Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Chéad Bliadhain Deireannach, agus, a Ghrádh, nach fada an suan é?

Title
Dhá Chéad Bliadhain Deireannach, agus, a Ghrádh, nach fada an suan é?
Author(s)
Mhag Ruaidhrí, Mícheál,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dhá Chéad Bliadhain Deir-
eannach, agus, a Ghrádh, nach
fada an suan é?



Tá an giolla Singe fá shuain le dhá
chéad bliadhain, agus, mo dhuine bhocht!
nuair a dhúisigh sé, shíl an créatúr nach
raibh sé acht timcheall uair i n-a
chodladh. An fhaid is bhí sé fá'n suan
sin, cuireadh i n-umhail dó, tríd a in-
tinn, gníomhartha dhearg-sgannalacha a
bhí námhaid modhamhlachta agus mánlachta
Críostaidhthe na hÉireann a chur i
bhfeidhm. An tráth cuireadh an giolla
so fa draoidheacht, bhí dream i nÉirinn
agus bhíodar chomh baoghalach do chlú agus do
cháil Clainne Gaedheal agus a bheith faol-
chú i measg sealbháin caorach. Bhí
cineál páipéir nuaidheachta ag an
dream so, agus bhí siad ag seoladh an
pháipéir seo thart amuigh. Bhí an
páipéar so líonta le pictiúiríbh, agus, a
ghrádh, meas tú go cé raibh siad ag
dul i gcosamhlacht leis? Bhí, a dhear-
bhráthair mo chroidhe, íomhaighe na nÉir-
eannach ins an bpáipéar le cur i
n-umhail do mhuinntir na ríoghacht
eile an cineál daoine a bhí in muinn-
tir na hÉireann. In duilleoig bhí
lánamhain, agus tuagh i lámh an fhir agus i
láimh na mná sgian mhór fhada. In
duilleoig eile d'fheicfeá fear agus greim
aige ar a pháiste féin ghá thachtughadh,
nó b'fhéidir ag tabhairt dúnmharbhadh
air. I n-áit eile ar an bpáipéar bhíodh
meitheal ag sgeannadh a chéile, agus dhá
léir mar sin.



Anois, a Ghaedhilgeoirí, thárla a
leithéid seo ar na páipéaraibh a bhí fá
stiúradh ag lucht dúnmhacánta Clainne
Gaedheal, agus sin é an barr cáileachta
a tugadh do Chríostaidhtibh na hÉir-
eann an tráth a bhíodar i n-ísle bhríghe agus
ins an Dubh-Ghaill ar a muineál. Chuir
siad na gníomhartha sin i mbriathraibh i
gcló le cur i n-umhail do na daoinibh
ins na ríoghachtaibh eile go raibh Clainne
Gaedheal gan cum ná ordughadh, gan
Críostamhlacht ná mánlacht, agus gur
theastuigh uatha sin go géar bualadh
eadáin a thabhairt dóibh i riocht go
ndéanfaidhe daoine macánta dhíobh.
Sgríobhadh é sin le láimh námhad fíor-
Ghallda baoghalaidhe diabhalta do thír
agus do cháilidheacht muinntire na tíre.
Níor thárla na gníomhartha ariamh i
measg Clainne Gaedheal, agus dearbhuigh-
eann so gur dearg-bhréag a leitheid
sin.



Shíl an giolla Singe gur ins an
tráth sin a bhí sé 'maireachtáil i gcomh-
naidhe. Tar éis éirghe as a shuan, agus
na sreama a ghlanadh dá shúilibh, shuidh
sé ar a sháimhín sógh agus thoisigh sé ag
sgríobhadh dráma le modhamhlacht mac-
ántacht agus mánlacht ban Conntae
Mhuigeo a chur i mbriathraibh Gall-
canta agus a ngníomhartha a theasbáint i
gceann an mbriathra ar áilléar neamh-
náisiúnta i n-Amharclainn na Mainis-
treach i gCathair na nGall-Teorann.
Má léargus do na Gaedhil, is cóir
dom a rádh go ndeachaidh mé leis an
dráma fheiceál, agus míneochaidh mé
beagán de na gníomharthaibh a chonnaic
mé agus na briathra a chuala mé. Tá sé
ráidhte ag Singe gurab é
bealach muinntire Chonntae Mhuigheo
fá láthair é agus baineann dearg-sgannal
an dráma le Clannaibh Gaedheal i
gceithre áirdíbh na hÉireann.



Tá romhainn ar an áilléar teach
ósta. Tá an fear ósta, agus a inghean
annsin. Tigeann suarachán isteach agus
níl oiread éadaigh air agus a dhéanfadh
fear bréige lá foghmhair. Siubhlann
sé go dtí an teine ag lúbarnaighil.
Tá cuma fhiadháin air. Fiafruigheann
an fear ósta dhe cia an t-ádhbhar go
bhfuil sé chomh sgannruighthe sin. Inn-
seann sé sgéal gur mharbhuigh sé a
athair le buille de láighe agus go raibh
faitchíos air roimh an dlighe. “Ní
baoghal duit annso,” arsa fear an
tighe, agus tháinig Peigín, a inghean, chuige
le corn blaithche agus gabhtha aráin. Chuir
fear an tighe aimsir air le fanacht
aige ag glanadh na gcorcán agus ag
sguabadh an urláir. Bhí fear an tighe
ag dul go dtí tórramh, agus bhí bród an
tsaoghail air an dúnmharbhthóir seo agus a
inghean fágáil i gcomhluadar go dtí
lá leo féin. Níorbh' fhada go dtáinig
baintreabhach isteach, agus d'innis sé an
sgéal dhi an chaoi ar mharbhuigh sé a
athair. Thug sise moladh dhó agus dubhairt
sí gur mharbh sise a fear féin. Shíl
Peigín go raibh an baintreabhach ag
éirghe an-mhór leis, agus d'órduigh sí do'n
bhaintreabhaigh a dhul a bhaile. Thoisigh
an bheirt aca annsin ag maslughadh a
chéile le cainnt mí-náirigh, ag troid
ar son an dúnmharbhthóra, gach éinne
aca ag iarraidh é a bheith aici féin.
Tháinig triúr cailíní óga timcheall ocht
mbliadhian déag d'aois isteach le
tabhartas chuig an dúnmharbhthóir, mar
bhronntanas onórach ar son a ghaisge i
dtaoibh a athar a mharbhughadh. Tháinig
an t-athair a bhaile ar maidin agus é ar
meisge. Dubhairt Peigín leis nach
bpósfadh sí éinne acht an fear so a
mharbhuigh a athair. D'árduigh athair
Peigín a lámh ag tabhairt a bheannachta
dá inghin le n-a ceangal le dúnmharbh-
thóir agus é a beith mar chliamhain aige.



Tá gníomhartha níos measa ins an
dráma, acht níl achar agam a mín-
iughadh. Iarraim anois ar mhuinntir
Chonntae Mhuigeo agus ar Ghaedhil na
hÉireann arbh' iad gníomhartha agus
briathra cailíní agus buachaillí na háite
sin fá láthair, agus iarraim 'bhfuil buach-
aill nó cailín a shíolruigheadh ó dhaosg-
ar-shluagh brosgáin Shasana i nÉirinn
a bheith cionntach i n-a leitheid de chor
agus tá ráidhte ag Singe?



Mise



Mícheál Mhag Ruaidhrí,
(“Méarthóg Ghoill”), fíor-Ghaedheal as
Conntae Mhuigeo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services