Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Luibh-Eolas

Title
Luibh-Eolas
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Luibh-Eolas



Is iomdha rud i ndálaibh na tíre seo,
go bhfuil an teibirse air fós i n-in-
deoin ar gcúil-fhiacal. Tá ag éirghe
linn ar shlighthibh áirithe, acht ní beag de
sheódh a bhfuil gan déanamh ná fiú
amháin beartuighthe san imtheacht so i
dtreo na Gaedhilge. Ó's rud é gur
leis an nGaedhilg a bhainid súd, ar
Chonnradh na Gaedhilge do théidheann
sé soláthar 'n-a gcomhair. Ní dhéan-
fad-sa tagairt annso acht do cheann
amháin aca.



Do b'iongantach an méad eolais a
bhí ag ar sinnsearaibh ar luibheannaibh.
Ní raibh cineál luibhe ná plannda ag
fás ná bíodh ainm fé leith air, is fios
a cháilidheachta aca. Is ró-bhaoghal
liom go bhfuil an sean-eolas so ag
glan-imtheacht uainn mara bhfuil dhultha
i ndísc cheana féin. Tá Gaedhilgeoirí
maithe ann fé láthair — muinntir an
úird nua — is ní aithneochaidís an
slán-lus thar an misimín, na billeoga
spuinc thar cais-tsearbhán. Nach mithidh
dúinn seift éigin a dhéanamh chun an
chneadh so a leigheas? Níor mhiste
liom go ndéanfadh scríbhneoirí AN
CHLAIDHEAMH SOLUIS an cheist seo a
phléidhe.



Acht cionnus a leighisfear an cás?
Is beag an mhaith a bheith ag iarraidh
“liostaí” Gaedhilge is Béarla. Na
daoine go bhfuil ainmneacha Gaedhilge
aca ar phlanndaíbh is minice na bíonn
ainmneacha Béarla aca.



Is minic nach í an ainm chéadna a
bhíonn ar luibh i ngach áit i nGaedhilg
ná i mBéarla. Ní hannamh go malar-
tuighthear “cowslip” is “primrose”
agus “sobhrann” is “béal na bó.”
Níl aon ainm deimhnitheach acht amháin
an ainm “oifigeamhail” Laidne a
chuirid lucht an luibh-eolais ortha.



Ní ag gach éinne, i measc muinntir
na Gaedhilge féin, a bhíonn an t-an-
eolas ar ainmneachaibh luibheann. Is
fánach duine anois d'fhéadfadh dul i
bhfad san eolas úd.



Is dóigh liom féin gurab é rud badh
cheart a dhéanamh 'ná na daoine go
bhfuil an t-eolas aca do lorg; iad a
bhreith amach fé'n bpáirc; duilleog nó
gas luibhe do stothadh; fios a hianme
is a cáilidheachta do chur; an cunntas
soin a scríobhadh i nGaedhilg ar bhlúire
pháipéir; an duilleog nó an gas a
cheangal do'n pháipéar agus iad ar
aon a chur i leath-taoibh go mbeadh
cnuasach maith aca déanta.



Dá mbeadh saghas luibhlann ag Conn-
radh na Gaedhilge fé chúram dhuine
éigin oilte ar luibh-eolas na hÉireann,
d'fhéadfaidhe na somplaí go léir a
chur ag triall air siúd, is do b'fhéidir
leis na hinmneacha Laidne a thabhairt
ortha. Do b'fhéidir leis sin “liosta”
cruinn ceart a chur i gcló, agus pic-
tiúirí i n-a dteannta.



Tá gábhadh mór le hobair éigin de'n
tsórd so, go háirithe i gcomhair leanbhaí
scoile. Ní fheicim-se aon chuma, chun
an t-eolas a bhailiughadh go beacht, do
b'fhearr 'ná an chuma atá luaidhte
agam thuas; acht badh mhaith liom
tuairim daoine eile d'fhágháil.



Tá “luibhleabhrán” an Athar Éamonn
Ó hÓgáin go maith; acht ní Gaedhilg
is Béarla atá uainn. Gaedhilg is
planndaí a theastuigheann uainn, nó
Gaedhilg is pictiúirí, ar maithe leis an
aos óg.



Tórna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services