An Mongánach, File.
Tá an oiread soin sgríobhtha le déidheanaighe
ar na filibh Gaedhealacha gur beag ná go bhfuil
sé ceadaithe dhamh-sa trácht a dhéanamh ar an
bhfile ordheirc so shuas. Cé gur i mBéarla do
shaothruigh sé ní fhágann sain ná go ndeaghaidh
mór chuid dá shaothar ar thaobh na Gaedhilge mar
d'fhóir sé ar a litridheacht a chraobhscaoileadh
i measc na ndaoine a bhí i n-ainbhios ar an
dteangain an tráth úd. I dtaobh a bhfuil d'fhilidh-
eacht as an nua againn uaidh féin a pór na
Gaedhilge a cumadh a lán di.
I mBaile Átha Cliath do rugadh an Mongánach
i n-áit dar b'ainm Fishamble Street. Um
Bealtaine i mbliadhain a hocht gcéad déag is a
trí 'seadh cuireadh i dtobar a bhaiste é. Bhí
beirt dearbhráthar aige; agus deirbhshiúr d'éag
i n-óige a saoghail. Toisg gan puinn de ghustal
a tsaoghail le maoidheamh as ag a athair do
b'éigin d'uncail an fhile óig an chlann mhac do
ghabháil fé n-a chúram. Um an dtaca soin, do
cuireadh ionad léighinn ar bun i n-athchomaireacht
dóibh. Athair naomhtha d'Órd Íosa dar b'ainm
dó Austin do chuaidh dá riaradh; is nuair a bhí
an Mongánach éirighthe suas do cuireadh ann é
ag foghlaim fé scáth an tsagairt sin, agus is
ann do chaith an chéad tréimhse dá scolaidheacht.
Ar fhuirinn mhúinte an ionaid seo do bhí duine
ainléigheannta dar b'ainm an tAthair Ó Gormáin
agus is leis sin do dhein sé tosach ag cur eolais
na Laidne, na Frainncise, na hIodáilise, agus na
Spáinnise. Do réir na tuairime is cruinne atá
fanta againn uaidh ní raibh sé i n-ainbhfios ar an
Ghaedhilg. Is léir soin ón scríbhinn gheibhtear
na dhiaidh, cé ná raibh an fhaghail chéadna ar eolas
na Gaedhilge an tráth úd i gcathair Bhaile Átha
Cliath agus indiu. Do bhítí ag éirighe neamh-
shuimeach n-a taobh. Níor óir sí, dar leó, acht
amháin ar an dtuathach aineolach. Chítear dhúinn
nár fhóir sí ar an sprid Ghaedhealach a chimeád ar
mairstin i gcroidhe na ndaoine uaithi féin. Is
d'fhág soin an Mongánach agus a chomh bhráithre
áis an Béarla dá tharrac chuca aca. Fiú indiu
féin tá filí óga ag aithris ar an nós soin. Pé
beag mór Gaedhilg bhí ag an Mongánach is
deimhin go ndeintí amhráin Gaedhilge do chur
go Béarla dhó agus go ndéanadh seisean a
n-athchasadh i bhfilidheacht Bhéarla. Ar na daoine
ba mhó do chabhruigh leis ar an gcuma so do bhí
Seán Ó Donnabháin, Eoin Ó Cabhraidhe, agus
Seán Ó Dálaigh. Do tharla dhó féin agus Petrie a
bheith go muinteardha le n-a chéile agus an
túisce do cuireadh cló ar an bpáipéir úd an
“Nation” do chuaidh an Mongánach n-a chabhair.
I measg a chomhsgríobhnóirí do bhí Tomás Dáibhis
agus Mac Uí Dhubhthaigh. Ós rud é ná fuilim
ar intinn trácht a dhéanamh sa bhfaithche seo ar
réim bheathadh an Mhongánaigh comhairlighim do
lucht léighte an Chlaidhimh an leabhar úd “The
Poets and Poetry of Munster” do léigheadh.
I mbrollach an leabhair sin tá tuairisc uaidh
féin ar a bheathaidh, agus 's breagh áluinn fíor-
shílis glan-intinneach an fhaoistin bheathadh é.
Mothuightear an dílseacht chéadna agus an rith
céadna n-a chuid filidheachta:—
I dteannta na ndaoine do chuaidh i gcabhair dó
agus atá luaidhte agam thuas san obair seo na
n-aistriughadh, ní hiongnadh an cháil atá amuigh
air de dheascaibh a dheiseacht atá aistriughadh
ortha so: “Duan Ní Eoghasa do Mhac Guidhir”;
“Cuimhne na n-Iarlaí”; “Machnamh an Duine
Dhoillgheasaigh”; — trácht ar chreachadh Mhainistir
Thighe Mholaga; — “A Bhean Fuair Faill ar an
Bheart”; “A Chinn Choradh”; “Uádhacht Chathair
Mhóir”; “Go réidh, a Bhean na dTrí mBó”;
agus an t-amhrán “Róisín Dubh.”
I dtaobh an méid aistrighthe atá oidhrighthe againn
uaidh a saothar filí na hochtmhadh aoise déag is
mó do sholáthuigh sé. Do b'eol dó a gcás.
Do 'fhíor dó an fáth do bhí leis an réim
filidheachta do thairngeadar chuca. Do toghadh
an aisling mar inneal filidheachta chun Clanna
Gaedheal na haoise úd do ghríosadh chun troda is
do anam na hÉireann do chimeád ó bhás. Do bhí a
chrochadh dá bhagairt ar an bhfile a thabharfadh
fé'n obair seo a dhéanamh ós árd, acht fé sgáth na
haislinge d'éirigh le na filibh an dlighe do
sheachaint agus a gcomh-Ghaedheala do spreagadh
chun neamh-spleadhachas a dhúthchais do bhaint
amach.
Tá Béarla déanta ag an Mongánach ar bhreis
is leath chéad amhrán de shaothar na bhfilí do mhair i
n-aimsir an léin is an bhráca soin. B'fhéidir
nár mhiste dhamh dul agus sgóip na haislinge
a chur síos annso maille le soluid de'n fhilidheacht
sain agus an t-athrughadh do dhein an Mongánach
uirthi.
Go moch ar maidin le labhairt na fuiseóige
gabhann an file amach, tá ualach n-a aigne aige
agus tocht n-a chroidhe. Áilneacht agus uireacht
an nádúir, binneas agus ceól na n-éan,
gluiseacht an duilleabhair, meallan siad chun
codlata é, agus na chodladh dhó chídheann sé
chuige an spéirbhean ba bhreaghtha agus ba dheise do
bhfeachthas fós ar an dtalamh so. Dá líomhtha
teanga atá aige teipeann air cur síos le cóir
ar a háilneacht agus a deiseacht. Gabhann
eagla agus urraim é. Sléachtann agus
cromann ar labhairt, fiagruigheann a sloinne,
a treabh, agus a tír. Is mór is iongnadh leis
ainnir mhodhmhail dá samhail do theacht n-a threo.
'Sé shaoileann sé go mb'fhéidir gur b'í Deirdre
nó Éileann, nó Aoibheall, nó Clíodhna na
Cairrge í, nó fós duine de na ban-déithibh ba
chionntach le hár nó le léirscrios éigin den
chinneadh daonna. Acht i lár na cainte, seo ar
teithe uaidh í, agus siúd an file ar a tóir síos
suas ar fuaid na Fódhla. Acht tagann a heolas
chuige sa deire. Éire bhí ann. Nochtann sí rún
a chroidhe dhó. Ba mhór le rádh í tráth dá raibh
sí. Ba mhór ag a cloinn í, acht fóiríor do
scaipeadh iad agus do cuireadh í féin chun fuachta
agus fáin. Tá an spéir ag glanadh ámh is is
gairid uaithe lá a fuascailte.
Cá bhfaighfí a sháthrughadh ar an gcaint so im'
dhiaidh: —
“Gile na gile do chonnairc-sa ar shlighe i n-uaigneas
Criostal an chriostail a gormrosc rinnuainne;
Binneas an bhinnis a friotal nár críonghruama;
Deirge is finne ag fionnadh 'na gríosghruadhnaibh.”
Seo giota n-ar ghairmtear Móirín Ní
Cuilleanáin uirthi: —
“Im aonar seal ag róduigheacht,
Cé sheólfaí im choinne lá
Acht an spéirbhean mhaiseach mhóirmhín
Is í Móirín Ní Chuilleanáin!
Ba réidh, ba ráthmhar,ró-ghroidhe,
ba chóir, cíortha, cliste, cáig;
A Chraobh-fholt cas mar ór buidhe
'Na dtóirsighibh go troighthe ag fás.”
As na hamhránaibh le filibh na hochtmhadh aoise
déag d'ar aistrigh sé, im' thuairim-se, buadhann
an déantús ar an amhrán so de chuid Eoghain
Ruaidh ortha go léir:
“Mo chás! mo chaoi! mo cheasna!
An fáth thug claoidhte i n-easbaidh
fáide, draoithe, sagairt
Dáimh agus cléir,
Gan dán dá ríomh le haiteas,
Gan ráidhte grinn dá n-aithris,
Gan sámh-chruit bhinn dá spreagadh,
I mbán bhróghaibh réidh;
Gach ráib d'fhuil Mhileadh ceannais,
Láidir, laochdha, tapa,
Ba ghnách rinnceach, reathach,
Lán-oilte ar faobhar
Gan stáit, gan mhaoin, gan fearann
Ár is míle measa
Ná Seán Ó Duibhir an Ghleanna
Fágtha gan ghreim.”
Seo mar a d'aithrigh sé é: —
Ní leogfadh cumhghas na slighe dham annso an
t-iomlán a chur síos.
Do tharla gur éirigh díospóireacht idir
Aindréis Mac Craith agus Seán Ó Tuama.
Fear tábhairne do b'eadh Seán; is ó tharluigheann
gur túisce glaodhach ná díol a lucht leanmhana
do cheap sé an t-amhrán gearánach so: —
“Is duine mé dhíolas leann lá
Is do chuireas mo bhuidhean chum rangcáis
Muna mbeadh duine
Im chuideachta dhíolfas
Mise bheidh shíos leis i n-antráth.”
Sid é aistrighadh an Mhongánaigh ar an
gceathramhain sin:
Do dhein Andréis a fhreagairt mar seo: —
“Is duine thú dhíolas steanncán
Buisinn gan bhrigh agus branndán
Is do chuireas do chuideachta
Ar uireasba cuimhne
Is a n-inchinn líonta de mheabhrán.”
Ar amhráin atá oidhrighthe as an nua uaidh
badh leasc liom ceann aca d'ainmniughadh thar a
chéile annso. B'fhiú do Ghaedhlaibh eolas na
filidheachta atá i ndántaibh an Mhongánaigh a chur.
Do dhein D.S. Ó Donnchadha a naith-eagair is
geobhfar a chuid filidheachta is gach a ghabhann léi
sa leabhar soin.
B'ait mar do chaith an file oirdheirc so sealad
dá shaoghal. Tamall dhá fé n-a shástacht agus
tamall dhó i ndealbhas agus greas óil is
ragairne idir dá linn aige. Agus tamall eile
ná faighfí a thásc ná a thuairisc is nár bh'fheasach
d'éinne a thriall, acht i ndeire an chuardaigh do
gheibhtí i bhfothrach iargcúldha agus é i n-anfaithe
an tsaothair ag gabhail dá sgíbhinn. Cé go
raibh dornlach carad aige i gcomhnaidhe ar a thóir
a bhronnfadh a dhóthain air, b'é b'fhearra leis
gabhail ar a sheana-nós féin. Acht an lá ba
mheasa bhí sé, bhí Dia is a Mhuire Mháthair n-a
chuimhne is n-a chroidhe aige. Sid é mar a
gheibhtear a thuairisc a scríbhinn duine dá
chairde féin: —
Go dtugaidh Dia solus na soillse dá anam.
Cáit Ní Dhonnchadha.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11