Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Marbhughadh Rón le Gansrang

Title
Ag Marbhughadh Rón le Gansrang
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag Marbhughadh Rón le Gansrang.



Sílim gur fearr dom an chuid eile de'n sgéal a
innseacht focal ar fhocal do réir mar sgríobh
Gansrangadóir síos é ó lá go lá fhad is bhíodar
ag iasgaireacht na rón.



Márta 13adh. D'fhágamar Naomh Seághan
i n-éinfheacht leis an chuid eile de'n chabhlach;
hocht gcinn de soithigh a bhí sa gcabhlach,
agus iad ar fad gléasta le Gansrang Mhear-
cóní. Gach duine ar bóird ag caint agus ag
comhrádh agus súil againn le pócaí lán ag teacht
abhaile dhúinn.



Márta 14adh. Iasgaire leath-mhaoraidhe is
eadh an Caiptín, agus ní chreideann sé go mbeidh
sé in ár gcumas comhrádh agus caidreamh a bheith
againn leis an gcuid eile de'n chabhlach thríd
an nGansrang. Chuireas cheithre theachtaireacht
uaidh chuig ceathar dá chuid cáirde ar loingis eile
agus taréis freagra fhághail uatha ar ais, bhí
muinighin aige as éifeacht an Ghansraing as sin
amach. Tá an long ag bualadh agus ag
tuairteáil ar leacoidhre tiugh agus ar fhairrge
cholgaigh. Airighim rinneas fairrge ag teacht
orm; agus is fearr dom bhualdh síos chuig mo
leaba. Ní thagaim féin agus an bhreóiteacht-mara
le chéile beag ná mór. Maise mo mhallacht air.



Márta 15adh. Tá go leor soithigh in ár
n-amharac. Thugas cuireadh do'n Ghansranga-
dóir ar an soitheach is goire dhom a theacht a leith
agus cuairt a thabhairt orm. Ghlac sé an
cuireadh agus bhí an-lá againn. Tá an dá
shoitheach ag briseadh an leacoidhre taobh le taobh.
Fuair mo charaid cruadh go leór é ag dul ar
ais chuig a loing dó. Thuit sé sa bhfairrge
trí huaire sul shroich sé an long. Chuir an
Caiptín seisear de'n fhoirinn chun congnamh
a thabhairt dó, agus ar deireadh shiar tarraingeadh
ar bórd an duine bocht agus é reóidhte leis an
bhfuacht. Cuirfidh mé geall nach bhfágfadh sé
an soitheach arís nó go mbuailidh sí cuan agus
caladh.



Márta 16adh. Ag cómhrádh lé muinntir Bhelle
Isle indiu. Cloinim ceann de na loigis
eile ag cainnt leó. Chuireas cluaisín orm féin
agus fuaireas amach nach bhfuil acht beirt
Ghanstanadóirí ag Celle Isle, agus go bhfuil
duine aca tinn. Tá sé go dona le leicne.



Chuaidh mé amach leis an bhfoirinn indiu ar
an leacoidhre agus mharbhuigheas rónta. Is
brúideamhail an obair í gan bhréig. Is
gleoidhte ar fad na súile atá aca, agus is
sonanta, séimh, neamh-urchóideach na hainmhidhe
bochta iad. Dearcann siad suas san éadan
ort go modhamhail, neamhchiontach, agus tugtar
an Bata Duaisín mar luachsaothair dóibh. Sé
sin le rádh, tugtar buille de'n bhata san tsróin
dóibh agus criogann sin iad. Tosuigheann na
rónta óga ag gol agus ag caoi, ar nós páisdí,
nuair fheiceann siad a gcuid tuismidhe dá
gcreachadh agus dá marbhughadh. Tugtar an
“rón chochalach” mar ainm ar an rón fireann
do bhrígh go bhfuil cochal nó mála mór ar a
phus, agus is tig leis an cochal seo a líonadh
agus a fholamhughadh do réir mar is mian leis;
sin é an deis chosanta atá aige ar an gcleith-
ailpín.



Márta 19adh. Níor gabhadh mórán rón lé
cúpla lá, acht tá sinn taréis a theacht ar mheitheal
mór anois láithreach, agus chuireas sgéala chuig
an loing eile a theacht go dtí muid ar áit na
mbun. Do réir cosamhlacht ní'l tús ná
deireadh leis an méid rón atá lé feiceál.



Admhuigheann an long an sgéala a chuireas
chuice agus tá sí ar a bealach at teacht.
Sin é an tairbhe is mó tá d bharr an Ghansraing.
Ní bhfuair an long eile aon rón, cé is moite do
chorr cheann nach fiú áireamh, acht tá fhios aici anis
cá dtiucfaidh sé chun í féin a luchtughadh.



Márta 25adh. Tá fiche míle (20,000) rónta
óga ar bórd againn anois. Fuaireamar an
méid sin san meitheal mór a cadadh orainn
ar an 19adh.



Márta 27adh. Casadh meitheal eile rónta linn
agus chuireamar tuilleadh leis an lucht; is
fiú gach uile phingin d'fhiche míle punt (£20,000)
a bhfuil againn. Ní dona an saotharughadh é sin
ar feadh coicíse; cé déarfas nach fághtaluidhthe
maithe sinn? Tá an leacoidhre go fealltach
le cúpla lá, agus tuiteann na fir isteach san
uisge go minic agus muna bhfághann siad folctha
ní lá dtí é. Thuit an bíchearb san
teastomhais chomh híseal síos lé saoró agus
creid mé nach aon spóírt folca fhaghail faoi
an leacoidhre.



Márta 28adh. D'iafruigh an Gansrangadóir ag
Belle Isle dínn a raibh dochtúr ar bórd againn.
Dúbhramar leis go raibh, agu d'fhreagair sí
ar ais mé muna dtigeadh an dochtúr chuit a
chompánach go grod go bhfuigheadh sé bás. Thug
an dochtúr an iomad ceisteanna dom le cur
ar an bhfear breóidhte i mBelle Isle, agus
tar éis freagra fhághail ar ais ortha, d'orduigh
an dochtúr léigheas áithrid a thabhairt dó, agus
ní thúisge a bhí ordúghadh an dochtúra agam ná
bhí sé curtha chun siúbhail ar an nGansrang. Níl
teóra leis an soileas is féidir a bhaint ar an
nGansrang.



Márta 30adh. Ní'l aon fheabhas ag teach
ar an nGansrangadóir bocht i mBelle Isle
agus tá eágla orm gur baoghal báis dó. D'inis
mé sin do mo Chaiptín, agus thug sé toil timcheall
mór a chur air féin i riocht is go mba féidir leis
an dochtúr dul ar tír.



Aibreán 1adh. Tá sinn anois ag féachaint
le'n ár mbealach a ghearradh (nó budh cirte
dom a rádh a thochailt) thríd an leacoidhre.
Taréis deich míle fichead (30) a dhéanamh tré
leacoidhre agus i gcoinne taoille láidir rabharta,
tá orrain an-iarracht a thabhairt suas ar
eagla go mbrúghfaidhe isteach an soitheach.
Go deimhin is deacair a rádh nach mbeidh sí in a
sprúadhna roimh mhaidin; b'fhearr liom bás
fhagháil áit ar bith eile ná ar an leacoidhre.



Aibreán 3adh. Bhí lá cruaidh againn indé, acht
ar deireadh shiar thall tá sinn i ngar go leór
do thalamh chun iomramh isteach a mbád beag agus
an dochtúr a tabhairt chuig an bhfear tinn. Tá
an aill os cionn 500 troigh ar áirde, agus ní
gan trioblóid agus strapadóireacht a shroich
an dochtúr barr an haille. Thug an liag
cuairt ar an bhfear breóidhte; d'fhág sé neart lus-
raidhe agus dhá bhuidéal íce aige, agus chuadhamar
ar bórd arís. Gan bhréig gan mhagadh is uaigneach
ar fad an saoghal atá ag an mbeirt Gansranga-
dóirí ag Belle Isle; ní'l aca mar chomharsanaidhe
acht an Solusóir a bhean agus congantoir,
agus do réir mar chualamar ní go ró cháir
deamhail ná báidheamhail atá siad le n-a
chéile.



Aibreán 5adh. Rugamar ar rón annso agus
annsúd, acht ní'l aon mheitheal mór ar bith le
feiceál. Chuadhamar thríd an leacoidhre go
measardha sgioptha. Ní fhéachann sé chomh dúnta
sin indiu.



Aibreán 6adh. Hurá! Hurá! Hurá! Tá sinn
ar ár mbealach abhaile. Tá gach duine ar bórd
go spleódrach. Béidh deich bpuint fhichead (£30)
le fághail ag gach duine againn. D'fhágamar
slán agus beannacht ag na soithigh eile; nó is
cirte a rádh gur chuireamar slán agus beannacht
Gansrangach chuca. Chruinnigh na fir ar fad ar
an clár uachtarach agus thugadar trí ghártha
gruth do Ghansrangadóir Mhearcóní ar son
a chuid saothair. “Marach eisean agus an
Gansrang is suarach an éadáil a bheadh againn
ag teacht abhaile,” arsa an foireann, agus ní
as ucht mise dá rádh é, tá lom an chirt agus na
fírinne aca.



Aibreán 10adh. Shroich sinn Naomh Seághan agus
chuadhamar a dtír. Fuaireamar comhgháirdeachas
ó mhuinntir na loinge ar fheabhas is d'eirigh linn.
Tá an soitheach dá folamhughadh, na croicne dá
gcomhaireamh agus dá meadhchan. Tá taincis-
teóir na foirne agus taincisteóir mhuinntir
na loinge a láthair chun maorsacht a dhéanamh
ar mheadhchan agus ar chomhaireamh na gcroicean.
Taréis gach uile rud a bheith ssoruighthe agus
in eagar chóir cheart, cheannuigheas mo thoicéad
traenach agus d'imthigheas liom go dtí Eabhrach Nuadh
chuig mo bhean agu chuig mo chuid páisdí, chuig
mo theach agus chuig m'árus.



Tomás Ua Concheanainn



gluaisín



12. leicne, mumps;
13. tuismighe, parents;
14. fághtaluidhthe, providers;
15. bícheard, mercury;
16. teastomhais, thermometer;
17. saoró, zero;
18. strapadóireacht, climbing, scaling;
19. solusóir, lightkeeper;
20. slán agus beannacht gansrangach, wireless goodbye;
21. tainciseóir, representative;
22. maorsacht, superintend.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services