Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Turas Cunga I.

Title
Turas Cunga I.
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Turas Cunga.



I.



Ar maidin Dia Luain, an 22adh lá de
Lughnasa, 1910, fuaireas mé féin ar bhord an
Ghaltáinín an Bhainrioghan Síodhamhail a bhíos
ag treabhadh na locha ó Ghaillimh go Cunga.
Ní rabhas ar bhord an tsoithín sin riamh cheana
ná ní rabhas i gCunga acht oiread. Bhíos ar
an loch i mbád beag cúpla babhta nó trí chomh
fada le Mionloch, acht sin é an méid. B'fhada
mé ag cainnt agus ag brath ar a dhul ar an loch
chomh fada le Cunga. Níl lá dá fhaide nach
dtagann a oidhche 'agus dá fhad mise ag brath
ar an turas seo a thabhairt tá mé ag tosughadh
fá dheireadh. M'aonair an eadh? Ní headh,
ar modh, agus is eadh ar mhodh eile. Tá cuideachta
mhaith daoine ar bord acht níl aithne agam ar aon
duine aca; Gaill a bhfurmhór, do réir
cosamhlachta. Ní fheadar an bhfuil aon Ghaedheal
'n-a measg? Má tá, ní heol dom-sa é — fós
ar chaoi ar bith.



Támuid ag éalughadh amach ón gcéibh anois go
righin, réidh. “ Cé'n sórt lá é? Lá breágh
go deimhin, an spéir glan, gorm, cé 's móite
de na néaltaibh beaga, geala ata abhus is thall
uirthi; an ghrian a soillsiú acht gan í ró-the;
fuaradh deas gaoithe ann, agus ar ndóigh an
loch a fhéachaint chomh sleamhain mín, le gloine.



Seo sinn anois ar aghaidh Chaisleáin Mhin-
locha. Féach air, dubh, dóighte, gan pioc ann acht
an tsean chabhail, agus cuimhnigh air mar bhí
sé bliadhain san ama seo. Nach mór an
deifridheacht atá idir an dá radharc. Is
aisteach é an saoghal go cinnte. Tá fhios againn
céard a chuaidh sinn thríd, acht níl 'fhios againn
céard atá romhainn. Cé shílfeadh bliadhain go
taca seo go mbeadh an caisleán sin mar atá sé
anois? Go ndéanaidh Dia trócaire ar na
créatúir bhochta a fuair fód a mbáis ann!



Tá 'chuile dhuine dá bhfuil ar bord 'n
seasamh a breathnughadh ar an sean chaisleán.
Sin é a bhoiscín draoidheacht' amuigh ag fear aca
agus samhail an chaisleáin tógtha aige le casadh
do shúile. Támuid ag druidim suas an loch
do réir a chéile; sin iad na crainn bheaga,
ghlasa, agus na cnuic ar thaoibh dhínn agus an
talamh réidh, comhthrom ar an thaoibh eile. Seo
sinn thar charraig ar taobh agus thar leachta
cloch aol-gheal ar thaoibh eile. Tá na néalta
ag dul i ndúbhchan beagán agus ag caitheamh a
sgáile anuas ar na cnocaibh agus ar na
gleanntaibh. Féach na hoileáiníní beaga
glasa sin i lár an locha. Nach áluinn an dath
atá ortha. Féach ar an mbratach dhearg sin
anonn ar t'aghaidh; carraig bháidhte eile atá ann
sin is dóighidhe; tá neart aca son loch seo.



Támuid ar aghaidh Uachtair Áird anois agus
sinn beagnach buailte istigh leis an talamh ar
an taobh eile de'n loch. D'aithneóchthá an té a
bheadh 'na sheasamh ar an mbruach, dá mbeadh
aithne agat air.



“An bhfuil tinneas fairrge ar aon duine,
ní' mé?” Ara céard sin agat dá rádh? Ar
ndóigh ní ar an bhfairrge atámuid acht ar an loch.
Féach duine de na bádadóiribh ag tomadh an
bhuicéid síos ins an uisge agus 'gá thabhairt
aníos lán agus ag ól sháith as. Is dóigh nach
mbeadh aon duine tinn ar fhíor uisge. Ar
chuma ar bith ní gádh dhó tart a bheith air mar tá
neart uisge timcheall air.



Anois támuid bailighthe thar Uachtar Ard.
Sin iad sléibhte móra Chonamara agus Mhuigheó
ar t-aghaidh agus dath dubh-ghorm ortha. Sin é
Anach Cuain ar thaoibh do láimhe deise, - an áit
a rinneadh an sléacht mór ar chan an Reachtaire
'na thaobh, nuair a deineadh:



“Lá breagh gréine gan gaoth, gan báisdeach,
lán a' bháid aca a sguabadh ar siubhal.”



Féach na seanfhothracha sin ann; sílim gur
mhaith liom cuairt a thabhairt ar an áit, acht —
Céard é seo a chloisim ar mo chúlaidh? “They
know Irish ma'am, but I think they don't
want it. What good is it to them when they
go to foreign countries?” “Sin canamhaint
Ghaedheal chomh cinnte is tá mé beo,” arsa mise
liom féin, acht éist! “I think myself Irish is
no good,” i gcanamhaint Ghallda anois. “True
for you, ma'am. They are tachin' it in the
schools now, but they are only wasting their
time learnin' it.” Thugas súl tharm go bhfeicinn
cé bhí ag caint agus ag caitheamh droch-mheas ar
an nGaedhilg. Bhíodar annsin, bean tuaithe
duine aca, agus is dóigh gurbh ar an margadh
i nGaillimh a bhí sí mar chonnaic mé ciseán le na
hais; agus bean ghalda an duine eile, agus
go deimhin bhí a cuma chomh gallda le n-a cuid
cainte.



Támuid ag dul thar Thulaí Uígh Chathain anois,
sin é an sean chaisleán thall. Tá an áit ag
féachaint a bheith go deas, acht, “is glas iad na
cnuic i bhfad uainn,” agus b'fhéidir gurb é sin
fhearacht ag an áit sin é. Tá an caiptín a
tabhairt gob an tsoithín isteach ar chéibh na
Coille Bige anois. Ní leas ainm ar an áit
é sin, mar tá coill bheag le feiceál ann. Níl
mórán moille orainn annseo, támuid a tabhairt
ár gcúl ar an gCoill Bhig aríst agus ár n-aghaidh
suas an loch. Tá na néalta á sgaipeadh acht
tá níos mó gaoithe ann ná bhí. Tá na cnuic mhóra
a féachaint níos comhgaraighe dhúinn anois, agus
tá an talamh ar gach taobh de'n loch níos áirde
beagán. Ar thaoibh na láimhe deise is mó tá
na crainn anois. Tá leoithne fuar gaoithe a'
teacht anuas ó na sléibhtibh acht támuid beagnach
ag deiridh ár dturais. Támuid a tarraingt ar
Chunga anois agus nach áluinn an radharc atá
agat le feiceál ar thaoibh na láimhe clí, agus
go deimhin ar 'chuile thaobh. Féach ar an cnuic
úd, sgáile dubh na néalta ar an gcuid is goire
dhuit; lonnradh na gréine ar an gCuid is fuide
uait, agus iad go léir a féachaint go háluinn.
Féach na guirt arbhair bhuidhe, na beidhthigh agus
na tighthe, ar thaoibh an tsléibhe. Féach ar an
ngleann údan thall anois agus an ghrian ag
lonnradh air; féach ar an gcnoc úd ar a chúlaibh
agus sgáile sgamaill duibh air. Nach áluinn,
áluinn, an radharc é!



Á, a Éire! Cé an t-iongnadh gur shanntuigh an
t-allmhurach thú ó thús? An bhfuil aon tír
eile fá luighe na gréine indiu a bhfuil radharc
mar sin le feiceáil innti? Ní chreidim go
bhfuil mar nach bhfuil aon tír eile fá luighe
na gréine mar Éirinn.



“Ó! is ceolmhar, áluinn, ársa,
Is seod i lár na sáile,
Is beodha, bláthmhar, breágh í,
An tír i n-ár tógadh mé!



Tá fir ghalánta láidre,
le fághail ins gach aon áit de.



Dá dtiocfaidh chuici námhaid,
Ba ghearr go leagfaidhe é!”



Faraor! Bhí fir ghalánta láidre le fághail
ariamh ins gach aon áit di, acht 'na dhiaidh sin
tháinig an námhaid agus níor leagadh é. Tá
sé go teann, teampánta san tír fós.



Céard a tháinig ar Éireannaighibh agus leigeann
dá dtír a dhul fá smacht an allmhuraigh ar dtús?
Cén smál a bhí ortha nár chaitheadar an
t-easaontas agus an cúigeachas ar leath-taoibh
agus seasamh guala le gualainn i n-aghaidh
námhaid a dtíre? Mallacht air mar chúigeachas!
Nach cuma cé an cúige ar b'as duine lá an
gháidh!



Támuid ag céibh Chunga fá dheireadh.



II.



Bhí carr nó dhó ar an gcéibh agus thóg cuid
de na Gaill seilbh ortha, shiubhail tuilleadh aca
leó an bóthar, agus sílim go raibh rothair ag
beirt nó triúr eile. Ní raibh mórán ama le bheith
againn i gCunga mór-mhór an mhuinntir a bhí
ag siubhal agus bhíos-sa ar dhuine aca san.
Shiubhalas liom go réidh, socair, 'réir mo choise.
Ní raibh baoghal ort a dhul amugha mar tá balla
mór Thighearna Árdoileáin ag dul, beagnach, ó
cheann na céibhe go dtí an baile. A ndeachas a
breathnughadh ar an gcaisleán mór agus ar an
áit iongantach atá ag an tighearna sin taobh
istigh de'n bhalla mór? Ní dheachas muis. Níor
bhfuaireas aon tsult ariamh a dhul a breathnughadh
ar a léitheid d'áit. Ní fhéadfainn innseacht cé
an fáth, munadh mar gheall ar ar chualas de
sgéaltaibh cráidhte i dtaoibh na dtíorthánach é,
nó mar gheall ar na smaointibh a ritheas fhríd
m'intinn nuair fheicim a léitheid d'áit, nó nuair
a chloisim daoine ag cainnt air; nach dhóibh-sean
is córa i n-áit sin acht do na Gaedhlibh. Is
cuma cé an fáth acht ní dheachas d'aon úim amháin
ariamh a breathnughadh ar a chaisleán nó gan a dhul.



Cá ndeachaidh mé mar sin? Tar éis dínnéar
beag a chaitheamh thugas m'aghaidh ar an tsean-
mhainistir.



Bhí an glas ar an ngeata agus níor fheadas
a dhul isteach. Chuadhas ar lorg na heochrach;
dubhradh liom go raibh sí ag an gcailín a bhí 'n-a
seasamh ag an ngeata mór. Chuadhas chuici agus
shíltheá ná raibh fonn mór ar bith uirthi a theacht
liom. Is dóighdhe gur cheap sí, nuair nach raibh
ann acht mé féin, go mb'fheárr a dhéanadh sí ag
geata mór Árdoileáin.



Tháinig sí liom, pé sgéal é, agus d'osgail sí
geata na mainistreach. Chuadh'mar isteach agus
shiubhaileas-sa thart timcheall, acht sin é ar
fhéadas a dhéanamh mar bhí orm siubhal ar ais
aríst go dtí an chéibh. Ní dhéanfad aon chur síos
an babhta seo ar an tsean mhainistir mar nár
chaitheas mo dhóthain ama ann le na feiceál i
gceart. Níor tháinig aon duine eile an fhad 's
bhí mé ann. Cé an fáth a dtiocfadh, nár Ghaill iad?
Nár chuma leo-san má bhí naoimh 'na gcomhnuidhe
san tsean mhainistir sin tamall, ná má
bhíodar curtha ann anois.



Thángamar amach, mé fein agus an cailín
beag, d'fhágas slán agus beannacht aici agus
thugas m'aghaidh ar an gcéibh aríst.



Is aisteach an baile beag é Cunga. Tá teach
shíos i bpoll agus teach eile shuas ar an árd.
Cheapthá gur b'amhlaidh a phléasg an talamh ó
chéile agus gur sloigeadh cuid de na tiththibh
síos ins na puill. Tá teach pobail beag deas
ann acht tá sé an-dorcha.



Bhíos ar ais ar an gcéibh i n-am go leor.
Chuadhamar chu seóil aríst agus bhíomar i
nGaillimh timchioll leathuair tar éis an hocht.



“Ar sheas an lá tirm?”



Rinne sé brádán beag báistighe nuair bhíomar
a teacht abhaile; sin an méid.



Úna Nic Fhualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services