Nuaidheachtóireacht ar Muir.
Cruinnigheann na fir i dteannta chéile in am
bricfeasta agus is iondamhail nach mbíonn
sé sin aca go dtí an 10 a chlog sa lá, mar bíonn
a lán aca ag obair go dtí an 2 a chlog ar maidin.
Tá a lán mionrudaí le déanamh aca in imtheacht
an lae, acht ins an oidhche is eadh thosuigheas an
obair dháiríre píre. Ag leath uair taréis an hocht
a chlog gach tráthnóna cloiseann an téadagóir
atá ar faire glaodhach ar na sranga talmhan
agus ar an toirt tá sé go gnóthach ag déanamh
cóipeanna ar an gclósgríobhadóir do'n
nuaidheacht ó'n gcompántacht nuaidheacht. I
riocht is go mbeidh sé cinnte go bhfuair na
soithigh ar fairrge an teachtaireacht cuireann
sé chun bealaigh é arís agus arís eile.
Bíonn a lán de na soithigh chomh fada sin
as láthair nach dtig leó, b'fhéidir, a thógaint
nó a sgríobh síos, agus dá bhrígh sin curtar
an nuaidheacht go hiomlán amach arís agus
arís eile. Taréis an teachtaireacht a ghreanadh
ar pháipéar castar é ar roithin atá greamuighthe
do'n fhéin-cuirtreasnóir a thiomántar le
mótar agus tá sé réidh annsan chun tús a chur
ar an gclár-oibre a thouigheas go beacht
ag an 10 a chlog gach oidhche agus a coinnigheas
ar siubhal nó go mbeidh an obair déanta.
Ag 9.30 téigheann an sgrungadóir a bhfuil
obair na hoidhche ar a chúram síos ó'n teach
comhnuidhe go dtí an áitiúghadh agus lasann
sé trí lasair lóchrainn sa gcaoi go dteithidh
na liathróidí lasaidh na sgrungaí ola.
Tacha 9.30 tá gach nidh ullamh, tá na sgrungaí
ag obair agus dearcann sé ar na gléis
áireamh sa dóigh go bhfeicfidh sé a bhfuil siad
ag áireamh an chúmhaicht go ceart. Nuair a
buailtear deich mbuille de'n chlog, feictear
solus dearg ag spancadh san seómra sgrungach,
sgaoileann an sgrungadóir an lúbóg
ar an bhféin-cuirtreasnóir agus clostar
torann brúscarach na splancacha ar an toirt ins
an seómra eile. Ins an seómra cuirtreasnach
tá séideáin mhóra chumhachtacha a shéideas amach
sruthanna móra teine atá tuairim is troigh ar
fad, agus cé gur ceólmhar é torann na
splainnce, tá an torann chomh mór sin go bhfuil
sé critheaglach uathbhásach. Má bhíonn an oidhche
ciúin agus an ghaoth fabharach cloistear torann
na splaince na mílte as láthair, agus feictear
an lasair tré na fuinneógaí chúig mhíle déag
ó'n Stad amach san bhfairrge.
Ar bhreaghnughadh do dhuine ar an Stad ó'n
taobh amuigh agus ar fheiceál an lasair gheal
dhian dá tasbáint fein tré na fuinneógaí
san ngléas-seómra agus ar chloisteáil
pléasgadh bodhar na lasrach dó, déarfadh sé
leis féin gurab é seo baile agus teallach
an mhic mhallachtain. Is leis an bpléasgadh
uathbhásach seo a glaodhtar ar na soithigh atá
a bhfad agus i ngearr san teisginn agus a
curtar nuaidheacht an lae chuca. B'fhéidir go
mbeadh na soithigh chúig céad déag míle as láthair
nó b'féidir nach mbeidís acht céad míle, agus
más rud é nach mbeidís na chúig céad déag
míle as láthair, is iondamhail go ndéanann
an téadagóir cóip iomlán beacht de'n teacht-
aireacht ar an gcéad iarracht agus nach mbíonn
ao ghádh dó aon aithris a dhéanamh air arís
agus arís eile.
Nuair atá an téadagóir ag Ros na Cadóige
go gnothach ag cur amach nuaidheacht an lae,
tá fear ar gach ceann do na loingis mhóra ar
ucht na bóchtna agus “cluais le éisteacht” air,
agus go deimhin ní mór dó an t-éisteacht a bheith
go maith aige má's leis an teachtaireacht a
chloistéail. Siúd is go bhfuil na fágaí aibhleach
láidir cúmhachtach nuair a sgaoiltear amach as
an torr iad i Ros na Cadóige, teigheann na
fágaí aibhleach amach comhfhada ins gach ceárd,
agus is rí-bheag an neart a bhíos ionnta nuair
a shroicheann siad soitheach atá 1,500 míle as
láthair. Go deimhin tá siad chomh lag sin nach
ndéanfadh aon nduine amach iad acht an té atá
lán-oilte agus síor-chleachtadh ar an obair.
Cuirtear i gomórtas iad le crónáin cait a
bhéadh ar a sháimhín sógh ar leic an teallaigh,
cé nach bhfuil siad baileach chomh láidir.
Idir dhá chrann gach long tá sranga copair
crochta treasna. Tá na sranga copair tuairm
le tiughas láirlíne peann luaidhe.
Tá na sranga copair seo dealuighthe ó na
chéile i gcumraidheacht mugail eangaighe, agus
cach ceann do na sranga clúdaighthe le góma
cruaidh. Ó lár na sranga treasnánach
tá an iomad sranga eile ag dul síos díreach agus
isteach san Chábán Gansrang. Is iondamhail
go mbíonn an Cábán Gansrang suidhte ar bhord
uachtarach na loinge.
Ní mór do gach Eagarthóir féithe na sgríbh-
neóireacht' a bheith ann i riocht is go mbeidh
sé i n-ann ailtín deas a sgríobh ó aon abairt
amháin nó sgéal fada a dhéanamh de'n abairt
chéadna má bhíonn gádh leis. Tá ar Eagarthóir
an “Atlantic Daily News” fad is léithead agus
croiceann a chur ar na nuaidheachtaí giortacha
a thagas chuige ar an téadagán agus iad a
dhéanamh go spéiseamhail agus go soiléithte.
Nuair atá an nuaidheacht réidh ag an Eagarthóir
tugtar chuig an gclódóir é agus cuireann
seiseann an chló le chéile ar an gcuma chéadna a
déantaí é sul cumadh na h-innil cló-líneach.
Ní fada go mbíonn an chló churtha lé chéile agus
an páipéar clóbhuailte. Nuair a bhíonn sin
déanta filltear iad agus cuirtear i gcóir
iad chun sgaipeadh imeasg na bpaisinéaraí
ar maidin. Ar feadh an chéad leath de'n bhealach
ó'n Oileán Úr fághann siad an nuaidheacht
ó Ros na Cadóige agus ar feadh an leath eile
de fághann siad é ó Pholdubh, i Sasana.
“The Transatlantic Times” a bhí mar ainm
ar an gcéad pháipéar nuaidheacht gansrang a
a clóbhuaileadh ar bórd loinge ag dul treasna
na mara. Ar an chúigeadh lá déag de Mhí na
Samhna san mbliadhain 1889, ar bórd an Naomh
Pól ar a bealach go Sasana, a thárla an gníomh
éifeachtach íongantach seo. Bhí Mearcóní
é féin agus beirt dá chuid Sgrungadóirí ar
bórd na loinge an tráth sin. Cheapadar
páipéar nuaidheacht a chló ar bóird agus
fuaireadar an nuaidheacht budh úire agus bugh
taithneamhaighe ó Stad Mearcóní ag Nidles.
Díoladh gach cóip de'n pháipéar ar dollar an
ceann agus tugadh an t-airgead do Éisde na
Maradóirí. Ón tús beag sin bhí an teóir
ag fás i leabadh a chéile ó bhliadhain go bliadhain,
agus ó cuireadh an Stad mór-chúmhachtach ag
Ros na Cadóige agus ag Poldubh i Sasana,
is feidir leó nuaidheacht fhághail ó'n talamh gach
am sa ló, agus páipéar laetheamhail a thabhairt
amach a thabharfas an nuaidheacht is úire a thárla
in aon áit san domhan suas go dtí móimint an
chóbhualadh.
I bhfuirm irisleabhair atá “An Atlantic
Naily News” agus bíonn ó ocht go dtí deich
leathnaigh ann. Bíonn nuaidheacht ann ó gach
cúinne agus ceárd de'n chruinne, agus ar gach
ceist, a thárla agus a thit amach ar feadh na
cheithre huaire fichead roimh an móinint a cló-
bhuailtear é. Bíonn glaodhach mór ar an bpáipéar
agus ní'l focal de nach léightear ó thús go
deireadh, eidir nuaidheacht agus fuagraidhe. Ní'l
rud ar bith a thárluigheas ar bórd is mó a curtar
suim ann ná teacht amach an pháipéir agus ní
áithbhéil a rádh go ndéantar cur-síos agus
caismirt ar an nuaidheacht maille leis na
fuagraí. Crochtar suas clár, nó foillseachán,
gach lá agus ar an bhfoillseachán seo sgríobhtar
nuaidheacht na loinge. Is iomdha sin spraoi agus
spóirt agus greann agus deágh-fhocal a déantar
agus a cloistear thar timcheall an fhoillseacháin.
Cuirtear síos an méid mílte a sheól an loing
gach ceithre huaire fichead; is annamh a dhéanann
sí an seól céadna gach lá. Ó nádúr gearran
sí an fhairrge níos sioptha lá breágh a mbeidh
an fhairrge cothrom agus an ghaoth go córach
ná már dhéanfadh sí lá mbíonn na fágaí go mór
agus an ghaoth go láidir agus í caol díreach sa
tsróin aici.
Sgríobhtar ar an bhfoillseachán ainm gach
loinge a raibh caidreamh ag an nGansrangadóir
léi a rith an lae, maille lé aon fhocal nuaidheacht
a fuair sé ó cheachtar aca. Dearcann na
paisinéaraí go grinn thré na Radharadáin
amach ar imigéin na mara le súil is go bhfeic-
fidís cnoic-oidhre, nó mólta móra, nó
muca mara, agus iongantasí eile nach iad
a casadh ar loingis eile.
Ní'l aon lá le chúig bhliadhna, Domhnach agus
lá saoire chomh maith le chéile, nach bhfoilsightear
páipéar nuaidheacht ar na loingis mhóra san
Aigéan Atlanic. I dtús ama bhí páipéar ar
leith ag gach cumann loingis dóibh féin féin,
acht anois tá na cumannacha loingis go léir
in aon mór-chumann amháin ag cur an pháipéir
amach, agus curtar an páipéar ceanann céadna
i gcló ar gach lo'ng san gcumann seo faoi an
stiúrthóireacht céadna, agus is gnáthach na
mílte cóip de a chur i gcló gach lá. Tugtar
na páipéir in aisge do na páisinéaraí
agus sa dóigh nach mbeadh aon chaillteanas
leis an bpáipéar curtar fuagraí isteach
ann. Beidh cineál tuairm againn ar an
meas atá ag Fuagarthóirí ar an “Atlantic
Daily News” mar “Tharraingteóir Gnotha,”
nó mar deireas na Púncáin, “Business
Bringer,” nuair a deirim go n-íoctar ó £800
go dtí £1,000 ar son aon leathanach amháin
ar feadh bliadhna. Agus ní'l an méid sin in
iomarca íoc ar fhuagraí áithrid, mar is seo
páipéar a curtar isteach a lámhaibh na mílte
daoine gach bliadhain - lucht airgid a bhfurmhór,
- agus is fiú an sochar an cosdas. Goidé
an lá mbeidh fuagarthóírí i mbaile agus
i gcéin ag tabhairt £800 go dtí £1,000 do
Stiúrthóir An Chlaidheamh Soluis ar son
gach leathanach do'n pháipéar? Go seóladh Dia
chugainn an lá sin go luath.
Tomás Ó Concheanainn.
26. clósgríobhadóir, writer;
27. féin-cuirtreasnóir, automatic transmitter;
28. lasair lóchrainn, flaming torches;
29. liathróidí lasaidh, ignition balls;
30. sgrungaí ola, kerosene engines;
31. gléis áirimh, recording instruments;
32. lúbóg, catch;
33. séideáin mhóra cúmhachtacha, powerful blowers;
34. lasair gheal dhian, intense white flash;
35. gléas-seómra, instrument room;
36. fágaí aibhleach, electric waves;
37. tiughas lárlíne peann luaidhe, diameter of a lead pencil;
38. góma, rubber. Focal spáinneach é seo. Tá sé gearr, giorach, agus dreach agus
fuaim na Gaedhilge air, agus ó thárla freisin nach raibh sé in mo chumas
focalníos fearr a chumadh cheapas Éireannach a dhéanamh don Spáinnéar;
39. sranga treasnach, horizontal wires;
40. cabán gansrang, wireless cabin;
41. innil cló-líneach, linotype machine;
42. teoir, idea;
43. foillseachán, poster - notice board;
44. gansrangadóir, wireless operator;
45. radharcadán, telescope;
46. imigéin, horizon;
47. cnoic-oidhre, icebergs;
48. míolta móra, whales;
49. muca mara, porpoises;
50. fuagarthóirí, advertisers.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11