Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An tOireachtas
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An tOireachtas. Tá an tOireachtas ag teannadh linn, 's tá fíor-chlainne Gaedheal ag reidhteach le bheith i láthair. Tiocfaidh siad chugainn 'na dtáintibh 's 'na sluaightibh ó mhaghanaibh Chorcaighe, 's ó shléibhtíbh 's ó ghleanntaibh Chiarraidhe; thart ó bhun na gcnoc atá “ag bagairt a gcinn thar dhruim a chéile.” Béidhid ag cruinniughadh chugainn ó bhánta míne réidhe Thuath Mhumain 's thart le Teamhair na Rígh; anuas ó shléibhtíbh Dhúin na nGall 's ó Ghleanntaibh Aontroma. Fá bhun na mbeann mór i gConnamara, 's le cois na fairrge thiar, tá “guth na nGaedheal” ghá chlos go láidir ag réidhteach le haghaidh an Oireachtais. Anall treasta Sruth na Maoile as Albain; as Sasana; aniar thar “dhromcladh na díleann” as an Oileán Úr, tá clainne Gaedheal ag teacht le congnadh 's cuidiughadh linn. Is mór an tughdar bróid 's áthais, glionndair 's ríméid do Chaitlín Ní hUallacháin go bhfuil a clann féin ag tarraingt uirthi arís, le na cur sa gcathaoir ríoghamhail ar feadh seachtmhaine; 's gealladh dhi go mbeadh sí 'na naigne an chuid eile de'n bhliadhain. Agus má tá aon Ghaedheal sa tír nach raibh ag an Oireachtas fos, tagadh sé 's chídhfidh sé radharc a chuirfeas aoibhneas- chroidhe air go ceann bliadhna; mar béidh siamsa na nGaedheal ann dháríribh. Chidhfidh sé ann na sgealuidhthe na seanchuidhthe 's an rinnceoiri is fearr i nÉirinn; beidh dánta chroidheamhla misneamhla le cloisint aige, amhráin a bheas aerach binn, 's céol a thógfadh a chroidhe. Má tá aon duine in ar measg atá i n-amhras fá chuspóiríbh an Chonnartha, nó gan eolas ar sosgéal na nGaedheal, bíodh sé i láthair — béidh míle fáilte roimhe — bíodh sé ag éisteacht leis an gceól 's leis an gcainnt, bíodh sé ag féachaint ar an rince 's gach siamsa dá mbéidh ann, 's níl baoghal nach mbéidh sé dílis do chúis na Gaedhilge as so amach. Mar chídhfeadh sé 'sa nOireachtas toradh 's feabhas na h-oibre atá 'ghá dhéanamh; chídhfeadh sé an fuinneamh 's an spreacadh, an croidhe 's an misneach atá ag éirigh i measg na nGaedheal le linn an Chonnartha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services