Íosagán.
Bhí sean-Mhaitias i n-a shuidhe le
hais a dhorais. An té gheobhadh an
bealach, shílfeadh sé gur dealbh chloiche
nó mharmair a bhí ann — sin nó duine
marbh — mar ní chreidfeadh sé go
bhféadfadh fear beo fanacht chomh
socair sin. Bhí a cheann cromtha aige
is cluas air ag éisteacht. Is iomdha
fuaim cheolmhar bhí le cloisteál, an té
bheadh áird aca ortha. Chuala sean-
Mhaitias sgréach an chuirr éisg ó'n
dúirling, is géimneadh na mbó ó'n
mbuaile, is geal-gháire na bpáistí ó'n
bhfaithche. Acht ní le ceachtar aca so
bhí sé ag éisteacht chomh aireach sin —
cé gur bhinn leis iad go léir — acht le
glór glé glinn cluig an Aifrinn a
tháinig chuige le gaoith aniar i gciúin-
eadas na maidne.
Bhí na daoine ar fad bailighthe leo
chum an Aifrinn. Chonnaic sean-
Mhaitias ag gabháil thairis iad, i n-a
nduine 's i n-a nduine nó i n-a mion-
sgataibh. Bhí na buachaillí ag rith 's
ag léimnigh. Bhí na cailíní ag siosgadh
cainnte go meidhreach. Bhí na mná
ag comhrádh os íseal. Bhí na fir i n-a
dtost. Mar sin thriallaidís an
bóthar gach Domhnach. Mar sin
shuidheadh sean-Mhaitias ar a chathaoir
ag breathnughadh ortha nó go dtéidhidís
as amharc. Thriall siad thairis an
mhaidin áirithe seo mar ba ghnáth.
D'fhan an sean-fhear ag féachaint
ortha go dtí go raibh críoch leis an
ngleo is leis an bhfothram, go dtí
gur ghlan an sgata deireannach
barr árdáin na cille, go dtí nach
raibh le feiceál acht bóthar fada
díreach ag síneadh amach is é bán, go
dtí nach raibh fágtha ar an mbaile acht
corr-shean-duine i n-a leabaidh, na
páistí ag cleasaidheacht ar an bhfaithche,
is é féin i n-a shuidhe le hais a dhorais.
Ní théidheadh sean-Mhaitias chuig
teach an phobail. Níor éist sé “an
tAifreann binn” le tuilleadh is trí
sgór bliadhian. Bhí sé i n-a ógánach
luath láidir an uair dheireannach a
choisrigh sé é féin i láthair an phobail,
is anois bhí sé i n-a shean-fhear chríon
chaithte, a chuid gruaige liath-bhán, ruic
i n-a éadan agus a shlinneáin cromtha.
Níor fheac sé a ghlún i bhfiadhnaise
Dé ar feadh na dtrí sgór bliadhain
sin; níor chuir sé paidir chum a
Chruithuightheora; níor ghabh sé buidheachas
le n-a Shlánuightheoir. Fear leis féin
a b'eadh sean-Mhaitias.
Ní raibh a fhios ag éinne go cé an
fáth nach dtéidheadh sé ar Aifreann.
Dubhairt daoine nár chreid sé go
raibh aon Dia ann. Dubhairt daoine
eile go ndearna sé peacadh uathbhásach
éigin i dtús a óige, is nuair nach
dtiubhradh an sagart absolóid dó ar
faoistin, go dtáinig cuthach feirge air
gur mhionnuigh sé nach dtaobhóchadh sé
sagart ná séipéal le n-a bheo arís.
Dubhairt daoine eile — acht ní deirtí
é seo acht i gcogar cois teineadh
nuair bhíodh na sean-daoine ag seanchus
leo féin tar éis dul a chodladh do na
páistíbh — dubhairt daoine eile gur
dhíol sé a anam le Fear Mór áirithe a
casadh dhó uair ar mhullach Chnuic an
Daimh is nach leigfeadh an té seo dhó
an tAifreann a chleachtadh. Níl a
fhios agam cia aca fírinneach nó
bréagach na sgéalta so, acht tá a fhios
agam nach facthas sean-Mhaitias ar
Aifreann Dé le cuimhne cinn an duine
ba shine ar an mbaile. Dubhairt Colm
O Niadh, a fuair bás cúpla bliadhain
roimhe seo, i n-aois a chéad bliadhain,
go bhfaca sé féin ann é nuair bhí sé i
n-a stócach.
Ná síltear gur droch-dhuine sean-
Mhaitias. Bhí sé i n-a fhear chomh
macánta, chomh simplidhe, chomh nádúrtha
is a casfaidhe ort i do shiubhal lae.
Níor cluineadh as a bhéal riamh acht an
deagh-fhocal. Ní raibh dúil aige i n-ól
ná i gcómhluadar, i n-ór ná i maoin. Bhí
sé bocht, acht is minic thugadh sé uaidh
do dhaoinibh ba bhoichte 'ná é. Bhí truagh
aige do'n easlán is taise aige do'n
truaghán. Bhí meas ag fearaibh air.
Bhí báidh ag mnáibh, ag páistíbh, is ag
ainmhidhthibh leis. Agus bhí báidh aige-
sean leo-san is le gach nídh atá grádh-
amhail croidhe-ghlan.
B'fhearr le sean-Mhaitias comhrádh
ban 'ná comhrádh fear. Acht b'fhearr
leis comhrádh malrach is girrseach 'ná
comhrádh fear ná ban. Deireadh sé gur
tuigseanaighe na mná 'ná na fir is gur
tuigseanaighe na páistí 'ná ceachtar aca.
Is i bhfochair an dreama óig chaitheadh
sé an chuid is mó dá aimsir uaine.
Shuidheadh sé leo i gcúinne tighe ag
innseacht sgéalta dhóibh nó ag baint
sgéalta asta. B'iongantach iad a
chuid sgéalta. Bhí Eachtra an Ghearráin
Ghlais ar dheiseacht an domhain aige.
B'é an t-aon sean-duine ar an mbaile
é a raibh sgéal Phréacháin na gCearc 's
an Dreoilín i n-a cheart aige. Nach é
chuireadh sgannradh ar na páistíbh ag
déanamh aithrise ar “fud fad féasóg”
Fathaigh an Dá Cheann, is nach é bhaineadh
an gáire asta ag cur síos ar imtheach-
taibh an Fhidiléara i gCaisleán na
Seilmide! Agus na hamhráin a bhí
aige! B'fhéidir leis leanbh breoidhte
a bhréagadh chum suain le n-a —
“Seoithín seó, is codail, a pheata,
Tá an sluagh sidhe amuigh ag siubhal an
ghleanna!”
Nó thioscfadh leis líon tighe de páistíbh
a chur i dtríthibh gáire le n-a —
“Haidh didil dum, a cat is a máthair,
D'imthigh go Gaillimh ag marcaidheacht
ar bhárdal!”
Agus nach aige bhí na sean-ranna
greannmhara; is na cruaidh-cheist-
eanna; is na tomhaiseanna breaghtha!
Maidir le cluichthíbh, cá raibh fear nó
bean nó páiste d'fhéadfadh “Lurabóg,
lárabóg,” nó “An Bhuidhean Bhalbh”
chongbháil ar siubhal leis?
San aimsir bhreagh is ar thaoibh an
chnuic d'fheicfeá sean-Mhaitias is a
chompánaigh bheaga, é ag míniughadh
sligheadh beathadh na siogán is na míol
gcríonna dóibh, nó ag ríomhadh sgéalta
i dtaoibh na gráineoige is an iorraidh
ruaidh. Tamall eile dóibh ag bádóir-
eacht, maide rámha ag Sean-Mhaitias,
ceann eile ag buachaillín beag éigin,
agus b'fhéidir girrseacháin ag stiúradh.
Is minic chluineadh na daoine a bhíodh ag
obair i n-aice na trágha gártha áthais
na bpáistí ag teacht chuca ó bhéal an
chuain, nó b'fhéidir glór shean-Mhaitiais
is amhrán crochta aige —
“Óró! mo churaichín Ó!
Is óró! mo bháidín!” —
nó rud éigin mar é.
Amannta thagadh faitcheas ar chuid
de na máithreachaibh is deiridís le
chéile nár cheart dóibh leigean dá
gclainn an oiread sin aimsire a
chaitheamh i bhfochair shean-Mhaitiais —
“fear nach dtaithigheann Aifreann ná
faoistin.” Uair amháin nocht bean
aca na smaointe seo do'n Athair
Rónán. 'Sé dubhairt an sagart —
“Ná bac leis na páistíbh bochta,”
ar seisean. “Ní fhéadfaidís bheith i
gcomhluadar ní b'fhearr.”
“Acht deirtear liom nach gcreid-
eann sé i nDia, a Athair.”
“Is iomdha naomh 'sna Flaithis indiu
nár chreid i nDia tráth dá shaoghal. Agus
cogar mé seo. Muna bhfuil grádh
ag sean-Mhaitias do Dhia — rud nach
feasach duit-se nó dom-sa — is iongan-
tach an grádh atá aige do'n nídh is
áilne 's is glaine dár chruthuigh Dia —
anam gléigeal an pháiste. Bhí an
grádh céadna ag ar Slánuightheoir
féin agus ag na naomhaibh is glórmhaire
ar neamh dóibh. Cá bhfios dúinn nach
dtarraingeochadh na páistí sean-
Mhaitias go glún ar Slánuightheora
fós?”
Agus fágadh an sgéal mar sin.
An mhaidin Domhnaigh seo d'fhan an
sean-fhear ag éisteacht nó gur stad
clog an Aifrinn dá bhualadh. Nuair
bhí deireadh leis, leig sé osnadh as, mar
leigfeadh an té a mbeadh cumha is
tuirse air, is thug sé a aghaidh ar an
mbuidhin malrach a bhí ag súgradh dóibh
féin ar an ngiodán féir — an
“fhaithche” bheireadh sean-Mhaitias air
— ag an gcros-bhóthar. Bhí aithne ag
sean-Mhaitias ar gach pataire ceann-
chatach cos-nochtuighthe aca. Níor
bhfearr leis caitheamh aimsire ar bith
'ná bheith i n-a shuidhe annsin ag
breathnughadh ortha is ag éisteacht leo.
Bhí sé 'gá gcomhaireamh, ag féachaint
cia aca dá cháirdibh bhí ann is cia aca
bhí imthighthe ar an Aifreann leis na
daoinibh fásta, nuair a thug sé fá deara
i n-a measg páiste nach bhfaca sé riamh
roimhe. Gasúr beag donn, a raibh
cóta bán air mar bhí ar gach malrach
eile, agus é gan brógaibh gan caipín, mar
is gnáthach le páistíbh an Iarthair. Bhí
éadan an mhalraigh seo chomh soillseach
leis an ngréin, agus facthas do shean-
Mhaitias go raibh gaethe soluis ag
teacht ó n-a cheann. An ghrian ag
lonnradh ar a chuid gruaige, b'fhéidir.
Bhí iongnadh ar an sean-fhear fá an
bpáiste seo fheiceál, mar níor chuala sé
go raibh aon strainséaraí tar éis teacht
ar an mbaile. Bhí sé ar tí dul anonn is
duine de na buachaillíbh a cheistniughadh,
nuair chuala sé gleo is gliadar na
ndaoine ag teacht a bhaile ó'n
Aifreann. Níor airigh sé an uair ag
sleamhnughadh de fhad is bhí a áird ar
chleasaibh na ngasúr. Bheannuigh cuid
de na daoinibh dó ar a ngabháil amar
dóibh is bheannuigh seisean dóibh-sean.
Nuair thug sé súil ar an sgata malrach
arís, ní raibh an páiste deorata i n-a
measg.
An Domhnach i n-a dhiaidh sin bhí
sean-Mhaitias i n-a shuidhe le hais a
dhorais, mar ba ghnáth. Bhí an pobal
bailighthe siar chuig an Aifreann. Bhí
an dream óg ag súgradh ar an
bhfaithche agus — rud thug an sean-fhear fá
deara le mór-áthas — bhí an leanbh deor-
ata i n-a bhfochair arís. D'fhéach sean-
Mhaitias air ar feadh i bhfad, agus sa
deireadh ghlaoidh sé anall ar dhuine
de na buachaillíbh beaga.
“Cia hé an malrach údan fheicim in
bhur measg le coicthighis, a Pháraicín?”
ar seisean — “é sin a bhfuil an ghruaig
donn air, acht cosmhalacht gruaige
fionn-bháine uirthi fá deallramh na
gréine?”
“Sin é Íosagán,” adeir an sgurach
beag.
“Íosagán?”
“Sin é an t-ainm a thugann Sé air
féin.”
“Cia dhár dhíobh É?”
“Níl a fhios agam, acht deir Sé go
bhfuil a Athair i n-a Rígh.”
“Cé gcomhnuigheann Sé?”
“Níor innis Sé é sin riamh dhúinn,
acht deir Sé nach fada uainn A theach.”
“An mbíonn Sé i n-éindigh libh go
minic?”
“Bíonn, nuair a bhímid ag caitheamh
aimsire dhúinn féin mar seo. Acht
imthigheann sé uainn nuair thagann
daoine fásta sa láthair. Féach! tá
Sé imthighthe cheana féin!”
Bhreathnuigh an sean-fhear, is ní raibh
ann acht na malraigh a raibh aithne aige
ortha. Bhí an Páiste ar a dtug an
gasúirín “Íosagán” ar iarraidh. An
móiméad céadna cluineadh fothram is
tormán na ndaoine ag filleadh ó'n
Aifreann.
An chéad Domhnach eile thuit gach nídh
amach díreach mar thuit an dá Domhnach
roimhe sin. Bhailigh an pobal siar mar
ba ghnáthach agus fágadh an sean-fhear is an
scata páistí leo féin ar an mbaile.
Thug croidhe shean-Mhaitiais léim i n-a
lár nuair a chonnaic sé an Páiste
Neamhdha i n-a measg arís.
D'éirigh sé is chuaidh sé anonn is sheas i
n-A aice. Tar éis tamaill i n-a
sheasamh dó gan corruighe, shín sé a dhá
láimh chuige agus ar seisean: —
“A Íosagáin!”
Chuala an Leanbh é agus tháinig chuige ar
rith.
“Tar i leith is suidh ar mo ghlúin go
fóillín, a Íosagáin.”
Chuir an Páiste A lámh i láimh
thanaidh chnapaigh an tsean-fhir is thriall-
adar cois a chéile treasna an bhothair.
Shuidh sean-Mhaitias ar a chathaoir agus
tharraing Íosagán le n-a bhrollach.
“Cé gcomhnuigheann tú, a Íosagáin?”
ar seisean, ag labhairt ós íseal.
“Ní fada as so Mo Theach. Cad
chuige nach dtagann tú ar chuirt
Chugam?”
“Bheadh faitcheas orm i dteach
ríoghdha. Innsitear dhom go bhfuil
T'Athair i n-a Rígh.”
“Is É Árd-Rí an Domhain é. Acht
níor ghábhadh dhuit faitcheas a bheith ort
Roimhe. Tá Sé lán de thrócaire is de
ghrádh.”
“Is baoghlach liom nár chongbhuigh mé
a Dhlighe.”
“Iarr maitheamhnas Air. Déanfad-
sa is Mo Mháthair eadarghuidhe ar do
shon.”
“Is truagh liom nach bhfaca mé
roimhe seo Thú, a Íosagáin. Cá raibh
Tú uaim?”
“Bhíos annso i gcomhnaidhe. Bím
ag taisteal na mbóthar is ag siubhal
na gcnoc is ag treabhadh na dtonn.
Bím i lár an phobail nuair chruinnigh-
eann siad isteach i Mo Theach. Bím i
measg na bpáistí fhágas siad i n-a
ndiaidh ag cleasaidheacht ar an
mbóthar.”
“Bhí mise ró-eaglach — nó ró-uaibhreach
— le dul isteach i Do Theach, a Íosagáin;
acht fuair mé i measg na bpáistí Thú.”
“Níl aon am ná áit dá mbíonn
páistí ag súgradh dóibh féin nach mbím-
se i n-a bhfochair. Amannta chíonn
siad Mé; amannta eile ní fheiceann.”
“Ní fhaca mise riamh Thú go dtí le
deireannas.”
“Bíonn na daoine fásta dall.”
“Agus i n-a dhiaidh sin gealladh dhom
Thú fheiceál, a Íosagáin?”
“Thug m'Athair cead Dom Mé féin
a fhoillsiughadh duit de bhrígh go dtug
tú grádh dÁ rudaibh beaga.”
Cluineadh glórtha na ndaoine ag
filleadh ó'n Aifreann.
“Caithfidh Mé imtheacht anois uait.”
“Leig dom imeall Do chóta a
phógadh, a Íosagáin.”
“Déan.”
“An bhfeicfidh mé arís Thú?”
“Chífidh.”
“Cia an uair?”
“Anocht.”
Leis an bhfocal sin bhí Sé imthighthe.
“Feicfidh mé anocht É!” arsa sean-
Mhaitias ag dul isteach sa teach.
Tháinig an oidhche fliuch stoirmeamhail.
Cluineadh na tonntracha móra ag
briseadh le fuamán i n-aghaidh an
chladaigh. Bhí na crainn thart timcheall
ar theach an phobail ag luasgadh is ag
lúbadh le neart na gaoithe. (Tá an
séipéal ar árdán ag féachaint anuas
ar an bhfairrge). Bhí an tAthair
Rónán ar tí a leabhar a dhúnadh is
a phaidrín a rádh nuair a chuala sé an
torann mar a bheadh duine ag bualadh an
dorais. D'éist sé ar feadh tamaill.
Chuala sé an torann arís. D'éirigh sé
ó'n teinidh, chuaidh go dtí an doras, is
d'osgail é. Bhí Páiste fir i n-A sheas-
amh ar lic an dorais — Páiste nár
chuimhneach leis an sagart a fheiceál riamh
roimhe. Bhí cóta bán Air agus É gan brógaibh
gan caipín. Facthas do'n sagart go
raibh gaethe soluis ag lonnradh ó n-A
ghnúis is timcheall A chaomh-chinn duinn.
“Cia tá annso agam?” ars' an
tAthair Rónán.
“Cuir ort chomh tapaidh 's is féidir
leat é, a Athair, is buail soir go dtí
teach shean-Mhaitiais. Tá sé i mbéalaibh
báis.”
Níor theastuigh an dara focal ó'n
sagart.
“Suidh annso go mbídh mé réidh,” ar
seisean. Nuair a tháinig sé thar ais
bhí an Teachtaire beag imthighthe.
Bhuail an tAthair Seaghán bóthar,
agus níor bhfada dhó ag dul soir, cé go
raibh an ghaoth i n-a aghaidh, agus é ag
báistigh go trom. Bhí solus i dteach
shean-Maitiais roimhe. Thóg sé an
laiste is chuaidh isteach.
“Cia hé seo chugam?” ars' an guth
ó leabaidh an tsean-fhir.
“Mise an sagart.”
“Badh mhaith liom labhairt leat, a
Athair. Suidh annso lem' ais.” Bhí
an guth fann is tháinig na focla go
mall uaidh.
Shuidh an sagart agus chuala sgéal
shean-Mhaitiais ó thús go deireadh.
Cibé rún bhí i gcroidhe an tsean-duine
nochtadh do sheirbhíseach Dé annsin i
lár na hoidhche é. Nuair bhí an fhaoistean
thart ghlac sean-Mhaitias Corp Chríost
is cuireadh an Ola Dhéidheannach air.
“Cia dubhairt leat go raibh tú
uaim, a Athair?” ar seisean de ghlór
íseal, nuair a bhí gach nídh déanta. “Bhí
mé ag guidhe Dé go dtiocfá, acht
ní raibh aon teachtaire agam le cur
fá do dhéin.”
“Acht chuir tú teachtaire, ar ndóigh?”
adeir an sagart agus iongnadh mór air.
“Níor chuireas.”
“Ní thuigim an sgéal so chor ar bith.
Tháinig gasúirín beag ag bualadh mo
dhorais is dubhairt sé liom go raibh mo
chongnamh ag teastáil uait.”
Dhírigh an sean-fhear i n-a leath-
shuidhe. Bhí lasair i n-a shúilibh.
“Cia an sórt gasúirín a bhí ann, a
Athair?”
“Buachaillín beag caoin a raibh cóta
bán air.”
“Ar thug tú fá deara mar bheadh
solus ag lonnradh ó n-A éadan?”
“Thug, is chuir sé iongnadh orm.”
D'fhéach sean-Mhaitias suas, tháinig
smigeadh gáire ar a bhéal, agus ag síneadh
amach a dhá láimh, —
“Íosagán!” ar seisean.
Leis an bhfocal sin thuit sé siar ar
an leabaidh. Dhruid an sagart anonn
go socair agus dhún a shúile.
Colm Ó Conaire.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11