Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceapadh Focal

Title
Ceapadh Focal
Author(s)
Ó Maoláin, Seaghán S.,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ceapadh Focal



Ní gábhadh d'éinne imnidhe chur air
féin fá'n bhfocal úd liom “beo-aer.”
Ár ndóigh, bhí a shár-fhios agam go
bhféadfainn “géar-ádhbhar”, .i. Sauerstoff
mar déarfadh an tAlmáinneach, agus “géar-
ghein” mar an gcéadna a scríobhadh
mar aistriughadh ar “oxygen.” Agus
má's “bás-aer do na luibheannaibh é,”
ní lugha 'ná soin bhí a fhios agam gur
“beo-aer” atá ann do na daoinibh.
Acht ní fiú liom dhul i n-achrann le
héinne mar gheall air. Na focla úd,
oxygen, géar-ghein, géar-adhbhar, beo-
aer, ní measa cách 'ná a chéile. Dá
mbeadh slighe agam chuige annso níor
dheacair a chur i gcéill d'éinne gur
suarach le rádh iad uile mar ainm
cruinn ceart ar an rud féin. Níl
aon cheann aca ann gan locht. Bhí
rogha dhá dhíg agam agus 'sé rud a dheineas
'ná an t-ainm ba léire agus ba
shimplidhe, dar liom, a chur air. Acht
má's dóigh le héinne gur fearr ceach-
tar de na foclaibh eile, bíodh leis.



Chím go molann Seosamh Ó Cléirigh
do'n Chonnradh coiste nua do chur ar
bun gan mhoill. Coiste na bhFocal
ainm oireamhnach dó. Táim-se ar aon
chomhairle amháin leis annsin. Badh
thairbheach an rud é. Tógtar na daoine
is mó eolas ar theanga na hÉireann
agus, má's féidir é, na daoine atá lán-
oilte ar ealadhain agus ar chéird. Bain-
idís focla amach uatha féin agus 'n-a
theannta soin iarraidís focla ar dhuine
ar bith gur mhian leis cabhrughadh leo.
Annsoin d'fhéadfaidís na focla a bheadh
ceaptha nó soláthruighthe do chur tré
chéile agus scrúdughadh do dhéanamh go
géar ortha. Fá dheireadh thiar thall
bheadh togha agus rogha na bhfocal aca le
cur amach 'n-a leabhar fá ughdarthás an
Chonnartha.



Seo chugaibh, a léightheoirí, an chéad
roinnt eile de na foclaibh atá ceaptha
agam. Is dócha ná fuil siad gan locht.
Acht beifear ag brath ar a sárughadh
d'fhágháil ó lucht a gcáinte. Muna
dtagann leo sin a dhéanamh tá sé chomh
maith aca a mbéil d'éisteacht. Ní
baoth-chainnt acht dian-obair atá uainn.



Illídreacán, spectroscope (il many,
agus lí a colour).



Dlúdracán, stereoscope (dlúth, solid).



Pléirsceitheog, machine gun,
maxim, (for “pouring bullets”)



Sceithliogáin, quick-firer, “pom-
pom” (sceith, agus sliogáin, shells).



Gluaisliogán, torpedo, (gluais agus
sliogán).



Pléiscéidín, cordite, (pléasc, ex-
plosive, agus téidin, dim. of téad).



And from ruch formed from urchar,
shot: —



Athruchóg, magazine rifle.



Athruchán, revolver (perhaps iol.
would be a better prefix than ath in
these words).



Ilríomh, mathematics.



Litriomh, algebra (litir agus ríomh)



Damhnas, physics (the science of
matter. “Damhna,” matter, Dinneen,
p. 222).



Ioldamhnas, chemistry (the science
of various kinds of matter).



Fíoral, a gas (fíor agus gal).



Tarracóg, a magnet.



Srutharracóg, an electro-magnet.



Seargual, coke (searg agus gual) lit.
“dried-up coal.”



Gaolár, focus of a mirror, &c. (lit.
“rays' centre.”)



Gluasán, a motor (general terms).



Galluasán, a steam locomotive (gal
agus gluasán).



Fíoralán, a gas engine.



Seaghán S. Ó Maoláin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services