Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Na Muilne Cadáis

Title
Ó'n Domhan Thiar - Na Muilne Cadáis
Author(s)
Ó hEigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar.



Na Muilne Cadáis.



Tá na muilne seo i Sasana Nuadh i lán-
tsiubhal ó Luan so chuaidh thorainn. Bhí an
aimsir briste go mór ar a lucht oibre ó Samhain
agus is mór an chúis áthais dóibh go mbeidh
go gnóthach anois. Níl acht cuid de'n sgéal aca,
ámhthach mar gur ciorruighadh a dtuarastal
ar dhaoinibh ná raibh an tuarastal ró-throm
cheana aca. “Pé duine ólfaidh é Domhnall
a dhíolfaidh as.” Is cuma cionnus a thiocfar
as as an nganntanas atá gainn fé láthair, déanadh
an fear oibre a dhcíheall ar luighe fé'n machtnamh
ná bhéidh turastaal chomh hárd agus do bhí sul
ar dúnadh na spárain. Féach chomh deas agus
do tháinig lucht riartha na muilne seo chuige.
Sul ar bhuail an ghainneacht iad bhí éadach
cadáis níos daoire 'ná bhí sé riamh, geall leis
chomh daor le éadach olna. 'Seadh, tháinig an
ganntanas. Thuit luach an chadáis ar an margadh,
siúd agus ná raibh aon an-fhlúirse dhe ann.
Ghlaoidh na muilneoirí i ndáil a chéile coimhair-
leoirí na bhfear oibre. “'Seadh,” ars' iad, “is
oth linn a rádh go mbéidh orainn na muilne do
dhúnadh toisg an margaidh do bheith chomh dona,
acht má thoiligheann na daoine le ciorrughadh do
dhéanamh ar a dtuarastal b'fhéidir go ndéan-
famaois seift éigint ar obair do thabhairt
dóibh cuid de'n aimsir.”



“Bíodh 'n-a mhargadh,” arsa 'n dream eile.
B'fhearr leo an “leath-bhuilín.” Lean na muilne
ar an aimsir ghearr ar feadh tamaill. Ní
dhéanfadh sé an gnó tosnughadh ró luath. Ní
fhéadfadh an margadh fanamhaint socair,
ámhthach. Bhí glaodhach ar chadás. Ní raibh mórán
de ar an mhargadh. D'árduigh an lúach. Ba
chuma soin. Bhí an ghlaodhach ann. Chaithfidhe
tuilleadh de do dhéanamh. Siúd 'n-a lán-tsiubhal
na muilne. Chaith na daoine bocht géilleadh do'n
chiorrughadh, ámhthach, mar go rabhadar lag i
bpóca. Tá luach an cadáis ag éirghe. Acht
tá págh na bhfear ocht déag sa cheád níos lugha.
Mar seo 'seadh bhéidh sé ar fuaidh na tíre nuair
bheidh an droch-shaoghal imthighthe, acht beidh luach
na beatha chomh hard is do bhí sé riamh. Níl
dul as dó ag an bfear mbocht.



Taisbeánadh Gaedhealach.



Chuaidh cuid againn as so go Hartford
seachtmhain ó shoin, mar a raibh taisbeánadh
Gaedhealach ar siubhal fé riar roinn de Shean-
Órd na nÉireannach. Nuair shroiseamar an
hAlla ba dheas an radharc dúinn dá charbad
Ghaedhealach (side-cars) mar ar b'fhéidir do'n
té do dtaithneadh leis marcaidheacht fhágháil ar
chúig pingine. Bhí an halla ar áilneacht go
deimhin. Molaim an Coiste dá bharr. Bhí
deilbh caisleán ann agus parraidhe ag á dtais-
beáint ag gach ceann aca so. Bhí Caisleán na
Blárnan ann agus dar ndóigh an chloch
iongantach úd go bhfuil bhrígh an bhladair 'n-a
pógadh — “cúis gháire chugainn” — bhí fastúigh
fear agus ban ag á pógadh annsúd agus chúig
pinginne ar gach póg. Is dócha gur maith an
tslighe é chun airgid do dhéanamh, acht ní dóigh
liom-sa go méaduigheann sé cáil na céille
dhúinn. Rud eile do chonnacamar ann a b'eadh
píopaí go flúirseach a “deineadh i nÉirinn,“ (?)
agus muca beaga déanta as chréidh. Is an-
dheacair ar n-aigne do sgaradh ós na mucaibh
agus na píopaíbh. Bhí cárta ann agus cur síos
ann ar sheandacht bhrat na hÉireann. Deilbh an
bhrait ins an deichmhadh haois, do chonnacamair
an fógradh so sgríobhtha air. “Erin go bragh.”
Do ba olc an Ghaedhilg do bhí 'gá sgríobhadh san
aois úd, agus níor cheart dúinn litreacha de
mhalairt na litreacha do bhí i n-úsáid an uair sin
do ghlacadh chughainn. Ar eagla go ndéarfaidhe
gur galar goile atá ag gabháil dom, ní misde
dhom a rádh gurbh' ionmholta an iarracht í do'n
Choiste agus go raibh a lán nídh ann do thuill
moladh. Bhí píobaireacht ar áilneacht ann agus
rinnce dhá réir. “D'fhanfainn annso ag éisteacht
leis an gceol soin ar feadh seachtmhaine gan
bhainne gan bhiadh,” arsa Sean-duine liath taobh
liom, agus chreideas é, mar go raibh luisne
'n-a shúilibh do dheimhnigh é.



Cruinniughadh Gaedhealach i
mBridgeport.



Bhíos láithreach ag an gcruinniughadh do bhí ag
Cumann na Gaedhilge sa chathair úd i Stát
Connecticut ar an gceathramhadh lá fichead de
Bhealtaine. Níor mhór an cruinniughadh do bhí
ann acht munar mhór féin ní fhágann soin nach
bhfuil croidhe dílis ag an gCumann. Tá aithne
agam ar thacaibh an Chumainn le bliadhanta,
agus siúd agus nach sa Ghaedhealtacht do rugadh
iad badh bhreagh liom a shárughadh fheicsint le
duthracht. Níor cheart do Ghaedhealaibh na
cathrach mar a bhfuil an oiread aca ann gan
cabhrughadh leis na tacaibh úd. Do b'fhearr leo,
ámhthach, “crochtacht” a dteangan do cháineadh.



Ocras ar pháistíbh sgoile.



Tá cáil an ocrais ar pháistíbh sgoile an
domhain, acht atá sé ag dul chomh dian soin ar
na páistíbh sa taoibh thoir — mar a bhfuil na
daoine bochta — de Nuadh-Eabhrach, go bfuilthear
ag bailiughadh dhóibh. Deirtear ná faghaid a
ndóthain ag dul ar sgoil ar maidin dóibh agus
go mbíd ar an méid sin féin ar feadh an lae.
Táid ag tuitim leis an ocras agus gan aon
chabhair ag teacht ortha ó n-a muinntir toisg
ganntanais na hoibre. Do chorruigh croidhe
na cartannachta sa deireadh agus tá tighthe
anbhruithe ar bun i n-aice na sgol le haghaidh
na bpáistí mbocht. Is anróthach an saoghal aca é,
go bhfóiridh Dia ortha! Níl aer ná biadh le
fágháil aca ins na tighthibh seo cumhanga úd. Is
deacair a rádh go mbeidh siad buan.



Pádraig Ó hEigeartaigh.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services