Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh.



I rith seachtmhaine an Oireachtais do tionoladh
Dáil-Chomhairle de dhaoinibh ó nGaedhealtacht
chum slighe éigin a cheapadh a neartóchadh an
Ghaedhilg mar gnath-theanga ar fud na gceanntar
nGaedhealacha. Tá cuntas ar an Dáil-cómhairle
so, 's na puinntí a chuireadar os cómhair na
hÁrd-Fheise, le fághail i náit eile de'n pháipéar
so.



Do mholadar Cumann fé leith a chur ar bun,
a mbeadh ughdarás aca airgead a bhailiughadh
chun obair éigin d'fághail do Ghaedhilgeóiríbh a
bheárfadh slighe-bheathadh dhóibh i nÉirinn.



Níl amhras nach tabhachtach an cheist í so;
is minic minic a fiafruigheadh dhínn; “Cia
mhaith dhomsa nó do mo pháistíbh bheith ag cainnt
Gaedhilge? Ní chuirfidh sí greim in ar mbeál
nó pingin in ar bpócaibh. Is iomdha freagra a
d'fhéadfaidhe a thabhairt ar an gcainnt so, acht
má's iomdha féin; ní bhéidh an Gaedhilgeóir
sásta mar feidir taisbeáint dhó go mbéidh
rud éigin le fághail aige féin nó ag a na chlann
de bharr na Gaedhilge. Is deacair an cheist
d'fhuasgailt, agus fá láthair níl an t-slighe
ag Connradh na Gaedhilge oibreacha a chur ar
bun le slighe-maireachtan a thabhairt do
Ghaedhilgeóiríbh sa nGaedhealtacht nó i náit ar
bith eile. Agus maidir le Cumann a chur ar
bun le obair a sholáthar dóibh, sin rud, mar
a dubhairt Eoin Mac Néill, nár b'fhéidir don
Choiste Gnótha a dheanamh; tá a seacht-sáith idir
lámhaibh aca cheana. Acht ní hionann sin 's a
rádh nárbh féidir leis an gConnradh ar fud na
tíre, rud éigin a chur ar bun a thiubhrfadh slighe-
bheathadh do bhuachaillíbh 's do chailíníbh sa
nGaedhealtacht. Cheap an Dáil-Chomhairle Teach
Café Gaedhealach a chur ar bun i mBaile Átha
Cliath le tús a chur ar an obair; níl amhras
nach bhfuil a leithéid ag tastáil, acht ní mórán
Gaedhilgeóirí a gheobhfadh obair i gCafé. Dubhradh
chomh maith, go ndéanfadh se leas mór dá
gcuirfeadh stopadóirí fhios i nGaedhilge ar a
gcuid earraidhe; 's tugadh de cómhairle do
Chonnrathóiríbh 's go mór mór do thimthribh 's
do mhúinteóiríbh taistil, cabhrughadh le lucht
siopaí a n-earraidhe d'ordughadh i nGaedhilg.
'Sé ar mbarramhail go bhfuil níos mó ná a sáith
oibre ag timthiríbh 's ag muinteoiríbh taistil
cheana, gan bheith 'na gcléireacha ag lucht siopaí,
agus chomh réidh agus atá sé ag siopadóirí fá
láthair, cléireacha 's congantóirí d'fhághail a
bheadh i n-ann an gnó sin a dheanamh dhóibh.



Is fada sinn anois ag deanamh gleó, ag
iarraidh ar bhordaibh publidhe &rl, gan posta a
thabhairt d'aon-duine nach mbeadh Gaedhilge aige;
acht goidé 'n fáth nár cuireadh ar lucht na siopaí
an cleas céadna a dhéanamh? Ar aon duine
amháin a bheadh ag tastáil i mbord publidhe, bheadh
céad ag tastáil i siopaíbh, 's 'na dhiaidh sin,
níor chualamar gur chuireadh fiafraigh siar ar
lucht siopaí ariamh fós ar an gceist so. Tá go
léor siopadóirí 'na mbaill de'n Chonnradh, tá
cuid maith aca na n'oifigí ins na craobhachaibh,
agus gidh go bhfuair beagán dhíobh so cléireacha,
congantóirí 's prindíseacha a raibh Gaedhilg aca,
tá go leór léor dhíobh nach bhfuair 's nár fheach
leis. 'Nuair a thosaigh Connrathóirí ar dtús ag
deanamh iarracht ar phostaibh oscailt suas do
Ghaedhilgeóiríbh, bhí go leór litreacha ghá sgríobh
'a ghá seóladh i nGaedhilge; acht do réir deallraimh
níl a leath-oiread 'ghá dheanamh anois. Chualamar
tamall ó shoin go raibh siopadóirí áithridhe i
mBaile Átha Cliath ar tí Gaedhilgeóirí a bhí 'na
gcléireacha aca, a sgaoileadh chun bealaigh, mar nach
rabhadar ag fághail aon litreacha i nGaedhilg le
tamall! Nach deas an sgéal é sin? Má
cuirtear an Cumann ar bun — 's tá súil againn
go gcuirfear — is mór an obair atá amach rompa.
Ní gábhadh dóibh oibreacha a chur ar bun le
haghaidh slighe-bheathadh d'fhághail cheana. Má tá
Connraithóirí daríríbh, is gearr go mbéidh
Gaedhilgeóirí i n-oifigibh gach uile bhord
puiblidhe, i n-oifigibh gach uile Cómhaltas oibre —
bóithre-iarainn &rl. — i n-oifigibh posta; agus
i gach uile siopa beag 's mór, ar fud na tíre.
Tosuigheadh go maith ar an obair so tamall ó
shoin; acht chuaidh se go mór i gciúineas; bhí' fhédir
go raibhimíd, mar adéarfá, “ró-roimh-ré;” trí
no ceathair do bhliadhnta ó shoin ní raibh an oiread
Gaedhilgeóirí againn a bhí abalta ar phostaibh
den tseórt a thógáil 's atá anois.



Mar adubhramar thuas: tá súil againn go
gcuirfear an Cumann ar bun. B'fhearr
Cumann fé leith i ngach aon chúige. Cuir i gcás
d'fhéadfadh gach aon Chraobh 'sa gCúige ó beirt
go dtí ceathair nó cúigear — do réir a m-baill —
a cheapadh le bheith 'sa gCumann; thiocfaidís-sean
le chéile, 's cheapaidís an oiread so Cumainn
bheaga le haghaidh ceanntair áithridhe, agus
a d'oibreóchadh mar leagfadh an Mór-Chumann
amach dhóibh.



D'fhéadfaidhe tosaigh le siopadóiríbh atá i
bhfabhar nó i nainm a bheith i bhfabhar na Gaedhilge,
agus iarraidh orra geall a thabhairt, go ndéanfadh
siad iarracht ar Ghaedhilgeóir d'fhághail feasta
nuair a bheadh duine ag tastáil uaidh; agus
go ndéarfaidís sin in a bhfógraidhe 'sa
bpáipéar. Gach uile shiopadóir a bhéarfadh an
geall, a ainm a chur shíos, 's na hainmneacha go
léir a chur i gcló i bpáipéar an cheanntair.
Bíodh gach ball de'n Chumann san áirdeall;
's má ghníonn a leithéid so no siúd dearmad
ar a gheall, cuireadh an Cumann i n-úil dhó é;
dá ndúilltaigheadh sé a gheall a choimhlíonadh,
is iomdha slighe a bhéadh ag Cumann leis an
bhfeall a chur i gcéill dó. Níl amhras ar
bith nach gclisfeadh cuid aca, go díreach mar chlis
cuid de na bordaibh puiblidhe; acht dá leanfaidhe
do'n obair go dian dicheallach — acht a bheith deas
ciúin foighideach — go ceann cupla bliadhain
nó trí, támuid cinnte go mbeadh athrughadh ar an
sgéal. Mar adubhramar cheana, d'fhéadfaidhe
thosughadh le lucht na siopaí; annsin le oifigíbh na
mbord Puiblidhe, 's uatha so dtí oifigíbh na
mbóthar-iarainn 's na m-banc; agus oifigí
an Riaghaltais.



Dá mbeadh na Cumainn bheaga dháríríbh le na
gcuid oibre, bheidís ag comórtas le chéile cia
aca is mó a mbeadh obair le tabhairt aca,
'nuair a thiocfadh Mór-Chumann an Chúige i
gceann a chéile ag deireadh na ráite. D'fhéadfadh
Ard Chumann (an oiread so baill as gach Mór
Chumann) a theacht i gceann a chéile uair sa
mbliadhain, chum obair na gCumann go léir a
sgrúdughadh, 's féachaint le feabhas a chur ortha.



D'fhéadfaidhe obair na gCumann so a chur ar
aghaidh go deas, réidh, ciúin, socair; dá ciúine
dá mbeadh se bh'amhlaidh a bhfearr é. Ní bheadh
Gaedhilgeóir dá gcuirfidhe i n-oifig nó i siopa;
nach sgríobhfadh an oiread so litreacha, no nach
n-ordóchadh a chuid earraidhe i nGaedhilg;
do réir mar bheadh na litreacha so ag teacht,
bheadh tuilleadh cléireacha Gaedhealacha ag
tastáil; 's mar sin de, bheadh an obair ag
leathnughadh 's ag buanaghadh.



Is fada uainn a radh go bhfuigheadh an obair
so slighe bheathadh do gach uile Ghaedhilgeóir a
bhfuil se de dhíth air; acht támuid cinnte dearbhtha
go bhfuigheadh sé, i gceann tamaill, slighe-bheathadh
do shluagh mór aca.



Is cinnte nach mór dhúinn rud éigin a cheapadh
tá na sean-Ghaedhilgeóirí ag fágháil bháis, 's
tá na Gaedhilgeóirí óga ag imtheacht, ar thóir
slighe-bheathadh i dtíorthaibh eile, 's ní choinneóchaidh
caint 'sa mbaile iad.



Má tá slighe ar bith eile i n-aigne ar leigh-
theóirí a mheasann siad bheith níos fearr ná é so
leagtha amach thuas; nó feabhas ar bith le cur
air, béidhimíd an buidheach a mbarramhla d'fhághail,
's a chur i gcló sa g“Claidheamh.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services