Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain

Title
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain
Author(s)
Ó Cathain, Giollabríghde,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain.



III.



(Beathaidheolas)



Tuigfear as an chunntas so ar an nGléas
Téadraigh riocht oibrighthe (sa cholainn) ár
ngnáithfheasa meanmnaigh ar fad. Éirigheann
céadfaidheacht éigin ins an intinn — ag tagairt
do'n cholainn; is ionann sin agus a rádh go
gcorruighthear *foircheann théideoge éigin (is cuma
téideog léargusach, mothálach, no téideog bhlais
rml.). Iomchuirthear an corrughadh so mar shaghas
srutha aibhlidheachta go dtí céid-chillín ins an
intinn. Bíonn athrughadh éigin ar a dhéanamh
annsoin — ní feasach caidé an saghas — acht
creidthear, agus is an-deallrathach an tuairim
í gur athrughadh CÉIMICEACH éigin é. An
corrughadh ceimiceach so ins na téid-chillíníbh,
'sé siúd riocht corpardha an chóimhfheasa; uair
ar bith go mbíonn aon aireachtáil nó gluaiseacht
meanman againn, tarluigheann chóimhchéimiceacht
áirithe fisiceach nó corpardha i gcóimhréir leis
agus i n-éinfheacht leis, .i. an t-athrughadh
céimiceach so i “ndéanmhus liath” na hinchinne.
Díreach nuair dúisighthear an t-athrughadh céimiceach
(i gcanamhain an chuirp) nó “nóimeat an chóimh-
fheasa” (i gcanamhain na hintinne) ar an láthair
cuirtear amach “fonnmhaireacht” a ritheann
siar thar gluais-théideog go dtí iosgán nó
iosgáin éigin, agus tagann gluaiseacht nó
gníomh éigin cuirp de bhárr. Uaireannta bíonn
an “fhonnmhaireacht” so fá riaghlughadh na
hintinne agus na tola. Cuir i gcás go
bhfaghann duine palltóg ó fhear eile i seomra.
Glacann fonn é ar an láthair an fear eile a
thachtadh; acht ní chromann chuige díreach ar áit
na mbonn. Iarrann sé air teacht amach ins
an ngarrdha mar a bhfuil slighe a ndóthain
dóibh, agus gabhann sé air annsin. B'í an
fonnmhaireacht freagarthach sa chás so (a) an
cosg a chuir sé air féin le tamaillín (b) agus
an athchuinge a rinne sé ar an bhfear eile an
ceist do réidhteach lasmuich. Uaireannta
bíonn cóimhfeas roimh an ngníomh freagarthach acht
cé gur tolughadh (VOLITIO) an gníomhughadh
so ní de lán-toil é. Má shaltarann duine
ar mo chois, tarraingim siar í im' aimhdheoin féin
nó gan toil leis mar adéarfá. Le labhairt go
beacht gníomh tola is eadh é seo acht toil gan
comhairliughadh. Tá an tríomhadh saghas gníomhachta
ann fós. Uaireannta téidheann an téad
chorrughadh úd ar an dtéideog mothalaigh go dtí
téad an dromlaigh; agus ní théidheann níos fuide
ar an aistear go dtí an inchinn — gabhann an
corrughadh nó an tiomáint seo ar leath-thaoibh
go gluais-téideoig éigin, ar chuma go dtagann
freagra ar an “stimulus” nó an corrughadh
tosaigh gan bacaint leis an inchinn. Nuair atá
cnámh an dromlaigh briste ar chuma nach bhfuil
aon chómhnaisg leis an inchinn, má cigiltear
bonn na coise tarraingthear suas í de gheit,
cé nach mothuigheann an duine tada, toisg an
leath íochtarach de bheith marbh; maidir le cóimh-
fheas, pé scéal é. 'Sé an t-ainm tugtar ar
gníomhacht de'n tsaghas so 'ná Gníomhughadh
Aithfhiar. Cloistear mórán tráchta ar an
gconnspóid so faoi láthair; agus luaidhfear
liom níos déidheannaighe san aiste seo an
bhrígh baintear as an rud so leis an mbuidhin
is nuaidhe d'fheallsamhnaibh an Oileáin Úir. Ní
dhéarfad tuilleadh 'n-a thaoibh annso acht amháin go
bhfuil sé de thuairim ag na healadhanthóiríbh
is mó eolas againn, go bhfuil mór-chuid de
ghníomhughadh an duine, ag teacht ins an roinn seo,
níos mó eolas againn 'ná fá mar ceapadh tá tamaillín
ó shoin; agus creidtear ag cuid aca, agus níl
aon deallramh go bhfuildid go mór amugha, gur
Gníomhughadh Aithfhiar (nó REFLEX ACTION)
de shaghas éigin gníomhughadh uile an duine.
(Ins an chás sin de, ní féidir an t-ainm a
choimeád de theorainn na roinne so againn thuas
caithfidhe a mhalairt de chur síos a thabhairt ar an
oibriughadh corpardha, toisg go mbéadh
gníomhughadh na hinchinne tugtha isteach sa cheist).



An chorrughadh so a ritheann ar an dtéideóig
mothálaigh isteach ag tógáil céadfaidheachta,
nó ar an ngluais-téideoig amach 'n-a trúig
gníomha, ní feasach go beacht a shaghas nó a
bhunadhas acht gur cosmhail ar slighe éigin leis an
aibhlidheacht é. Ní tugtar a mhalairt d'ainm
air fós acht “fuinneamh téideóigeach.” D'éirigh le
healadhantóiríbh áirithe luas an fhuinnimh a
thómhas, agus d'fhoghluim siúd de bhárr a
ghnáth-oibreacha go dtriallann thar na gluais-



* termination


L. 07


téideoga naoi dtroighthe sa móimeint (Hirsh,
Bacst 's Helmholz), agus ar na téideogaibh
mothálacha 140 troighthe sa móimeint (Rutherford
agus von Wittisch).



Iomthúsa reachta chorpardha na haigne an
fhaid so, máiseadh. Tá tusa ann, tá mise ann;
tá a lán eile ann mar sinne. I ndeireadh na
dála ní fuláir do chách a rádh: “Ní aithnighim
acht Mé féin.” Acht seachas an “Mé” is
aithnid do dhaoinibh eile. Eolas ar an “Mé”
atá uainn, acht mar réamh-obair ní fánach na
saothar é cóimhdhéanamh agus cóiriughadh an
“reachta chorpardha” so a sgrúdughadh; mar
ámhduighthear anois ar gach uile thaobh nach
mbíonn aon tsaghas teagmhais nó “tarluigheacht”
meanman againn gan teagmhas ionntsamhail
i riocht corpardha an “Mé” (nó physical
side) de'n Égo. Uaireannta mheasfá sagart
nó rí do réir a oifige, uaireannta eile mar
FHEAR. Tá buaidh neamh-earraidheachta ag an
bPápa, do réir na hEaglaise, mar Phápa;
acht tá sé mar aon duine eile sa ngnó céadna
mar fhear. Uaireannta tá orainn an “Mé”
a mheas mar “Mé,” (agus mar Ara nó subject),
uaireannta mar innleán mór beo, mar chorp.
Ní dhá nídhe fá leith iad, acht an rud céadna ar
a bhreathnughadh againn fá dhá riocht neamh-
chosamhla.



B'fhéidir nár misde cunntas éigin a thabhairt
ar chuid de na tearmaíbh so agam thuas. Ní
“tactual” mothálach: is ionann é agus “céad-
faidheach” (deudoig) acht is fuiriste mothálach
a rádh — rud gur chóir aire thabhairt dó ag
tóghadh téarmaí úra. Is fearr liom teangmhaim
ar an Laidin, “tango” (I touch), agus teang-
mhálach ar “tactualis.” Is an-deacair focal
maith a thoghadh ar “subject” nó “sujet” i
bhFrainncis. An friotal is tábhachtaighe i
bhfeallsamhnas na haoise seo is eadh é. I
bhfoclóir an Athar Uí Duinnín chímid “Ara” —
“the agent of an action, one given to a certain
line of action, as ara na bpóg, ara an óil.” Níor
bhféidir brígh a b'fhearr do chur ar “Subject”
'ná é siúd. Is é bun-bhrígh an fhocail an
gníomhaireacht — is ughdar nó “ara” na ngníomh
é, ní “cuspóir” na dteagmhas é acht ughdar
nó “Ara” na ngníomh.



(Tuilleadh)



GIOLLABRÍGHDE Ó CATHAIN

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services