Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Mhullach Chnoc Fola

Title
Ar Mhullach Chnoc Fola
Author(s)
Cionn Fhaolaigh,
Pen Name
Cionn Fhaolaigh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Mhullach Chnoc Fola.



Seo anois sinn ar Mhullach Chnoc
Fola ag breathnughadh uainn. Agus a
leithéid d'amharc is tá le feiceál!
Faraor nach bhfuil sé ionnam-se cur
síos ar fichead cuid a bhfeicim.
Eadar neamh agus talamh mar támuid ní
hiongantas ar bith dá mbeadh
mearbhall intinne orainn.



Acht creidim nach mbítear sásta
damh mar' dtabharfadh iarraidh ar
bheagán a rádh annso.



Tá long le feiceál amuigh leath-
bealaigh eadar seo agus bun na spéire.
Ní mór duit súil ghéar a bheith in do
chionn le n-a fheiceál. Má tá meath
ar bith ar do shúlaibh bhí sé chomh maith
agat gan tú fhéin a bhuaidhreadh léithi.
Acht is mór an gar nach bhfuil ceo ar
bith ann. Dá mbeadh ní annso a
b'fhearr linn a bheith. Siúd toit
amuigh údaigh; caithfidh sé go bhfuil
long nó soiteach ann. 'Tchífeamuid
sin ar ball beag. 'Sé a bhfuil le
feiceál go fóill, an toit. Is gasta
tá'n ghrian ag gabháil síos. Is annamh
uair nach mbíonn néal roimpi. Acht
níl smúid ná néal roimpi an tráth-
nóna seo.



Labhair an guth ar ár gcúl agus sinn ag
breathnughadh uainn amach 'un na
fairrge. Fear de mhuinntir na háite
bhí ann ag amharc i ndiaidh caorach.



Ní rabh faill ag a'n dhuine againn
acht labhairt leis. I dtaca le seanchus
nó cainnt a dhéanamh ní raibh faill air.
Ní am cainnte bhí ann.



Is fearr súil a thabhairt suas bealach
na gcnoc sul a dtéidh an ghrian a
luighe. Amharc ar an Eargal.
Déarfá gur cruach mhór mhónadh atá
ann. Nach deas a theisbeanas an
ghrian ar shléibhtíbh fiadhaine Thír Chonaill
an tráthnóna so? Cha leis a gcuirfeá
i gcosamhlacht é? Badh dheacair a rádh.
Creidim gur dearg-bhuidhe an dath
atá air. Marab' eadh cha dtig liom-sa
a rádh caidé an dath é.



Acht béidh an ghrian 'n-a luighe. Tá
a leath cheana féin as amharc. Is maith
is cuimhne liom agus mé 'mo ghasúr bheag
an ghrian a fheiceál dálta mar 'tchím


L. 06


anois ag gabhail a luighe. Agus mar
is páiste páiste i gcomhnaidhe shaoil
mé gur ag gabhail síos faoi'n fhairrge
bhí sí. Agus go deimhin agus go dearbhtha
má amharcann tú anois ní i n-éag-
cosamhlacht leis sin é. Acht siúd as
amharc í.



Soitheach a bhí annsúd. Tá sé le
feiceál ag gach a'n dhuine anois gurbh'
eadh.



Is ciúin an fhairrge amach romhainn.
“Chan fhuil a'n dheor innti,” mar
déarfadh muinntir na háite seo. Go
dearbhtha ta sí mar bheadh loch ann. Dá
mbéinn indiu annsin ní ar chiúineas
fairrge a bhéinn ag cainnt. Leoga ní
headh. Bhéinn ag amharc uaim ar na
tonntrachaibh ag éirghe mar bhéadh sliabh
mór ann agus ag méadughadh choidhche go
n-éireochadh cubhar bán i n-a mullach
agus go mbrisfeadh ar thráigh nó ar
charraig. B'fhéidir go bhfeicfinn oitir
ag briseadh áit eighinteacht amach
eadar mé agus bun na spéire.



Níl dul agam an tráthnóna so na
Tonna Ceanainn a fheiceál. Níl a
fhios agam caidé bhain daobhtha. Badh
cheart go mbéadh siad eadar seo agus
Uaigh. Tá mé san aois a bhfuil mé agus
níl a'n lá dá dtug mé súil ar an
bháighe sin nach mbéadh na Tonna Cean-
ainn le feiceál, óir is cuma caidé an
ciúineas atá ann tá na Tonna le
feiceál i n-a gcubhar bhán agus an tráigh
is mó bhí ann ariamh ní fheicfidhe na
carraigeacha atá ann. Acht nach fada
atámuid gan labhairt leis an fhear
seo?



(Chan deireadh)



Cionn Fhaolaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services