Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mise agus Pilib a' Chleite

Title
Mise agus Pilib a' Chleite
Author(s)
Beirt Fhear,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mise agus Pilib a' Chleite.



Bhí an oidhche ann agus mise is Pilib a'
Chleite ag teacht a bhaile ó'n Óghmaigh. Bhí sé
ag cur sheaca go tiugh, acht má bhí féin ní raibh
aon fhuacht orainne. Bhí gal na traeneach ag
dul fé'n tsuidheachán a bhí fúinn agus brat
ceoidh ó'n dteas ar an dtaobh istigh de'n
fhuinneoig. Arsa Pilib: “Chuir caitheadh an
tobac sgéal an Mhóid i leath-taoibh orainn.
Badh mhaith liom 'fhios a bheith agam an mór an
deifiridheacht atá idir Gaedhilg na hAlban
agus an Ghaedhilg atá againn féin.”



“Níl leath an oiread agus tá idir Bhéarla
na hAlban agus Béarla na hÉireann.”



“A' ndeireann tú é!”



“Deirim gan amhras. Aon teanga amháin
atá i n-úsáid ag na Gaedheal thall 's i bhfus;
agus dhá mbeadh tathuighe aca ar a chéile is
gairid go mbeadh 'fhios aca féin gur mar sin
atá. Táid deighilte ó n-a chéile le trí chéad
bliadhan agus is beag an iongnadh gur tháinig
atharrughadh mór ar chainnt na ndaoine ó shin i
leith, agus ní mar a chéile d'fhás an t-atarru-
ghadh soin ar an dhá thaobh de Shruth na Maoile.
Tá cor-fhocail agus coraí cainte agus téarmaí
againne ná fuil aca-san agus tá a lán díobh
so aca thall agus gan iad againne acht ins na
sean-leabhraibh.”



“Cogar,” arsa Pilib, “nár mhaith an sgéal
é dá bhféadfaidhe na focail úd agus na
téarmaí úd a chur i n-úsáid aríst?”



“Badh ró-mhaith an sgéal é, agus go mór-
mhór anois nuair atá iachall orainn focail ar
iasacht a tharrac isteach. Má is rud é go
bhfuil focail agus téarmaí ag teastáil uainn
'sé badh chóra dhúinn a dhéanamh 'ná na focail ata
i gcainnt na ndaoine a bhailiughadh chughainn
ar dtúis, agus dá mbeidís siúd bailighthe
againn is ró-bheag a bheadh i n-easnamh orainn.”



“Ar thuigeabhair a chéile thall tú féin agus
Gaedhil na hAlban?”



“Thuigeamair go maith acht amháin cor-fhocal
annso agus annsúd; agus féach, dá mbeimís
i bhfochair a chéile ar feadh seachtmhaine, is ró-
bheag de mhearbhall a chuirfeadh na cor-fhocail
úd féin orainn.



“Chím go raibh féill nó aonach aca thall i
nGlaschú an lá fé dheire chun airgid a bhail-
iughadh do'n Chomunn Ghaidhealach; agus má is
fíor na páipéir d'éirigh go rígh-mhaith leo.”



“Chualas-sa féin go bhfuaireadar os
cionn £8,000; nídh nach iongnadh, mar ná raibh
duine d'uaislibh na hAlban ó Mhac Callain
Mór féin anuas, gan bheith ag cuidiughadh leo.
Ní mar a chéile iad súd agus na huaisle atá
againne annso i nÉirinn; is beag duine aca
ná fuil go nimhneach i n-aghaidh na Gaedhilge.
Agus féach cad a bhfuil dá bharr aca acht an
aindeise. Dá mb'áil leo gabháil le hÉirinn
fad ó ní bheidís anois mar atáid ag iarraidh
déarca, agus ag athchuinighe ar Sheán Bhuidhe
iad a chosaint ó fheirg na ndaoine do chreach-
adar nuair ná raibh ceart ná dlighe ar thaobh
an bhochtáin.



“'Sé cheapaim ná fuilir-se sásta le haon
dream annso?”



“Nílim acht chomh beag. Cuid aca agus
súil aca le cabhair anall ó Shasana, cuid eile
ag féachaint siar go hAmeiricá agus mór-
chuid aca mar a bheadh Tadhg an dá Thaobh. Is
beag a' bhfuil duine sa chéad adeireann in'
aigne féin: déanfad-sa mo dhícheall chun
feabhas a chur ar mo thír féin agus gan beann
agam ar cad deir Seán Buidhe ná cad is
dóigh le Jonathan Meigeallach.



Beirt Fhear.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services