Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghainín na nÉan III

Title
Eoghainín na nÉan III
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eoghainín na nÉan.



III.



“Ag brionglóididhe mar is gnáth
leat, a Eoghainín?” ars'a an sagart.



“Ní headh, a Athair. Tá mé ag
cainnt leis na fáinleogaibh.”



“Ag cainnt leo?”



“Seadh, a Athair. Bímid ag cainnt
le chéile i gcomhnaidhe.”



“Agus cogar. Cér'd bhíonn sibh a
rádh le chéile?”



“Bímid ag cainnt ar na críochaibh
imchiana i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh
i gcomhnaidhe, agus ar na farrgíbh fiadháine
i n-a mbáithtear na luingis, agus ar na
cathrachaibh aol-gheala i n-a gcomhnuigh-
eann na ríghthe.”



Tháinig iongantas ar an sagart
mar tháinig ar an máthair roimhe sin.



“Tusa bhíonn ag cur síos ar na
neithibh seo agus iad-san ag éisteacht
leat, is cosmhail?”



“Ní mé, a Athair. Iad-san is mó
bhíonn ag cainnt, agus mise ag éisteacht
leo.”



“Agus an dtuigeann tú a gcuid
cainnte, a Eoghainín?”



“Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann
tusa í?”



“Ní go ró-mhaith a thuigim í. Déan
áit dom ar an gcarraig annsin agus
suidhfidh mé tamall go mínighidh tú
dhom cér'd bhíonn siad a rádh.”



Suas leis an sagart ar an gcarraig
agus shuidh le hais an ghasúirín. Chuir sé a
lámh timcheall air agus theann sé leis é.



“Mínigh dhom cér'd bhíonn na fáin-
leoga a rádh leat, a Eoghainín.”



“Is iomdha rud deireann siad liom.
Is iomdha sgéal breágh innsigheann siad
dom. An bhfaca tú an t-éinín sin a
chuaidh thart anois díreach, a Athair?”



“Chonnaic.”



“Sin í an sgéalaidhe is cliste ortha
ar fad. Tá a nead sin fá'n eidhneán
atá ag fás ós cionn fuinneoige mo
sheomra-sa. Agus tá nead eile aici
san Domhan Theas — aici féin agus ag a
céile.”



“A' bhfuil, a Eoghainín?”



“Tá — tá nead beag áluinn eile na
mílte agus na mílte míle as so. Nach
aisteach an sgéal é, a Athair? — a rádh
go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín
agus gan againne acht aon teach amháin?”


L. 06


“Is aisteach go deimhin. Agus cé
an sórt tíre i n-a bhfuil an teach eile
seo aici?”



“Nuair a dhúnaim mo shúile feicim
tír uaigneach áidhbhéil. Feicim anois í,
a Athair! Tír iongantach uathmhar.
Níl sliabh ná cnoc ná gleann innti acht
í i n-a machaire mhór réidh ghainmheach.
Níl coillte ná féar ná fraoch innti
acht an talamh chomh lom le bois do
láimhe. Gaineamh ar fad. Gaineamh
fá do chosaibh. Gaineamh ar gach taobh
dhíot. An ghrian ag spalpadh ós do
chionn. Gan néal ar bith le feiceál
san spéir. É go han-te. Annso agus
annsúd tá ball beag féarach mar a
bheadh oileáinín i lár fairrge. Cúpla
crann árd ag fás ar gach ball aca.
Fosgadh ó ghaoith agus ó ghréin aca. Ar
oileán de na hoileánaibh seo feicim
carraig árd. Carraig mór millteach.
Tá sgoilt ins an gcarraig, agus ins an
sgoilt tá nead fáinleoigín. Sin é
nead m'fháinleoigín-se.”



“Cé d'innis an méid seo dhuit, a
Eoghainín?”



“An fháinleog. Caitheann sí leath
a shaoghail ins an tír sin, í féin agus a
céile. Ó! nach aoibhinn í a mbeatha ar
an oileáinín uaigneach údan i lár na
díthreibhe! Ní bhíonn fuacht ná fliche
ann, sioc ná sneachta, acht é i n-a
shamradh i gcomhnaidhe.... Agus i
n-a dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad
dearmad ar a nead bheag eile annso
i nÉirin, ná ar an gcoill, ná ar an
sruthán, ná ar na fuinnseogaibh, ná orm-
sa, ná ar mo mháthair. Gach bliadhain
san earrach cloiseann siad mar bheadh
cogarnaighil i n-a gcluais 'gá rádh leo
go bhfuil na coillte fá bhláth i nÉirinn,
agus go bhfuil an ghrian ag deallradh ar
na bántaibh, agus go bhfuil na huain ag
méidhligh, agus go bhfuil mise ag fanacht
leo. Agus fágann siad slán ag a
n-árus san tír choimhthighigh agus imthigheann
siad rómpa agus ní dhéanann siad stad
ná comhnaidhe go bhfeiceann siad bárr
na bhfuinnseog uatha agus go gcluineann
siad glór na habhann agus méidhleach na
n-uan.”



Bhí an sagart ag éisteacht go
háireach.



“Ó! — agus nach iongantach é a n-aistear
ó'n Domhan Theas! Fágann siad an
machaire mór gainimhe i n-a ndiaidh agus
na sléibhte árda maola atá ar a
imeall agus imthigheann rómpa go
dtagann siad go dtí an mhuir mhór.
Amach leo thar an muir ag eiteall i
gcomhnaidhe 'gcomhnaidhe gan tuirse
gan traochadh. Feiceann siad síos
uatha na tonntracha treathan-mhóra, agus
na luingis ag treabhadh na díleann, agus na
seolta bána agus na faoileáin fairrge,
agus iongantais eile nach bhféadfainn
cuimhniughadh ortha. Agus amannta
éirgheann gaoth agus gála agus feiceann
siad na longa dá mbáthadh agus na
tonntracha ag éirghe i mullach a chéile;
agus bíonn siad féin — mo chumha iad!
— dá dtuargain leis an ngaoith agus dá
bhfuarughadh leis an mbáistigh agus leis
an saile nó go mbaineann siad amach
an tír fá dheireadh. Tamall dóibh
annsin ag imtheacht rómpa agus iad ag
féachaint ar pháirceannaibh féarmhara agus
ar choilltibh bárr-ghlása agus ar chruachaibh
ceann-árda agus ar lochaibh leathna agus ar
aibhneachaibh áilne agus ar chathrachaibh
breaghtha mar badh ar phictiúir il-dathaigh
bheadh leathta ar an talamh bheidís ag
breathnughadh uatha síos. Feiceann siad
daoine ag obair. Cluineann siad
beithidhigh ag géimneadh, agus páistí ag
gáiridhe, agus cloga dhá mbualadh. Cht
ní stadann siad acht ag fíor-imtheacht
nó go dtagann siad go bruach na
mara arís, agus ní fos dóibh annsin go
mbuaileann siad tír na hÉireann.”



Lean Eoghainín air ag labhairt mar
so ar feadh i bhfad, an sagart ag
éisteacht le gach focal dá ndubhairt
sé. Bhíodar i séis chomhráidh nó gur
thuit an dorchadas agus gur ghlaoidh an
mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaidh
an sagart a' bhaile ag machtnamh dó
féin.



(Tuilleadh)



Colm Ó Conaire.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services