Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-Suanán

Title
Sean-Suanán
Author(s)
Siubhán Pháidín Sheagháinín,
Pen Name
Siubhán Pháidín Sheagháinín
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sean-Suanán.



Sgéilín seafóideach do sgoláiríb
na sgoile.



Bhí fear tuaithe ann san am fad ó a
raibh madadh dílis aige. Suanán do
thugadh sé air. D'éirigh an madadh go
han-aosta i n-a sheirbhís, agus chaill sé
gach uile cheann dá chuid fiacla ar nós
nach raibh sé i n-ann rud ar bith a
ghreamughadh.



Lá amháin bhí an fear agus a bhean i n-a
seasamh i ndoras an tighe.



“Caithfidh mé Sean-Suanán a chaith-
eamh i mbárach,” ars' an fear. “Níl
maith ar bith fághtha ann.”



Go ghlac an bhean truagh do'n
tsean-mhadadh.



“Ó thárla go bhfuil sé againn le
mórán bliadhanta,” ar sise, “agus go
raibh sé i gcomhnaidhe dílis dúinn,
badh cheart dúinn a chuid a thabhairt dó
gan doicheall go dtí deireadh a shaogh-
ail.”



“Níl ciall ar bith agat,” ars' a
fear. “Níl fiacail amháin i n-a bhéal
agus níl gadaidhe ins an tír a bhfuil fait-
chíos air roimhe. Má bhí sé dílis dúinn,
fuair sé a mheadhon-lae gach uile lá.
Caithfear a chaitheamh i mbárach.”



Bhí an madadh bocht i n-a luighe ar an
talamh i n-aice an dorais 'ghá ghrian-
adh féin. Chualaidh sé an comhrádh, agus
bhí sé go buaidheartha fá go raibh sé le
cur de'n tsaoghal lá ar n-a bhárach.
Bhí cara maith aige, faol-chú na coille,
agus d'éaluigh sé amach chuige an tráth-
nóna sin agus d'innis dhó céard é an íde
a bhí i ndán dó.



“Bíodh do shúil suas, a athair,” ars'
an faol-chú. “Cuimhneochaidh mé ar
chaoi éigin duit as do chruadh-chás. Á!
tá cuimhnighthe agam ar chleas maith
cheana féin! Maidin i mbárach go
moch rachaidh do mháighistir amach ag
baint fhéir i n-aoinfheacht le n-a
mhnaoi. Bhéarfaidh siad a naoidheanán
leo, mar ní bhéidh duine ar bith fágtha
ins an teach le aire a thabhairt dó.
Sul a thosóchas siad ag obair cuirfidh
siad an naoidheanáin ar fasgadh taobh
thiar de'n bhfál, agus déarfar leat fanacht
i n-a bhun. Preabfaidh mé amach as an
gcoill, agus árdóchaidh mé an naoidheanán
liom. Rith tusa i mo dhiaidh, díreach
mar a bheitheá ar mo thóir. Leigfidh
mé do'n naoidheanán tuitim. Tóg
tusa é, agus beir ar ais chuig a athair agus a
mháthair é. Sílfidh siad gur tusa a
shaor an naoidheanán, agus béidh siad chomh
buidheach soin díot nach ndéanfaidh
siad dochar ar bith dhuit. Beidh meas
mór agus cion aca ort, agus ní bhéidh aon
easbaidh bídh ná dighe ort go deo
arís.”



Thaithnigh an cleas so go mór leis
an madadh, agus thuit gach uile rud amach
mar adubhairt an faol-chú. Do ghol
an t-athair nuair a chonnaic sé an
faol-chú ag fuadach an naoidheanáin, agus
nuair a thug Sean-Suanán ar ais é bhí
áthas an domhain air. Thosuigh sé ag
slíogadh an mhadaidh agus dubhairt:



“Ní bainfear le haon ríbe leat, agus
gheobhaidh tú do chuid ar do shuaimhneas
go dtí deireadh do shaoghail.”


L. 06


Dubhairt sé le n-a mhnaoi annsin a dhul
a bhaile, agus anbhruith agus arán nár bh'éigin
a chogaint a bhruith le haghaidh an
tsean-mhadaidh agus fós a cheann-adhairt
féin a thabhairt dó le luighe uirthi.



As sin amach bhí gach uile rud ar a
mhian ag Sean-Suanán.



Roinnt lá tar éis an féar a bheith
bainte bhí an faol-chú ar cuairt ag
Sean-Suanán agus do mhol sé go mór é
mar gheall ar an deis mhaith a bhí aige.
“Acht, a athair,” ar sé, agus, do chaoch
sé a shúil air. “Má chíonn tú mé ag
goid caorach ó thréad do mháighistir,
dúnfaidh tú do shúile.”



“Ná bí ag braith ar sin,” ars' an
sean-mhadadh. “Síleann mo mháighistir
go bhfuilim dílis dó agus níor mhaith liom
a leithéid sin a dhéanamh.”



Shíl an faol-chú nach raibh Sean-
Suanán dáríribh agus d'éaluigh sé isteach
ins an gcró an oidhche sin leis an
gcaora a thógáil. Acht d'innis an
madadh dá mháighistir céard a bhí an
faol-chú a rádh leis agus d'fhan sé i
bhfolach ag fanacht leis. Do rug sé
ar an bhfaol-choin agus thug sé bualadh
maith dhó le súiste. Is ar righin ar
éigin a chuaidh an faol-chú uaidh agus a
anam aige. Nuair a bhí sé ag rith thar
an madadh dubhairt sé leis, “Fan go
fóil, a fhealltóir. Íocfaidh tú as so
go daor.”



Maidin lá ar n-a bhárach do chuir an
faol-chú an torc le dubhshlán an
mhadaidh a thabhairt nó go dtroideadh
sé é ins an gcoill. Ní raibh Sean-
Suanán i n-ann fear déanta cirt a
fhágháil acht cat cithreimeach nach raibh
acht trí cosa aige.



Agus iad ag dul tríd an gcoill
do chongbhuigh an cat bocht a earball i
n-áirde le teann péine. Bhí an
faol-chú agus an torc ar láthair an dubh-
shláin rómpa. Chonnaic siad an
t-earball i bhfad uatha agus shíl siad go
raibh an trodaidhe eile ag tabhairt
claidhimh mhóir le troid leis. Tamaillín
i n-a ndiaidh sin chonnaic siad an madadh
agus an cat cithreimeach chuca. Gach uile
bhacóid dá dtugadh an cat do shíl siad
go raibh sé ag cromadh ar chloich mhóir
a chaitheamh leo. D'éirigh siad araon
go han-fhaitcheach. Chuaidh an torc i
bhfolach faoi chárnán mór de bhilleog-
aibh liatha agus chuaidh an faol-chú ag
strapadóireacht suas ar chrann.



Nuair a tháinig an madadh agus an cat
ar an láthair bhí iongantas ortha fá
nach raibh an faol-chú agus an torc le
feiceál. Acht ní raibh an torc
foluighthe i gceart. Thug an cat faoi
deara rud beag éigin as na billeóg-
aibh liatha amach. Shíl sé gur luch a bhí
ann agus d'fhan sé ag faire air tamaillín.
Do chorruigh an rud agus do léim an cat
faoi n-a dhéin agus rug air. Phreab an
torc as na billeógaibh agus a chluas chlé
ar cur fola.



Do bhain sé as chomh mear agus a bhí i
n-a chosaibh, agus nuair a bhí sé achair maith
uatha stad sé agus dubhairt leo: “Tá an
té ar a bhfuil an locht ins an gcrann
taobh shuas dhíbh.”



Do bhreathnuigh siad suas agus chonnaic
siad an faol-chú. Bhí náire air fá go
raibh sé chomh faitcheach. Ghabh sé a
leithsgéal leis an madadh agus rinne sé
síothcháin leis.



Níor fhéach sé le caora a ghoid ó'n
bhfeilm sin riamh i n-a dhiaidh sin agus ní
móide go dtáinig sé ar cuairt ag
Sean-Suanán.



Siubhán Pháidín Sheagháinín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services