Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bairbre II

Title
Bairbre II
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bairbre



II.



B'as Baile Átha Cliath do Niamh
Chinn Óir. Bean uasal a tháinig go
Gort Mór ag foghluim Gaedhilge,
gheall sí roimh imtheacht di go gcuir-
feadh sí seod éigin chuig Bríghid-
ín. Agus, ar ndóigh rinne. Lá
amháin, tuairim is seachtmhain tar
éis imtheacht di, shiubhail “Bab” an
Phosta isteach i lár na cisteanach agus
leag bosga mór ar an urlár.



“Duit-se, a bhean óg,” ar seisean
le Bríghidín.



“Ara, céard tá ann, a ‘Bhab’?”



“Cá bhfios dom? Sidheog, b'fhéidir.”



“Cé bhfuair tú é?”



“Ó fhearín beag glas, a raibh féasóg
fhada ghorm air, caipín dearg ar a
cheann agus é ag marcaidheacht ar
ghirrfhiadh.”



“Ó bhó! Agus céard dubhairt sé
leat, a ‘Bhab’?”



“Dheamhan cheo dubhairt sé acht
‘Tabhair é seo do Bhríghidín, is mo
bheannacht,’ agus as go bráth leis le
sméideadh do shúile.”



Táim i n-aimhreas nár bhfíor do
“Bhab” an tuairisg seo ar fad, acht
chreid Bríghidín gach focal di. Ghlaoidh
sí ar a mháthair a bhí istigh sa seomra
ag tógáil na háite* tar éis na céad-
phroinne.



“A Mhaime, a Mhaime, bosga mór
do Bhríghidín! Feairín beag glas a
raibh féasóg fhada ghorm air thug do
‘Bhab’ an Phosta é!”



Tháinig an mháthair aniar agus bhailigh
‘Bab’ leis.



“A Mhaimín, a Mhaimín, fosgail an
bosga go tapaidh! Ceapann ‘Bab’
go mb'fhéidir gur sidheog atá ann!
Corruigh leat, a Mhaimín, nó cá bhfios
dúinn nach múchfar istigh sa mbosga í?”



Ghearr an mháthair an téad. Bhain
sí an páipéar de'n bhosga. Thóg sí an
clár. I n-a luighe go clúthmhar sa
mbosga bhi an bhábóg is áilne 's is
gleoite dá bhfaca súil riamh. Bhí folt
ór-bhuidhe uirthi agus é ag tuitim i n-a
bhúclaibh triopallacha thar a geal-
bhrághaid is thar a guailnibh. Bhí luisne
an róis i n-a leacain. 'Sí an tsamhail
bhéarfainn dá béilín dhá chaor chaor-
thainn, agus ba geall le péarlaibh a déad.
Bhí a súile dúnta. Bhí culaidh gheal
shíoda ag cumhdach a cuirp, agus brat
dearg sróil uirthi sin amuigh. Bhí
muinche niamhrach de chlocaibh uaisle fá
n-a píb, agus mar bharr ar na hiongan-
tasaibh ar fad bhí mionn ríoghdha ar
a ceann.



“Bainríoghan!” arsa Bríghidín de ghuth
íseal, mar bhí sórt sgátha uirthi roimh
an sidheoig ghlórmhar seo. “Bain-
ríoghain ó Thír na nÓg! Féach, a Mhaime,
tá sí i n-a codladh. 'Meas tú an
ndúiseochaidh sí?”



“Tóg i do lámh í,” adeir an mháthair.



Shín an cailín beag a dhá láimh amach
go faitcheach, leag go hurramach ar
an mbábóig iongantaigh iad, agus fá
dheireadh thóg as an mbosga í. Ní
túisge thóg sí i n-a láimh í 'ná d'osgail
an bhábóg a súile agus adubhairt de ghlór
caoin binn: —



“Maime!”



“Dia dá mbeannachadh,” ars' an
mháthair ag gearradh comhartha na croise
uirthi féin, “tá urlabhra aici!”



Bhí faobhar neamh-ghnáthach i súilibh
Bhríghidín agus bhí lasair neamh-ghnáthach i
n-a leacain. Acht ní dóigh liom go
raibh sí leath chomh sgannruighthe is bhí an
mháthair. Bíonn páistí ag súil le
hiongantasibh i gcomhnaidhe, agus nuair
thuiteas rud iongantach amach ní
chuireann sé an oiread uathbháis ortha
is chuireas ar dhaoinibh fásta.



“Tuige nach mbeadh urlabhra aici?”
arsa Bríghidín. “Nach bhfuil urlabhra
ag Bairbre? Acht is binne i bhfad a
guth so 'ná guth Bhairbre.”



Mo Bhairbre bhocht! Bhí sí i n-a
luighe ar an urlár ar feadh na haimsire
seo, san áit ar thuit sí ó laimh Bhríghidín
nuair tháinig “Bab” isteach. Ní
feasach mé an gcuala sí na briathra so
ó bhéal a máighistreása bige. Má
chuala, is dearbhtha go mb'arraing tríd
a croidhe iad.



Lean Bríghidín uirthi ag labhairt.
Labhair sí go sgioptha, a dá shúil ar
mear-lasadh i n-a ceann: —



“Bainríoghan í seo,” ar sise.
“Bainríoghan sidhe! Féach an chulaidh
bhreagh atá uirthi! Féach an brat sróil
atá uirthi! Féach an mionn áluinn
atá uirthi! Is cosmhail í leis an
mbainríoghain údan a raibh Seaghán na
Sgéalta ag trácht uirthi an oidhche
cheana, — an bhainríoghan a tháinig thar
fairrge ó Thír na nÓg ag marcaidheacht
ar an each bán. Cia an t-ainm a bhí ar
an mbainríoghan sin, a Mhaime?”



“Niamh Chinn Óir.”



“Seo í Niamh Chinn Óir!” ars' an
cailín beag. “Taisbeánfaidh mé do
Sheaghán na Sgéalta í an chéad uair
eile thiocfas sé! Nach air bhéas an
t-áthas í fheiceál, a Mhaime? Bhí
fearg air an oidhche fá dheireadh nuair
dubhairt Daide nach bhfuil sidheoga ar
bith ann. Bhí a fhios agam-sa nach raibh
Daide acht ag magadh.”



Níor mhaith liom a rádh gur sidheog
Niamh Chinn Óir, mar shíl Bríghidín, acht
is dóigh liom go raibh draoidheacht
éigin ag baint léi; agus táim lán-chinnte
go raibh Bríghidín féin fá dhraoidheacht
ó'n móiméad tháinig sí isteach sa
teach. Muna mbeadh go raibh, ní fhág-
fadh sí Bairbre i n-a luighe léi féin ar
an urlár ar feadh an tráthnóna gan
focal a rádh léi na fiú amháin cuimh-
niughadh uirthi go ham codlata; na ní
ghabhfadh sí a chodladh gan Bairbre a
thabhairt isteach sa leabaidh léi mar
ba ghnáthach. Is ar éigin chreid-
feá é, acht 'sí an bhainríoghan óg a
chodail i bhfochair Bhríghidín an oidhche
sin i n-ionad an chompánaigh bhig dhílis
a chodluigheadh i n-a bhfochair gach oidhche
le bliadhain.



D'fhan Bairbre i n-a luighe ar an
urlár go bhfuair máthair Bhríghidín í, is
gur thóg is gur chuir suas ar bharr an
drisiúir í san áit a raibh a párlús
beag féin. Chaith Bairbre an oidhche
sin ar bharr an drisiúir. Ní
chualas gur airigh Bríghidín ná a
máthair ná a hathair aon chaoineachán
ó'n gcistinigh i lár na hoidhche, agus leis
an fhírinne a rádh ní mheasaim gur shil
Bairbre deor. Acht is cinnte go raibh
sí brónach go leor, i n-a luighe i
n-áirde annsúd léi féin, gan lámh a
máighistreása i n-a timcheall, gan teas
colna a máighistreása 'gá téitheadh,
gan duine ná deoraidhe i n-a haice,
gan fuaim ar bith a chloisteál, acht
amháin na fuaimeanna fanna fíor-uaig-
neach bhíos le cloisteál i dteach i n-am
marbhtha na hoidhche.



(Tuilleadh)



Colm Ó Conaire.



* .i. ag glanadh an bhuird, agus c.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services