Ceapadh Focal
An t-alt beag ealadhantach úd
Chonaill Cheárnaigh* badh cheart go
gcuirfeadh sé i gcuimhne dhúinn gur
suarach an méid atá déanta go fóill
ag ár scríbhneoiríbh chun focla a
cheapadh dúinn. Tá a fhios ag gach
éinne go bhfuil focla a bhaineas le
healadhain agus le céird i n-easnamh go
géar orainn. Agus cionnus is féidir
trácht as Gaedhilg a dhéanamh ar cheist-
eannaibh na haimsire seo agus gan a
leithéidí d'fhoclaibh bheith againn?
Anois an t-am chun iad a cheapadh go
beacht cruinn cúramach. Muna gceap-
tar i dtráth, caithfear a dhéanamh
i n-antráth agus annsoin beidh focla
gallda ag brughadh isteach orainn, nós
tuile, agus ní ar mhaitheas don Ghaedhilg é.
I dtaobh ceaptha na bhfocal molaim
cead a chos do gach éinne ar choin-
gheall mar so: gan iad a chumadh acht
amháin ar phréamh-fhoclaibh Gaedhealacha.
Níl dochar ar bith ann, dar liom, dá
mbadh go mbainneann na préamh-fhocla
le Gaedhilg na haimsire seo nó nach
mbaineann. Má's féidir é bhaint
amach is fearr go mór fada focal d'ár
gcuid féin ar rud, pé uair a bhí
an focal úd ar mharthain, 'ná focal ar
iasacht ó'n teanga Ghallda. Badh
mhaith an mhaise mar an gcéadna na
focla bheith chomh gearr cruinn soiléir
*AN CLAIDHEAMH SOLUIS, Bealtaine 12, 1906.
agus is féidir iad a bheith. Ó's fearr
i gcomhnaidhe gníomh 'ná cainnt, seo
chugaibh roinnt focal atá ceaptha
agam féin: —
Gaescinnín, radium (lit. the little
ray-darting thing).
Fras-aer, the ether (fras, very light,
and aer).
Beo-aer, oxygen (“vital air”).
Spad-aer, nitrogen (spad, inactive,
and aer).
Anál-aer, carbon dioxide, “carbonic
acid” (anál, breath and aer).
Uisgein, hydrogen, (uisge and
geinim, I bring forth).
Tlachtarrach, gravity (tlacht, earth,
and tarrach; earth-pull) agus mar sin,
tarrachruinní, gravitation.
Fromh-shruith, galvonometer (fromh-
aim, I test, and sruth, electric current).
Sruth-nocht, electroscope, (nochtaim,
I reveal).
Sruth-smacht, a “switch”.
Macallán, phonograph (mac alla,
echo, sruth may be prefixed here).
Agus i gcead do “mhiondracán”
Chonaill Cheárnaigh: ciandracán, field
glass (cian, distance); spéardracán,
telescope.
Tá a lán focal eile dá sórd agam
acht beidh lá eile ag an bPaorach.
Seaghan S. Ó Maoláin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11