Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo chéad Oidhche i gColáisde

Title
Mo chéad Oidhche i gColáisde
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mo chéad Oidhche i gColáisde.



Bhí fanacht fhada orainn ag Clár Chloinne
Mhuiris agus bhí an bháisdeach chomh trom sin
is go mbeidhtheá báidhte fliuch an fhad is bheitheá
ag dul trasna an droichid ó thaobh taobh an
stáisiúin. Shíleas nach dtiocfadh an traen a
bhí ag dul go Baile An Róba choidhche, acht tháinig
sí fá dheireadh agus deirim leat go raibh fáilte
agam-sa roimpi.



Ba doicheallach an bhean a bhí ag freasdal i
seomra an díghe ag Clár Chloinne Mhuiris.
D'fhiafruigheas dhi a bhféadfadh sí cupán tae
fhághail dom agus ní raibh aithne uirthi nach shéard
a d'fhiafruigh mé dhi a bhéadfadh sí an bhaisdeach
a stopadh, labhair sí chomh crosta agus chomh mí-
chéadtaigh sin. Fuaireas an tae uaithi pé sgéal
é, agus an fhad is bhíos dá ól tháinig beirt fhear
isteach. D'iarradar rud eicint le n-ithe ar
an mhnaoi shúbháilcigh seo, níor chualas céard
é, acht cé bí céard é ní bhfuaireadar é.
Shiubhaileadar anall chugam-sa agus d'fhiaf-
ruigheadar dhíom cár bhfuaireas an tae.
D'innsigheas dóibh. Chuadar anonn chuici aríst
acht bin é a raibh de mhaith dhóibh ann. Chuireadar
ortha a gcuid caipíní agus shiúbhaileadar amach.
Sílim dá mbadh biotáille a bheadh uatha go
bhfuighidís sgiobtha go leor uaithi é mar ba
é ba lúgha a chuirfeadh trioblóid uirthi.



Ní rabhamar ró-fhada ag dul go Baile an
Róba. Bhí an bháisdeach ag tuitim i gcomhnuidhe
acht ní raibh sí baileach chomh trom.



Ghluaiseamar linn gan aon mhoill tríd Bhaile
an Róba agus thugamar an bóthar go Pártraidhe
orainn féin. Bhí an bóthar i n'abhainn i n-áit-
eachaibh agus bhí an t-uisge chomh hárd sin go
mb'éigin do'n chapall siubhal go réidh. Leis
an aimsir a chur thart thosuigheas ag cainnt leis
an tiománuidhe. Ba togha Gaedhilgeóra é
agus cainnteóir deas. Chuir sé gach 'le ceist
orm-sa is chuireas-sa air. Bhíomar ag cur
Gaedhilge Árann is Chonndae Mhuigheó trí na
chéile. Chuir sé an-tsuim i muinntir Árann
agus a slighe maireachtáil. (Bhí eolas maith aige
ortha roimhe sin.) “Acht,” arsa mise, fá
dheireadh, “tá aon rud amháin agaibh annseo
nach bhfuil againn-ne i nÁrainn.” “Céard é
sin?” ar seisean. “Tá crainnte agaibh.”
'deirim-se, “agus sin rud nach bhfuil againn-ne.
“Crainnte! céard é sin?” ar seisean.
“Tuige nach bhfuil an focal sin agaibh?” arsa
mise. “Cé an t-ainm a thugann sibh ar na
rudaibh sin thall?” Níor thuig sé ar dtús
céard a bhí mé a rádh, acht nuair a thuig dubhairt
sé: “Ó na crainn atá tú a rádh! Ní abrann
muidne croinnte chor ar bith.” “Ní abrann
muidne crainn,” adeirim-se. “Agus tuige
nach bhfuil aon chrainn i nÁrainn?” ar
seisean. “Níl,” arsa mise.



Nuair a bhí réim-se mór de'n bhóthar curtha
dhínn againn thosuigh sé ag aiteall agus thosuigh
an ghaoth ag éirthe. Nuair shroicheamar teach
an tsagairt chuadhas-sa isteach ann acht ní raibh
an sagart sa mbaile agus nuair ná raibh
d'imthigheamar linn aríst. B'fhada an bóthar é.
Dubhairt an tiománaidhe ná raibh sé acht timcheall
deich míle, acht shíleas-sa go raibh sé fiche míle
má bhí sé ceann, acht bhíos fuar fliuch, agus gan
amharc le fághail ar an mór thír mo thimcheall
agam.



Is fada a bóthar nach bhfuil casadh éigin ann,
agus is fuide ná sin an bóthar nach bhfuil
deiridh i n-am éigin leis. Míle buidheachas le
Dia tháinig casadh agus deireadh mo bhóthair-se
mórán i n-éinfheacht. “Casfaimid suas an
bóithrín seo anois,” arsa an tiománaidhe, “sin
é an Coláisde shuas ar bhárr an chnuic.” Ba
buidheach, beannachtach, a bhíos go rabhas ag
deireadh mo thurais fá dheireadh, thiar. Bhí sé
idir an sé is an seacht a chlog tráthnóna agus,
bhíos ar an mbealach ó leath-uair tar éis an naoi
ar maidin.



Nuair a shiúbhaileas suas tháinig an t-árd-
ollamh amach as halla an léighinn agus chuir sé
fáilte rómham. Ba fheárr go dtáinig Eibhlín
Nic Uidhir agus cuid de na cailínibh eile a
raibh aithne agam ortha amach as an gColáisde.
D'árduigheadar leo mé gur bhfuaireadar cupán
tae dom.



D'athruigheas éadach is bróga orm féin annsin
agus tar éis mé féin a théicheadh leis an teine
bhreágh a bhí san gcistinigh, chuadhas amach san
seomra a raibh na cailíní cruinnighthe ann.
Shíleas go raibh cleachtadh agam ar ghleó is ar
ghleára, acht a léithed de gleára is bhí ag na
cailínibh sin níor chualas ariamh.



Is minic a chualas duine a rádh le múinteóiribh
sgoile: “Ó go deimhin níor bh'fhuláir dóibh cinn
ádmaid a bheith ortha! Is iongantach
nach sgoilteann an gleára a gcloiginn.” Sílim
nach bhfuighinn-se locht ar bith ar cheann ádhmaid
a bheith orm féin an oidhche údaidh, mar go deimhin
bhí mo cheann dá sgoilt ó chéile. Bhí an
“briathar saor” ar thaobh dhíom, an “dara
diall” ar taobh eile; an “tuiseal geineamhnach”
ar thaobh eile agus mar sin dóibh. Bhí cóisir
cruinnighthe ar gach cruaidh bheart díobh
sin agus iad dá gcur tré na chéile. “Ó!”
adeirim-se fá dheireadh, “tuige nach labhrann
sibh go reidh!” Bhí Éibhlín Nic Uidhir a gáiridh
fúm. “An mbíonn siad mar sin gcomhnuidhe?”
arsa mise léithe. “Bíonn,” adeir sí.



Bhí áthas orm nuair tháinig am codlata.
“Geobhadh suaimhneas anois ar choi ar bith,”
arsa mise liom féin. Acht mo léan! rinneas
dearmad gurbh í mo chéad oidhche i gcoláisde í.
Nuair chuadhamar suas chun an tseomra chodlata,
bhí an sgéal beagnach chomh dona. Is amhlaidh
thosuigheadar ag cur deis foghlumtha ortha féin
i n-ionad deis codlata. Sháith cailín a leabhar
isteach fá chorr an philiúir; shocruigh cailín eile
an choinneal le na hais agus chuaidh sí ar a dá
glúin le taobh na leabthan, acht ní ag rádh a
cuid paidreacha é. Chuir gach duine aca deis
éigin uirthi fein agus thosuigheadar ag cur na
dtuiseall agus na módhanna tré 'na chéile
aríst, agus thosuigheadar ag Béarlóireacht.
D'éisteas leo ar feadh tamaill. “Cé an fáth
sibh a bheith ag labhairt Béarla?” arsa mise,
sa deiridh. “Shíleas gur le Gaedhilg a fhoghlauim
a tháinig sibh go Coláisde Chonnacht.” “Nílmid
i n-ann Gaedhilg a labhairt ceart,” adúbhairt
cailín aca, “agus níl aon duine againn a
cheartóchas sinn má theidheann sinn amugha.
Támuid uilig mar a chéile.” “Tá neart
Gaedhilge agam-sa,” arsa mise, “agus ceart-
óchaidh mé sibh má's maith libh é. Shíleas nach
gcloisfinn focal Béarla i gColáisde
Chonnacht.” “Níl aon neart againn air,” ar
siad-san, “ach ó thárla tusa againn anois
labhrfaimid Gaedhilg ins an seomra seo
feasda.” Thug cuid mhaith de na cailínibh
gealladh annsin nach labharóchaidís acht
Gaedhilg ní ba mhó; agus tá áthas orm a rádh
gur choinnigh a bhfurmhór an gheallamhaint sin;
acht bhí corr chailín ann ná raibh aici acht corr
fhocal Gaedhilge agus b'éigin di-se Béarla
a labhairt amannta.



Chuadar go léir chun suaimhnis i gceann
sgathaimh; acht le neamh-chleachtadh a bheith 'n
léitheid d'áit, agus mar gheall ar an stoirm
a bheith ag craitheadh na bhfuinneóg ar mo chúlaidh
níor chodluigheas-sa néal go maidin. Shíleas le
'chuile sheinneán dá mbuailtí air go mbeadh
an Coláisde agus a raibh ann fuaduighthe síos
ins an loch. Chomh luath is fuaireas breacadh
lae d'éirigheas is bhreathnuigheas amach go
bhfeicinn cé an sórt tíre a raibh Coláisde
Chonnacht suidhte ann. Ar árdughadh an bhrait
dom cé an chéad rud a d'fheicinn acht an cábán
agus é caithte anuas 'na ghóilín chnámh' ar an
talamh. Tar éis bricfeasta thosuigh na mic-
léighinn a bhí ag comhnuidhe ins na tighthibh ag cruinn-
ughadh isteach sa Choláisde. Bhí cuid aca na
dtogha Ghaeilgeóirí agus tuilleadh aca a
bhí ar bheagán Gaedhilge. Chuireas aithne ar
chuid aca. D'fhiarruigheadar dhíom cé an rang
a rachainn ann? Dubhras ná raibh fhios agam
go bhfeicinn an tÁrd-ollamh. Cé ghabhadh thart
le linn na cainnte acht é. “Cé 'n bhuidhean
a rachfaidh mise ann?” arsa mise leis. “Ó,
cuirfimid san A, B, C thú,” ar seisean ag
imtheacht leis uainn aríst. Shíl cuid aca go raibh sé
dáiríribh agus go rabhas ag dul san mbun-rang.
Acht ní sé socruighthe agam-sa im'aigne féin
roimhe sin cé'n bhuidhean a rachfainn ann dá
bhféadfainn.



Chualas trácht ar Phádraig Ua Conghaile
(An t-Athair Pádraig anois) agus ar fheabhas
a mhúinteóireachta sul mar thángas go Coláisde
Chonnacht chor ar bith agus bhí fúm a dul 'na
bhuidhean-san go bhfeicfinn ag múnadh é
mar ní le Gaedhilg a fhóghluim a chuadhas ann ar
mhódh acht le módh múinteachais a fheiceál agus
chualas go raibh Pádraig thar cionn mar
mhúinteoir.



Ní mar shíltear a bhídhtear go minic agus
b'amhlaidh dhom-sa. Bhí an mhaidin seo tar éis
na hoidhche uathbhásaighe chomh garbh agus chomh
fliuch is go ndúbhairt an t-Árd-ollamh nach
mbeadh aon obair dá dhéanadh aca an lá sin agus
thug sé cead sguir do na macaibh léighinn.
Bhí Pádraig Ua Conghaile agus a bhuidhin
i gceann de na seomraibh agus ní raibh guir
agam-sa a dhul 'na ngaobhar nuair thángas


L. 06


isteach tar éis a bheith ag cainnt le cailíníbh a
bhí ag imtheacht. Shuidheas ar choirnéal an stóil
a bhí le hais an dorais ag éisteacht le lucht
na hárd-bhuidhne ag léigheadh an Chéitinnigh.
Bhí duine de na macaibh léighinn i gceannas,
acht a leightheóir chroidhe, ní rabhas leath-nóimid
im' shuidhe ar an stól nuair a d'iarr sé orm
léigheadh dá mb'é mo thoil é. Bhain sí geit
asam mar nír raibh coinne ar bith agam leis. Ní
raibh leabhar ná eile agam, ach go rabhas a
breathnughadh i leabhar cé bhí le m'ais.
Níor thúisge leis an teintrigh ná leis an
smuainte thríd m'intinn; an léighfead nó nach
léighfead? Bhíos ag ceapadh gur dh'aon úim
amháin a d'iarr sé orm é agus bhíos ag
braitheadh gan é shásamh. Rugas an leabhar
ó'n té a bhí le m'ais pé sgéal é agus léigheas
gur hiarradh orm stopadh. Níor hiarradh
orm léigheadh ní ba mhó agus chaitheas beagnach
seachtmhain san árd-bhuidhin 'n-a dhiaidh sin.



Ná síl gur fhágas an Coláisde gan a dhul i
mbuidhin Phádraig Uí Chonghaile. Chaitheas
beagán laetheanta ann agus go deimhin thuill sé
an moladh fuair sé. Múinteóir ó dhúthchas
atá ann agus tá mé cinnte go bhfágfaidh an
tAthair Pádraig rian a láimhe i mBéal Átha na
Sluaighte. Go mbadh fada buan a shaoghal mó
sé toil Dé é.



Úna Nic Fhualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services