuighthe.



Raghadh sé thar dícheall an scéalaidhe is feárr suas
cúntas beacht do thabhairt ar mo chúrsaíbh. Ghabhas de
thurraic thar an Mhuir Toiriann, agus bhaineas amach
leithead mo dhá bhonn de thalamh socair Roinne na
hEorpa. Shiubhlas ó thuaidh, ghabhas tré Ásia agus níor
stadas den stáir sin go rabhas i nAimeirice.
Níl tír ná treabh ná thugas cuaird uirthi, agus súil i
náirde is cluas le héisteacht go haibidh agam. Fé
dheireadh thiar thall d'fhilleas ar an uaimh thalmhan úd i
n-aice Thebes agus leigeas mo scíth agus thuit toirchim
suain is sámh-chodladh orm.



Níorbh é mo dhearmhad gan earraí is áisí a sholáthar i
gcomhair an tsaoghail a bhí le caitheamh agam feasta.
San chéad dul síos, dheineadh faid thruslóige ana-
cheataighe dhom ar uairibh. Ar an adhbhar son, b'éigean
dom bróga na seacht léig do chlúdach le feidhre lóipíní
nuair do theastuigh uaim éin-nídh do ghlinn-scrúdughadh
ar mo shocaracht.



Níor mhór dom dhá fheidhre de sna lóipínibh céadna
a bhreith liom, mar is minic, agus mé san bhfásach, cuir i
gcas, a chaithinn díom iad nuair a chífinn fear fiadháin
nó beithidheach allta chugham; agus ní bheadh d'uain agam
iad do phiocadh suas annson.



Thugas cuaird nó dó ar Phárais na Frainnce agus ar
Lúndan Shasana, ad'iarraidh leabhar léighinn agus uir-
lisí ealadhan i gcomhair mo ghótha. Bhí deire mo chod'
óir caithte agam agus b'éigin dom roinnt éabuir do


L. 69


bhreith liom anall ó Aifrice, mar bhí tarrac agam ar
mo dhóthain de. Sé a fhaid ar a ghiorracht gur sholáth-
ruigheas a raibh ag teastáil uaim d'earraíbh agus do
luigheas isteach ar mo chúrsaibh.



Chaitheas an chuid eile dhem shaoghal im fhánuidhe, ar
strae gan treó. Ní éan-bhall fé iadh na spéireach
nár thugas turus air. Níor fhágas éin-nídh gan
scrúdughadh. Thomhaiseas aoirde na gcnoc agus leithead
na loch. Chuireas eolas ar gach sadhas ainmhidhe is gach
gné blátha. Leanas den tsiubhal gan sos gan suaimh-
neas, agus gan uaim acht breis eolais.



Uibhe agus toradh a bhíodh agam mar ghnáth-lón bóthair,
ó thárla fagháil agam ar gach sadhas díobh gan duadh.
Nuair a bheadh mo chroidhe go lag do dhéargfainn
mo phíopa agus ní baoghal gur chaill an tobac orm.
Bhí gadhar breagh deagh-mhiotalach agam mar chompánach
agus níor mhothuigheas comhluadar daoine uaim. Ar
filleadh dhom abhaile ar mo phluais charraige, agus
toradh mo shaothair ar iomchar agam, phreabfadh mo
ghadhar amach chugham ag cur fáilte romham.



B'fhada dhom ar an dtoisc sin. Fé dheireadh
do bhain eachtra dhom do thug imeasc daoine eile
arís mé.



Caibidil a hAon-Dhéag



Lá de sna laethantaibh bhíos ar tráigh na mara i dTuais-
ceart na hEorpa agus duileasc á bhailiughadh agam
nuair a dhearcas an bheithir chugham agus fuadar nimhe
fúithi. Dheineas iarracht chun mo lóipíní chaitheamh dhíom


L. 70


agus oileán a bhí roinnt mhíle amuich uaim san bhfairrge
choimhthigh do bhaint amach de thruslóig. Bhuaileas cos
liom ar an oileán, acht do thuit an chos eile isteach
san bhfairrge - mar d'fhan ceann de sna lóipínibh
uirthi!



Bhí an donus ar an uisce le fuaire; acht bé toil Dé
go dtánag saor san tsnámh ó ghuais mo bháidhte. Ar
theacht i dtír dhom, do thugas aghaidh ar an Aifric,
chun me fhéin do thiormughadh. Do chuir brothal na
gréine míorán im cheann. Bhuail taom breoiteachta
me.



Ghabhas ó thuaidh arís, acht ba bheag an chabhair dom son.
Ghabhas soir is siar is aniar, de ló 'gus d'oidhche, ag
súil le faeseamh is leigheas mo ghalair, acht sin a raibh
dá bhárr agam. Bhí fiabhras 'om mhilleadh is 'om
mharbhadh. Ní fios an fada leanas den stáir sin.
Bhraitheas pairithis im bhallaibh beatha agus speabh-
ruídí ag teacht ar mo chéadfadh. Fé dheireadh thiar thall,
thárla gur shatalas ar chois duine éigin eile. Bhuail
seisean clobhta orm do leag me im phleist gan aithne
gan urlabhra.



Nuair a thánag chugham féin is amhlaidh a bhíos im luighe
i leabaidh dheis chluthair agus seó leapthacha eile san
tseomra céadna. Bhí calara 'om fhriothálamh. Bhí
daoine ag siubhal ón leabadh go chéile ann. Thánadar
le cois na leapthan, agus thugadar "Uimhir a Dó-
Dhéag" orm.



Cad do chífinn ar an bhfala os mo chomhair acht leac
mharmaire agus "Peadar Schlemihl" scríbhte
go gléineach air le cinn-leitreachaibh óir. Bhí min-
leitreacha ann fé bhun na h-ainme, acht bhíos ana-
thraochta i dtreó is ná raibh ionnam iad do léigheamh.
Luigheas siar agus dhúnas mo shúile.



D'airigheas duine éigin dá léigheamh, agus an ainm sin


L. 71


"Peadar Schlemihl" ar siubhal aige, acht níor bhaineas
éin-éifeacht as a chainnt.



Chonnac óigbhean ghleóite im'aice agus í ag comhrádh
le fear go raibh iomchar cneasta nádúrtha fé. Thabhar-
fainn an leabhar go bhfeaca an bheirt aca cheana, acht
bhíos chomh lag chomh tré-na-chéile sin go ndeaghaidh sé
dhíom iad d'aithint.



Ghaibh roinnt laetheanta tharm agus mé ar an gcuma
son. Tugtí "Uimhir a Dó-Dhéag" orm. Cheapadar
gur Giúdaigheach mé, toisc na féasóige fada a bhí agam,
acht níor lughade an cúram a dheineadar díom é. Níor
thug éinne fé ndeara go rabhas i n-éagmhuis mo scáile.
D'innseadh dom go raibh mo bhróga, agus a raibh eile
de ghréithribh agam, i dtaisce aca, agus go bhfaghainn-se
uatha iad chomh luath is a bheinn im thán-rith.



"An Schlemihlium" do tugtí ar an otharlainn i
n-a rabhas. Bhítí ag guidhe ar son anma Pheadair
Schlemihl ann gach lá, dá rádh gurbh é chuir an otharla
ar bun.



Bendel ab eadh an fear cneasta nádúrtha úd, agus
Minna an óigbhean ghleóite!



San "Schlemihlium" a bhíos, acht níor aithin éinne
me. I mbaile dhúchais Bhendel a bhí an otharla. Leis
an airgead a thugas dó, do chuir sé ar bun í.



Bhí Minna n-a baintrigh, Rascal ag tabhairt an fhéir
agus a raibh de mhaoin aige, nach mór, imthighthe i n-ainm
an riabhaigh. Bhí athair agus máthair Mhinna fé an bhfód
leis; agus bhí curtha fúithi aici san bhaile úd agus gan
de ghnó ná de chúram uirthi acht na h-othair bhochta do
fhriothálamh.



Thárla comhrádh idir í féin agus Bendel, lá, agus iad
n-a seasamh le cois mo leapthan.



"A Bhean uasail," ar seisean, "cad chuige dhuit
do laetheanta chaitheamh annso? Is baoghlach gur gior-


L. 72


raide do shaoghal é. Cá bhfios ná go mbéarfaidh aicíd
éigin greim ort? - aghaidh gach uilc i bhfad uainn! -
Nó an mian leat an bás d'fhághail?"



"Ná bíodh ceist ort," ar sise. "Is fad ó chuireas
díom an baoth-smaoineadh úd. Ní mian liom an bás
d'fhagháil. Ní h-eagal liom é acht chomh beag. Tá mo
chroidhe is m'intinn go ciúin, socair, sásta. Nach mar
sin duitse leis? Nach aoibhinn leat an deagh-shaoghal
so dá chaitheamh agat, agus tú i mbun leasa daoine
eile mar mhaithe le anam ár san-charad Peadar?"



"Is aoibhinn liom é go deimhin, buidheachas mór le
Dia," ar seisean. "Sé Dia do chuir ar ár leas sinn
araon, moladh go deó le n-A ainm! Níorbh fheárr riamh
é mar scéal. Is beag an tairbhe dúinn bheith ag sileadh
na ndeór i dtaobh a bhfuil curtha tharainn aguinn. Bíodh
ár n-ionntaoibh as Rí na Glóire, do cheap an tearmann
so dúinn. Maidir le n-ár seana-charaid, tá sé buailthe
isteach im aigne go bhfuil deire anacraí curtha dhe aige
agus go bhfuil an scéal go geal aige feasta."



"Go dtugaidh Dia son!" arsa Minna. Scaradar
ó n-a chéile le n-a linn sin.



Fágadh i gcás idir dhá chomhairle me. Ní raibh fhios
agam ciaca ba cheart dom me féin do chur i n-umhail
dóibh nó imtheacht uatha i gan fhios. Fé dheire do chinneas
ar cad do dhéanfainn. Fuaireas peann agus leathanach
pápéir agus do scríobhas an méid seo: -



"Tá an scéal go geal ag bhur seana-charaid, a bhuidhe
le Dia. Dhein sé aithrighe i n-a choraibh agus do thug
an Tighearna maitheamhnas do."



D'eirigheas im shuidhe n-a dhiaidh son. Bhí cóifrín beag
le hais na leapthan agus eochair i súil an ghlais ann.
Fuaireas mo ghréithre go léir istigh. Tharraingeas
chugham iad, chuireas umam go mear, d'aimsigheas na
bróga draoidheachta, bhuaileas an leitir ar an mbórd,


L. 73


agus thugas mo bhóthar orm. Níor bhfada gur bhaineas
amach Thébes arís.



Ag tarrac ar Thébes dom, cé phreabfadh im choinnibh
acht Figaró .i. mo ghadhar. Isé is deallrathaighe ná go
ndeaghaidh sé amach san bhfásach dhom lorg. Leigeas
fead air. Léim sé chugham agus é ag amhastraigh is ag
lútháil d'fhonn a chur i n-umhail dom gurbh áthas thar bárr
leis me dh'fheicsint arís.



Rugas liom abhaile im bhacalainn é - mar ní raibh ann
teacht lem shálabh agus mo bhróga draoidheachta orm.



Bhí a gnáth-chrot ar mo phluais chairrge. D'fhanas
ann ar mo shuimhneas ar feadh i bhfad, go dtí go
dtiocfadh mo luadar is mo neart chugham arís. Bhíos
ag dul i dtreise i n-aghaidh an lae. Chomh luath is a bhíos
im thán-rith do luigheas ar mo chúrsaibh taistil arís.



Mar sin dom ó shoin i leith. Níl na bróga draoidh-
eachta caithte agam fós, dá mhéid feidhm a bhaineas asta.
Maireann a mbuadh dhóibh fós, mar bhróga. Táimse ag
druidim le "Laetha Liatha," acht is aoibhinn liom a mheas
go bhfuil leanta go duthrachtach agam don obair do
chuireas romham, agus gur éirigh liom go maith.



Scrúduigheas a raibh san domhan, idir thíortha is
fairrgí is bláthanna is ainmhidhthe, ní airímhim an cineadh
daonna. Chuireas toradh mo shaothair i n-eagar agus
do cheapas leabhair léighinn is ealadhan. Mise do
scríobh "Historia stirpium plantarum utriusque orbis,"
agus níl ann acht cuid de "Flora Universalis Terrae,"
leabhar a bheidh n-a chúrsaibh machtnaimh do sna h-ollamh-
naibh is aoirde clú is cáil. Níl san méid sin féin .i.
"Flora Universalis Terrae," acht roinnt de "Systema
Naturae," atá dá gcur le chéile agam. "Fauna" atá
ag cur cúraim orm fé láthair. Cuirfad mo láimh-
scríbhne go léir ag triall ar Iolscoil Bherlin, sar a
raghad fé an bhfód.


L. 74


Duitse thar chách, A Chamisso, a chara chroidhe, d'innseas
an eachtra iongantach so. Tá súil agam go raghaidh an
scéal so i leas do dhaoinibh eile nuair a bheadsa ar
shluagh na marbh. Cogar i gcluais duit, a Chamisso,
má's mian leat saoghal suairc a chaitheamh i gcomh-
luadar daoine eile, ná leig uait do scáil ar a bhfuil
d'ór is d'ollmhaitheas ar dhruim talmhan. Má's mian
leat saoghal ionnraic uasal a chaitheamh - ní theas-
tóchaidh mo chomhairle uait chuige sin.



A chríoch son

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services