Cúrsaí an tSaoghail
An tOireachtas.
Tá an tOireachtas ag teannadh linn, 's tá
fíor-chlainne Gaedheal ag reidhteach le bheith
i láthair. Tiocfaidh siad chugainn 'na dtáintibh
's 'na sluaightibh ó mhaghanaibh Chorcaighe, 's ó
shléibhtíbh 's ó ghleanntaibh Chiarraidhe; thart ó
bhun na gcnoc atá “ag bagairt a gcinn thar
dhruim a chéile.” Béidhid ag cruinniughadh
chugainn ó bhánta míne réidhe Thuath Mhumain 's
thart le Teamhair na Rígh; anuas ó shléibhtíbh
Dhúin na nGall 's ó Ghleanntaibh Aontroma.
Fá bhun na mbeann mór i gConnamara,
's le cois na fairrge thiar, tá “guth na
nGaedheal” ghá chlos go láidir ag réidhteach le
haghaidh an Oireachtais.
Anall treasta Sruth na Maoile as Albain;
as Sasana; aniar thar “dhromcladh na díleann”
as an Oileán Úr, tá clainne Gaedheal ag teacht
le congnadh 's cuidiughadh linn. Is mór an
tughdar bróid 's áthais, glionndair 's ríméid
do Chaitlín Ní hUallacháin go bhfuil a clann
féin ag tarraingt uirthi arís, le na cur sa
gcathaoir ríoghamhail ar feadh seachtmhaine; 's
gealladh dhi go mbeadh sí 'na naigne an chuid
eile de'n bhliadhain. Agus má tá aon Ghaedheal
sa tír nach raibh ag an Oireachtas fos, tagadh
sé 's chídhfidh sé radharc a chuirfeas aoibhneas-
chroidhe air go ceann bliadhna; mar béidh siamsa
na nGaedheal ann dháríribh.
Chidhfidh sé ann na sgealuidhthe na seanchuidhthe
's an rinnceoiri is fearr i nÉirinn; beidh dánta
chroidheamhla misneamhla le cloisint aige,
amhráin a bheas aerach binn, 's céol a thógfadh
a chroidhe.
Má tá aon duine in ar measg atá i n-amhras
fá chuspóiríbh an Chonnartha, nó gan eolas ar
sosgéal na nGaedheal, bíodh sé i láthair — béidh
míle fáilte roimhe — bíodh sé ag éisteacht leis
an gceól 's leis an gcainnt, bíodh sé ag féachaint
ar an rince 's gach siamsa dá mbéidh ann, 's
níl baoghal nach mbéidh sé dílis do chúis na
Gaedhilge as so amach. Mar chídhfeadh sé 'sa
nOireachtas toradh 's feabhas na h-oibre atá
'ghá dhéanamh; chídhfeadh sé an fuinneamh 's an
spreacadh, an croidhe 's an misneach atá ag
éirigh i measg na nGaedheal le linn an
Chonnartha.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11