Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Cúl na Beinne

Title
Guth na mBárd - Cúl na Beinne
Author(s)
Ó Longáin, Seaghán,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Cúl na Beinne.



Dhá mbéithinn féin i Mám a' Gháir,
Dubhach is páipéar a bheith agam ann,
Badh dheas a sgríobhfainn i ndubh is 'mbán,
An moladh áluinn a bhí ar an ngleann;
Gur'b é d'iarrfainn d'impidhe ar Rígh na
nGrásta,
Inntleacht Hómair a bheith in mo cheann,
Is gur le n-a maitheas badh mhian liom trácht air,
Acht fairíor géar! go bhfuil m' inntleacht
fann.



'Sé dubhairt fear as Acaill liom, “ná bíodh
ort buaidhreadh.
Ná bí ag gol is ag éagcaoin i ndiaidh Cúl
na Beinn'!
Bhéarfad bean duit is dhá chéad bó léithi,
Is acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn;
Badh is eangacha is bíom i n-éinfheacht,
Is beiream éadáil isteach ó'n tuinn,
Is sílim féin gur fearr an méid sin,
'Ná bheith ag gol nó ag éagcaoin i ndiaidh
Cúl na Beinn'.



Dhá dtiubhrthá bean is dhá chéad bó dhom,
Acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn,
A bhfuil de bháid is d'eangacha ar feadh Chrích'
Fódla,
Saidhbhreas Sheoirse is fághaim é cruinn;
B'fhearr liom acra de'n bhogach bháidhte,
Atá idir an Máimín is Inse an Draighin,
Cead rinnce le cailínibh lá saoire is Domhnaigh,
Ag ceanntar na mbóithre úd Cúl na
Beinn'.



Dá mbeadh a fhios ag na cruaidh-fhir atá ar
thaobh Ghleann Néifin,
Go bhfuil mise in m' éanrachán is 'mo luighe
go tinn,
Thiocfadh gan spás ar bith faoi mo dhéin-sa,
Le eachraidhe gléigeal is cóiste cinn;
Gléasfaidhe bainfheis, fleadh, 's féasta,
Siams' is pléisiúr is togha gach ceoil,
Bheadh dhá chéad fear aca ar meisge i n-éinfheacht,
Ag teach Tom Daly i gCúl na Beinn'.



Tá litir sgríobhtha agam anois faoi shéaladh,
A chuirfeas mé i mbárach go Cúl na Beinn',
Go bhfuil mé 'mo luighe le tuilleadh is ráithe,
Buadhartha cráidhte le tinneas cinn;
Acht mara bhfágaidh mé fóirthin ó Rígh na
nGrásta,
Is bheith in mo shláinte aríst mar is cóir,
Gléastar tuamba is comhra clár dhom,
Go síntear i mbárach mé ag bun Shléibh' Mhóir.



Tá na coillte dlúth' ann ar thaoibh Ghleann
Néifin,
Is an duilleabhar craebh-ghlas ag sileadh síos,
Tá an chuach 's an trághna ar bharra na gcraebh
ann,
Ag seinnm go héadtrom gach lá is oidhche;
Tá daoine uaisle ar bharr an tsléibhe ann,
Ag déanamh éirligh ar chearca fraoich,
Tá an bradán bruinngheal ag tidheacht ó'n sáile
ann,
Ag fearadh Éireann le fágháil gan pighinn.



Tá an loch is sáimhe ann dá bhfuil i nÉirinn,
Tá na báid ag éirghe air ó thuinn go tuinn,
Cá bhfuil an té do chleachtuigh é, is atá anois
dhá thréigean?
Nach beag an t-iongnadh dhó a chroidhe a bheith
tinn?
Acht má's é an chúrsa do gheall Dia dhom-sa
Gur le méad mo chumhaidh do liath mo cheann,
Mo chúig chéad slán leat, a Bhoth 'a Dúin,
Is do na coillte dlúth' údaigh Cúl na Beinn'!



Ní cháinfeadh Acaill cé gur maith liom 'fhágáil,
Ba mhaith an áit é ag strainséirí,
Bhí biadh is leabaidh ann 's míle fáilte,
Is comhrádh geanamhail ann ag fear is ag
mnaoi;
Acht mar an t-iasg a thigeas le nádúr,
I n-éis a dháta chaitheamh amuigh faoi'n tuinn,
'Sé fhearacht agam-sa é dhá bhfághainn ann pálás,
Go mbuadh fearr liom árus beag i gCúl na
Beinn'!



An té shiubhail Sasana is páirt d'Éire,
Shiubhail sé an Ghréag is an Ghearmáin,
Chuaidh go hAlbain gur chaith sé téarma ann,
As sin do'n Fhrainnc is aríst do'n Spáinn;
Do rinne sé seanchus, dar liom, nár bhréag é,
Gur shiubhail sé Éire faoi dhó gan roinn,
Is gurab é 'bhfaca sé de shiams' san méid sin,
Malaí Fheidhlim bhí i gCúl na Beinn'!



Seo amhrán a bhfuil meas mór air i
n-Acaill agus ar fud Conndae Mhuigheo. Chum
Peadar Mhac Siúrtáin é nuair a bhí sé ar a
theicheadh, cúig bliadhna agus trí fichid ó shoin.
Tá Cúl na Beinne seacht míle siar ó Chrois Uí
Mhaoilfhíona. Bhí coill dlúth ann an t-am údaigh.
Deirtear go dtiocfadh le duine siubhal ar
ghéagaibh ó chrann go crann. Tá an Beann ar
thaoibh Chnuic Néifin, agus tá teach Tom Daly le
feiceál ann go fóill. Rugadh an Siúrtánach ins
an gceanntar. Fear tréan tír-ghrádhach bhí ann.



Seaghán Ó Longáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services